Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúil
ainm-fhocal; boineann
geineamhnach = dúile
iolraidh = dúileanna (ach ní bhíonn sé ach go h-annamh i gcaint).
Ní mór a thabhairt faoi deara leis an luighe a cuirtear ar dhúil i gConnachta — nó i gConamara go h-áirid — go mbíonn "blas" indáil le i gcomhnuí i gceist. Cuirim i gcás is tóir a bhíos ag duine ar léightheóireacht, ar leabhra, ar bhádóireacht, ar mhná agus rl. Ach aindeoin sin déarfaidhe "dúil" i rudaí den tsórt sin amanntaí, leis an ainm teibidhe, ach ní abróchthaidhe é leis an ainm féin .i. "tá dúil aige i léightheoireacht", ach "tá tóir aige ar na leabhra". "Tá dúil aige ins na leabhra" — bheadh fonn a n-ithte mar bhiadh air! B'fhearr d'aos foghluma dúil a sheachaint cé's moite den áit a dteagann sé igceist in a riocht féin .i. beatha, tobac, ól agus rl.)
1.
fonn caithte, ithte nó blaiste; tnúthán rud a fháil len ithe, len ól, nó le caitheamh; tóir nó a bheith tóramhail air.
+
Tá dúil i dtae, idtobac, in ól, i snaoisín, agus rl. agam
Ní bhíonn aon-dúil ro-mhór ins na fataí agam go dtí an ceathair nó an cúig trathnóna
TUILLEADH (24) ▼
Is beag an dúil atá agam i bhfataí chor ar bith, ach bíonn dúil agam ionnta corr-uair mar sin féin
"Gheobhaidh mé bás le dúil ins an bhfeoil" (amhrán — "Cearc agus Coileach")
"Is beag mo dhúil ins an imirt; is mór mo dhúil ins an ól." (Amhrán — Slúipín Vaughan)
Níl mo dhúil ann le fada = níl aon-dúil agam ann le fada
Is dúil ins an ól a d'fhága le fán é = is é an dúil a bhí aige ins an ól agus rl.
Bíonn dúil ag 'chuile dhuine induileasc. 'Tuige nach mbeadh.
Is beag mo dhúil idtada ó a bhuail an tinneas seo mé
Níl dúil ar bith aige in ól — dheamhan dúil ná cuid de dhúil
An t-arán donn sin — sin é an cineál a mbeadh mo dhúil-sa ar fad ann. Tá sé folláin le n-ithe
Bheadh dúil agam is 'chuile shórt a gheobhainn. Sin é an bealach atá liomsa
Mara bhfuil dúil agad ann fág do dhiaidh é
Tá sé caillte le dúil ins an tae.
Tá a dhá shúil ag dul amach thar a cheann le dúil ins an ól
Bhí a shúile ag snámh in a cheann le dúil i dtobac
Bhí mo chuid fiacal ag déanamh uisce le dúil ins a bpíopa ach dhá dtuiteadh déidín agam dheamhan thiomanta gail a thiubhradh sé dhom
Mharbhuigh sé é féin le dúil ins an ól
Bhí sé ina chíor-thuaithbhill le dúil ins an tobac, agus gan aon-ghoir aige a fháil. Sin é an gléas air! Fanadh sé as an bpríosún aríst
Ní raibh de dhúil agam ann ach an oiread agus a bheadh agam ins an draoib sin amuigh
Ní raibh de dhúil aice ins na fataí a thug mé di ach an oiread agus dá dtairginn clocha len ithe di
Dá laghad dá raibh mo dhúil ins an tae, d'ól mé in a dheidh sin é
Dhá mhéid dúil dá raibh aige insan bpíopa, bhí sé indon eirghe as 'chuile Charghas dhár eirigh air
Thug siad ruainne ceaille dhom, ach ní bhfuair mé leath mo sháith dhe. 'Sé a ndearna an méid a fuair mé mo dhúil a ghéarú ann. Caithfidh muid féin greim dhe a dhéanamh lá eicínt. Tá sé an-bhlasta
Maidir leis an bpoitín is fada mo dhúil-se imthighthe as
Níor eirigh liom dhe ach cuid an bheagáin, ach an méid sin féin choisc sé mo dhúil ann. Ní raibh a dhath tnutháin agam leis uaidh sin amach
·
An bhfuil dúil tae ort?
