Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dólámha
ainm-fhocal
ní bhíonn sé ach iolraidh.
Deir Foclóir Uí Dhuinnín l. 356 faoi dólámh: "a playing in pairs, as at cards; imrimíd dólámha, let us play in partnerships (two in each party) (Con.)". Tá mé cinnte nach bhfuil an chiall sin leis i gCondae na Gaillimhe. B'fhéidir dhó a bheith amhlaidh i gCondae Mhuigheo. Tá sé an-tréan in áiteachaí i nGaillimh: Camus, Rosmuc, Iorras Ainneach agus rl.
gach imreoir ag imirt ar a aghaidh féin i gcártaí, agus gan páirtidheacht ar bith a bheith ann.
+
Dólámha a bhí muid a imirt
An imreochaidh sib dólámha nó an ngabhfaidh sib i bpáirt. Rud ar bith a thogróchas sib
TUILLEADH (7) ▼
Nuair nach bhfuil ann ach an ceathrar againn, ní fiú dhuinn bacadh le páirtidhthe. Is fhearr an imirt a bhéas ar dhólámha. Cé mhéad a chuirfeas sib air?
Ní féidir comhaireamh a choinneál idir seisear le dólámha. Teigidh in 'u' (bhur) mbeirteannaí. Ní bheidh an bun amuigh choidhchin má's dólámha a dhéanfas sib
Chaitheamar an oíche ag imirt dólámha agus leithphighinn ar an gcluiche. Tá a fhios agadsa gur beag an ghnóthachan a d'fhéadfadh a bheith annsin. Dhá phighinn a bhí agam fhéin de bharr na h-oíche
Tá a fhios agad go maith nach call lomadh le seisear ag imirt dólámha agus gan duine ar bith fiche. Dhá gcoinnightheá do chuileata, ní fhéadfadh sé a dhul amach. Ba bun istigh é. Ach thug tú tuitim imeartha dhó. 'Ar ndú' ní ghabhfadh duine ar bith ag lomadh mar sin, nuair nach mbeadh sé in don lomadh in ath-uair. Cé'n bhrígh ach thú ar an gcúig!
Caithigidh suas na dólámha agus teigheadh muid i bpáirt. Tá an comhaireamh ag dul amú orm le 'chuile chor. Níor mhór cléireach len a choinneál comhartha
Ní imreochadh sé ach dólámha mar cuireann sé a shúil thar a chuid i gcomhnaí. Is mór leis a dhul a roint le duine ar bith eile. Ní bhíonn sásta dhó, mara gcrapaidh sé fhéin leis ar fad, hébrí cé'n sprus phighneachaí a bhíos ann. Tá sé an-ghar dhó féin.
Ní imreochaidís dólámha chor ar bith soir. Páirtidheacht a bhíos ann i gcomhnaí. Dólámha is mó a d'fheicfeá an taobh seo, mara mbeadh hochtar ann go díreach, agus imrightear dólámha le hochtar féin scaithtí