dóighteán
—ainm-fhocal, fireann
—geineamhnach uathaidh agus uimhir iolraidh = dóighteáin
—fc. Foclóir an Duinnínigh Dóighteán, ach níl an chiall sin annseo
—
teine mhór; teach, cruach choirce, fhéir, sliabh, coill nó a leithidí thrídh lasadh; loscadh mór; an rud a dtugtar "fire" nó "conflagration" air i mBéarla.
+–
Ba diabhaltaí an dóighteán é má dóigheadh an teach agus na stáblaí uiliog
Bhí dóighteán mór thart síos anuiridh agus dóigheadh muirín ar fad ann. Níor tháinig deoruidhe an bhéil bheo slán as.
TUILLEADH (3) ▼
Bheadh dóighteán ann agus dóighteán dháiríre marach an chaoi ar tapuigheadh é. Bhrath duine eicínt an deatach, as an mbun-tsop. Suas leis. Bhí an bun-tsop thrídh lasadh. D'fhuagair sé ar chongnamh. Bhí an lasair déanta siar leis an mbun-tsop ar fad, ach is gearr a bhí siad dhá mhúchadh in a dheidh sin, go leigidh Dia slán an congnamh. Dhá gcairthigheadh sí amach ins an díon chor ar bith loiscfeadh sí an dá theach agus an iothlainn
Tá an-dóighteán amach annsin in áit eicínt. Tá an spéir uilig lasta aige. Meastú nach loscadh sléibhe é. Má 'seadh níl sé le feiceál
Tá dóighteán mór de theine agaibh — teine bhreagh ina craiceann! (is annamh a tugtar dóighteán ar theine an teallaigh)
dóighteán in iontrálacha eile (2)
→
díon 1
Is mór an chontabhairt é an teach ceann tuighe in a dheidh sin. 'Bhfeiceann tú sin anois. Ní dhearna an gasúr sin ach bior dóighte a chur ins an teine agus é a sháith ins an mbun tsop. Ó a chuaidh sé thrídh lasadh chor ar bith, ba ghearr go raibh an lasair déanta leis an díon siar, agus marach cho h-éascaidh agus a brathadh é, bheadh dóighteán ann a mbeadh cuímne air