Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dul do
1.
a.
+
Bhí sé ag dul dó ariamh, nó gur thug sé toil ar a dhul in éindigh leis = bhí sé in a éadan; ag tuineadh leis; ag iarraidh air; ag iarraidh cur faoi ndeara dhó
Chaith Seán an lá ag dul dó, ach ba bheag an mhaith dó sin. Ní thiubharfadh sé a dhath áird air.
TUILLEADH (16) ▼
Nach bhfeiceann tú go bhfuil mé ag dul di le seachtain, agus ag tuineadh léithe ag iarraidh uirre fuirgheacht as, ach 'sé an cás céadna é. Tá sí cho dána le múille
Chaith sé an trathnóna ag dul do Sh. ag iarraidh é a árdú leis, ach ní chorróchadh S. a chois. Fuair sé a dhóthain de'n áit sin cheana. An té a bhuailtear ins an gceann bíonn faitíos air adeir siad
Agad fhéin is fhearr a fhios cé'n chaoi le dhul dó. Mara bhfuil tusa indon dallach dubh a chur air, tá sé fánach againne
Níl caoi ar bith anois ab fhearr le dul di, ná a rádh go raibh T. ag cur a tuairisc. Mara dtugaidh sin ann í, níl fhios agam féin cé'n súisín é. Níl aon-artha eile indon a tabhairt ann ar aon-chor
'Sé an chaoi a rachainnse dhó sin anois, moladh leis. Má mholann tú leis, déanfaidh sé dearg-phleota dhe fhéin, agus beidh an tír ag magadh faoi. B'fhéidir go gcomhairleochadh sin é
Chuaidh an misinéara dhó i riocht agus gur eirigh sé as an ól. Ní dheachaidh deoir ar a bhéal ó shoin.
Cé'n mhaith a bheith ag dul dó, mar a bhfuil an oiread sin tuiscint ann féin. Níl tú ach [ag] cur do chuid cainte amú leis. Fág mar sin é
Tá sé an-tsáruigheach. Is mian leis a bheith ag dul duit i gcomhnaí, nó go gcuirfidh sé faoi ndeara dhuit a chomhairle a dhéanamh de do dheoin nó de t'aindeoin. Ní maith le duine a bheith francuighthe, agus de ghrádh an réidhtigh ghéillfeá dhó, ach dheamhan géilleadh a dhéanfas mise níos mó. Thug sé i dtromásc mé cupla uair le goirid, agus fhobair mé rud a bheith ar a shon agam
Is diabhlaí an bhuadhannaidheacht atá aice. Chaith sí ag dul dó ariamh ariamh, nó gur chuir sí ciméar ceart air, agus gur mheall sí isteach é go dtí an dream a chuir a dhearbhráthair síos ins an uaigh. Is fear gan fuil é. Ní tada eile é
Níl a dhath maitheasa dhuit anois a bheith ag dhul dom. Dá mbeadh fonn óil orm d'ólfainn é, agus 'nuair nach bhfuil ní ólfad. Is fhearr duit gan a bheith sáruigheach liom
Cé'n mhaith dhuit a bheith ag dul dó 'nuair nach n-itheann sé uaidh fhéin é. Ar chuala tú ariamh é: tairg biadh do dhuine beo, agus mara n-ithidh sé é leigeadh sé dhó
Tá artha an dul-amú ceart aige sin. Marach go ndeachaidh sé di go stuama, ní chuirfeadh sé an chluain choidhchin uirre. Ba deacair í sin a bhearradh deirimse leat
Má theigheann tú dhó go deas, b'fhéidir go dtiubharfadh sé dhuit é, ach má thugann, tá omós mór aige duit. Fear omóis a gheobhas tada uaidh
Gabhfaidh sé sin dó anois ar chaoi nach bhféadfadh aon-fhear faoi thalamh an domhain a eiteach. Cuirfidh mé geall leat th'éis cho danra agus cho daoitheamhail agus atá Sean- S. go bhfuighidh sé breith a bhéil féin uaidh. Tá an tSeamair Mhuire aige sin a mhic ó!
