Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dólámh, Dóláimh, Dólúm (dólom?) /dōlūm/
aidiachta nó do-bhriathra.
Dólámh is mó adeirtear, ach deirtear dóláimh freisin (Bearna, Spidéal). Deirtear dólúm le ciall a 1 an-choitianta in áiteachaí i gCois-Fhairrge (Spidéal). Dóláimh adeirtear le ciall a 2.
1.
a.
i gcomhnaí; d'fheacht agus go h-áirid; síorraidhe.
+
Bíonn sé leis dólámh (Rosmuc) (dólúm Spidéal, ach dólámh freisin scaithtí)
Tá sí ag breith dólámh = ag tabhairt páistí ar an saoghal i gcomhnaí, nó go minic
TUILLEADH (14) ▼
Caitheann tú an píopa dólámh
Tá tú ag gabhail do'n mhóin dólúm
Bíonn sé dólúm ag cúirtéaracht
Dheamhan ceo ó neamh atá sé a dhéanamh ach ag ól dólámh. Níl sé ag tógáil ceann ar bith as anois, ná dheamhan ceann
Bíonn sé ar an gceird sin dólámh. Ní fhaca aon-fhear ariamh mar é nach scóthfadh duine gan carra chainte a chur air, agus eadarshuth a chaitheamh ag seiteamas leis
Ní bheidh aon-cheo de bharr na móna mara bhféadaidh duine caitheamh léithe dólámh. Fadó, ní bheadh call duit a dhéanamh ach a baint agus thriomóchadh sí uaithe féin, ach tá a fhios ag mo chroidhe go dtigeann an oiread doininne anois 'sa samhradh agus nach mór giollacht mhaith féin a thabhairt di, nó ní thriomóchaidh sí
In éadan na feamainne dólámh! Is mór an saothruidhe thú, ach cé l'aghaidh a bhfuil sí agad. Ní chuirfidh tú aon-chaoi ar a leath choidhchin ach a fágáil annsin nó go lobhaidh sí. Dar príosta is ort atá an t-uabhar indiaidh feamainne
Bíonn an clabaire sin ar an nathaidheacht sin dólámh. Is acmhuinneach uaidh daoine eile a chur in árachaí a chéile, má thugann siad áird ar bith air. Shaghdfadh sé dhá chrích Mhuire in a chéile
Déanann sé braonachaí poitín dólámh, ach deir sé nach mbíonn tairbhe ar bith anois air. Barr daibhchí ar fad é adeir sé liom an lá faoi dheireadh
Dheamhan smeach a ghníos B. ach ag foghlaeracht dólámh; ná go sílim nach bhfuil sé indon aon-smeach a dhéanamh. Ó a ghortuigh sé a láimh, tá sí ag dul in a aghaidh ariamh ó shoin
Ní beo é, mara mbeidh sé ag imirt chártaí dólúm. Dheamhan oíche dhá n-eirigheann ar a shúil nach gcailleann sé, ach ní bhíonn aon-mhaith aige ann in a dheidh sin, gan a dhul ag imirt aríst. Ag súil le gnothachan a chailleas an cearrbhach, adeir siad
Aon in aon tsúil é, agus in a dheidh sin, imighthe a bhíos sé dólúm. Tá a shliocht air: níl tada déanta aige. 'Ar ndú' ní hé a athair atá indon freastal dhá bhfuil d'obair annsiúd anois
I nG. atá sé dólámh, hébrí céard a thugas ann é. Ní fhéadfadh gnatha a bheith aige ann 'chuile lá 'san aer
Goideann sé dólúm
·
Bíonn sé leis dóláimh i gcomhnaí = deir cuid de na daoine é seo; i gcomhnaí, i gcomhnaí
Ní bhfuigheadh sé saoradh ná séanadh ar a chuid airgid uaidh, ach ag gealladh dhó dóláimh i gcomhnaí
b.
as éadan; go tréan; gan iadhadh.
