foighid
—ainmfhocal, baineann
—
fulaingt, fadfhulaingt, fadéisteacht, troscadh, neamhthaghdúlacht, éisteacht, neamhfhuasaoid.
+–
Nach mór í m'fhoighid agus éisteacht leis ar an bhfad sin ag sciolladh orm; nach mór an fhoighid atá agam srl.; nach mór an fhoighid a gheall Dia dom; nach agam atá an fhoighid srl.
Is mór í t'fhoighid ar chuma ar bith agus a bhfuil fulaingthe agat le seal
TUILLEADH (10) ▼
Chaith mé mo chuid foighde leis, agus i gcónaí ag tuineadh leis ag ceapadh go ndéanfadh sé chuile lá é, ach mo léan géar an déanamh sin!
Níl léamh ar bith air le foighid.
Chuaigh ar an bhfoighid ag an bhfearg orm nuair a chonaic mé céard a rinne sé
D'imigh an fhoighid uaim ach ar bhris sé an chathaoir
Is mór is fiú an fhoighid fhéin
Tiocfaidh foighid dó ar ball ach a mbristear a smút
Tá tú ag dul thar m'fhoighid. Ní i bhfad eile a éistfeas mé leat — níl aon fhulaingt agam leat a thuilleadh
Gheall Dia foighid duit nuair nach speireann tú an t-abhlóir sin uair eicínt
Go dtuga Dia foighid dom! Is mór a chaithfeas mé a ligean tharam!
Maróidh mé é lá eicínt, mura dtuga Dia foighid dom
+–
Tá foighid aici agus a bheith in ann éisteacht leis an ruibhseach de sheanbhean siúd ag ithe agus ag gearradh uirthi ó mhaidin go faoithin agus ó Luan go Satharn
Tá an-fhoighid aige (le pian, gleo, magadh, sciolladh, srl.)
TUILLEADH (10) ▼
Bhí an-fhoighid agat leis an mbróig sin. Chaithfeadh sé gur fhulaing tú an t-uafás léithe
'Tá dhá chéad acra talúna aige,' arsa mise, 'agus an teach mór sin a fheicfeas tú agus gan neach an aoin bheo abuil sé ach buachaill.' 'Níor phós sé ariamh,' adeir an spailpín. 'Níor phós,' arsa mise. 'Ba diabhaltaí an fhoighid a bhí aige,' adeir an spailpín — go raibh sé in ann troscadh ó phósadh nó ó mhná
Níl sé d'fhoighid agat (ionat) éisteacht le duine nó go n-insí sé a scéal. Caithfidh tú do ladar féin a bhualadh ann
Ní bheadh sé d'fhoighid aige fanacht go bhfiuchadh an kettle. Scaird sé amach ar an taepot fuar beathach é
Iarr air foighid a bheith aige go fóilleach go n-imí an dream eile seo
Caithfidh na daoine foighid a bheith acu ar ndóigh. Ní in aon lá a rinneadh an Áirc. Feabhsóidh an saol fós le cúnamh Dé
Níl foighid ar bith agat! Is mian leat a bheith i gcónaí ag glaomaireacht. Beidh an tae réidh faoi cheann nóiméad an chloig ach foighid a bheith agat — má bhíonn foighid agat
Beidh sé le fáil agat anois faoi cheann leathuaire ach foighid a bheith agat
Béarfaidh an bhó uair eicínt ach foighid a bheith agat go dtí é.
Ara íocfaidh sé thú, ach foighid a bheith agat go dtí é. Tá sé sin chomh siúráilte leis an airgead baistí
·
Tá foighid ag an oíche anois — í ligthe fúithi; an gála lagtha
+–
Tá foighid mhór (an-fhoighid, foighid an tsaoil, foighid thar cionn, foighid na naomh, foighid asail, srl.) aige leat, agus a gcumann tú dhó
Nach aige atá an fhoighid léithe! Is iomaí fear eile a dhéanfadh cuailín cnámh di agus í a bheith ar an gcaoi siúd!
