Foighid
—Ainmfhocal, Buineann
—
fuilint, fad-fhuilint, fad-éisteacht, troisceadh, neamh-thaghdúlacht, éisteacht, neamh-fhuasaoid.
+–
Nach mór í m'fhoighid, agus éisteacht leis ar an bhfad sin ag sciolladh orm; nach mór an fhoighid atá agam etc; nach mór an fhoighid a gheall Dia dom; nach agam atá an fhoighid etc.
Is mór í t'fhoighid ar chuma ar bith agus a bhfuil fuilinthe agad le seal
TUILLEADH (10) ▼
Chaith mé mo chuid foighde leis, agus i gcomhnaí ag tuineamh leis ag ceapadh go ndéanfadh sé chuile lá é, ach mo léan géar an déanamh sin!
Níl léamh ar bith air le foighid.
Chuaigh ar an bhfoighid ag an bhfearg orm nuair a chonnaic mé céard a rinne sé
D'imigh an fhoighid uaim, ach ar bhris sé an chathaoir
Is mór is fiú an fhoighid fhéin
Tiocfaidh foighid dó ar ball ach a mbristear a smút
Tá tú ag dul thar m'fhoighid. Ní i bhfad eile a éistfeas mé leat = níl aon-fhuilint agam leat a thuilleadh
Gheall Dia foighid duit, nuair nach speireann tú an t-amhlóir sin uair eicínt
Go dtuga Dia foighid dom! Is mór a chaithfeas mé a leigean tharm!
Maróidh mé é lá eicínt, mara dtuga Dia foighid dom
+–
Tá foighid aice, agus a bheith indon éisteacht leis an ruibhseach de shean-bhean siúd ag ithe agus ag gearradh uirre ó mhaidin go faoithin agus ó Luan go Satharn
Tá an-fhoighid aige (le pian, gleó, magadh, sciolladh, etc.)
TUILLEADH (10) ▼
Bhí an-fhoighid agad leis an mbróig sin. Chaithfeadh sé gur fhulainn tú an t-uafás léithe
"Tá dhá chéad acra talúna aige" arsa mise, "agus an teach mór sin a fheicfeas tú, agus gan neach an aoin bheó abuil sé ach buachaill". "Níor phós sé ariamh", adeir an spailpín. "Níor phós" arsa mise. "Ba diabhaltaí an fhoighid a bhí aige", adeir an spailpín = go raibh sé indon troisceadh ó phósadh nó ó mhná
Níl sé d'fhoighid agad (ionad) éisteacht le duine nó go n-innsighe sé a scéal. Caithfidh tú do ladar féin a bhualadh ann
Ní bheadh sé d'fhoighid aige fanacht go bhfiuchadh an "kettle". Scáird sé amach ar an "taepot" fuar beitheach é
Iarr air foighid a bheith aige go fóilleach go n-imighe an dream eile seo
Caithfidh na daoine foighid a bheith aca 'ar ndú'. Ní in aon-lá a rinneadh an Áirc. Feabhsóidh an saol fós le cúnamh Dé
Níl foighid ar bith agad! Is mian leat a bheith igcomhnaí ag glaomaireacht. Beidh an tae réidh faoi cheann noiméad an chloig, ach foighid a bheith agad = má bhíonn foighid agad
Beidh sé le fáil agad anois faoi cheann leathuaire, ach foighid a bheith agad
Béarfaidh an bhó uair eicínt ach foighid a bheith agad go dtí é.
Ara íocfaidh sé thú, ach foighid a bheith agad go dtí é. Tá sé sin cho siúráilte leis an airgead baistí
·
Tá foighid ag an oiche anois = í leighe fúithe; an gála lagha
+–
Tá foighid mhór (an-fhoighid, foighid an tsaoil, foighid thar cíonn, foighid na naomh, foighid asail, etc.) aige leat, agus a gcumann tú dhó
Nach aige atá an fhoighid léithe! Is iomdha fear eile a dhéanfadh cuailín cnámh di, agus í a bheith ar an gcaoi siúd!