Is geall le fear é a mbeadh dúil pórtair air agus an leiciméaracht atá air timcheall na gcoirnéil
+
Bhain sé an dúil asam faoi láthair = fuair mé an oiread dhe nó chonnaic mé ar chaoi eicínt é le nachar fhan aon-dúil agam ann
Thug sí braon tae dhom agus bhain sé an dúil asam go ceann tamaill eile
TUILLEADH (5) ▼
An roisín sin a d'ith mé scaithín ó shoin, bhain sé an dúil asam go bhfeicidh tú an trathnóna. B'fhearr do dhuine a bhéilí a chaitheamh go breagh ceart, ná a bheith ag ithe leidhcí mar sin 'chuile phuínte. Líonann siad do ghoile, ach mar sin fhéin ní bhíonn duine sáthach aca
Chonnaic mé oíche í ag réidhteach feola agus chuir sí úais orm. Tá a fhios ag mo chroidhe gur bhain sí dúil feola asam go ceann i bhfad ina dhiaidh sin, agus dheamhan a bhfuil éiseallach dhíom
'Sé'n scéal é, d'ól mé an oiread an oíche sin dó (dhe) agus go raibh mé torrthach aige. Ní raibh mé ar mo chóir féin dhá bharr aríst go ceann seachtaine. Mhionnuigh mé agus mhóidigh mé nach mbeadh mo phlé leis go h-éag aríst. Bhain an iarraidh sin an dúil asam go bhfeicidh mé seal
Ní bheadh aon-mhaith aige ann go bhfaghadh sé an píopa. Fuair sé faoi dheireadh agus faoi dheoidh é le 'chuile sháruigheacht. Chuaidh sé ar a chaitheamh nó gur chuir sé urlacan air féin leis. B'éigin a thabhairt abhaile. Bhíodh fonn múisc' air le 'chuile choisméig (coiscéim). Cuireadh a chodladh é. Uaidh sin amach níor éiligh sé an píopa. Ghlac sé an ghráin air. Chuir sin de'n tobac é. Bhain sé an dúil as go ndeacha sé i dtalamh
Bhí mé thuas ann lá ar cuairt agus bhí ciseog fhataí ann agus iasc. Fataí gáireacha. 'Siad an scoth atá aige. Bhí an teach fúinn féin ag an mbeirt againn agus shuidheamar síos i miainis (i bhfiadhnas) na ciseoige, nó gur ith muid gliúrach dhíob (gleorach). Shín muid muid féin ar an teallach annsin gur chodail muid spuaic. Níor leag mé béal ar aon-fhata aríst go ceann míosa. Ghránuigh mé orra. Bhain siad an dúil asam in éindigh
+
Má itheann tú riar de 'chuile lá, tiocfaidh dúil agad ann i leabaidh a chéile
Sin é an chaoi a bhfuil an t-ól. An uair a bhlaiseas tú dhó i dtosach is lughar leat é ná fuath-fíonnaigh, ach teagann tú isteach air i leabaidh a chéile. Teagann dúil agad ann
TUILLEADH (6) ▼
Má bhíonn tú ag súimínteacht leis an bpíopa mar sin, is gearr go dteagaidh dúil agad ann. An uair a thosuigh mise dhá chaitheamh i dtosach, shíl mé nach dtiocfadh aon-dúil agam ann go deo, ach ba ghearr nach raibh déanamh ar bith dhá fhuireasbhaidh agam — ba ghearr sin
Is rud iad na "fags" ar nós 'chuile ealadhain ó a thiocfas do dhúil ionnta, go gcaithfidh tú a bhfáil dhá mbeadh do chailleadh go deo leis. Cé'n bhrigh ach a dhaoireacht agus atá siad. Agus níl fear na "bhfags" indon aon-cheart a bhaint de'n tobac. Dheamhan é muis
Ó a tháinig dúil aige ins an ól, is beag a bhíos de bhrabach air. Chuir sé taobh le dhá scilling muid as luach na "crib" mhóna Dé Sathairn seo 'bh thart (ghabh thart). Dheamhan sásamh ná séanadh a bhí le fáil uaidh faoi
Tá dúil ag teacht agam ins an "gcoffee" anois bíodh a fhios agad. An chéad-uair ar ól mé é, shíl mé go dtiocfadh tonn-taoscach orm, ach anois feicthear dhom nach bhfuil daor-bhasctha chor ar bith dhe. Ólaim dhá cheann de ló scaithtí é