+
Bíonn sé ag tarraint anoir dóláimh (Bearna) = as éadan; go tréan
Bhí sé ag ceilt dólámh (Rosmuc) = as éadan a chéile
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé ag cur fheamainne amach dóláimh. Shílfeá agus a bhfuil tarraingthe anois aige go mbadh cheart go mbeadh a bhfuil ag gabhail leis sean-leasuighthe
Tá móin ag imeacht anois de bhóthar Sh. Ú. dólámh. Níl cinneadh go deo le'r imigh de mhóin as le mí. Tá sciobadh uirre anois. Dhá seasadh na daoine ó lucht na lorries, ghabhfadh sí airgead thar mar atá sí ag dul
Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid fir fánaighe! Ní bhfuightheá fear fánaighe anois ar ór ná ar airgead. Tá siad ag lascadh dólámh go Sasana
Má sheasann an sneachta seo cupla lá eile, nó an biadhú seo féin, ní bheidh éan 'sa gcomhaireamh ceann. Tá sé dhá gcriogadh dóláimh. Tháinic cheithre cinn de dhruideachaí isteach ar an urlár indiu, agus ní raibh ann ach go raibh siad istigh nuair a cailleadh iad
Marbhóchaidh siad na Gearmánaigh dólámh anois, ó d'eirigh leo a bhfáil faoina spreacadh. Is iomdha créatúlacht a rinne na diabhail ariamh, agus níor fhreagair Dia orra é in a dheidh sin. Ach níl againn a rádh ach tús na breithe ag Mac Dé!
Dar fiadh muise, tá muid ag ídiú plúir dólámh. Agus tá caint go n-árdóchar é, agus go bhfuil sé ag dul 'un gainne. M'anam má theigheann go mbainfear cuid de na daoine as a gcleachta, go mbainfear sin
Tá tú ag cumadh bréag dólámh a dhiabhail. Nach gránna an chaoi dhuit a bheith ar an gceird sin igcomhnaí
Tá na beithidhigh ag imeacht air dólámh. Chreidim gur díleághadh nó smál eicínt é, atá ar an duine bocht
2.
a.
as dóláimh (le dóláimh): acmhuinneach; go dúbhshlánach, le láimh láidir, go tuineanta, go h-éagcórach.
+
Tá sé dhá dhéanamh sin as dóláimh (le dóláimh) anois. Má chuireann aonduine aon-araoid air, 'sé an chaoi a dtosóchaidh sé ag "dáráil" (daring). Nach olc an croidhe atá aige. = duine a bhí ag déanamh rud as bealach go h-éagcórach, go dubhshlánach, agus le láimh láidir
Sin é an chaoi a bhfuil sé anois, cuirfidh sé amach a bhfuil 'sa teach le dóláimh. Ach a mhaisce féadfaidh sé ó atá "saighneáil" (signing) faighte aige ar an áit. Is mór an díol truaighe na dílleachtaí bochta eile. Nach diabhlaí nachar chuir an t-athair contar eicínt sa n-udhachta, ach tá sé mall anois …
TUILLEADH (1) ▼
Ara dheamhan thiomanta claidhe ná fál ar an mbaile nach bhfuil leagtha aice sin thuas as dóláimh agus gan goir ag duine tada a rádh in a dheidh sin, mara leat a bheith marbh
b.
go tréan, gan aon scíth, go díbhirceach.
