Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh do
1.
a.
+
Bhí sé ag dul dó ariamh nó gur thug sé toil ar a dhul in éindí leis — bhí sé ina éadan; ag tuineadh leis; ag iarraidh air; ag iarraidh cur faoi ndeara dhó
Chaith Seán an lá ag dul dó, ach ba bheag an mhaith dó sin. Ní thabharfadh sé a dhath aird air
TUILLEADH (16) ▼
Nach bhfeiceann tú go bhfuil mé ag dul di le seachtain, agus ag tuineadh léithe ag iarraidh uirthi fuiríocht as, ach 'sé an cás céanna é. Tá sí chomh dána le múille
Chaith sé an tráthnóna ag dul do Sh. ag iarraidh é a ardú leis, ach ní chorródh S. a chois. Fuair sé a dhóthain den áit sin cheana. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air adeir siad
Agat fhéin is fhearr a fhios cén chaoi le dhul dó. Mura bhfuil tusa in ann dallach dubh a chur air, tá sé fánach againne
Níl caoi ar bith anois ab fhearr le dul di ná a rá go raibh T. ag cur a tuairisc. Mura dtuga sin ann í, níl a fhios agam féin cén súisín é. Níl aon ortha eile in ann a tabhairt ann ar aon chor
'Sé an chaoi a rachainnse dhó sin anois, moladh leis. Má mholann tú leis, déanfaidh sé deargphleota dhe fhéin, agus beidh an tír ag magadh faoi. B'fhéidir go gcomhairleodh sin é
Chuaigh an misinéara dhó i riocht is gur éirigh sé as an ól. Ní dheachaigh deoir ar a bhéal ó shin
Cén mhaith a bheith ag dul dó mura bhfuil an oiread sin tuiscint ann féin. Níl tú ach ag cur do chuid cainte amú leis. Fág mar sin é
Tá sé an-tsáraitheach. Is mian leis a bheith ag dul duit i gcónaí nó go gcuirfidh sé faoi ndeara dhuit a chomhairle a dhéanamh de do dheoin nó de t'ainneoin. Ní maith le duine a bheith francaithe, agus de ghrá an réitigh ghéillfeá dhó, ach dheamhan géilleadh a dhéanfas mise níos mó. Thug sé i dtromásc mé cupla uair le gairid agus fhóbair mé rud a bheith ar a shon agam
Is diabhlaí an bhuannaíocht atá aici. Chaith sí ag dul dó ariamh ariamh nó gur chuir sí ciméar ceart air, agus gur mheall sí isteach é go dtí an dream a chuir a dheartháir síos san uaigh. Is fear gan fuil é. Ní tada eile é
Níl a dhath maitheasa dhuit anois a bheith ag dhul dom. Dá mbeadh fonn óil orm, d'ólfainn é, agus nuair nach bhfuil, ní ólfad. Is fhearr duit gan a bheith sáraitheach liom
Cén mhaith dhuit a bheith ag dul dó nuair nach n-itheann sé uaidh fhéin é. Ar chuala tú ariamh é: tairg bia do dhuine beo, agus mura n-ithe sé é, ligeadh sé dhó
Tá ortha an dul amú ceart aige sin. Murach go ndeachaigh sé di go stuama, ní chuirfeadh sé an chluain choíchin uirthi. Ba deacair í sin a bhearradh deirimse leat
Má théann tú dhó go deas, b'fhéidir go dtabharfadh sé dhuit é, ach má thugann, tá ómós mór aige duit. Fear ómóis a gheobhas tada uaidh
Gabhfaidh sé sin dó anois ar chaoi nach bhféadfadh aon fhear faoi thalamh an domhain a eiteach. Cuirfidh mé geall leat, théis chomh danra agus chomh daoithiúil agus atá Sean S., go bhfaighidh sé breith a bhéil féin uaidh. Tá an tseamair Mhuire aige sin a mhic ó!