Dá dteagadh dúil ag duine ins an bpíopa aon-uair amháin, ní dhéanfadh na "fags" sin maith ar bith dhó. Corr-uair má bhímse d'fhuireasbhaidh tobac, tugann siad ceann aca dhom. Bhainfinn mo ghaisneas as, ach mo chreach mhaidne 'sé'n tsrathar in áit na diallaide é. B'fhearr liom aon-ghail amháin de'n phíopa ná a bhfuil faoi thalamh an domhain aca
Bhí mé ag breathnú orra in éadan an tsleamhcáin, agus leis an gceart a dhéanamh, bhí siad ag tiomaint cuid dhó orm, ach níor ghlac mé uatha é. Níor tháinig mo dhúil ariamh ann nó go raibh a dheire ithte. Sin é an uair a bhí an caitheamh in a dhiaidh agam
+
Tá siad ag cur dúil' ins an gcárnán airgid sin agamsa. Dá mbeidís-sean cho meabhrach len a gcuid cártaí agus atá mise agus mo pháirtidhe, is aca-san a bheadh an cárnán agus ní againne
Déarfainn agus an stiúir a bhí uirre ag breathnú anoir thar an gclaidhe go bhfuil sí ag cur dúil' ins an ngarrdha atá coisnighthe. Má fhaghann sí a bhlas aon-uair amháin, ní choinneochaidh do chumhachta cinn as í. Nach h-í an strachaille de bhó í nach sásuigheann áit ar bith í, ach an fad méire de gharrdha sin atá l'aghaidh féir
TUILLEADH (6) ▼
Níor fhága sé aon-fhód ar phortaigh anuraidh nar ghoid sé. Facthas dom leis an tsúil a thug sé ar an gcruaich se'againne (cruach mhóna) agus an chaidéis a fuair [sé] di an lá cheana, go bhfuil sé ag cur dúil' innti imbliana.
Níl duine ar bith ag cur dúil' in a cuid talmhana ach an chuid eile di féin — na L. Tá díocas orra sin ag imeacht ag lorg talmhana. Nach sílfeá go mb'fhearr di aca é ná é a bheith ag dul i léig annsiúd cheal a shaothruighthe
Ná bí ag fágáil do chuid "cigarettes" annsin ar sliobarna go mbeidh daoine ag cur dúil ionnta. Nach bhfuil a fhios agad cé'n sórt saoghal atá ann, agus nach bhfuightheá cigarette annsin thoir indiu dá naomhtaí thú. Daoine atá scrútaighthe dhá bhfuireasbhaidh is beag an scruball a bhéas aca méir a leagan ar do chuid-se
Ná bí ag samhlú óil liom nó is gearr go dtosuighidh mé ag cur dúil' ann. Chonnaic mé sé leath-bhairille nuadh glan dhá gcur isteach ins an teach seo thoir anocht. Is cosamhail go bhfuil an-fhuadach air
Má chuireann sí a dúil uair amháin ins an mbaile seo, ní fhéadfar a coinneál as. Ní fhaca mé aon-bhean aniar amach ariamh ó leagfadh sí a cairthín chor ar bith ar chathaoir istigh ins an tír, nach bhfanfadh sí ann.
"Lá breagh dá ndeacha an cúiplín amach ins an ngáirdín; Bláth na séilíní cumhartha, bláth na n-ubhall agus na n-áirní; Chuir an Mhaighdean dúil ann agus thnúth sí leis go láithreach" (as amhrán diadha faoi Mhuire Mháthair agus an Naomh Joseph)
+
Bhí dúil Mhichael bainte asta shul ar imigh sé (as na tuitíní)
Ná bí ag coinneál an phoitín seaduighthe. Nach bhfuil a fhios agad go bhfuil mo dhúil bainte as ó a bhí na misinéaraí againn. Níor bhlais mé de sdriog ó shoin
TUILLEADH (7) ▼
Ná bac le cigarettes a dhuine sin. Tá mé ag troisceadh anois cho fada, agus go bhfuil mo dhúil bainte asta. Chinn orm aon-cheann a fháil ó mhaidin indé, i mbealach ná i ndearmad. Fhobair go leagfainn an teach indé, ach an ghearradh-ghíonnach a airighim in mo phutógaí indiu.