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn an-fhoighid aige le daoine ach má théann daoine eile thar an lá cairde chor ar bith, fuagraíonn sé dlí orthu — ní bhíonn aon deifir mhór air ag éileamh íocaíochta ná ag fuagairt dlí de bharr neamhíocaíochta ar chuid de na daoine
Dheamhan bréag nach raibh foighid agat le na gasúir sin ó mhaidin. Sháróidís aon duine beo lena gcuid gleo agus sclamhaireacht
Is diabhlaí an fhoighid atá agat le na daitheachaí bail ó Dhia ort — a bhfulaingt gan aon fhuasaoid
+–
Is mór an fhoighid (is iomaí foighid) nach foláir do dhuine a bheith aige in éindí leis siúd. Má ligeann tú taghd ar bith in do ghaire, ní dóichíde dhuit rud a dhéanamh ná a mharú
Is lú an fhoighid é ná an t-athair aríst agus tá a fhios agat fhéin go bhfágann sin ar bheagán foighde é
TUILLEADH (2) ▼
Nach beag an fhoighid thú nach n-éistfeadh go mbeadh duine réidh. Cén chaoi a bhféadfainnse do bhéilí a bheith réidh agam agus mé ag bleán. Nach bhfuil a fhios agat an áit a dtéann an láimh go dtéann an chois
Tá an ceann céanna ar bheagán foighde, tá sin
·
Rinneadh an éagóir sin orm agus ghlac mé ina fhoighid é ina dhiaidh sin. Nach raibh sé chomh maith dhom
Nuair nach mbeadh aon cheo de bharr na drochmhúineadh, bheadh sé chomh maith do dhuine rud mar sin a ghlacadh ina fhoighid
+–
Ná lig don fhoighid a dhul ó stuaim ort — ná teagadh fearg nó olc ort; coinnigh ag tuineadh leis an rud
Tá mé ag ceapadh nach mór do mháistir scoile an-fhoighid a bheith aige. Agus má ligeann sé an fhoighid ó stuaim chor ar bith; ní dóigh cleas dó ná duine eicínt a mharú
TUILLEADH (7) ▼
Lig mé an fhoighid ó stuaim faoi dheireadh agus thug mé iarraidh dhó
Is maith a chruthaíos sé gan an fhoighid a ligean ó stuaim agus í siúd ag siocadh leis ar feadh an lae agus na hoíche
Cén neart a bhí aige air. Chuaigh an fhoighid ó stuaim air agus bhuail sé snaidhm ar an seanfhear. Ní raibh rún ar bith aige é a mharú, ach mharaigh ina dhiaidh sin
Ná téadh an fhoighid ó stuaim ort ar aon chor. Coinnigh guaim ort fhéin. Ach ná bíodh cás ar bith agat faoina n-abróidh tú leis
Má théim ina éadan chor ar bith, gabhfaidh an fhoighid ó stuaim orm agus buailfidh mé é
Coinnigh stuaim ar an bhfoighid — coinnigh guaim ort fhéin; bí foighdeach
Choinnigh mé stuaim ar an bhfoighid chomh maith agus a d'fhéad mé ach bhí sé ag dul thríom é a mharú chuile phointe ina dhiaidh sin
+–
Níl de leigheas air anois ach a mharú le foighid — níl de leigheas air anois ach a bheith foighdeach fulangach agus b'fhéidir gurbh amhlaidh ab fhearr é leis an aimsir.
