Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dólámha
ainmfhocal
ní bhíonn sé ach iolra
deir Foclóir Uí Dhuinnín, lch 356 faoi dólámh: "a playing in pairs, as at cards; imrimíd dólámha, let us play in partnerships (two in each party) (Con.)." Tá mé cinnte nach bhfuil an chiall sin leis i gContae na Gaillimhe. B'fhéidir dhó a bheith amhlaidh i gContae Mhaigh Eo. Tá sé an-tréan in áiteachaí i nGaillimh: Camus, Ros Muc, Iorras Aithneach srl.
gach imreoir ag imirt ar a aghaidh féin i gcártaí, agus gan páirtíocht ar bith a bheith ann.
+
Dólámha a bhí muid a imirt
An imreoidh sibh dólámha nó an ngabhfaidh sibh i bpáirt. Rud ar bith a thogrós sibh
TUILLEADH (7) ▼
Nuair nach bhfuil ann ach an ceathrar againn, ní fiú dhúinn bacadh le páirtithe. Is fhearr an imirt a bheas ar dhólámha. Cé mhéad a chuirfeas sibh air?
Ní féidir comhaireamh a choinneáil idir seisear le dólámha. Téigí ina (bhur) mbeirteannaí. Ní bheidh an bun amuigh choíchin más dólámha a dhéanfas sibh
Chaitheamar an oíche ag imirt dólámha agus leithphínn ar an gcluiche. Tá a fhios agatsa gur beag an ghnóthachan a d'fhéadfadh a bheith ansin. Dhá phínn a bhí agam fhéin de bharr na hoíche
Tá a fhios agat go maith nach call lomadh le seisear ag imirt dólámha agus gan duine ar bith fiche. Dhá gcoinníteá do chuileata, ní fhéadfadh sé a dhul amach. Ba bun istigh é. Ach thug tú titim imeartha dhó. Ar ndóigh ní ghabhfadh duine ar bith ag lomadh mar sin, nuair nach mbeadh sé in ann lomadh in athuair. Cén bhrí ach thú ar an gcúig!
Caithigí suas na dólámha agus téadh muid i bpáirt. Tá an comhaireamh ag dul amú orm le chuile chor. Níor mhór cléireach lena choinneáil comhartha
Ní imreodh sé ach dólámha mar cuireann sé a shúil thar a chuid i gcónaí. Is mór leis a dhul a roinnt le duine ar bith eile. Ní bhíonn sásta dhó mura gcrapa sé fhéin leis ar fad hé brí cén sprus phínneachaí a bhíos ann. Tá sé an-ghar dhó féin
Ní imreoidís dólámha chor ar bith soir. Páirtíocht a bhíos ann i gcónaí. Dólámha is mó a d'fheicfeá an taobh seo, mura mbeadh hochtar ann go díreach, agus imrítear dólámha le hochtar féin scaití