+
Bhí sé thoir annsin ag cara na mbradán agus camóig aige, agus é dhá gcaitheamh thairis (na bradáin a bhí á fhastú) as dóláimh = bhí sé dhá gcaitheamh suas cho tréan in Éirinn agus a bhí sé indon
Bhí M. Mh. ina sheasamh annsiúd, agus gacha le dorna aige orra agus é dhá leagan le dóláimh. Dheamhan rud a chonnaic tú ariamh mar é. Chuaidh sé tríotha mar thiocfadh seabhac thríd bhulc druideachaí
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé seo thiar muise thíos ar an gcarraig indiu agus é ag cur bhallaigh aníos as dóláimh. Ní fhaca tú aon-bhualadh ariamh mar a bhí orra, scaithín th'éis am dinnéir, ach ó a thosuigh sé ag tuileadh, níor fhan freagairt ar bith ann. Bhí sé cho maith dhuit a bheith caithte amach ar thulán le 'bheith ann
Tá sé ag déanamh cloinne as dóláimh. Chreidim gurb sheo é an cúigeadh duine aige anois. Nach maith an t-údar é sin! Agus dheamhan ceo caidéise atá sagairt ná dream ar bith eile a chur air. Ach tuige a gcuirfeadh! Caitheann sé lán laidhre aca …
Chonnaic mise iasc glas istigh annsin thíos bliain. Bhí líonta cléithe agus camógaí agus 'chaon tsórt againn in a n-éadan. Tháinic siad aníos cho fada faoi dheireadh agus faoi dheoidh, agus nach raibh ort ach seasamh 'sna locháin, agus a bheith dhá gcaitheamh thart suas ar an talamh tirm le dóláimh. Ní fhaca mé a leithide de chaoi orra ariamh. Tá sin anois cheithre bliana fichead go h-am seo
3.
·
Chuaidh an dorugha i bhfastódh 'sa stupóig agus chinn sé orm dólámh a thabhairt liom nó gur bhris mé é. Cé'n bhrigh ach bhí breac breagh buailte agam
Cinnfidh sé dólámh ort an t-asal sin a cheannsú, mara gcuiridh tú ar stábla é agus neart ocrais a thabhairt dó. Deirimse leat gur gearr a bhéas sé sin dhá fhágáil ar bheagán macnais. Bhí asal agamsa agus bhíodh sé ar an gceird chéadna …

Féach freisin

Dólámh in iontrálacha eile (8)

+
Dólámha a bhí muid a imirt
TUILLEADH (7) ▼
An imreochaidh sib dólámha nó an ngabhfaidh sib i bpáirt. Rud ar bith a thogróchas sib
Ní féidir comhaireamh a choinneál idir seisear le dólámha. Teigidh in 'u' (bhur) mbeirteannaí. Ní bheidh an bun amuigh choidhchin má's dólámha a dhéanfas sib
Chaitheamar an oíche ag imirt dólámha agus leithphighinn ar an gcluiche. Tá a fhios agadsa gur beag an ghnóthachan a d'fhéadfadh a bheith annsin. Dhá phighinn a bhí agam fhéin de bharr na h-oíche
Tá a fhios agad go maith nach call lomadh le seisear ag imirt dólámha agus gan duine ar bith fiche. Dhá gcoinnightheá do chuileata, ní fhéadfadh sé a dhul amach. Ba bun istigh é. Ach thug tú tuitim imeartha dhó. 'Ar ndú' ní ghabhfadh duine ar bith ag lomadh mar sin, nuair nach mbeadh sé in don lomadh in ath-uair. Cé'n bhrígh ach thú ar an gcúig!
Caithigidh suas na dólámha agus teigheadh muid i bpáirt. Tá an comhaireamh ag dul amú orm le 'chuile chor. Níor mhór cléireach len a choinneál comhartha
Ní imreochadh sé ach dólámha mar cuireann sé a shúil thar a chuid i gcomhnaí. Is mór leis a dhul a roint le duine ar bith eile. Ní bhíonn sásta dhó, mara gcrapaidh sé fhéin leis ar fad, hébrí cé'n sprus phighneachaí a bhíos ann. Tá sé an-ghar dhó féin.
Ní imreochaidís dólámha chor ar bith soir. Páirtidheacht a bhíos ann i gcomhnaí. Dólámha is mó a d'fheicfeá an taobh seo, mara mbeadh hochtar ann go díreach, agus imrightear dólámha le hochtar féin scaithtí