Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cruth (25)

 
Níl dea-chruth ar bith ar a chuid caorach — níl aon dea-ordú orthu; tá siad cloíte suaite
 
Cuirfidh an sagart amach ón damhsa S. B. agus má chuireann féin, 'sé a dhéanamh leis é. Ar ndóigh duine ar bith a thiocfadh isteach ar t'urlár sa gcruth sin, nach mór dhá fhonn a bheadh ort fhéin a chaitheamh amach. Cheal nach mbeadh?
 
Cén chaoi a bhféadfadh aon déantús maitheasa a bheith ann, nuair nár cuireadh fír na maitheasa ann nuair a bhí a cur ann. Ach níor cuireadh. An iomarca trua. 'Sí an pheataíocht sin a d'fhága é sa gcruth a bhfuil sé, gan maith gan maoin
+
deoir
Dar brí an leabhair bhí deorachaí leis agus meacan an ghoil ina ghlór. Chuirfeadh pionta amháin sa gcruth sin é chomh maith le scór
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ina luí ó chluais go rioball thiar sa seomra, agus gan deoir ann i gcosúlacht. Nach gránna an cleas d'aon duine é féin a chur sa gcruth sin lena sheanbholg tútach
 
diaidh
I ndiaidh an méid sin ar fad cén bhail atá anois air. Nach bhfuil sé i gcruth a dhul ag iarraidh a chodach. Chuala mise ariamh é gur mairg a bheadh go holc agus go bocht ina dhiaidh
 
Bhí caoirigh againn anseo trip(uair, babhta) ar an sliabh, agus tháinig siad uair eicínt anuas i mbarra garbha Sh. Mh. Nach diabhaltaí díbheirgeach anois a bhí sé agus gur bhuail sé seirín ar chuile cheann beo acu. Níor thug muid faoi deara iad ariamh go raibh na cosa i gcruth titim dhíobh. Céard adéarfá leis an mbithiúnach sin. 'Sé is mó mailís ar an mbaile sin. Fear a chuirfeadh seirín ar do chaora nach raibh sé chomh maith dhó a dhul agus a dícheannadh in éineacht. Ba é ba ghnaíúla dhó
 
ding
An bhfuil a fhios agat cén fáth go bhfuil G. ag iarraidh é sin a chur sa bposta sin: i gcruth is go mbeadh ginn aige féin in aghaidh an fhir eile nuair a thiocfadh air. Níl néal ar bith air sin deirimse leat. Tá a fhios aige nach é lá na gaoithe lá na scolb
 
A bhfuil d'arm faoin domhan ní dhíreodh an reanglachán siúd. Tá sé crotach ó Dhia agus ón saol. Dhá leathchéad nár mhór a chur siar faoina mhuineál i gcruth is go gcuirfí dronn siar air as cosa i dtaca. Mura ndíríodh sin é, bheadh sé fánach a bheith ag iarraidh é a dhíriú. Sílim go mb'fhearr é a fhágáil lena anó féin. Tá sé ina chamalóid rómhór lena dhíriú choíchin
+
díth
'Sé an díth céille a d'fhága sa gcruth sin é
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé i gcruth titim i mbun mo chos le díth codlata. Chodail mé oíche agus lá i mbéal a chéile shula d'éirigh mé
 