Fág mar sin anois é agus maraigh le foighid é. Níl a mhalrait le déanamh
TUILLEADH (1) ▼
Tá an geábh sin uainn agus níl le déanamh anois ach mar adúirt an fear fadó: a mharú le foighid
·
Is maith í an fhoighid ach is dona í an fhaillí (fc. faillí)
+–
Faigheann foighid fortún — má fhanann duine ag tuineadh go foighdeach le rud, déanfaidh sé bun sa deireadh nó beidh an t-ádh air
Dar fia is maith a shaothraigh sé é ach tá rud dhá bharr aige anois. Mar sin a bhíos sé: faigheann foighid fortún
TUILLEADH (1) ▼
Má ba páí bheag fhéin a bhí dhó, chaith sé ina bun agus rinne sé gnaithe maith sa deireadh. Faigheann foighid fortún
+–
'Sí an fhoighid a sháraigh an dubhchinniúint; sháraigh an fhoighid an dubhchinniúnt — má bhíonn duine sách tuineanta, is cuma cén mí-ádh nó na treampáin a bheas air beidh an báire leis sa deireadh agus cuirfidh sé a chúis i gcrích nó gheobhaidh sé fortún
D'imigh a bhean agus beirt dhá chuid páistí uaidh. Bhí sé báite i bhfiacha. Ní raibh bonn bán air, agus ina dhiaidh sin fhéin, níor lig sé a mhaidí le sruth. Tá a shliocht air: sí an fhoighid a sháraigh an dubhchinniúint. Is maith saibhir an fear inniu é. Is cóir adeir siad go bhfaigheann foighid fortún
TUILLEADH (1) ▼
B'iomaí leagan a baineadh as de Valera ach sháraigh an fhoighid an dubhchinniúint. Tá an báire leis inniu. Ní bheadh murach go raibh Dia agus Muire ina cheann
+–
Ní raibh foighid ná fuireach orthu go dtéadh an bheirt acu ar cuairt, agus chuaigh — ní dhéanfadh siad foras ná cónaí
Ní bheadh foighid ná fuireach air nó go bpósadh sé. Is dona a chuaigh an pósadh dhó muise, an duine bocht. Chuir an bhean ag caitheamh na miotán é
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh foighid ná fuireach uirthi go dtugadh sí Sasana uirthi fhéin. Ach dhá mhine ghéire dhá raibh sí ag imeacht, ba mhine ghéire ná sin í ag teacht agus a leath sciathán briste. Is olc a théas uabhar do na daoine
Ní bheadh foighid ná fuireach ort go dtéiteá ar páí. Is maith drogallach anois thú. Fuair tú do sháith di is cosúil. Múinfidh sin thú. Múineann an saol daoine. 'Sé atá i riocht
·
Tuar feirge foighid Dé — mura bhfoilsí Dia rud, is amhlaidh is measa é mar sin comhartha gur measa a bheas an díoltas amach anseo
Is iontas é nach n-agródh Dia orthu é agus a bhfuil siad a dhéanamh de chréatúlacht, ach is tuar feirge foighid Dé. Tá muiltí Dé mall ach meileann siad go mín
+–
Foighid!; foighid ort!; foighid ort anois go fóill!; foighid ansin! — fan; ná corraigh; ná bíodh deifir ort; glac go réidh tú féin; stop; bí in do shost srl.
Foighid! Foighid adeirim! Ná tarraing an rópa uaim
TUILLEADH (5) ▼
Foighid nóiméad! Beidh mé leat anois
Foighid ort go bhfeice mé céard adéarfas sé seo amuigh faoin scéal
Ara foighid ort go mbeidh mé réidh! Nach ort atá an deifir!
Foighid ort! Tá rud eicínt le rá agamsa faoin scéal sin. Sea …
Foighid oraibh go bhfeice mé an bhfuil an bicycle seo i dtiúin. Má tá beidh mé libh
+–
Déan foighid a dhuine sin! — glac foighid; lig fút
Meas tú an ndéanfaidh an gála seo foighid ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Glac foighid a dhuine — teagadh foighid duit
Ní ghlacfadh sé foighid ar bith nó go ndéanadh sé é — ní raibh foighid ná suaimhneas ina chionn nó go ndéanadh sé é
+–
Cuir foighid ann — i bpáiste, cuir i gcás, a bheadh ag caoineadh; é a bhréagadh; nó fear a bheadh ag gabháil le buile ag iarraidh achrainn, nó capall meargánta nó a leithide
Ní ghabhfaidh sé chun foighde go maidin uaidh fhéin. Gabh anonn agus tabhair dhó an t-ioncás sin thuas ar an drisiúr agus b'fhéidir go gcuirfeadh sin foighid ann (páiste cantalach)