Bhí sé ag dul dom nó go ndearna mé rud nach raibh agam a dhéanamh
Chuaigh sé dhó chomh déan (dian) agus gur chuir sé faoi ndeara dhó a pósadh
+
Má théann tú dhó go deas stuama, b'fhéidir go n-éireodh leat a thabhairt amach. Ach níl aon oirnéis den rath agat — má fhéachann tú leis an rud a dhéanamh go stuama
Ní hin é an bealach le dhul do phuncture a dheasú. Ar scríob tú chor ar bith é. Is ciotach an fear bicycle thú
TUILLEADH (13) ▼
Níl a fhios agat an chaoi le dhul dó chor ar bith. Scaoil é seo chun tosaigh, agus fáisc é sin nó go gcuire tú isteach é seo agus é a dhaingniú … Anois b'fhéidir! Tá cuma na maitheasa ort
Tá sé as cor aríst. Sin é an chaoi a ndeachaigh tú dhó! Ní fhéadfadh sé gan a theacht amach, mar ní raibh aon chuma istigh air ó thús. B'fhéidir go mbainfeá tamall as anois
Dheamhan a fhios aige ach an oiread le cúl mo chinn cén chaoi le dhul do mhótar. Chaith sé trí huaire caite ar a dhroim fúithi ansin thoir an lá cheana nó go dtáinig P. T. D'ardaigh sé an claibín sin chun tosaigh. Chas sé cnó eicínt. Bhí sí ag geonaíl aige le iontú do bhoise
Abair thusa do rogha rud. Dá mbeirtí é istigh i lár easca, níl a fhios aige cén chaoi le dhul do mhóin a bhaint. Beannacht Dé dhuit agus éist liom! Fear ar bith a tháinig ar an bportach le sluasaid i leaba sleáin, is mór atá a fhios aige faoi mhóin go deimhin!
Dá dtéiteá di mar is ceart, chuirfeá an leac sin as a lúdrachaí. D'éireodh sí sin de dhroim a chéile. An bhfeiceann tú na siúntaí inti?
Ghabhfainn don chnocán sin i gcruth is nach mbeadh aon chloch amháin ar a fhuaid mí ó inniu murach amháin. Dhá bhfeiceadh an seanlad mé ina éadan, ba mhaith an tsiocair bháis dó é. Ní chuirfeadh an saol as a chloigeann nach bhfuil bruín ann, agus dhá gcorraítí aon chloch den charracán sin, nach dtiocfadh smál orainn fréna chéile
Níl tú ag dul di sách stuama. Tá an chuid amuigh ag teacht anuas léar (de réir) mar atá tú ag ardú an chuid istigh. Séard a bhí agatsa a dhéanamh, siséal a fháil agus na cláiríní seo ar corr a bhaint amach uileag. Cuirfidh mé geall leat go dtiocfaidh sí suas agus anuas ansin gan mórán stró. Tá adhmad na fuinneoige sin rodta ar fad
'Sí an capall is socra agus is sásta in Éirinn í ach a dhul di go cuibhiúil. Má thosaíonn scéin ag teacht inti, níl maith ar bith dhuit a dhul chun drochmhúineadh léithe. Glac go réidh í. Is furasta léithe a dhul chun socrachta ach gan a bheith dodach léithe
Chuaigh sé don simléar sin mar is ceart. Níl puth féin ann, ná marach ar bith air, ní hé sin do shimléir eile é
Má chinneann orainn a dhéanamh mar seo, gabhfaidh muid dó ar chaoi eicínt eile. Ní lia bealach 'na coille ná chun a fágála, adeir siad
Cheithre huaire a chuaigh sé di agus ní raibh sí déanta ina dhiaidh sin — táilliúr ag iarraidh bháscóta a dhéanamh mar is ceart
Chuaigh sí di an darna huair, ach chinn air a bhaint amach
Téirigh di aríst agus b'fhéidir go dtabharfá leat í — duine ag iarraidh cloiche a tharraingt
b.
+
Tá sé ag dul don tsiúinéireacht le scaitheamh anois — ag plé le siúinéireacht; ag déanamh siúinéireachta
Is gearr ag dul don ghréasaíocht é chor ar bith. Bhí sé le táilliúireacht roimhe sin, ach níor thaitnigh an táilliúireacht leis
TUILLEADH (21) ▼
Tá a mhuintir sin ag dul don ghaibhníocht ariamh
Tá sé ag dul don cheird sin le mo chuimhne — ag plé léithe; dhá déanamh
An bhfuil tú i bhfad ag dul don cheird sin?