Bhí sé ag dul dom nó go ndearna mé rud nach raibh agam a dhéanamh
Chuaidh sé dhó cho déan (dian) agus gur chuir sé faoi ndeara dhó a pósadh
+
Má theigheann tú dhó go deas, stuama, b'fhéidir go n-eireochadh leat a thabhairt amach. Ach, níl aon-oirnéis de'n rath agad = má fhéachann tú leis an rud a dhéanamh go stuama
Ní shin é an bealach le dhul do "phuncture" a dheasú. Ar scríob tú chor ar bith é. Is ciotach an fear "bicycle" thú
TUILLEADH (13) ▼
Níl a fhios agad an chaoi le dhul dó chor ar bith. Scaoil é seo 'un tosaigh, agus fáisc é sin, nó go gcuiridh tú isteach é seo agus é a dhaingniú … Anois b'fhéidir! Tá cuma na maitheasa ort
Tá sé as cor aríst. Sin é an chaoi a ndeachaidh tú dhó! Ní fhéadfadh sé gan a theacht amach, mar ní raibh aon-chuma istigh air ó thús. B'fhéidir go mbainfeá tamall as anois
Dheamhan a fhios aige ach an oiread le cúl mo chinn cé'n chaoi le dhul do mhótar. Chaith sé trí h-uaire caithte ar a dhruim fúithe annsin thoir an lá cheana, nó go dtainic P. T. D'árduigh sé an claibín sin 'un tosaigh. Chas sé cnoth eicínt. Bhí sí ag giúnaighil (geonaighil) aige le ionntú do bhoise
Abair thusa do rogha rud. Dá mbeirtí é istigh i lár easca, níl a fhios aige cé'n chaoi le dhul do mhóin a bhaint. Beannacht Dé dhuit agus éist liom! Fear ar bith a tháinic ar an bportach le sluasaid i leabaidh sleaghain, is mór atá a fhios aige faoi mhóin go deimhin!
Dá dteightheá di mar is ceart chuirfeá an leac sin as a lúdrachaí. D'eireochadh sí sin de dhruim a chéile. An bhfeiceann tú na siuntaí innte?
Ghabhfainn do'n chnocán sin i gcruth agus nach mbeadh aon-chloch amháin ar a fhuaid mí ó indiu marach amháin. Dhá bhfeiceadh an sean-"lad" mé in a éadan, ba mhaith an tsiocair bháis dó é. Ní chuirfeadh an saoghal as a chloigeann nach bhfuil bruidhin ann, agus dhá gcorruighthí aon-chloch de'n characán sin, nach dtiocfadh smál orainn frén a chéile
Níl tú ag dul di sáthach stuama. Tá an chuid amuigh ag teacht anuas léar (de réir) mar atá tú ag árdú an chuid istigh. 'Séard a bhí agadsa a dhéanamh siséal a fháil agus na cláiríní seo ar corr a bhaint amach uiliog. Cuirfidh mé geall leat go dtiocfaidh sí suas agus anuas annsin gan mórán stró. Tá adhmad na fuinneoige sin rodtha ar fad
'Sí an capall is socra agus is sásta in Éirinn í, ach a dhul di go cuíbheamhail. Má thosuigheann scéin ag teacht ínnte, níl maith ar bith dhuit a dhul 'un droch-mhúineadh léithe. Glac go réidh í. Is furasta léithe a dhul 'un socracht' ach gan a bheith dodach léithe
Chuaidh sé do'n simléar sin mar is ceart. Níl puth féin ann, ná marach ar bith air, ní hé sin do shimléir eile é.
Má chinneann orainn a dhéanamh mar seo gabhfaidh muid dó ar chaoi eicínt eile. Ní lia bealach 'na coille ná 'un a fágála, adeir siad
Cheithre h-uaire a chuaigh sé di agus ní raibh sí déanta in a dheidh sin = táilliúr ag iarraidh bháscóta a dhéanamh mar is ceart
Chuaigh sí di an darna h-uair, ach chinn air a bhaint amach
Teirigh di aríst, agus b'fhéidir go dtiúrfá leat í = duine ag iarraidh cloiche a tharraint
b.
+
Tá sé ag dul do'n tsiúinéaracht le scathamh anois = ag plé le siúinéaracht; ag déanamh siúinéarachta
Is gearr ag dul do'n ghréasaidheacht é chor ar bith. Bhí sé le táilliúireacht roimhe sin, ach níor thaithnigh an táilliúireacht leis
TUILLEADH (21) ▼
Tá a mhuintir sin ag dul do'n ghaibhnidheacht ariamh
Tá sé ag dul do'n cheird sin le mo chuimne = ag plé léithe; dhá déanamh
An bhfuil tú i bhfad ag dul do'n cheird sin?