TUILLEADH (11) ▼
Tá sé in am agat foighid a theacht ionat agus gan a bheith in t'abhlóir i gcónaí. Dheamhan do leithide d'abhlóir de pháiste a bhí sa teach ariamh
Má theagann fearg air siúd is deacair leis foighid a dhéanamh. Ach an té a ghabhfas ag cur foighid ann, is fear i gcontúirt é
Thosaigh sé ag bollaireacht luath go maith agus ní dhearna sé aon fhoighid aríst ar feadh na hoíche. Bhí a raibh sa teach leis ag cur foighid ann ach ní raibh aon mhaith ann nó go ndéanadh sé an bualadh agus an briseadh
Má spréachann sé sin, níl aon fhoighid le cur ann
Shíl mé nach gcuirfinn foighid ar bith inti (i gcapall) nuair a chonaic sí an bus
Ní dhearna an madadh sin aon fhoighid ar feadh na hoíche ach ag tafann
Is doiligh foighid a chur sa té a n-éireoidh an t-ól ina cheann
Cuir foighid sa gclog sin! (clog gleadhrach ag bualadh)
'Sé an fear is láí a chonaic tú ariamh é, ach má thosaíonn sé chor ar bith (ag achrann), ní féidir foighid a coinneáil ann. Tá sé réidh le foighid uaidh sin amach
Ní fhaca mé aon chantalóir de pháiste ariamh a chinnfeadh air. Ní féidir foighid a choinneáil ann
Bíodh foighid thairis sin ionat. Nach bhfuil sé ag goilliúint orainn fhéin chomh maith leatsa, ach céard a fhéadfas muid a dhéanamh?
+–
Bhíodh sé an-mhór ag cur a chosa uaidh in aghaidh an Ghovernment, ach chuir siad foighid ann; foighid an phóca — thug siad airgead dó nó slí airgid lena choinneáil ina shost (foighid na crúibe agus foighid an sparáin freisin)
Ba ghearr gasta a bhí an fear thiar ag cur foighid an phóca ann
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an t-airgead atá in ann a gcur fréna chéile ina sost. Foighid an sparáin a mhic ó!
foighid in iontrálacha eile (50+)
→
fios
Ní fhéadfadh aon duine é sin a rá ach an té a mbeadh fios aige. Caithfidh muid foighid a bheith againn. Is maith an scéalaí í an aimsir.
Tá sé rófhriochanta. Ní fhágfaidh sé aon duine gan cur ina aghaidh. Fear ar bith atá ina cheann posta seisean, níorbh fholáir dó foighid naoimh a bheith aige
→
fág i
Foighid ort! Tá an-tsaint san airgead aige, ach fágfaidh sé ina dhiaidh é ar ball — ní fhéadfaidh sé a thabhairt san uaigh leis
→
féar
Beidh an saol go maith fós ach foighid a bheith againn, adeir sé. Foighid! Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar! Níl a fhios aige sin cá'il an bhróig ag luí ar aon duine eile, agus is ríchuma leis
Bíodh foighid agat a dhuine sin, go gceartaítear an scéal duit! Cén áirge dhuit anbhá a theacht mar sin ort.
→
bealach
Níl mórán bearnú ar an mbealach fós againn. Caithfidh tú foighid a bheith agat. B'éigean do do mháthair fanacht naoi ráithe leat!
→
crinn
Foighid ort a mhic ó. Dar mo choinsias tabharfaidh sé siúd cnáimh le crinneadh dhuit. Feiceamuist faigh an ceann is fhearr air! — tabharfaidh sé fuílleach le déanamh dhuit an ceann is fhearr a fháil air lena fhéachaint ag troid, ag coraíocht, ag gabháil fhoinn nó pé ar bith rud a bheadh i gceist.
→
crámhar
B'fhearr dúinn fanacht scaithín eile go bhfeice muid linn. 'Sé mo mheas go righneoidh an lá as an gcramhar sin ina dhiaidh sin, ach foighid a bheith againn tamaillín!
→
cuntas
Foighid ort go dtaga lá an chuntais. Feicfidh tú fhéin céard a bheas thíos don phlúr an lá sin
→
bollaire
Chaith muid an oíche ag iarraidh foighid a chur sa mbollaire mór sin thiar ag S. Sh. Ba mhór an t-ár é, ag blaoch agus ag blaidhriúch. Ag iarraidh T. Ph. a bhualadh bog te a bhí sé, agus nuair nach ligfí chuige é, bhí gearradh fiacal air.