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn an-fhoighid aige le daoine, ach má theigheann daoine eile thar an lá cáirde chor ar bith, fuagraíonn sé dlí orra = ní bhíonn aon-deifir mhór air ag éiliú íocaíochta, ná ag fuagairt dlí de bharr neamh-íocaíochta ar chuid de na daoine
Dheamhan bréag nach raibh foighid agad le na gasúir sin ó mhaidin. Sháróidís aonduine beó len a gcuid gleó agus sclamhaireacht
Is diabhlaí an fhoighid atá agad le na doigheachaí bail ó Dhia ort = a bhfulaint gan aon-fhuasaoid
+–
Is mór an fhoighid (is iomdha foighid) nach fuláir do dhuine a bheith aige in éindigh leis siúd. Má leigeann tú taghd ar bith in do ghoire, ní dóighide dhuit rud a dhéanamh ná a mharú
Is lú an fhoighid é ná an t-athair aríst, agus tá a fhios agad fhéin go bhfágann sin ar bheagán foighde é
TUILLEADH (2) ▼
Nach beag an fhoighid thú, nach n-éistfeadh go mbeadh duine réidh. Cén chaoi a bhféadfainnse do bhéilí a bheith réidh agam agus mé ag bleán. Nach bhfuil a fhios agad an áit a dteigheann an láimh go dteigheann an chois
Tá an ceann céanna ar bheagán foighde, tá sin
·
Rinneadh an éagóir sin orm, agus ghlac mé in a fhoighid é in a dheidh sin. Nach raibh sé cho maith dhom
Nuair nach mbeadh aon-cheó de bharr na droch-mhúineadh, bheadh sé cho maith do dhuine rud mar sin a ghlacadh in a fhoighid
+–
Ná leig don fhoighid a dhul ó stuaim ort = ná teagadh fearg nó olc ort; coinnigh ag tuineamh leis an rud
Tá mé ag ceapadh nach mór do mháistir scoile an-fhoighid a bheith aige. Agus má leigeann sé an fhoighid ó stuaim chor ar bith; ní dóigh cleas dó ná duine eicínt a mharú
TUILLEADH (7) ▼
Leig mé an fhoighid ó stuaim faoi dheireadh, agus thug mé iarraidh dhó
Is maith a chruthaíos sé gan an fhoighid a leigean ó stuaim, agus í siúd ag siocadh leis ar feadh an lae agus na hoíche
Cén neart a bhí aige air. Chuaigh an fhoighid ó stuaim air, agus bhuail sé snaidhm ar an sean-fhear. Ní raibh rún ar bith aige é a mharú, ach mharuigh in a dheidh sin
Ná teigheadh an fhoighid ó stuaim ort ar aon-chor. Coinnigh guaim ort fhéin. Ach ná bíodh cás ar bith agad faoin a n-abróidh tú leis
Má theighim in a éadan chor ar bith gabhfaidh an fhoighid ó stuaim orm, agus buailfidh mé é
Coinnigh stuaim ar an bhfoighid = coinnigh guaim ort fhéin; bí foighdeach
Choinnigh mé stuaim ar an bhfoighid cho maith agus a d'fhéad mé, ach bhí sé ag dul thríom é a mharú chuile phuinnte in a dheidh sin
+–
Níl de leigheas air anois ach a mharú le foighid = níl de leigheas air anois ach a bheith foighdeach fulannach, agus b'fhéidir gurbh amhlaidh ab fhearr é leis an aimsir.