Cá'id ag dul do'n táilliúireacht é?
B'fhearr liom ag dul do'n táilliúireacht thú ná do'n bhearbóireacht. Tá mo leiceann uiliog faoi fhuil agad
An bhfuil tú i bhfad ag dul do'n Ghaedhilge, bail ó Dhia ort? M'anam go bhfuil sí agad go blasta ar aon-chor
Má thosuigheann sé ag dul do'n ealadhain (/a:ʟī:ɴ′/) sin, tabhair pléasc isteach ar an bpus dó. Is gránna an rud tosuighe ag aith-léigheamh ar dhuine ar bith
Cá'id anois ag dul do'n fheamainn dearg thú = in a h-éadan; dhá tógáil
Is gearr muid ag dul do na fataí chor ar bith. Bhí sé in a lá Fhéile Muire na Féile Pádraig shul ar chuir muid láighe idtalamh
Chaith muid an-fhada ag dul do'n mhóin imbliana. Níorbh fhéidir a triomú leis an mbreac-aimsir a bhí ann
Diabhal mé go bhfuil siad ag dul do'n teach sin anois le bliain go leith ach nach bhfuil iarracht ar bith ar an mballa fós. Is roighin na saora iad na P.-achaí
Níl aon-lá ó lá Samhna nach bhfuil siad ag dul do'n bhóithrín sin, agus níl sé cho fada le barr na ngarrantaí fós aca. Is deacair dhóib. 'Ar ndú' níl siad ag déanamh smeach ar bith
An bhfuil tú ag dul do'n phláistéaracht fós? Cheal nach bhfuil sí réidh aige fós?
Bhí mé ag dul do'n tsiúinéaracht le trí lá, ach níl aon-bhaoghal uirre fós. Is meathta an cheird teach nuadh a fheistiú amach ceart
Deir sé liom go bhfuil sé ag dul do'n Laidin le trí bliana, agus nach bhfuil sí aige fós. Chaithfeadh sé gur mór an obair Laidin a fhoghluim
An mbíonn tú ag dul do'n mhóin igcomhnaí — dhá tarraingt ar an Achréidh. Is cosamhail go bhfuil rud eicínt dhá bharr agad mar sin
Níl sé ag dul do na gliomaigh anois le fada. Tháinic an aois go mór air, agus níor fhan mórán tapa ins an duine bocht
Is beag duine atá ag dul do cheilp anois chor ar bith. Bíonn an iomarca anró le fáil uaithe ar scáth a mbíonn de thairbhe uirre.
Ní raibh siad ag dul do'n phoitín le aois agus aimsir go dtí le goirid aríst. An bheirt a bhí i Sasana tháinic siad abhaile le goirid, agus tháinic caitheamh in a dhiaidh aca aríst. Déanann siad corr-iarraidh anois
An bhfuil sí ag dul do na faochain mar seo. Chonnaic mé fear na bhfaochan ag seasamh thíos ag ceann an bhóithrín an lá faoi dheireadh
Tá sé ag dul do'n ól aríst = ag ól aríst
2.
a.
+
Tá an rud sin ag dul dó le fada = tá sé ag éagcaoineadh tinnis eicínt
Tá an eitinn ag dul dó le píosa. Is maith a chruthóchas sé má chuireann sé as a chrioslaigh choidhchin í. An uair a theigheas an cailín sin in ainsil, ná bac leat féin annsin
TUILLEADH (12) ▼
An bhfuil an phian sin i bhfad ag dul duit. Bhí pian mar sin ag dul domsa anuiridh, ach is gearr a bhain sí asam: mí nó mar sin
Cé'n chaoi a bhfuil sé ag dul dó! Drioganna isteach faoi'n slinneán ab eadh? Sórt scoilteachaí é sin. Dheamhan lá dochair ann. Tá sé ar leath do thíre
Cé'n áit a n-airigheann tú ag dul duit é. Isteach annseo slán an tsamhail … Droch-áit. Tá na dúbháin annsin.
Níor airigh mé a dhath ariamh ag dul dom go dtí an méid sin, ach ní beag do dhuine a thúisce, arsa tusa. Bíonn pian ghártha orm scaithtí. Tá brath mhór agam a dhul go dtí an dochtúr fúithe, ach cé'n mhaith sin? Tiubharfaidh sé an buidéal céadna dhom atá sé a thabhairt dóib ar fad.