+
→
breá
Nach breá nach mbeadh foighid agat liom go fóilleach! — shílfeá go mbeadh foighid agat liom go fóilleach; tuige nach mbeadh foighid agat liom, go cheann tamaillín.
TUILLEADH (1) ▼
Breá nach mbeadh foighid agat. B'éigean do do mháthair fanacht leat — déarfaí le duine mífhoighdeach é
→
bruach
Imeoidh na bruachannaí sin lofa dhi agus cneasóidh sí ansin. Ach ní mór dhuit foighid a bheith agat.
→
aire
Caithfidh tú foighid thairis sin a bheith agat le fear a bhfuil cúrsaí na tíre uilig ar a aire
→
arsa
Is mairg nach mbíonn foighid aige, arsa tusa, ach sách fada atá muid ag cur stuaim ar an bhfoighid chéanna (fc. stuaim)
→
athraigh
Ní athrófar an saol in aon lá amháin. Bíodh foighid agat. I leaba a chéile a déantar na caisleáin
Foighid ort go dtaga na dlíodóirí anuas orthub ar ball agus ní fhágfaidh siad bonn bán acub.
+
→
fearg
Shílfeá go bhfuil sé ag teacht ina fhearg ort (ina fheirg ort). Glac foighid a dhuine sin!
TUILLEADH (2) ▼
Tá fearg agus fearg ann, ach nuair a bhíos fearg air sin, ní féidir foighid ar bith a chur ann
Tuar feirge foighid Dé (fc. foighid)
→
feoil
‘'é do bheatha! 'Sé do bheatha! 'Sé an síol nua thú a fheiceáil. Ní raibh tú againn cheana le na cianta. Foighid ort! Seo cathaoir duit agus tá tú féin in ann feoil a chur uirthi bail ó Dhia ort. Níor tháinig aois ná aimsir ort ó chonaic muid go deireanach thú. Diabhal é muis
→
fuadar
Ara muise nach faoi atá an fuadar achrainn. Foighid ort go dtí ar ball! Gheobhaidh sé a dhóthain den scliúchas sin feicfidh tú fhéin air
→
faillí
Caithfidh foighid a bheith ag na daoine (againn) chreidim. Ní in aon lá a rinneadh an Áirc. Ach is maith í an fhoighid agus is dona í an fhaillí. Tá sé in am agam biseach a bheith orm feasta má tá aon bhiseach i ndán dom
→
faslach
Barr-eanaigh (cineál móna) a bhí sa leoraí cheana ach ar an bhfaslach a baineadh í seo. Is fhearr í ná an barr-eanaigh ar chaoi ar bith. Foighid ort nó go dtaga an chinceach. Sin í an mhóin
→
fuacht
Tá na beithígh ag dul in órán mo choinsias. Is diabhlaí an bhróthall atá ann. Ach bainfear siar asainn é fós i mbliana. Foighid nó go dteaga fuacht na bhfaoillte. Comhfad a théas teas agus fuacht bíodh a fhios agat
→
damnaigh
Damnú síoraí air, an cuimleacháinín, mura maith a fuair sé ann féin a dhul ag maslú bean ar fónamh. Foighid ort go gcloise a hathair é. Ní ag comhaireamh na gcoisméigeachaí lena dhá choisín bhosacha a bheas sé, leabharsa, má fheiceann sé é siúd ag teacht!
→
dearg 2
Is mór an tseanmóir thú. Breá nach ndéanfá foras uair eicínt agus gan a bheith ag diúgaireacht i gcónaí. Foighid ort anois, bainfidh mise an deargadh sin asat. Mo leanbh agus mo lao thú!
Foighid ort go mbeidh muid ag deireadh na scríbe. Ansin tig linn a (ár) rogha rud a dhéanamh. Maidir lena dhul ag déanamh moille faoi bhealach!
+
→
deis
Níl mé ar mo dheis ceart fós, ach nuair a bheas, feicfidh tusa dúchan déanta. Ní stró ar bith dhomsa an garraí sin a fhódú in imeacht cupla lá … Foighid ort go bhfeice tú!