Cáid ag dul don táilliúireacht é?
B'fhearr liom ag dul don táilliúireacht thú ná don bhearbóireacht. Tá mo leiceann uileag faoi fhuil agat
An bhfuil tú i bhfad ag dul don Ghaeilge, bail ó Dhia ort? M'anam go bhfuil sí agat go blasta ar aon chor
Má thosaíonn sé ag dul don ealaín (/a:ʟī:ɴ′/) sin, tabhair pléasc isteach ar an bpus dó. Is gránna an rud tosaí ag athléamh ar dhuine ar bith
Cáid anois ag dul don fheamainn dearg thú — ina héadan; dhá tógáil
Is gearr muid ag dul do na fataí chor ar bith. Bhí sé ina Lá Fhéile Muire na Féile Pádraig shular chuir muid láí i dtalamh
Chaith muid an-fhada ag dul don mhóin i mbliana. Níorbh fhéidir a triomú leis an mbreacaimsir a bhí ann
Diabhal mé go bhfuil siad ag dul don teach sin anois le bliain go leith ach nach bhfuil iarracht ar bith ar an mballa fós. Is righin na saora iad na P.-achaí
Níl aon lá ó Lá Samhna nach bhfuil siad ag dul don bhóithrín sin, agus níl sé chomh fada le barr na ngarrantaí fós acu. Is deacair dhóibh. Ar ndóigh níl siad ag déanamh smeach ar bith
An bhfuil tú ag dul don phláistéireacht fós? Cheal nach bhfuil sí réidh aige fós?
Bhí mé ag dul don tsiúinéireacht le trí lá, ach níl aon bhaol uirthi fós. Is meata an cheird teach nua a fheistiú amach ceart
Deir sé liom go bhfuil sé ag dul don Laidin le trí bliana, agus nach bhfuil sí aige fós. Chaithfeadh sé gur mór an obair Laidin a fhoghlaim
An mbíonn tú ag dul don mhóin i gcónaí — dhá tarraingt ar an Achréidh. Is cosúil go bhfuil rud eicínt dhá bharr agat mar sin
Níl sé ag dul do na gliomaigh anois le fada. Tháinig an aois go mór air, agus níor fhan mórán tapa sa duine bocht
Is beag duine atá ag dul do cheilp anois chor ar bith. Bíonn an iomarca anró le fáil uaithi ar scáth a mbíonn de thairbhe uirthi
Ní raibh siad ag dul don phoitín le aois agus aimsir go dtí le gairid aríst. An bheirt a bhí i Sasana tháinig siad abhaile le gairid, agus tháinig caitheamh ina dhiaidh acu aríst. Déanann siad corriarraidh anois
An bhfuil sí ag dul do na faochain mar seo. Chonaic mé fear na bhfaochan ag seasamh thíos ag ceann an bhóithrín an lá faoi dheireadh
Tá sé ag dul don ól aríst — ag ól aríst
2.
a.
+
Tá an rud sin ag dul dó le fada — tá sé ag éagaoineadh tinnis eicínt
Tá an eitinn ag dul dó le píosa. Is maith a chruthós sé má chuireann sé as a chrioslaigh choíchin í. Nuair a théas an cailín sin in ainseal, ná bac leat féin ansin
TUILLEADH (12) ▼
An bhfuil an phian sin i bhfad ag dul duit. Bhí pian mar sin ag dul domsa anuraidh, ach is gearr a bhain sí asam: mí nó mar sin
Cén chaoi a bhfuil sé ag dul dó! Drioganna isteach faoin slinneán ab ea? Sórt scoilteachaí é sin. Dheamhan lá dochair ann. Tá sé ar leath do thíre
Cén áit a n-airíonn tú ag dul duit é. Isteach anseo slán an tsamhail … Drocháit. Tá na duáin ansin
Níor airigh mé a dhath ariamh ag dul dom go dtí an méid sin, ach ní beag do dhuine a thúisce, arsa tusa. Bíonn pian ghártha orm scaití. Tá brath mhór agam a dhul go dtí an dochtúr fúithi, ach cén mhaith sin? Tabharfaidh sé an buidéal céanna dhom atá sé a thabhairt dóibh ar fad
Tá donacht eicínt ag dul di le cupla lá. Cineál lagair, agus teagann meirfean uirthi amantaí. Bíonn fonn múisc uirthi ach ní chuireann sí tada amach. Ní thaitneodh sé liom chor ar bith
Tá sé ina luí ansiúd ag osnaíl agus ag éagaoineadh, agus leagha na bhFiann ní dhéanfadh amach céard atá ag dul dó. Sílim féin nach bhfuil air ach neart dhíomhaointis agus ealaín