Tá donacht eicínt ag dul di le cupla lá. Cineál lagair, agus teagann meirbhthean uirre amanntaí. Bíonn fonn múisc uirre ach ní chuireann sí tada amach. Ní thaithneochadh sé liom chor ar bith
Tá sé in a luighe annsiúd ag osnaighil agus ag éagcaoine, agus leagha na bhFíonn ní dhéanfadh amach céard atá ag dul dó. Sílim féin nach bhfuil air ach neart díomhaontais, agus ealadhain
Níor bheag dhó a raibh ag dul dó cheana an díthreabhach bocht, agus gan tuilleadh a theacht air. Dheamhan duine a mbuailfidh bruithtíneach é ins an aois a bhfuil seisean ann, nach duine é a bhfanfaidh fuigheall air, má's fada gearr a shaoghal. Tá faitíos orm go bhfuil a chuid maitheasa ar iarraidh
Is beag an dochar dhó rud eicínt a bheith ag dul dó, ag imeacht dhá chailleadh féin chois claidheachaí 'chuile oíche, i leabaidh dhó fanacht istigh faoi theas na teine. Níl a fhios agam beo cé'n sórt súnás a bhíos ar an aos óg seo ag imeacht ar bhóithrí chor ar bith
Cé'n sórt fíbín atá ag dul dó thar agus aonduine, nach ndéanfadh sé suaimneas in áit eicínt. Ach níl aon-mhaith ann mara mbeidh sé ar a chois i gcomhnaí
Má airigheann tú rud ar bith ag dul duit, is fhearr duit a dhul roimhe in am. Mara dtapuighidh duine rud de'n tsórt sin, níl aon-mhaith dhó a bheith ag bualadh an mhilleán thall ar dhuine eicínt eile aríst.
Níor airigh mé ag dul dom go dtí arbhú aréir é. Tháinic ualach orm d'aon-iarraidh. Ní raibh mé ach th'éis mo bhéile, agus níor fhan tada dhe ar mo ghoile, ná níor fhan aon-cheo ar mo ghoile ó shoin, ach an oiread
'Sé an buachaill siúd atá ag dul dó go siúráilte. Ní bheadh aon-cheo le é sin a chur as creatlaigh duine ach sugh an ghráinne eorna, ach mo chreach mhaidne. Cá'il sé sin anois!
·
Nuair a bhíodh páistí ag dul di, bhíodh sí an-dona = í ag tabhairt pháistí ar an saol; tinneas cloinne uirre nó í ag iompar chloinne
'Ar ndú' ní féidir gur clann atá ag dul di aríst. Is geárr ó cheanaí a bhí sí ar an suip. Mo ghrá é Develera agus a chuid leath-chrónachaí!
b.
+
Tá an chulaith sin ag dul go maith dhuit = tá tú ag breathnú go maith innte; is fearr agus barr slaicht ort í; tá sí feilteach ar gach uile bhealach duit agus 'sí do dhíol í
Is deas a ghabhfadh péire bróg mar sin domsa dhá mbeidís agam. Ach tá faitíos orm go bhfuil mé asta anois
TUILLEADH (9) ▼
Ná bain díot an hata a dhuine sin. Sin é an slacht uiliog ort. Is breagh atá sé ag dul duit
Is breagh atá sí ag dul duit, go bhfágaidh Dia len a caitheamh thú. Sí do dhíol ceart í. Ní ghabhfadh biorán beag innte in éindigh leat féin, tá sí cho feilteach sin duit
Mara breagh a ghabhfadh sí dom go deimhin! D'eireochadh sin di! Is breagh é a cuid airgid freisin — dhá nóta dhéag.
Níl na bróga sin ag dul go deas duit chor ar bith, ach is ingeall nach bhfuil siad ag feilmheaint do'n éadach é. Tá an t-éadach buille beag ro-dhorcha dóib
Beidh éadach ar bith ag dul go breagh d'fhear nó do bhean bhreagh, ach ní féidir smais a chur ar smután ná ar chimleachán de dhuine
Ní cheannóchadh sí siúd aon-bhall, ach ball a rachadh go deas di. Tá fuireann nua eile aice anois, agus is mór an áilleacht í ionnta. Pósfaidh sí ins an bhfuireann seo anois
Bean nach mbíonn mórán ainnise innte, is mór is fiú dhi a cuid éadaigh a dhul go deas di. Is leath slaicht ar bhean a cuid éadaigh bíodh a fhios agad. Tá sí annsin thoir ag M. Mh. Ú. Feic Dé Domhnaigh í agus 'sí an bhean is breácha ar an bpobal í nuair atá sí gabhtha gléasta. Ach feic lá de'n tseachtain í ins na ciomachaí, agus dheamhan ceannuidhe an mhála, ní hé amháin a mhalrait a dhéanfadh roghain uirre.