TUILLEADH (1) ▼
Bíodh foighid agat. Tiocfaidh sé ar do dheis uair eicínt iarraidh a thabhairt dó, agus ná lig do leas ar cairde ansin. Tabhair dhó go trom tairbheach é
→
deiseal
Deiseal! Déan réiteach riu. 'Sé an chaoi a mbeidh sé agat as a dheireadh, go sábhála Dia sinn, tachtfaidh tú tú fhéin. Is ceart do chuile dhuine am a ghlacadh lena chuid beatha. Níl foighid ar bith agaibh ach é a sclamhadh. Shílfeá nach mbeadh breith ar an áit amuigh go deo agaibh!
→
diaidh
Bíodh foighid agat. Níl maith ar bith dhuit a dhul i ndiaidh do mhullaigh ann. Glac staidéar. Nár chuala tú ariamh é go bhfuil iasc sa bhfarraige chomh maith agus a gabhadh fós
Chaith sí an oíche ag diurnadh an pháiste ag iarraidh é a bhréagadh agus foighid a chur ann, ach bhí sé ar an táirm chéanna i gcónaí. Deargabhlóir é siúd
Cén chiall duit a bheith chomh doriartha sin os coinne strainséaraí. Is deas an cháil a thabharfas siad ort aríst: go raibh tú ag sclamhaireacht ar fud an tí agus ag géaraíocht ar t'athair agus ar do mháthair. Breá sa tubaiste nach mbeadh foighid agat thairis sin
→
drandal
Léan ar a dhrandailín coinín, muran deas uaidh a dhul ag sioscadh bréag. Agus shílfeá nach leáfadh an t-im ina bhéal! Foighid ort muise go bhfeice mise é. Dhá mba i láthair an phobail é, dheamhan ball na háite a fhágfas sé nó go gcasa mé suas leis an smut aige é
Foighid ort! Tá sí agam. Den phortach a tháinig sí sin inniu leis an móin. B'olc an imirce aici é, an cailín! Dreancaid chíbe. Tá goin ar an diabhal sin anois
Beidh sé ina ardcheann amach anseo agus chomh drisíneach agus atá sé cheana féin. Bhí muid thíos ann an oíche cheana agus bhí sé ag ealaín le slatmhaide a bhí aige agus fhóbair ná gur bhain sé an tsúil as M. B. leis, hé brí cén sórt sníomh a bhí aige air. Rug an mháthair ar an maide lena bhaint dhe, agus ba é an drochpheata é. Thosaigh sé ag gabháil i ngeallta a mhic ó, agus ar éigean a cuireadh foighid ar bith ann nuair nach bhfaigheadh sé cead a chomhairle féin. Nach gceapfá go bhfuil sé sin drisíneach!
+
→
droim
Is deacair deirimse leat de Valera a chur de dhroim seoil anois … Ar ndóigh, seo é aríst é. Bíodh a fhios agat go bhfuil sé chomh daingnithe anois agus nach gcuirfear as an áit a bhfuil sé é go ceann fiche bliain ó inniu. Foighid ort go bhfeice tú!
TUILLEADH (1) ▼
'Sí do chuid clabaireachta a chuir de dhroim seoil mé. Tá sé ag dul chun seachmaill orm anois. Foighid ort go dtosaí mé aríst é. Ní raibh focal dó (dhe) sin nach raibh agam ó thús go deireadh scaitheamh. Ach tá an chuimhne ag imeacht uaim uileag anois
→
dual 2
Foighid ort anois. Dual beag — duailín a bheas mé a iarraidh. Caithfidh mé an dual seo a chur isteach i dtosach. Ní ligfidh an mapa seo puth isteach feicfidh tú féin air
+
→
dubhléim
Sin é an duine dona i gcónaí. Tugann sé dubhléim, adeir siad. Thug an fear bocht sin dubhléim ar chaoi ar bith. Dhá mbeadh foighid aige agus comhairle a ghlacadh, ach ní raibh aon chomhairle ina chionn siúd
TUILLEADH (1) ▼
Is mian leis chuile shórt a dhéanamh de léim. Fear gan foighid é. Sin a fhágas go dtugann sé an dubhléim i gcónaí