Níor bheag dhó a raibh ag dul dó cheana an díthreabhach bocht, agus gan tuilleadh a theacht air. Dheamhan duine a mbuailfidh bruitíneach é san aois a bhfuil seisean ann nach duine é a bhfanfaidh fuíoll air, más fada gearr a shaol. Tá faitíos orm go bhfuil a chuid maitheasa ar iarraidh
Is beag an dochar dhó rud eicínt a bheith ag dul dó, ag imeacht dhá chailleadh féin chois claíochaí chuile oíche, i leaba dhó fanacht istigh faoi theas na tine. Níl a fhios agam beo cén sórt súnás a bhíos ar an aos óg seo ag imeacht ar bhóithrí chor ar bith
Cén sórt fíbín atá ag dul dó thar is aon duine, nach ndéanfadh sé suaimhneas in áit eicínt. Ach níl aon mhaith ann mura mbeidh sé ar a chois i gcónaí
Má airíonn tú rud ar bith ag dul duit, is fhearr duit a dhul roimhe in am. Mura dtapaí duine rud den tsórt sin, níl aon mhaith dhó a bheith ag bualadh an mhilleán thall ar dhuine eicínt eile aríst
Níor airigh mé ag dul dom go dtí arú aréir é. Tháinig ualach orm d'aon iarraidh. Ní raibh mé ach théis mo bhéile, agus níor fhan tada dhe ar mo ghoile, ná níor fhan aon cheo ar mo ghoile ó shin ach an oiread
'Sé an buachaill siúd atá ag dul dó go siúráilte. Ní bheadh aon cheo le é sin a chur as creatlaigh duine ach sú an ghráinne eorna. Ach mo chreach mhaidne, cá'il sé sin anois!
·
Nuair a bhíodh páistí ag dul di, bhíodh sí an-dona — í ag tabhairt pháistí ar an saol; tinneas clainne uirthi nó í ag iompar chlainne
Ar ndóigh ní féidir gur clann atá ag dul di aríst. Is gearr ó cheana a bhí sí ar an soip. Mo ghrá é de Valera agus a chuid leathchrónachaí!
b.
+
Tá an chulaith sin ag dul go maith dhuit — tá tú ag breathnú go maith inti; is farasbarr slaicht ort í; tá sí feilteach ar gach uile bhealach duit agus 'sí do dhíol í
Is deas a ghabhfadh péire bróg mar sin domsa dhá mbeidís agam. Ach tá faitíos orm go bhfuil mé astu anois
TUILLEADH (9) ▼
Ná bain díot an hata a dhuine sin. Sin é an slacht uileag ort. Is breá atá sé ag dul duit
Is breá atá sí ag dul duit, go bhfága Dia lena caitheamh thú. 'Sí do dhíol ceart í. Ní ghabhfadh biorán beag inti in éindí leat féin, tá sí chomh feilteach sin duit
Mura breá a ghabhfadh sí dom go deimhin! D'éireodh sin di! Is breá é a cuid airgid freisin — dhá nóta dhéag
Níl na bróga sin ag dul go deas duit chor ar bith, ach is i ngeall nach bhfuil siad ag feiliúint don éadach é. Tá an t-éadach buille beag ródhorcha dóibh
Beidh éadach ar bith ag dul go breá d'fhear nó do bhean bhreá, ach ní féidir smais a chur ar smután ná ar chuimleachán de dhuine
Ní cheannódh sí siúd aon bhall ach ball a rachadh go deas di. Tá foireann nua eile aici anois, agus is mór an áilleacht í iontu. Pósfaidh sí sa bhfoireann seo anois
Bean nach mbíonn mórán ainnise inti, is mór is fiú dhi a cuid éadaigh a dhul go deas di. Is leath slaicht ar bhean a cuid éadaigh bíodh a fhios agat. Tá sí ansin thoir ag M. Mh. Ú. Feic Dé Domhnaigh í agus 'sí an bhean is breácha ar an bpobal í nuair atá sí gafa gléasta. Ach feic lá den tseachtain í sna ceamachaí, agus dheamhan ceannaí an mhála, ní hé amháin a mhalrait, a dhéanfadh roghain uirthi
Tá na troisleáin (troilseáin) sin a rinne tú de do chuid gruaige ag dul go gránna dhuit. Ní fheileann siad sin do do leithidese de chailín óg chor ar bith. Rachaidís go maith do ghirsigh
Measaim nach bhfuil an cóta mór sin ag dul go maith dhom chor ar bith. Tá sé róchúng dhom sna guailní agus tá plucaí ann sa gcaoldroim. Is sladmhargadh é, nó tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile, ach cén mhaith sin nuair nach bhfeileann sé mé
c.
