Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dhá leith (37)

 
fios
Dhá mbeadh fios a bealaigh aici, ní scáth leith ar asal a ghabhfadh sí. Ní den chuibhiúlacht rud mar sin a dhéanamh
 
Framsóg mná a fuair sé. Ach deir tú léithe ar chuma ar bith a chuaigh i gcois dhá leith ar an gcapall! A dhiabhail nach í an marcach í!
 
fág i
Sílimse go bhfuil sé deich míle. Deir tusa nach bhfuil sé ach hocht míle go leith. Fágfaidh muid ina hocht míle go leith é. Deir tusa go siúlfadh bean trom trí mhíle san uair. Ach m'anam nár shiúil tusa aon hocht míle go leith in imeacht dhá uair: gurbh fhada uait é
 
fóir
Dhéanfainn rud ar bith anois le fóiriúint a fháil ar (ó) na daitheachaí seo. Tá an fhiacail ina dhá leith. Teagann driog inti amantaí agus shílfeá go dtógfadh sí an ceann díom. Tá mo chiapadh ceart faighte agam uathu
 
Nach diabhaltaí an ruagán toirní a chaith sé an bhliain cheana agus go ndearna sí dhá leith droimscoilte síos go talamh íochtair den charracán sin. Tá sé le feiceáil ansiúd ag feara Fáil.
 
coiric
Rinne sé dhá leith de choiric a hata an áit ar shuigh sé air, agus ar lioc sé faoi é — cíor an hata; an chuid chruinn os cionn na bileoige.
 
Bhris buailteán an tsúiste orm — rinne sé dhá leith.
 
bunán
Fhóbair go ndearna mé dhá leith de lann na speile inniu le ceann de na bunáin mhóra sin.
 
Thug sé foighdeán faoi agus chuir sé anuas d'aon iarraidh amháin é. Is maith a chuaigh sé as nach ndearnadh dhá leith dhá cheann ar an mbóthar
 
Ná raibh fuilleach air, an gadaí, le cleas a dhéanamh! Is beag a bhéarfadh orm a dhul agus dhá leith a dhéanamh dhá dhroim, an diabhlánach bradach
 
féith 1
Déanfaidh mé dhá leith d'fhéith ghorm do mhuiníl — an fhéith atá suas ar leataobh an mhuiníl faoin gcluais
 
leath
Déanfaidh mé dhá leith de do dhroim — brisfidh mé do dhroim
 
fáisc
D'fháisc sé mo dhroim nó gur shíl mé go ndéanfadh sé dhá leith dhi. Is cráite an greim atá aige
 
fír
Dhá mbeadh fír na láí ann, ní coicís a bhainfeadh sé as an ngarraí siúd. Chuir mé lá go leith é go minic agus mé in mo bhrín óg
 
fidín
Cé le aghaidh a bhfuil sé ag déanamh balla fidín ansiúd? Ar ndóigh ní ag brath dhá leith a dhéanamh den gharraí atá sé?
 
Gabh i leith anseo. Céard atá ort? Is beag an rud atá tú a fhuasaoid. Ar ndóigh níl tada ar an láimh sin ach go bhfuil rud beag den fhuarchraiceann tógtha dhi. Ná bí dhá cuimilt nó cuirfidh tú chun othrais í
 
Bhuail sé fáiméad de dhorna air agus shíl mé go raibh a ghiall ina dhá leith aige. Diabhal a dhath mairg a bhí air ina dhiaidh sin
 
dairt
B'fhearr duit tosaí ag caitheamh dairteachaí anois leis an mbogha báistí sin a fheiceas tú san aer ná a dhul ag cur chomhairle air sin. Is measa é sin ná Mac na Míchomhairle. Fuair Mac na Míchomhairle grásta idir an stíoróip agus an talamh, ach é sin: mura bhfuil ag Dia níl i ndán grásta dhó go ndéantar dhá leith glanoscartha dhá mhuineál i dtosach
 
dall 3
Cuirfidh mé dhá shlat go leith chuige agus ní bhfaighidh tú an oiread agus a dhallfadh do shúil as i ndiaidh treabhsar agus bheist — déanfaidh an méid éadaigh atá mé a chur ag an táilliúr treabhsar agus bheist ach ní bheidh caochadh do shúil d'fhuílleach ann
 
deas 1
Is deas é t'fhaisean; is deas sin. Dheamhan ceo a bhí le déanamh leat ach dhá leith a dhéanamh de do dhroim
 
ding
Tá ding sa roth an áit ar buaileadh faoin gclaí mé thiar ansin. Ní féidir a thabhairt ar ais ina chomharthaíocht féin gan a thabhairt ag garage. Má théann muide ag potráil leis, níl a fhios againn nach é a bhriseadh ina dhá leith a dhéanfadh muid
 
Ní thiocfadh ceachtar den bheirt acu suas ar réiteach Sh. Bhí ruainnín beag sa tórainn agus ba mhór le chaon dhuine acu é don cheann eile … b'éigean a chaitheamh in aer ar fad nó go dteaga seilbhéara ann. Ní hea ach sin é: roinn mé ina dhornán agus ina dhornán é, agus bhí dornán corr ann. An fear fadó a bhí ag dul ag déanamh dhá leith den pháiste lena claimhe nuair a bhí chaon duine den bheirt mhná dhá chlaimáil di féin, agus ní réiteodh sé eatarthu sin
 