Tá na troisleáin (troillseáin) sin a rinne tú de do chuid gruaige ag dul go gránna dhuit. Ní fheileann siad sin de do leithide-sa de chailín óg chor ar bith. Rachaidís go maith do ghirrsigh
Measaim nach bhfuil an cóta mór sin ag dul go maith dhom chor ar bith. Tá sé ro-chumhang dhom ins na guailní, agus tá plucaí ann ins an gcaoldruim. Is slad-mhargadh é, nó tá sé féin agus a chosamhlacht in aghaidh a chéile, ach cé'n mhaith sin nuair nach bhfeileann sé mé
c.
+
Rinne mé an rud adubhairt sé liom agus má rinne féin, is dona a chuaidh sé dhom, ní ag ceasacht ar Dhia é = chuir sé as dom; níorbh fhearrde mé an rud a dhéanamh
Is dona a chuaidh an pósadh dó. Níor fhága an bhean bonn bán air, nachar ól sí agus nachar chaith sí
TUILLEADH (13) ▼
Ní raibh rún ar bith aige a dhul 'nan aonaigh, marach gur mheall an ceann eile ann é. Ba dona a chuaidh an t-aonach dó. Fuair sé lascadh cho mór sin agus nachar ól sé aon-deor bhainne sláinte ó shoin. Níl a fhios ag duine cá mbíonn a leas ná a aimhleas
Ní theigheann na fataí ro-mhaith dhom agus sin é an fáth nach ndrannaim leo. Líonann siad suas mé agus caithim an lá ag brúchtaighil in a ndiaidh. Cuireann siad coiliocam orm scaithtí freisin
Níor ól mé aon-deor le fada. Ní theigheadh sé go maith dhom, agus dhiúltaigh mé uiliog é. D'eirigheadh sé in mo cheann, agus ní bhínn ar mo chóir fhéin in a dhiaidh go ceann míosa aríst. Tá an té ann a bhfeileann an t-ól dó, agus an té nach bhfeileann
Ní fhéadfadh sé seo gan a dhul go maith duit. Togha braon é. Breathnaigh ar an tsúilín atá air. Ní shin é uisce salach Bh. L. chor ar bith ach scoth an ghráinne eorna. Is ola do do chroidhe a mhic ó é sin a ól
Bhí mé ann cheana agus ba dona a chuaidh sé dhom, má's dhá innseacht do charaid é. Ní bhfuair mé greim deoch ná blogam ann. Briseadh mo "bhicycle" ag teacht abhaile agus bhí mé thar bharr mo chéille ag iarraidh é a dheasú le solas na gealaighe. Sheas mé tigh Ph. le buidéal pórtair a ól agus goideadh mo chluigín. Nach shin é do dhíol!
Ní maith a chuaidh an coláiste céadna dhó. Ní raibh a dhath ariamh dhá bharr aige, ach é a chur as a shlainte ann, le fuacht agus droch-bheatha. Ní cheal muise nach maith a bhí siad indon a gcuid féin a iarraidh — lucht an choláiste
Is deacair dona damsaí sin a dhul go maith d'aonduine. Iad amuigh go mbíonn an fáinne bán ar an spéir ar maidin, agus an saoghal bruighineach aca cuibhrighthe istigh ar feadh na h-oíche, in áit nach bhfuil límistéar dhá leath ann. Is cuma ins an diabhal le sagairt é ach rud a chur in a bpóca féin
Ní fhaca mise aon-duine ariamh nach ndeacha Meiriocá go dona dhó. Ins an am a caitheadh, bhí an pháighe go dona ann agus an lá oibre an-fhada, agus iad plúchta thíos faoi thalamh gan aer gan anáil! 'Chuile dhuine dhá dteagadh abhaile, bhídís an-bhán-ghnéitheach, an-tuartha
An bhfaca tú aon-duine ariamh nach ndeachaidh an príosún go dona dhó ach é. 'Sé an chaoi ar reamhruigh sé ann. Tá sé in aon-rampaire amháin anois agad
Ní measa a chuaidh an oíche dhuit ná dhom fhéin. Ní raibh snáth thuas ar mo chraiceann nach raibh fliuch báidhte ar a thoidheacht abhaile dhom
Ba dona a chuaidh na bicycles dó an duine bocht: é a threascairt agus a ghualainn a bhriseadh
Chaith sé scathamh maith i Sasana agus ní maith a chuaidh sé dó ach an oiread liom féin. Sílim nach dtug ceachtar againn an oiread as agus a dhéanfadh torann ar leic
Níl a fhios agam cé'n chaoi a rachaidh an scéal nuaidhe seo dhó = an dtaithneochaidh sé leis nó nach dtaithneochaidh
3.
