Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dólámh, dóláimh, dólúm (dólom?) /dōlūm/
aidiachtaí nó dobhriathra
dólámh is mó adeirtear, ach deirtear dóláimh freisin (Bearna, Spidéal). Deirtear dólúm le ciall a 1 an-choitianta in áiteachaí i gCois Fharraige (Spidéal). dóláimh adeirtear le ciall a 2
1.
a.
 i gcónaí; d'acht is go háirid; síoraí.
+
Bíonn sé leis dólámh (Ros Muc) (dólúm Spidéal, ach dólámh freisin scaití)
Tá sí ag breith dólámh — ag tabhairt páistí ar an saol i gcónaí, nó go minic
TUILLEADH (14) ▼
Caitheann tú an píopa dólámh
Tá tú ag gabháil don mhóin dólúm
Bíonn sé dólúm ag cúirtéireacht
Dheamhan ceo ó neamh atá sé a dhéanamh ach ag ól dólámh. Níl sé ag tógáil ceann ar bith as anois, ná dheamhan ceann
Bíonn sé ar an gceird sin dólámh. Ní fhaca aon fhear ariamh mar é nach scoithfeadh duine gan cara chainte a chur air, agus eadarshuth a chaitheamh ag seiteamas leis
Ní bheidh aon cheo de bharr na móna mura bhféada duine caitheamh léithe dólámh. Fadó, ní bheadh call duit a dhéanamh ach a baint agus thriomódh sí uaithi féin, ach tá a fhios ag mo chroí go dtigeann an oiread doininne anois sa samhradh agus nach mór giollacht mhaith féin a thabhairt di, nó ní thriomóidh sí
In éadan na feamainne dólámh! Is mór an saothraí thú, ach cé le aghaidh a bhfuil sí agat. Ní chuirfidh tú aon chaoi ar a leath choíchin ach a fágáil ansin nó go lobha sí. Dar príosta is ort atá an t-uabhar i ndiaidh feamainne
Bíonn an clabaire sin ar an nathaíocht sin dólámh. Is acmhainneach uaidh daoine eile a chur in árachaigh a chéile, má thugann siad aird ar bith air. Shaighdfeadh sé dhá chrígh Mhuire ina chéile
Déanann sé braonachaí poitín dólámh, ach deir sé nach mbíonn tairbhe ar bith anois air. Barr daibhche ar fad é adeir sé liom an lá faoi dheireadh
Dheamhan smeach a ghníos B. ach ag foghlaeireacht dólámh; ná go sílim nach bhfuil sé in ann aon smeach a dhéanamh. Ó ghortaigh sé a láimh, tá sí ag dul ina aghaidh ariamh ó shin
Ní beo é, mura mbeidh sé ag imirt chártaí dólúm. Dheamhan oíche dhá n-éiríonn ar a shúil nach gcailleann sé, ach ní bhíonn aon mhaith aige ann ina dhiaidh sin, gan a dhul ag imirt aríst. Ag súil le gnóthachan a chailleas an cearrbhach, adeir siad
Aon in aon tsúil é, agus ina dhiaidh sin, imithe a bhíos sé dólúm. Tá a shliocht air: níl tada déanta aige. Ar ndóigh ní hé a athair atá in ann freastal dhá bhfuil d'obair ansiúd anois
I nG. atá sé dólámh, hé brí céard a thugas ann é. Ní fhéadfadh gnaithe a bheith aige ann chuile lá san aer
Goideann sé dólúm
·
Bíonn sé leis dóláimh i gcónaí — deir cuid de na daoine é seo; i gcónaí i gcónaí
Ní bhfaigheadh sé saoradh ná séanadh ar a chuid airgid uaidh, ach ag gealladh dhó dóláimh i gcónaí
b.
 as éadan; go tréan; gan iamh.
+
Bíonn sé ag tarraingt anoir dóláimh (Bearna) — as éadan; go tréan
Bhí sé ag ceilt dólámh (Ros Muc) — as éadan a chéile
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé ag cur fheamainne amach dóláimh. Shílfeá agus a bhfuil tarraingthe anois aige, go mba cheart go mbeadh a bhfuil ag gabháil leis seanleasaithe
Tá móin ag imeacht anois de bhóthar Sh. Ú. dólámh. Níl cinneadh go deo le ar imigh de mhóin as le mí. Tá sciobadh uirthi anois. Dhá seasadh na daoine ó lucht na lorries, ghabhfadh sí airgead thar mar atá sí ag dul
Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid fir fánaí! Ní bhfaightheá fear fánaí anois ar ór ná ar airgead. Tá siad ag lascadh dólámh go Sasana
Má sheasann an sneachta seo cupla lá eile, nó an biathú seo féin, ní bheidh éan sa gcomhaireamh ceann. Tá sé dhá gcniogadh dóláimh. Tháinig cheithre cinn de dhruideachaí isteach ar an urlár inniu, agus ní raibh ann ach go raibh siad istigh nuair a cailleadh iad
Maróidh siad na Gearmánaigh dólámh anois ó d'éirigh leo a bhfáil faoina spreacadh. Is iomaí créatúlacht a rinne na diabhail ariamh, agus níor fhreagair Dia orthu é ina dhiaidh sin. Ach níl againn a rá ach tús na breithe ag Mac Dé!
Dar fia muise, tá muid ag ídiú plúir dólámh. Agus tá caint go n-ardófar é, agus go bhfuil sé ag dul chun gainne. M'anam má théann, go mbainfear cuid de na daoine as a gcleachta, go mbainfear sin
Tá tú ag cumadh bréag dólámh a dhiabhail. Nach gránna an chaoi dhuit a bheith ar an gceird sin i gcónaí
Tá na beithígh ag imeacht air dólámh. Chreidim gur díleá nó smál eicínt é, atá ar an duine bocht
2.
a.
as dóláimh (le dóláimh): acmhainneach; go dúshlánach, le láimh láidir, go tuineanta go héagórach.
+
Tá sé dhá dhéanamh sin as dóláimh (le dóláimh) anois. Má chuireann aon duine aon araoid air, 'sé an chaoi a dtosóidh sé ag dáráil (daring). Nach olc an croí atá aige. — duine a bhí ag déanamh rud as bealach go héagórach, go dúshlánach, agus le láimh láidir
Sin é an chaoi a bhfuil sé anois, cuirfidh sé amach a bhfuil sa teach le dóláimh. Ach a mhaisce, féadfaidh sé ó tá saighneáil (signing) faighte aige ar an áit. Is mór an díol trua na dílleachtaí bochta eile. Nach diabhlaí nár chuir an t-athair cuntar eicínt sa n-uachta, ach tá sé mall anois …
TUILLEADH (1) ▼
Ara dheamhan thiomanta claí ná fál ar an mbaile nach bhfuil leagtha aici sin thuas as dóláimh agus gan gair ag duine tada a rá ina dhiaidh sin, mura leat a bheith marbh
b.
 go tréan, gan aon scíth, go díbhirceach.
+
Bhí sé thoir ansin ag cora na mbradán agus camóig aige, agus é dhá gcaitheamh thairis (na bradáin a bhí á fhostú) as dóláimh — bhí sé dhá gcaitheamh suas chomh tréan in Éirinn agus a bhí sé in ann
Bhí M. Mh. ina sheasamh ansiúd, agus gacha le dorna aige orthu agus é dhá leagan le dóláimh. Dheamhan rud a chonaic tú ariamh mar é. Chuaigh sé tríothu mar thiocfadh seabhac thríd bhulc druideachaí
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé seo thiar muise thíos ar an gcarraig inniu agus é ag cur bhallaigh aníos as dóláimh. Ní fhaca tú aon bhualadh ariamh mar a bhí orthu, scaithín théis am dinnéir, ach ó thosaigh sé ag tuile, níor fhan freagairt ar bith ann. Bhí sé chomh maith dhuit a bheith caite amach ar thulán le bheith ann
Tá sé ag déanamh clainne as dóláimh. Chreidim gurb eo é an cúigiú duine aige anois. Nach maith an t-údar é sin! Agus dheamhan ceo caidéise atá sagairt ná dream ar bith eile a chur air. Ach tuige a gcuirfeadh! Caitheann sé lán laidhre acu …
Chonaic mise iasc glas istigh ansin thíos bliain. Bhí líonta cléithe agus camógaí agus chaon tsórt againn ina n-éadan. Tháinig siad aníos chomh fada faoi dheireadh agus faoi dheoidh, agus nach raibh ort ach seasamh sna locháin, agus a bheith dhá gcaitheamh thart suas ar an talamh tirim le dóláimh. Ní fhaca mé a leithide de chaoi orthu ariamh. Tá sin anois cheithre bliana fichead go ham seo
3.
·
Chuaigh an dorú i bhfostú sa stopóig agus chinn sé orm dólámh a thabhairt liom nó gur bhris mé é. Cén bhrí ach bhí breac breá buailte agam
Cinnfidh sé dólámh ort an t-asal sin a cheansú, mura gcuire tú ar stábla é agus neart ocrais a thabhairt dó. Deirimse leat gur gearr a bheas sé sin dhá fhágáil ar bheagán macnais. Bhí asal agamsa agus bhíodh sé ar an gceird chéanna …