Má b'éigin duit déanamh d'fhuireasbhaidh tobac an fhad sin, is íongantas nach raibh do dhúil bainte as ar fad. Is uathbhásach an t-achar trí seachtainí déag
Is beag a bhainfeadh mo dhúil as an ól th'éis an méid sin. Bean a chonnaic mé idteach ósta imBaile Átha Cliath, agus í ar dearg-mheisce. B'éigin do bheirt fhear a h-iomchur eatorra amach go dtí carr. Ní thiubharfainn sunntas ar bith di, dhá mbadh sean-chailleach í, ach mo léan níorbh eadh ach rúisc de bhean óg — plandóg de bhean!
Dhá bhfeicinn-se feoil a bheadh an-gheal, chuirfeadh sí col orm. Badh é mo dhóthain é le mo dhúil a bhaint as feoil go bhfeicinn suim aimsire aríst. Chaith mé dhá bhliain cheana gan oiread agus a dhath feola a chuir ar mo bhéal, in áit a bhfaca mé muicfheoil ag an teach uair …
Má tá indán agus gur cuireadh fuath-fíonnaigh ar an bpórtar dóibh, bainfidh sin a ndúil as go ceann tamaill. Is géar a theastuigh an phasóid sin uatha: 'chuile oíche ins an aer ag imeacht ag ól agus ag ragairne, agus gan breathnú siar ar a mná ná ar a bpáistí ins an mbaile
Go gcuiridh Dia an t-ádh ort. É siúd éiseallach. Dhá dteagadh bean an tincéara bhuidhe sin a bhí thart an lá cheana agus breac caillte a ghléas dó, d'íosfadh sé é cho súighte agus dá mbeadh sé ar fóghnamh. Ní bhainfeá a dhúil siúd as an iasc gan ruainne beag de nimh na luchan a chur air. Dhá dteagadh sé uaidh an uair sin, b'fhéidir go gcuirfeadh sin cúl beag air
Chuala mé S. ag rádh go raibh sórt drug eicínt i Meriocá agus dhá gcaithteá aon-uair amháin í narbh fhéidir do dhúil a bhaint aiste. Droch-earradh í. Dhá mhéad dá bhféachtaí le do dhúil a bhaint aisti, 'sé'n chaoi a mbeadh fearr agus barr dúil' ag teacht agad innte. Dhíoltaí ingan-fhios í … Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid poitín! Ní ghreamócha poitín d'aonduine nach hé a chionn-tsiocair féin é
+
Tá an-dúil aige ins an ól
Tá an dubh-dhúil (fíor-dhúil, an dúil chráidhte, dúil críochnuighthe, dúil dháiríre, dúil nimhe-neannta, dúil uath-bhásach, dúil mhillteach, dearg-dhúil, dúil thar cíonn, dúil chascartha agus rl.) aige ins an tobac.
TUILLEADH (8) ▼
Tá, an dúil dhona, a mh'anam — dúil ins an ól: an dúil is measa a bhí ag aon-fhear ariamh in aon-rud.
Sin í an dúil mar siúd atá aige sin ins an ól. Cé'n uair a thaobhuigheann sé teach ósta? Uair nó dhó faoi'n Nodlaig. Is beag de ghailimaisidheacht a mhná a bheith ag caint mar sin: mar dhóigh de gur fear caithmheach é. Tá baoghal air!
Cé uaidh a dtug sé an dúil chráidhte atá aige ins an magadh. 'Ar ndú' ní raibh smid ná smeaid ag a athair. Chaithfeadh sé oíche airneáin ar do theallach gan a bhéal a oscal. Agus maidir leis an máthair, bhí sí an-tsoineannta freisin
An ceann eile atá againn tá dúil nimhe-neánnta aige ins an léightheoireacht. Ní theagann iabh air an fhad agus a bhíos sé ag ithe a bhéilí féin ach a cheann sáithte ibpáipéar nó i leabhar aige. Agus déanann sé clogán-streille de'n oíche ag léigheamh ar an teallach
Tá an dúil chráidhte aige ins an iascach. Fear ar bith a fhágfas amach a ghort agus arbhar ag tuitim dá cheann, agus a bhuailfeas síos ag iascach, ná bac leis. Cuir ins an ngearradh dhíob é. Cé'n bhrigh dhá mbeadh ceo ar bith aige dhá bharr. Ach dheamhan cion béilí maith éisc marbh aige ó a tháinic an bhliain.