Fág mar sin anois é, agus maruigh le foighid é. Níl a mhalrait le déanamh
TUILLEADH (1) ▼
Tá an geábh sin uainn, agus níl le déanamh anois ach mar dúirt an fear fadó: a mharú le foighid
·
Is maith í an fhoighid ach is dona í an fhaillí (fc. faillí)
+–
Faghann foighid fortún = má fhanann duine ag tuineamh go foighdeach le rud, déanfaidh sé bun san deireadh, nó beidh an t-ádh air
Dar fiadh is maith a shaothruigh sé é, ach tá rud dhá bharr aige anois. Mar sin a bhíos sé: faghann foighid fortún
TUILLEADH (1) ▼
Má ba páighe bheag fhéin a bhí dhó, chaith sé in a bun, agus rinne sé gnatha maith san deireadh. Faghann foighid fortún
+–
Sí an fhoighid a sháruigh an dubhchinniúint; sháruigh an fhoighid an dubhchinniúnt = má bhíonn duine sách tuineannta, is cuma cén míádh nó na treampáin a bhéas air, beidh an báire leis san deireadh, agus cuirfidh sé a chúis i gcrích, nó gheobhaidh sé fortún
D'imigh a bhean agus beirt dhá chuid páistí uaidh. Bhí sé báite i bhfiacha. Ní raibh bonn bán air, agus in a dheidh sin fhéin, níor leig sé a mhaidí le sruth. Tá a shliocht air: sí an fhoighid a sháruigh an dubhchinniúint. Is maith saidhbhir an fear inniu é. Is cóir adeir siad go bhfaghann foighid fortún
TUILLEADH (1) ▼
B'iomdha leagan a baineadh as Debhelera, ach sháruigh an fhoighid an dubhchinniúint. Tá an báire leis inniu. Ní bheadh marach go raibh Dia agus Muire in a cheann
+–
Ní raibh foighid ná fuireach orra go dteigheadh an bheirt aca ar cuairt, agus chuaigh = ní dhéanfadh siad foras ná comhnaí
Ní bheadh foighid ná fuireach air nó go bpósadh sé. Is dona a chuaigh an pósadh dhó muise, an duine bocht. Chuir an bhean ag caitheamh na miotán é
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh foighid ná fuireach uirre, go dtugadh sí Sasana uirre fhéin. Ach dhá mhine ghéire dhá raibh sí ag imeacht, ba mhine ghéire ná sin í ag teacht agus a leath sciathán briste. Is olc a theigheas uabhar do na daoine
Ní bheadh foighid ná fuireach ort go dteightheá ar páighe. Is maith drugalach anois thú. Fuair tú do sháith di is cosúil. Múinfidh sin thú. Múineann an saol daoine. Sé atá i riocht
·
Tuar feirge foighid Dé = mar a bhfoillsighe Dia rud, is amhlaidh is measa é, mar sin comhartha gur measa a bhéas an díoltas amach annseo
Is íontas é nach n-agródh Dia orra é, agus a bhfuil siad a dhéanamh de chréatúlacht, ach is tuar feirge foighid Dé. Tá muiltí Dé mall ach meileann siad go mín
+–
Foighid!; foighid ort!; foighid ort anois go fóill!; foighid annsin! = fan; ná corruigh; ná bíodh deifir ort; glac go réidh tú féin; stop; bí in do shost etc.
Foighid! Foighid adeirim! Ná tarraing an rópa uaim
TUILLEADH (5) ▼
Foighid nóiméad! Beidh mé leat anois
Foighid ort go bhfeice mé céard adéarfas sé seo amuigh faoin scéal
Ara foighid ort go mbeidh mé réidh! Nach ort atá an deifir!
Foighid ort! Tá rud eicínt le rádh agamsa faoin scéal sin. Sea …
Foighid oraibh, go bhfeice mé a bhfuil an bicycle seo i dtiúin. Má tá beidh mé lib
+–
Déan foighid a dhuine sin! = glac foighid; leig fút
Meastú an ndéanfaidh an gála seo foighid ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Glac foighid a dhuine = teagadh foighid duit
Ní ghlacfadh sé foighid ar bith nó go ndéanadh sé é = ní raibh foighid ná suaimneas in a chionn nó go ndéanadh sé é
+–
Cuir foighid ann = i bpáiste cuirigcás, a bheadh ag caoineadh; é a bhréagadh; nó fear a bheadh ag gabhail le buile ag iarraidh achrainn, nó capall meargánta nó a leithide
Ní ghabhfaidh sé chun foighde go maidin uaidh fhéin. Gabh anonn agus tabhair dhó an t-iongás sin thuas ar an drisiúr, agus b'fhéidir go gcuirfeadh sin foighid ann (páiste cantalach)