droim
Déanfaidh mé dhá leith de chnáimh do dhroma
+
Roinn muid an lucht feamainne droimscoilte — leath ag an duine. Dheamhan crann ná crann a cuireadh air. Thug mé breith is dhá roghain do Sh. Rinne sé roghain go díreach ar an leith a thabharfainn féin dó, dhá bhfaighinn breith mo bhéil féin. Níor leasaigh mo chuidse ach an dá chúl thoir de gharraí Dh. Fh. agus an cúl ó dheas. Bhí scaipiúch bheag d'fhuílleach agus chaith mé isteach í ar an bpóicín sin thiar le haghaidh meaingeals. Leasaigh cuid Sh. Garraí na C. dó agus an T. A. Ba mhó an drabhlás a bhí ina chuid seisean ar chuma eicínt, ainneoin go ndearna muid an dá leith droimscoilte di mar atá mé théis a rá leat
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhaca mé aon lá den mhí-ádh ariamh nó go ndeachaigh mé i bpáirt leis. Tugaimse mo mhallacht don [...]mhar aríst go deo. Dhíol muid cheithre lorry mhóna i mbliana. Mise a fuair a hanró ar fad. Mé féin agus na gearrchailí. Ní theagadh seisean 'na phortaigh go dtí an dó dhéag chuile lá. Ach meánn tú ina dhiaidh sin nach raibh sé ag iarraidh dhá leith droimscoilte a dhéanamh dhá luach agus leath a bheith aigesean chomh maith liomsa. 'An bhfuil caint ar bith agat ar na gearrchailí,' arsa mise. 'Nach iadsan a shaothraigh uileag í.' 'Gheobhaidh mise leath,' adeir sé, 'nó beidh a fhios agam cén fáth. Mo chuid portaighse a baineadh uileag'. 'Bíodh aici i mbliana,' arsa mise, 'ach go lá na leice aríst, ní bhainfidh mise aon fhód móna i bpáirt le aon duine'
Chuala mé an t-údar sagairt seo atá ag P. ag inseacht scéil oíche a raibh sé abhus againn anuraidh: beirt dearthár a bhí ag troid faoi thalamh a d'fhága a n-athair acu. Ní raibh duine acu sásta leis an méid a d'éirigh leis féin dó agus thug sé an ceann eile chun dlí ag iarraidh tuilleadh a bhaint dó. Diabhal easna den bhreitheamh, nó den ghiúistís, nó hé brí céard a bhí ann, nach nglaonn amach air — agus orthu uileag — go bhfeicidís an talamh. 'Tá tú ag rá,' adeir an breitheamh, 'go bhfuil sé ag déanamh leathchuma ort. Roinn anois é mar is áil leat féin. Roinn faireáilte é — ina dhá leith droimscoilte'. Roinn. 'Bíodh breith is dá roghain agatsa anois ar do rogha leithe,' adeir sé leis an gceann eile. Meas tusa nach raibh an fear sin díreach?
+
Déan dhá leith dhe — dhá chuid chomh-mhóra
TUILLEADH (5) ▼
Tá mo chloigeann ina dhá leith le tinneas cinn
Tá an baile ina dhá leith anois — é ina dhá dhream agus iad in aghaidh a chéile
Déan dhá leith den cháca
Ní fhéadfaidh duine dhá leith a dhéanamh dhe fhéin. Ba deacair domsa a bheith in éadan féir agus i ndiaidh beathach — ní fhéadfaidh an gobadán an dá thrá a fhreastal
Cén chaoi a bhféadfaidh mise a dhul ann mura ndéana mé dhá leith dhíom féin? Nach bhfeiceann tú nach bhfuil aon ghair agam corraí as seo
 
Meas tú céard a rinne sé le mo rópa inné — mo ghad maoil; é a ghearradh ina dhá leith
 
As díocas a bhris sé é. Bhí sé dhá fháscadh agus dhá shníomh ariamh ariamh, go ndearna sé dhá leith di. Níl a fhios ag an gcliobaire siúd céard é a spreacadh
 
Is minic a chonaic mé duine a bheadh i bhfad ina throscadh dúlaí i mbeatha nuair a gheobhadh sé ligean uirthi; ach maidir leis siúd, chaithfeadh sé go raibh sé ina throscadh le mí. Leagadh pláta feola agus gabáiste ina mhínis. Dar mo leabhar agus má bhí unsa ann, bhí punt go leith go réidh ann: fuair sé a mhug bainne ramhar, a bhollóg aráin mar adeireadh N. Ph., agus taepot tae. Nuair a d'altaigh sé an bia, ní raibh an oiread ar an mbord — ní dhá mhaíochtáil air é! — agus a shlogfadh dreoilín. Cén bhrí ach an rud adúirt sé i dtosach: 'is beag é m'fhoghail ar an mbeatha le gairid — is beag sin.' Dar láthar Dé dúirt. Is fear é a fuair anó le mí: sin nó tá an ghearradh ghionach faoin bputóig aige. Ní fhéadfadh a athrú a bheith air agus chomh mórthráthach agus atá. 'Go méadaí Dia chuile shórt ar fheabhas agaibh,' adeir sé. M'anamsa muis nár mhór dó méadú an aráin agus an éisc a dhéanamh sách minic, dá dtugadh mo dhuine faoi deara dhó fhéin tarraingt ag an teach againn. Mura ndéanadh, is gearr nach mbeadh mórán ar fheabhas againn
 
"Each caol dubh agus a haghaidh sa sruth agus dúshlán feara Éireann a dhul i gcois dhá leith ar a cruit" (Tomhais: eascann)
 
Chreidim nach bhfuil mé ach ag imirt anois sa ngandailín (fc. gandal), théis go ndeachaigh mé isteach dhá phínn go leith ann faoi dhó anocht. Cuirfidh mé amach leithphínn eile agus caithigí pínn air (ar an mbun)