a.
+
Ní raibh an banbh ag dul duit. Dhá mbeadh, ní bhuailfeadh na crampaí é = ní raibh sé le t'aghaidh; ní raibh sé indán duit; ní raibh sé len eireachtáil leat
An rud a bhéas ag dul do dhuine, mairfidh sé dhá mbeadh sé gan tada a fháil len ithe. Ach an rud nach bhfuil ag dul duit, níor mhiste dhuit dhá dtugthá fuigheall na bhfuigheall dó. Shínfeadh sé siar agus chaillfí é
TUILLEADH (9) ▼
Ní chreidfinn ó'n saoghal nach bhfuil daoine ann a mbíonn beithidhigh ag dul dóibh thar a chéile. Dhá mbeadh dath gach bó ar cnoc agamsa, ní bheadh ceann aca ins an gcomhaireamh ceann faoi cheann cupla bliain. 'Bhfeiceann tú an díleághadh a tháinic ar a raibh agam, ní ag ceasacht ar Dhia é. Ní eirigheann bó ná gamhain liom
Gan í a bheith ag dul duit: sin é an fáth é, agus dheamhan fáth eile. Bheadh an chlaise sin annsin go deo agus bheadh an bhudóig sin ag dul fúithe agus thairti agus dheamhan báthadh ná bascadh a d'eireochadh di, marach nach raibh sí le t'aghaidh. Bíonn smál eicínt ar chuid de na daoine thar a chéile. Cuirfidh mé geall leat dhá mbeadh gamhna T. Ch. ann dhá lá a shaoghail nach ngabhfadh aon-cheann aca innte, ní ag tuaradh na h-anachain do C. C. ná dhá chuid é
Tá anachain mhuc air sin. An fhad agus a bhí sé ag ceannacht bhainbh, ní eirigheadh ceann ar bith aca. In áit nach raibh siad ag dul dó chreidim
Ní raibh sé ag dul dom. Tá an smál sin ar 'chuile laogh dhá raibh agam le deich mbliana. Mara gcailltear iad dhá mbreith, cailltear iad th'éis a mbreithe, nó an uair a mbíonn siad suas in a leath-ghamhna
Má bhí an t-imeacht uirre, chaithfeadh sí imeacht. Ach is fhearr imighthe í ná an duine. Ní raibh sí ag dul duinn ar aon-chor: sin é a bhun agus a bharr
Má tá siad ag dul duit mairfidh siad, agus sin é a bhfuil in a thímpeall. Ach mara bhfuil, caillfear iad, dhá dtugthá aire na fola dóib. Sin é an chaoi a bhfeicimse é. Bíonn an t-ádh ar dhaoine thar a chéile
Bhí cúigear nó seisear páistí marbha aice, agus fuair cupla naoidheanán eile bás uirre. Bhí duine aca suas in a leath-phataire mhaith shul a d'imigh sé. Ní raibh siad ag dul di chreidim, an bhean bhocht
Is mór an míádh ar dhuine é 'nuair nach mbeidh a chuid ag dul dó. Ní ag comhaireamh na h-anachain é, d'imigh gamhain agus laogh agus trí cinn de bhainbh orainn anuiridh. Na fataí féin ní raibh siad ag dul duinn. Lobh siad ins an talamh orainn, rud nach ndearna siad ar aonduine eile ins an tír, arae b'an-bhliain fhataí a bhí ins an mbliain anuiridh. An uair a theigheas an saoghal in aghaidh duine mar sin, bhí sé cho maith dhó gan tada a dheanamh; ach go gcaithfidh duine a bheith ag strapadóireacht in a dheidh sin
Bhí an t-airgead sin ag dul dó. Marach go raibh ghoidfí uaidh é agus cho sleamchúiseach agus a d'fhága sé é = bhí sé indán dó go mbeadh sé aige
b.