+
Rinne mé an rud adúirt sé liom, agus má rinne féin, is dona a chuaigh sé dhom, ní ag ceasacht ar Dhia é — chuir sé as dom; níorbh fhearrde mé an rud a dhéanamh
Is dona a chuaigh an pósadh dó. Níor fhága an bhean bonn bán air nár ól sí agus nár chaith sí
TUILLEADH (13) ▼
Ní raibh rún ar bith aige a dhul chun an aonaigh murach gur mheall an ceann eile ann é. Ba dona a chuaigh an t-aonach dó. Fuair sé lascadh chomh mór sin agus nár ól sé aon deoir bhainne sláinte ó shin. Níl a fhios ag duine cá mbíonn a leas ná a aimhleas
Ní théann na fataí rómhaith dhom agus sin é an fáth nach ndrannaim leo. Líonann siad suas mé agus caithim an lá ag brúchtaíl ina ndiaidh. Cuireann siad coiliceam orm scaití freisin
Níor ól mé aon deoir le fada. Ní théadh sé go maith dhom agus dhiúltaigh mé uileag é. D'éiríodh sé in mo cheann, agus ní bhínn ar mo chóir fhéin ina dhiaidh go ceann míosa aríst. Tá an té ann a bhfeileann an t-ól dó, agus an té nach bhfeileann
Ní fhéadfadh sé seo gan a dhul go maith duit. Togha braon é. Breathnaigh ar an tsúilín atá air. Ní hin é uisce salach Bh. L. chor ar bith ach scoth an ghráinne eorna. Is ola do do chroí a mhic ó é sin a ól
Bhí mé ann cheana agus ba dona a chuaigh sé dhom, más dhá inseacht do charaid é. Ní bhfuair mé greim deoch ná blogam ann. Briseadh mo bhicycle ag teacht abhaile agus bhí mé thar bharr mo chéille ag iarraidh é a dheasú le solas na gealaí. Sheas mé tigh Ph. le buidéal pórtair a ól agus goideadh mo chloigín. Nach in é do dhíol!
Ní maith a chuaigh an coláiste céanna dhó. Ní raibh a dhath ariamh dhá bharr aige ach é a chur as a shláinte ann, le fuacht agus drochbheatha. Ní cheal muise nach maith a bhí siad in ann a gcuid féin a iarraidh — lucht an choláiste
Is deacair dona damhsaí sin a dhul go maith d'aon duine. Iad amuigh go mbíonn an fáinne bán ar an spéir ar maidin, agus an saol bruíonach acu cuibhrithe istigh ar feadh na hoíche in áit nach bhfuil limistéar dhá leath ann. Is cuma sa diabhal le sagairt é ach rud a chur ina bpóca féin
Ní fhaca mise aon duine ariamh nach ndeachaigh Meiriceá go dona dhó. San am a caitheadh, bhí an pháí go dona ann agus an lá oibre an-fhada, agus iad plúchta thíos faoi thalamh gan aer gan anáil! Chuile dhuine dhá dteagadh abhaile, bhídís an-bhánghnéitheach, an-tuartha
An bhfaca tú aon duine ariamh nach ndeachaigh an príosún go dona dhó ach é. 'Sé an chaoi ar ramhraigh sé ann. Tá sé in aon rampaire amháin anois agat
Ní measa a chuaigh an oíche dhuit ná dhom fhéin. Ní raibh snáth thuas ar mo chraiceann nach raibh fliuch báite ar a theacht abhaile dhom
Ba dona a chuaigh na bicycles dó an duine bocht: é a threascairt agus a ghualainn a bhriseadh
Chaith sé scaitheamh maith i Sasana agus ní maith a chuaigh sé dó ach an oiread liom féin. Sílim nach dtug ceachtar againn an oiread as agus a dhéanfadh torann ar leic
Níl a fhios agam cén chaoi a rachaidh an scéal nua seo dhó — an dtaitneoidh sé leis nó nach dtaitneoidh
3.