Marach go raibh dúil thar cíonn aige ins an bpionta é féin, diabhal baoghal a bheadh air a dhul ag caitheamh an méid sin fiuntais leat. Sin é an cneagaire is mó ar a dhá chois. Ní fhéadfadh mórán a rádh go bhfaca siad aon-cheo dhá chuid gnaoidheamhlacht'
A Dia dhá thárrtháil! D'ól sé gloine phoitín. Is gearr ó nach raibh dúil duth ná dath aige ann má b'fhíor dhó féin. Ach 'siad an dream sin a bhíos dhá cheilt, is measa a bhíos in a mbruighshléacht an uair a thosuigheas siad.
Tá an dubh-dhúil aige ins an ól ach níl dúil beag ná mór aige ins an tobac. Sin é a mhaith. Ní bheadh aon-aithne óil choidhchin ar an té nach mbíonn ag caitheamh. 'Sé an t-ól agus an tobac idteannta a chéile a fhágas duine ar meisce.
·
Chuaidh ag an dúil ar an daoitheamhlacht air má tá indán agus go ndeacha sé isteach go dtí cúntar teach ósta. 'Sé an chéad uair aige é déarfainn
2.
súil, dóchas (athruigheann an focal "súil" agus "dúil" le chéile i ráidhtí áiride ach tá claonadh ann ag "súil", "dúil" a dhiothláithriú ar fad ins an gcéill seo.
+
Níl a dhúil leis = níl 'sé ag súil leis; níl sé ag tnuthán leis. (Athruigheann "súil" agus "dúil" i ráidhtí mar seo, ach is minicí "súil" ná "dúil" ionnta go mór fada. Ní bhíonn ach súil ins an ainm-bhriathar le ag. Thiocfadh do "dhúil" a bheith ann uair annamh b'fhéidir, ach má bhíonn níor bhrath mé é)
"Níl mo dhúil leat indiu ná amáireach; A mhuirnín dílis mo chúig chéad slán leat" (Amhrán — "Domhnall Óg")
TUILLEADH (5) ▼
Ná bíodh do dhúil liom. Ní bhfuighidh tú tada uaim
Má's léithe siúd atá a dhúil, tá faitíos orm gur mór an mearbhall atá ar mo dhuine bocht. Ní scarfaidh sí siúd le cianóig ruaidh go mbeidh sí in athchur an anama, agus m'anam gurb iomdha bliain é sin fós, mara bhfuil sí féin agus a cosamhlacht in aghaidh a chéile. Is duine críonna a bheadh indon a rádh céard a dhéanfas sí siúd fós len a cuid airgid.
Má'sin é an rud anois a bhfuil a ndúil leis, tá faitíos orm go mbeidh siad in anchaoi. Dheamhan cloch a cuirfear ins an mbóthar sin an fhad agus a bhéas an saoghal ar suidheachan, agus ar aon-chor ní fabhar atá ag S. Mh. le tada a fháil d'aonduine
Níl a dhath maitheasa dhuinn a' (ar) ndúil a bheith le Meiriocá an Nodlaig seo. Tá Meiriocá réidh. Níl sciúrtóig ag teacht anois as
Bheadh a ndúil leis dá mbeadh maith dóib ann, ach níl. Dheamhan breac a íosfas siad len a marthainn (dh)íob gan dochar gan díoghbhail duinne. Ba dona iad féin faoi 'n rud a bheadh aca.
+
Is dúil gan fáil í sin aige muis. Má tá sé ag súil go dtiubharfaidh mise ól dó, 'sí súil Uí Dhubhda le Árd na Ríogh aige í. Ró-dhíthcéillidhe a fuair sé sin daoine ariamh, ag déanamh a chuid oibre dhó, agus ag cur a mbeadh aca len' ól air
Má tá dúil agad i dtobac is dúil gan fáil í. Níl ionga tobac ag gabhail liom. Ag imeacht ag iarratas atá mé féin
TUILLEADH (2) ▼
Is deas í do dhúil muis — dúil i dtae. Indomhnach, tá faitíos orm gur dúil gan fáil agad í, mara bhfuil tú féin indon aon-tsoláthar a dhéanamh. Dheamhan gráinne tae a gheobhthá annseo anois dhá mbeitheá in do ridire. Cion cupán amháin ins an tseachtain: sin é an méid
Dúil gan fághail muis dúil ins na "cigarettes", annseo. Dhá mbeadh cruadhóg ola ort dhá bhfuireasbhaidh, dheamhan tiomanta ceann a gheobhthá, na cuid de cheann. Is minic a bhí mo theanga amuigh ag imeacht ag forcabhás annsin thiar ins an mbaile caillte sin, agus gan tada agam ar a shon
3.
rún, fonn, claonadh; brath.