Féach freisin

dólámh in iontrálacha eile (8)

+
Dólámha a bhí muid a imirt
TUILLEADH (7) ▼
An imreoidh sibh dólámha nó an ngabhfaidh sibh i bpáirt. Rud ar bith a thogrós sibh
Ní féidir comhaireamh a choinneáil idir seisear le dólámha. Téigí ina (bhur) mbeirteannaí. Ní bheidh an bun amuigh choíchin más dólámha a dhéanfas sibh
Chaitheamar an oíche ag imirt dólámha agus leithphínn ar an gcluiche. Tá a fhios agatsa gur beag an ghnóthachan a d'fhéadfadh a bheith ansin. Dhá phínn a bhí agam fhéin de bharr na hoíche
Tá a fhios agat go maith nach call lomadh le seisear ag imirt dólámha agus gan duine ar bith fiche. Dhá gcoinníteá do chuileata, ní fhéadfadh sé a dhul amach. Ba bun istigh é. Ach thug tú titim imeartha dhó. Ar ndóigh ní ghabhfadh duine ar bith ag lomadh mar sin, nuair nach mbeadh sé in ann lomadh in athuair. Cén bhrí ach thú ar an gcúig!
Caithigí suas na dólámha agus téadh muid i bpáirt. Tá an comhaireamh ag dul amú orm le chuile chor. Níor mhór cléireach lena choinneáil comhartha
Ní imreodh sé ach dólámha mar cuireann sé a shúil thar a chuid i gcónaí. Is mór leis a dhul a roinnt le duine ar bith eile. Ní bhíonn sásta dhó mura gcrapa sé fhéin leis ar fad hé brí cén sprus phínneachaí a bhíos ann. Tá sé an-ghar dhó féin
Ní imreoidís dólámha chor ar bith soir. Páirtíocht a bhíos ann i gcónaí. Dólámha is mó a d'fheicfeá an taobh seo, mura mbeadh hochtar ann go díreach, agus imrítear dólámha le hochtar féin scaití