TUILLEADH (11) ▼
Tá sé in am agad foighid a theacht ionad, agus gan a bheith in t'abhallóir i gcomhnaí. Dheamhan do leithide d'abhallóir de pháiste a bhí san teach ariamh
Má theagann fearg air siúd is deacair leis foighid a dhéanamh. Ach an té a ghabhfas ag cur foighid ann, is fear i gcontúirt é
Thosuigh sé ag bollaireacht luath go maith, agus ní dhearna sé aon-fhoighid aríst ar feadh na hoíche. Bhí a raibh san teach leis ag cur foighid ann, ach ní raibh aon-mhaith ann nó go ndéanadh sé an bualadh agus an briseadh
Má spréachann sé sin, níl aon-fhoighid le cur ann
Shíl mé nach gcuirfinn foighid ar bith inte (i gcapall) nuair a chonnaic sí an bus
Ní dhearna an madadh sin aon-fhoighid ar feadh na hoíche ach ag tafann
Is doiligh foighid a chur san té a n-eireóidh an t-ól in a cheann
Cuir foighid san gclog sin! (clog gleárach ag bualadh)
Sén fear is lághaí a chonnaic tú ariamh é, ach má thosuíonn sé chor ar bith (ag achrann), ní féidir foighid a coinneál ann. Tá sé réidh le foighid uaidh sin amach
Ní fhaca mé aon-chantalóir de pháiste ariamh a chinnfeadh air. Ní féidir foighid a choinneál ann
Bíodh foighid thairis sin ionad. Nach bhfuil sé ag goilliúint orainn fhéin cho maith leatsa, ach céard a fhéadfas muid a dhéanamh?
+–
Bhíodh sé an-mhór ag cur a chosa uaidh in aghaidh an Ghovernment, ach chuir siad foighid ann; foighid an phóca = thug siad airgead dó nó slí airgid len a choinneál in a shost (foighid na crúibe, agus foighid an sparáin freisin)
Ba ghearr gasta a bhí an fear thiar ag cur foighid an phóca ann
TUILLEADH (1) ▼
Sé an t-airgead atá indon a gcur frén a chéile in a sost. Foighid an sparáin a mhic ó!
Foighid in iontrálacha eile (50+)
→
fios
Ní fhéadfadh aonduine é sin a rádh ach an té a mbeadh fios aige. Caithfeamuid foighid a bheith againn. Is maith an scéalaí í an aimsir.
Tá sé ro-fhreochanta. Ní fhágfaidh sé aon-duine gan cur in a aghaidh. Fear ar bith atá in a cheann posta seisean, níorbh fhuláir dó foighid naoimh a bheith aige
→
fág i
Foighid ort! Tá an-tsaint san airgead aige, ach fágfaidh sé in a dhiaidh é ar ball = ní fhéadfaidh sé a thabhairt san uaigh leis
→
féar
Beidh an saol go maith fós ach foighid a bheith againn, adeir sé. Foighid! Fan beó a chapaill agus gheobhaidh tú féar! Níl a fhios aige sin cáil an bhróig ag luighe ar aonduine eile, agus is rí-chuma leis
Bíodh foighid aghad a dhuine sin, go gceartuighthear an scéal duit! Cé'n áirge dhuit anbháthadh a thoidheacht mar sin ort.
→
bealach
Níl mórán bearnú ar a' mbealach fós aghainn. Caithfe tú foighid a bheith aghad. B'éigean do do mháthair fanacht naoi ráithe leat!
→
crinn
Foighid ort a mhic ó. Dar mo choinsias tiubhra sé siúd cnáimh le creinneadh dhuit. Feiceamuist fágh an ceann is fhearr air! = tiubhra sé fuighleach le déanamh dhuit an ceann is fhearr a fhaghail air le na fhéachaint a' troid, a' carruidheacht, ag gabhail fhuinn nó pé'r bith rud a bheadh igceist.
→
crámhar
B'fhearr duinn fanacht scaithín eile, go bhfeiceamuid linn. 'Sé mo mheas go roighneocha an lá as an gcramhar sin 'na dheidh sin, ach foighid a bheith aghainn, tamaillín!
→
cuntas
Foighid ort go dtaga lá an chunntais. Feicfe tú fhéin, céard a bheidheas thíos do'n phlúr an lá sin.
→
bollaire
Chaith muid an oidhche, ag iarraidh foighid a chuir sa mbollaire mór sin thiar ag S. Sh. Ba mhór a' t-ár é, a' blaodhach a's a' blaidhreamhach. Ag iarraidh T. Ph. a bhualadh bog te a bhí sé, a's nuair nach leig(f)í chuige é, bhí gearradh fiacal air.