(Rópa dlaoiníní — rópa tuí cáiteach) "Rópa a dhlaoithfeá de bhroibh. Na broibh a fháil suas ansin sna barra. Broibh mhóra láidre: fiógaí. A dtarraingt as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcnagadán cupla lá nó go dtriomaídís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoíchan ansin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraingt anuas de na broibh. Mura mbeirteá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh sa bhfióig mionbhas. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corrshúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé chomh maith le rópa ruainne — rópa rua. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhíochan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghadrachaí maoil asail ag tarraingt mallaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith ina dhiaidh sin. Dhá mbeifeá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhíochan suas ina chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh lena mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíobh. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shula n-oibrítí iad. Bhruithfeá slata le aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú ansin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé chomh maith leis an rópa dlaoinín broibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbroibh nó na slat i gcluasa an tuirne (dlaoinín nó fiataíl an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsaid, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solas: dhlaoithfidís anuas na fiógaí agus d'fhágaidís stríoc bheag den dlaoinín ar an mbrobh, i gcruth is nach dtitfeadh a mbeadh istigh ann amach ina mhionbhas. Chuiridís bealadh ansin orthu: ola faoitín nó ola ronnaigh, agus a leá ar cham agus a dtumadh ann. Mura bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leáfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faoitíní agus ronnaigh ina snáth mura anseo an uair sin. Na haobha a leá ar an tine, agus nuair a bheadh lochán agat, na broibh a thumadh uileag ann, nuair a bheidís dlaoite: an dlaoinín bainte dhíobh. A gcrochadh suas ar stálú sa simléar nó go mbeidís tirim … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dlí
Nár chónaí siad go gcuire siad dlí ar an aer i gcruth is nach mbeidh aon bhaint ach ag cuid de na daoine dhó — níl aon dlí ar an aer mar atá sé: is le chuile dhuine é. Nár stopa cuid de na daoine nó go ndéana siad dlí le go mbeidh baint acu féin amháin dhe, agus daoine eile as ar fad
 
Ní fiacha cama iad chor ar bith ach fiacha dlisteanacha, agus d'ordaigh Dia na fiacha dlisteanacha a íoc. Muran buil leat a n-íoc, cuirfidh mise sa gcruth thú go n-íocfaidh tú iad. Tá fianaisí (fianaise) agamsa
 
dlús
Tá an sagart ag iarraidh dlúis a chur léithe (scoil nua). Tá sé ag iarraidh í a bheith déanta roimh an ngeimhreadh, i gcruth is go gcoiscfidh sé aistir do na gasúir
 
dlúth 1
"'Sé an dlúth a dheilbhítear ar an gcrann deilbh. Cuirtear an dlúth ina uige chuig an bhfíodóir. Téann an t-inneach ina cheirtlín aige (chuige). Cuirfidh sé an dlúth isteach sa seol ansin. Cuireann sé an dlúth ar fhad an bhréidín sa bhfíochán. Caitear é a chur thríd an tslinn agus thrí na huamachaí. Bíonn an dlúth ansin leis an éadach ar a fhad ag dul ó gharmain go dtí an gharmain eile. Casann sé suas an dlúth ar gharmain an tsnátha. Nuair a bheas sé ag fíochán ansin, déanfaidh sé próistí beaga den inneach. 'Sé an t-ainm atá orthu eiteáin, agus beidh sé ag caitheamh na n-eiteáin thríd an dlúth léar (de réir) mar a bheas sé ag fíochán. Nár chuala tú M. Mh. Ph. ag caint ar chaitheamh an smóil. Sin é é. Bíonn sé ag cur tointí air, nó ag tointeáil. Ní mór an t-inneach a chaitheamh i chuile áit ar an dlúth i gcruth is go bhféadfaidh an tslinn é a fháscadh isteach. Tá clár ar an seol — an lámhchlár — agus bíonn a láimh ag an bhfíodóir air, dhá dhoirtim isteach is amach leis an inneach a chur ar an dlúth agus lena chruadhú. Istigh sa gclár sin atá an tslinn. Rudaí iarainn atá sa tslinn. Fáisceann sí an t-inneach isteach ar an dlúth. Bíonn cláirín ar chiumhais an éadaigh, agus teannann sé isteach é sa tslinn. Is éascaíocht dó é sin freisin leis an inneach a chur ar an dlúth. Tá sé ag tarraingt an tointe, adéarfas sé, nó chaith sé an toint: sin é léar (de réir) mar a bheas sé dhá fhíochán, beidh sé dhá tharraingt air den gharmna. Tá an dhá gharmna ann: garmna an tsnátha agus garmna an abhrais. Is mó an t-inneach nach foláir don dlúth caol ná de dhlúth atá sníofa ramhar. Bíonn cuid den bhréidín a mbíonn leithead ann thar a chéile léar (de réir) mar a bheas an tslinn … Sa deilbh a bhíos na clannaí. Sin an dá snáth a chur le chéile — dhá snáth dlútha — nuair a bheas tú dhá dheilbh. Bíonn easnamh agus lán stéige ann scaití freisin." (Sliocht as cuntas faoi éadach a fuair mé ó m'athair)
 