a.
+
Ní raibh an banbh ag dul duit. Dhá mbeadh, ní bhuailfeadh na crampaí é — ní raibh sé le t'aghaidh; ní raibh sé i ndán duit; ní raibh sé le n-éireachtáil leat
An rud a bheas ag dul do dhuine, mairfidh sé dhá mbeadh sé gan tada a fháil le n-ithe. Ach an rud nach bhfuil ag dul duit, níor mhiste dhuit dhá dtugtá fuíoll na bhfuíoll dó. Shínfeadh sé siar agus chaillfí é
TUILLEADH (9) ▼
Ní chreidfinn ón saol nach bhfuil daoine ann a mbíonn beithígh ag dul dóibh thar a chéile. Dhá mbeadh dath gach bó ar cnoc agamsa, ní bheadh ceann acu sa gcomhaireamh ceann faoi cheann cupla bliain. An bhfeiceann tú an díleá a tháinig ar a raibh agam, ní ag ceasacht ar Dhia é. Ní éiríonn bó ná gamhain liom
Gan í a bheith ag dul duit: sin é an fáth é, agus dheamhan fáth eile. Bheadh an chlaise sin ansin go deo agus bheadh an bhodóig sin ag dul fúithi agus thairti agus dheamhan báthadh ná bascadh a d'éireodh di murach nach raibh sí le t'aghaidh. Bíonn smál eicínt ar chuid de na daoine thar a chéile. Cuirfidh mé geall leat dhá mbeadh gamhna T. Ch. ann dhá lá a shaoil nach ngabhfadh aon cheann acu inti, ní ag tuaradh na hanachain do C. C. ná dhá chuid é
Tá anachain mhuc air sin. An fhad is a bhí sé ag ceannacht bhainbh, ní éiríodh ceann ar bith acu. An áit nach raibh siad ag dul dó chreidim
Ní raibh sé ag dul dom. Tá an smál sin ar chuile lao dhá raibh agam le deich mbliana. Mura gcailltear iad dhá mbreith, cailltear iad théis a mbreithe, nó an uair a mbíonn siad suas ina leathghamhna
Má bhí an t-imeacht uirthi, chaithfeadh sí imeacht. Ach is fhearr imithe í ná an duine. Ní raibh sí ag dul dúinn ar aon chor: sin é a bhun agus a bharr
Má tá siad ag dul duit, mairfidh siad, agus sin é a bhfuil ina thimpeall. Ach mura bhfuil, caillfear iad, dhá dtugtá aire na fola dóibh. Sin é an chaoi a bhfeicimse é. Bíonn an t-ádh ar dhaoine thar a chéile
Bhí cúigear nó seisear páistí marbha aici, agus fuair cupla naíonán eile bás uirthi. Bhí duine acu suas ina leathphataire mhaith shula d'imigh sé. Ní raibh siad ag dul di chreidim, an bhean bhocht
Is mór an mí-ádh ar dhuine é nuair nach mbeidh a chuid ag dul dó. Ní ag comhaireamh na hanachain é, d'imigh gamhain agus lao agus trí cinn de bhainbh orainn anuraidh. Na fataí féin ní raibh siad ag dul dúinn. Lobh siad sa talamh orainn, rud nach ndearna siad ar aon duine eile sa tír, arae ba an-bhliain fhataí a bhí sa mbliain anuraidh. Nuair a théas an saol in aghaidh duine mar sin, bhí sé chomh maith dhó gan tada a dhéanamh; ach go gcaithfidh duine a bheith ag strapadóireacht ina dhiaidh sin
Bhí an t-airgead sin ag dul dó. Murach go raibh, ghoidfí uaidh é agus chomh sleamchúiseach agus a d'fhága sé é — bhí sé i ndán dó go mbeadh sé aige
b.
