Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dóiteán
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha agus uimhir iolra: dóiteáin
fc. Foclóir an Duinnínigh: dóighteán, ach níl an chiall sin anseo
tine mhór; teach, cruach choirce, fhéir, sliabh, coill nó a leithidí thrí lasadh; loscadh mór; an rud a dtugtar fireconflagration air i mBéarla.
+
Ba diabhaltaí an dóiteán é má dódh an teach agus na stáblaí uileag
Bhí dóiteán mór thart síos anuraidh agus dódh muirín ar fad ann. Níor tháinig deoraí an bhéil bheo slán as
TUILLEADH (3) ▼
Bheadh dóiteán ann agus dóiteán dháiríre murach an chaoi ar tapaíodh é. Bhraith duine eicínt an deatach, as an mbuntsop. Suas leis. Bhí an buntsop thrí lasadh. D'fhuagair sé ar chúnamh. Bhí an lasair déanta siar leis an mbuntsop ar fad, ach is gearr a bhí siad dhá mhúchadh ina dhiaidh sin, go lige Dia slán an cúnamh. Dhá gcaithríodh sí amach sa díon chor ar bith, loiscfeadh sí an dá theach agus an iothlainn
Tá an-dóiteán amach ansin in áit eicínt. Tá an spéir uilig lasta aige. Meas tú nach loscadh sléibhe é. Más ea, níl sé le feiceáil
Tá dóiteán mór de thine agaibh — tine bhreá ina craiceann! (is annamh a tugtar dóiteán ar thine an teallaigh)

dóiteán in iontrálacha eile (2)

 
díon 1
Is mór an chontúirt é an teach ceann tuí ina dhiaidh sin. An bhfeiceann tú sin anois. Ní dhearna an gasúr sin ach bior dóite a chur sa tine agus é a shá sa mbuntsop. Ó chuaigh sé thrí lasadh chor ar bith, ba ghearr go raibh an lasair déanta leis an díon siar, agus murach chomh héasca agus a braitheadh é, bheadh dóiteán ann a mbeadh cuimhne air
 
Chinn air a dhul as an dóiteán. Níor frítheadh ach a chnámha