+
An dúil atá agaibh na daoine a ghortú = rún; fonn, brath
Shílfeá gur dúil atá aca seo eirghe i mullach na ndaoine. Má tá 'u' (bhur) leas ar Dhia anois eirigidh as, nó fágfaidh mise céir oraibh — a shneádhacháin bhradacha
TUILLEADH (4) ▼
An uair a d'iarr mé mo chuid airgid air, is mó an dúil a bhí aige a dhul do mo lascadh. Dheamhan saoradh ná séanadh a thiubharfadh sé dhom faoi. D'fhuagair mise an póilí air, ach mo chreach-mhaidne mo phóilí!
Shílfeá gur dúil atá aca suidhe in do bhun ceart. Breagh nach n-eirigheann tú i bputógaí duine aca agus chomhairleochadh sin an chuid eile leigint duit. Mara ndéanaidh tú rud eicínt, déanfaidh siad dóigh dhuit
'Ar ndú, ní dúil a bheadh aige an sconnán de mhac siúd a chur 'un coláiste aríst. Cá'id ins an mbaile é siúd? Dheamhan rath a dhéanfas sé len a loiseag. Tá a chuid ratha ar iarraidh. Is fadó a bhí aige a bheith ina mháistir scoile nó in a shagart, nó in a sheilbhéara nó in a chrochadóir féin …
Ní féidir gur dúil atá aice an boithrín a dhúnadh. 'Séard is fhearr a dhéanamh a dhul roímpe in am. Mara dteightear déanfaidh sí ciseach de na daoine. Bhí casán annsin ariamh ins an saoghal

Féach freisin

Dúil in iontrálacha eile (9)

 
Damnú síorruidhe air mar shneachta. Níl oiread agus caorán móna ar an teallach agam ó am suipéar aréir, agus níl aon-asal in araidheacht a dhul 'na phortaigh indiu ach oiread le indé. Shílfeá gur dúil atá ag an aimsir bothae a dhéanamh de na daoine!
 
Ní féidir gur dhiúltaigh tú an tobac uiliog. M'anam go bhfuil mé féin ag brath ar an rud céadna a dhéanamh, ach tá faitíos orm go gcinnfidh orm. Th'éis cho fada agus ab éigin dom troisceadh annsin an lá cheana, bhí a sheacht n-oiread dúil' agam ann an uair a d'eirigh liom gráinne a fháil aríst. Bhí, agus a sheacht n-oiread goin' orm dhá chaitheamh ó shoin. Má theigheann sé 'un gainneacht aríst dar lom-lán an leabhair eireochaidh mé as. Eireochaidh a mh'anam. Níl caoi ar dhuine ar bith atá ag pléidh leis an tobac céadna …
 
dorn
Rinne sé dorna méire leis an mbean a bhí roimhe amach ar an tsráid. D'ionntuigh sí thart agus dheamhan asna dhó nachar thosuigh ag sméideadh uirre. Lady mhór a bhí innte, de bhean bhreagh dhathamhail. Ní raibh faitíos ar bith orm féin, ach go bhfuigheadh sí tóigthe an bheirt againn. Ní raibh cás ar bith agam ann-san — 'sé a bhí sé a thuaradh dó féin ar aon-nós — ach ní raibh aon-dúil mhór agam féin a dhul sa "mBlackhole"
 
Siúd é a bhfuil an dranndal aige a mhic ó le dhul in éadan feola. Cho luath agus a gheobhas sé a baladh, teagann díocas ar an drad aige, le teann dúil innte. Ní fhaca mé fear a bhárrtha ariamh ag an mbord. Ní fhaca ná aon-duine eile]
 
dual 1
Is dual do dhuine anois dúil a bheith aige sa tae, mar is annamh a fhaghas na daoine é
 
dubh 3
Is beag an mhaith d'aonduine leath agus páirt a fhuagairt ar an ngortachán siúd. Ní bhfuigheadh a mháthair an oiread agus a dhubhódh a béal uaidh, má bhíonn dúil aige fhéin ann
+
duine
Is beag é díol duine de'n cheaille sin, th'éis a mbíonn de dhúil ann
TUILLEADH (1) ▼
An dúil atá agad na daoine (muid) a ghortú?
 
Bhí a theanga ag dul amach thar a bhéal le dúil ionnta