+
Cé mhéad atá ag dul duit — cé mhéad atá amuigh agat; cé mhéad atá le fáil agat; cé mhéad atá agat orm (air srl.)
Níl ag dul duit ach leathchoróin. Nach deich scilleacha a thug tú dhom. Sílim go bhfuil tú ag iarraidh imeartas orm. Is mór an saothrú atá ar shé pínne féin
TUILLEADH (7) ▼
Ní fhéadfadh an oiread sin a bheith ag dul duit mura bhfuil tú ag baint amach gaimbín air
'Sé a bhfuil ag dul do T., scór. Níor cheart go bhfaigheadh sé an scór féin dhá mbeadh ceart le fáil, arae b'olc a shaothraigh sé iad: caite thiar ar a leath deiridh i dtóin an churaigh ag magadh fúinne agus muid ar ár mine ghéire ag iascach
Níl tada ag dul duit, nó má tá, 'sé cuid an bheagáin é. Níor chuir tú pínn ar bith amach ó shuigh muid ag clár anocht. Agus go deimhin agus go dearfa, ní mórán cúnta a thug tú dhúinn le na cártaí
An trí chupán atá ag dul di? Feictear dhom gur trí chupán a fuair muid uaithi. Agus tá riar sceana agus spúnógaí agus cupla cathaoir ag dul di freisin nach bhfuil?
Caithfear tuarastal an tsagairt a íoc an Domhnach seo chugainn. Cé mhéad atá ag dul dó anois, an bhfuil a fhios? Trí scilleacha nó cheithre scilleacha? Beidh sé ag dul le báiní ar chuma ar bith mura bhfaighe sé a cheart
T'anam ón dacs é, níor thug tú an méid sin dó. Ní raibh aon phunt ag dul dó: dhá chrú tá cupla mí ó shin, agus dhá sheanchrú anois, agus thug tú gualach aige an uair dheireanach. Scriosadóir é má bhain sé an oiread sin díot. Tá rud le déanamh leis: a dhul ag gabha eicínt eile
Ní raibh ag dul dó ó cheart ach an tríú cuid de luach na móna. Bhí tusa agus é féin ann agus an bheirt ghearrchailí. Nach iad na gearrchailí a shaothraigh uileag í, agus gan iad ag fáil tada in ómós a gcuid allais
+
Tá a chuid féin ag dul don am théis nach ndearna sé tada ach ag breathnú uaidh. Ach ó tharla go raibh sé ann, caithfear a íoc as a ucht
Tá a chuid féin ag dul don lorry. Ó dar príosta tá. Meas tú an ligfidh fear ar bith a lorry amach in aisce
TUILLEADH (7) ▼
Bíodh a fhios agat go bhfuil airgead ag dul as sin — agus nach é an beagán é ach an oiread — don fhear atá thall i Sasana nó i Meiriceá: fear b'fhéidir nach bhfaca an obair sin ariamh, ach a chuir airgead inti nuair a tosaíodh í
Tá a chuid féin ag dul don dul amú — bíonn roinnt áirid dul amú i ngach rud
Tá a chuid féin ag dul don deachma — mura mbeidh ann ach beagán, ní fiú a choinneáil ná a chur in úd (fc. deachma)
Ní mór don aois a cuid féin a dhul di — bíonn marach nó uireasa ar an aois; ní bhíonn an seanduine chomh beo, chomh láidir, chomh spleodrach, chomh saothrach srl. leis an óige
Rinne tusa creachlaois mhór bail ó Dhia ort, ach tá an óige agat, agus ní comórtas ar bith dhuit seanduine mar mise. Bíonn a cuid féin ag dul don aois
Téann a cuid féin don aimsir — cuireann sí siar obair; déanann sí millteanas (drochaimsir); cuireann duine roimhe an oiread seo a dhéanamh, ach má theagann an aimsir go dona, coinníonn sin siar é
Tá a cuid féin ag dul don obair chrua — fágann obair chrua séala ar fhear a dhéanta

Féach freisin

do 1
dona