+
→
breá
Nach breagh nach mbeadh foighid agad liom go fóilleach! = shílfeá go mbeadh foighid agad liom go fóilleach; tuige nach mbeadh foighid agad liom, go cheann tamaillín.
TUILLEADH (1) ▼
Breagh nach mbeadh foighid agad. B'éigin do do mháthair fanacht leat = déarfaidhe le duine mío-fhoighdeach é.
→
bruach
Imtheocha na bruachannaí sin lobhtha dhi, a's cneasócha sí annsin. Ach ní mór dhuit foighid a bheith agad.
→
arsa
'Is mairg nach mbíonn foighid aige', arsa tusa, ach sáthach fada atá muid a' cur stuaim ar a' bhfoighid chéadna (féach stuaim)
→
athraigh
Ní athró(chth)ar an saoghal [in] aon lá amháin. Bíodh foighid agad. I leaba a chéile déantar na caisleáin.
Foighid ort go dtaga na dligheadóirí anuas orra(b) ar ball, agus ní fhágfa siad bonn bán aca(b).
+
→
fearg
Shílfeá go bhfuil sé ag teacht in a fhearg ort (in a fheirg ort). Glac foighid a dhuine sin!
TUILLEADH (2) ▼
Tá fearg agus fearg ann, ach nuair a bhíos fearg air sin, ní féidir foighid ar bith a chur ann
Tuar feirge foighid Dé (fc. foighid)
→
feoil
Sé do bheatha! Sé do bheatha! Sé an síol nua thú a fheiceál. Ní raibh tú againn cheana lena cianta. Foighid ort! Seo cathaoir duit agus tá tú féin indon feóil a chur uirre bail ó Dhia ort. Níor tháinig aois ná aimsir ort ó a chonnaic muid go deireannach thú. Diabhal é muis
→
fuadar
Ara muise nach faoi atá an fudar achrainn. Foighid ort go dtí ar ball! Gheobhaidh sé a dhóthain den scliúchas sin feicfidh tú fhéin air
→
faillí
Caithfidh foighid a bheith ag na daoine (againn) chreidim. Ní in aon-lá a rinneadh an Áirc. Ach is maith í an fhoighid agus is dona í an fhaillí. Tá sé in am agam biseach a bheith orm feasta má tá aon-bhiseach indán dom
→
faslach
Barreanaigh (cineál móna) a bhí san leoraí cheana ach ar an bhfaslach a baineadh í seo. Is fhearr í ná an barreanaigh ar chaoi ar bith. Foighid ort nó go dtaga an chinceach. Sin í an mhóin
→
fuacht
Tá na beithigh ag dul in órán 'mo choinsias. Is diabhlaí an bhróthall atá ann. Ach bainfear siar asainn é fós i mbliana. Foighid nó go dteaga fuacht na bhfaoillte. Comhfad a theigheas teas agus fuacht bíodh a fhios agad
→
damnaigh
Damnú síorruidhe air, an cimleacháinín, mara maith a fuair sé ann féin a dhul ag maslú bean ar foghnamh. Foighid ort go gcloisidh a h-athair é. Ní ag comhaireamh na gcoisméagachaí len a dhá choisín bhasacha a bhéas sé, leabharsa, má fheiceann sé é siúd ag teacht!
→
dearg 2
Is mór an tseanmóir thú. Breá nach ndéanfá foras uair eicínt agus gan a bheith ag diúgaireacht i gcomhnaí. Foighid ort anois, bainfidh mise an deargadh sin asad. Mo leanbh agus mo laogh thú!
Foighid ort go mbeidh muid ag deireadh na scríbe. Annsin tig linn a' (ar) rogha rud a dhéanamh. Maidir len a dhul ag déanamh moille faoi bhealach!
+
→
deis
Níl mé ar mo dheis ceart fós, ach an uair a bhéas, feicfidh tusa dubhachan déanta. Ní stró ar bith dhomsa an garrdha sin a fhódú in imeacht cupla lá … Foighid ort go bhfeicidh tú!