+
Cé mhéad atá ag dul duit = cé mhéad atá amuigh agad; cé mhéad atá le fáil agad; cé mhéad atá agad orm (air agus rl.)
Níl ag dul duit ach leath-choróin. Nach deich scilleacha a thug tú dhom. Sílim go bhfuil tú ag iarraidh imeartas orm. Is mór an saothrú atá ar shé pighne féin.
TUILLEADH (7) ▼
Ní fhéadfadh an oiread sin a bheith ag dul duit mara bhfuil tú ag baint amach gaimbín air
'Sé a bhfuil ag dul do T. scór. Níor cheart go bhfuigheadh sé an scór féin, dhá mbeadh ceart le fáil, arae b'olc a shaothruigh sé iad: Caithte thiar ar a leath-deireadh i dtóin an churraigh ag magadh fúinne agus muid ar ar mine-ghéire ag iascach
Níl tada ag dul duit, nó má tá 'sé cuid an bheagáin é. Níor chuir tú pighinn ar bith amach ó shuidh muid ag clár anocht. Agus go deimhin agus go dearbhtha ní mórán conganta a thug tú dhuinn le na cártaí
An trí chupán atá ag dul di? Feicthear dhom gur trí chupán a fuair muid uaithe. Agus tá riar sceanna agus spúnógaí agus cupla cathaoir ag dul di freisin nach bhfuil?
Caithfear tuarastal an tsagairt a íoc an Domhnach seo chugainn. Cé mhéad atá ag dul dó anois, an bhfuil a fhios! Trí scilleacha nó cheithre scilleacha? Beidh sé ag dul le báinidhe ar chuma ar bith mar bhfaghaidh sé a cheart.
T'anam ó'n dacs é, níor thug tú an méid sin dó. Ní raibh aon-phunt ag dul dó: dhá chrudh tá cupla mí ó shoin, agus dhá shean-chrúdh anois, agus thug tú gualach aige an uair dheireannach. Scriosadóir é, má bhain sé an oiread sin díot. Tá rud le déanamh leis: a dhul ag gabha eicínt eile
Ní raibh ag dul dó ó cheart ach an tríomhadh cuid de luach na móna. Bhí tusa agus é féin ann agus an bheirt ghearrchaileadha. Nach h-iad na gearrchaileadha a shaothruigh uiliog í, agus gan iad ag fáil tada in omós a gcuid alluis
+
Tá a chuid féin ag dul do'n am th'éis nach ndearna sé tada ach ag breathnú uaidh. Ach ó thárla go raibh sé ann, caithfear a íoc as a ucht
Tá a chuid féin ag dul do'n lorry. Ó dar príosta tá. Meastú an leigfidh fear ar bith a "lorry" amach in aisce
TUILLEADH (7) ▼
Bíodh a fhios agad go bhfuil airgead ag dul as sin — agus nach hé an beagán é ach an oiread — do'n fhear atá thall i Sasana nó i Meirioca: fear b'fhéidir nach bhfaca an obair sin ariamh, ach a chuir airgead innte nuair a tosuigheadh í.
Tá a chuid féin ag dul do'n dul-amú = bíonn roint áirid dul-amú is gach rud
Tá a chuid féin ag dul do'n deachma = mara mbeidh ann ach beagán ní fiú a choinneál ná a chur in úd (fc. deachma)
Ní mór do'n aois a cuid féin a dhul di = bíonn marach nó fhuireasbhaidh ar an aois; ní bhíonn an sean-duine cho beo, cho láidir, cho spleodrach, cho saothrach agus rl. leis an óige
Rinne tusa creachlaois mhór bail ó Dhia ort, ach tá an óige agad, agus ní comórtas ar bith dhuit sean-duine mar mise. Bíonn a cuid féin ag dul do'n aois
Teigheann a cuid féin do'n aimsir = cuireann sí siar obair; déanann sí millteanas (droch-aimsir) cuireann duine roimhe an oiread seo a dhéanamh, ach má theagann an aimsir go dona, coinnigheann sin siar é
Tá a cuid féin ag dul do'n obair chruadh = fágann obair chruadh séala ar fhear a dhéanta

Féach freisin

do 1
dona