Is mór atá an donacht in ann a dhéanamh le duine. Ba fear luath láidir é sin, agus an bhfeiceann tú an chruth atá anois air?
 
Tá sé drabhlásach faoi mo chuidse agus do chuidse, ach tá cion aige ar a chuid féin. Is furasta dhó a theacht abhaile ag gabháil fhoinn féin nuair a fhaigheas sé pleotaí lena chur sa gcruth sin. Murach sin, ba bheag den cheird sin a bheadh air deirimse leat
 
dris
An dris fhireann fhéin níl sí chomh crosta leis, nuair a bhuaileas an óinsiúlacht é, agus buailfidh sí sin é chuile uair a gcuirfear treampán ar bith air féin … Nach bhfaca tú anuraidh nuair a chuaigh an baile ag baint na feamainne duibhe ar an Oileán. Bhí sí faoina mhullóig aigesean le ceathair nó cúig de bhlianta roimhe sin, ach ní raibh aon bhaint aige di ach an oiread leis an té nár rugadh, ach nach raibh aon duine ag dul ina barr air. Ach ar an dá luath is a ndeachaigh an baile fré chéile dhá baint, bhí sé i gcruth a cheangal a mhic ó
 
Is beag an dochar dhóibh a bheith thar bharr a gcéille féin má bhíonn an t-ál siúd atá acu chomh cantalach drisíneach i gcónaí agus a chonaic mise. Ba show iad an oíche a bhfaca mise iad. Bhí siad i gcruth an teach a thógáil dá lúdrachaí chuile phointe. Mo choinsias, bhí faitíos orm sa deireadh fanacht istigh chor ar bith
 
Cheannaigh mé péire banbh anseo anuraidh ar na drochóirí dhom fhéin. Rinne siad muca breátha. Ach nuair a bhí siad tógtha ceart agus i gcruth a ndíol, sin é an uair a d'imigh siad. Cailleadh iad — ní ag ceasacht ar Dhia é. Níor éirigh aon mhuic ariamh linn. Tá anachain muc orainn — ní ag ceasacht ar Dhia. Nuair nach n-éiríonn siad leat bhí sé chomh maith ag duine ligean astu ar fad. Is mór an carghas péire breá muc a fheiceáil ag imeacht agus thú scriosta dhá dtógáil
 
dul
Níl dul ar bith ar na beithígh againn. Bíonn an-chruth i gcónaí orthu. Murach an streachailleacht atá lena gcur ar an mbád ag Ceann Gainimh, bheadh rud dhá mbarr anseo
 
Bhí mé i gcruth mo phlúchadh istigh ansin. Ní raibh ginnín aeir ann. Níorbh fholáir na fuinneogaí uileag a bheith oscailte ar uair bhróltach (brothallach) den tsórt seo
 
Ghabhfainn don chnocán sin i gcruth is nach mbeadh aon chloch amháin ar a fhuaid mí ó inniu murach amháin. Dhá bhfeiceadh an seanlad mé ina éadan, ba mhaith an tsiocair bháis dó é. Ní chuirfeadh an saol as a chloigeann nach bhfuil bruín ann, agus dhá gcorraítí aon chloch den charracán sin, nach dtiocfadh smál orainn fréna chéile
 
Uair ar bith a dteagann na liaganna sin air, téann siad thríd go damáisteach. Ní bhíonn sé ar a chóir féin aríst go ceann leathbhliana. An babhta deiridh a raibh siad air — dhá bhliain go ham seo — bhí sé i gcruth an tsagairt acu murach gur bhris siad