TUILLEADH (1) ▼
Bíodh foighid agad. Tiocfaidh sé ar do dheis uair eicínt iarraidh a thabhairt dó, agus ná leig do leas ar cáirde annsin. Tabhair dhó go trom tairbheach é
→
deiseal
Deiseal! Déan réidhteach riu. 'Sé'n chaoi a mbeidh sé agad as a dheireadh 'sábhálaidh Dia sinn, tachtfaidh tú [tú] fhéin. Is ceart do 'chuile dhuine am a ghlacadh le na chuid beatha. Níl foighid ar bith agaibh ach é a sclamhadh. Shílfeá nach mbeadh breith ar an áit amuigh go deo agaibh!
→
diaidh
Bíodh foighid agad. Níl maith ar bith dhuit a dhul indiaidh do mhullaigh ann. Glac staidéar. Nachar chuala tú ariamh é go bhfuil iasc ins an bhfairrge cho maith agus a gabhadh fós
Chaith sí an oíche ag diúrnadh an pháiste ag iarraidh é a bhréagadh agus foighid a chur ann, ach bhí sé ar an táirm chéadna igcomhnaí. Dearg-amhlóir é siúd
Cén chiall duit a bheith cho doréara sin as coinne strainséaraí. Is deas an cháil a thiúrfas siad ort aríst: go raibh tú ag sclamhaireacht ar fud an tighe agus ag géaraíocht ar t'athair agus ar do mháthair. Breá san tubaiste nach mbeadh foighid agad thairis sin
→
drandal
Léan ar a dhranndailín coinín, maran deas uaidh a dhul ag sioscadh bréag. Agus shílfeá nach leaghfadh an t-im in a bhéal! Foighid ort muise go bhfeicidh mise é. Dhá mbadh i láthair an phobail é, dheamhan ball na h-áite a fhágfas sé nó go gcasaidh mé suas leis an smut aige é
Foighid ort! Tá sí agam. De'n phortach a tháinic sí sin indiu leis an móin. B'olc an imirce aice é, an cailín! Dreancaid chíbe. Tá goin ar an diabhal sin anois
Beidh sé in a árd-cheann amach annseo agus cho drisíneach agus atá sé cheana féin. Bhí muid thíos ann an oíche cheana agus bhí sé ag ealadhain le slat-mhaide a bhí aige agus fhobair ná gur bhain sé an tsúil as M. B. leis, hébrí cé'n sórt sníomh a bhí aige air. Rug an mháthair ar an maide len a bhaint dhe, agus ba é an droch-pheata é. Thosuigh sé ag gabhail ingeallta a mhic ó, agus ar éigin a cuireadh foighid ar bith ann an uair nach bhfuigheadh sé cead a chomhairle féin. Nach gceapfá go bhfuil sé sin drisíneach!
+
→
droim
Is deacair deirimse leat Debhalera a chur de dhruim seoil anois … 'Ar ndú, seo é aríst é. Bíodh a fhios agad go bhfuil sé cho daingnighthe anois, agus nach gcuirfidhear as an áit a bhfuil sé é go ceann fiche bliain ó indiu. Foighid ort go bhfeicidh tú!
TUILLEADH (1) ▼
'Sí do chuid clabaireacht' a chuir de dhruim seoil mé. Tá sé ag dul 'un seachmaill orm anois. Foighid ort go dtosuighidh mé aríst é. Ní raibh focal dó (dhe) sin, nach raibh agam ó thús go deireadh scathamh. Ach tá an chuímne ag imeacht uaim uiliog anois
→
dual 2
Foighid ort anois. Dual beag — duailín a bhéas mé a iarraidh. Caithfidh mé an dual seo a chur isteach idtosach. Ní leigfidh an mapa seo puth isteach feicfidh tú féin air
+
→
dubhléim
Sin é an duine dona i gcomhnaí. Tugann sé dubhléim, adeir siad. Thug an fear bocht sin dubhléim ar chaoi ar bith. Dhá mbeadh foighid aige agus comhairle a ghlacadh, ach ní raibh aon-chomhairle ina chionn-siúd
TUILLEADH (1) ▼
Is mian leis chuile shórt a dhéanamh de léim. Fear gan foighid é. Sin a fhágas go dtugann sé an dubhléim i gcomhnaí.