Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drannaim
/draɴəm′/ etc.
briathar
ainm-bhriathar drannadh
1.
madadh ag nochtú a dhraid ar tí áladh a thabhairt ar dhuine nó ar rud eicínt.
+
An bhfeiceann tú an madadh ag drannadh (ag drantán freisin). Coinnigh i leith, nó b'fhéidir gur breith ort a dhéanfadh sé
Tá rud eicínt ar mhadadh T. Sh. Dhá bhfeictheá cho glórach agus a bhíos na súile aige agus an drannadh a bhíos air. Béarfaidh sé ar dhuine eicínt as a dheireadh. Dhá mbeadh unsa céille aige, d'árdóchadh sé leis é agus bháithfeadh sé é
TUILLEADH (5) ▼
Dhá bhfeiceadh duine madadh ag drannadh fadó rithfeadh sé 'sna feire-glínteachaí uaidh, faitíos gur dúchas a bheadh air. Ba dearg-chontabhairt iad an uair sin ar chaoi ar bith, agus daoine ag dul thart ag iarraidh glinneadhachaí a bhaint as rible (drible, driobaill) na madraí a rug orra
Níl aon-oilbhéas ann le aon-duine eile, ach tá an t-oilbhéas ann leo sin suas, mar bhí siad ina ndroch-cheann dó ag caitheamh cloch leis, agus ag saghdadh mádraí eile ann. Nach maith a choinnigh sé an faltanas istigh ariamh dóib ina dheidh sin. Dheamhan uair dhá bhfeicfidh sé duine aca, nach dtosóchaidh sé ag drannadh, agus cuirfidh sé colg air féin
Tosuigheann an bitheamhnach ag drannadh mar a bheadh madadh ann le teann cuilg agus droch-mhúineadha. Is uaidh a theastóchadh an iarraidh!
D'íosfadh sé sin thú beo beithidheach. An bhfeiceann tú an chaoi a dtosóchaidh sé ag drannadh, nuair a bhuailfeas taghd é. Dheamhan aithne air nach madadh é
Bhí muid ag caitheamh le easóig annsin thuas indiu, agus ba mhór an t-ár í ag drannadh agus ag caitheamh seilí amach. An bhfuil feithideach ar bith cho dána léithe. Bhí ceathar nó cúigear againn in a h-éadan, agus dheamhan claonadh a dhéanfadh sí in a dheidh sin ach ag síonghail agus ag drannadh. Smíochadh í faoi dheireadh le clocha
+
Tá an brocaire beag sin aige in a sceanadóir chruthanta. Thosuigh sé ag drannadh leis an bpáiste sin trathnóna, agus shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a h-ionnsuighe marach gur chas Dia ann mé
'Bhfeiceann tú anois? Ní thaobhóchaidh sé an canda aráin cho uain agus a bhéas an cut ag drannadh mar siúd leis. Tá an-fhaitíos aige roimh an gcut
TUILLEADH (2) ▼
Tá cut fiadháin soir annsin is na tomachaí agus is "job" é a thaobhachtáil. Chuaidh sé isteach 'san abhalltóir atá ag Brocach an Mh. orm indé agus thosuigh sé ag drannadh liom. Dar fiadh ní thaobhóchadh an madadh isteach ann, agus nuair a chonnaic mise scáth ar an madadh roimhe, níor chur mé féin aon-araoid air
Bhí amharc agam ar an mbroc istigh agus é ag drannadh amach leis an madadh. M'anam má bhí fhéin nachar thaobhuigh an madadh é, ná gur beag an baoghal a bhí air
2.
áladh a thabhairt ar dhuine nó ar rud; araoid a chur ar dhuine nó ar rud; rud nó duine a thaobhachtáil; bacadh le rud; bearnú nó diomallú a dhéanamh ar rud .
+
A ndubhshlán drannaidís leis an asal sin anois. Dar fiagaidhe má dhrannann, déanfaidh mise cleas eile
Ní dhrannfadh sé siúd le aonduine, dhá mbeithí gan aon-araoid a chur air, ach daoine atá ag séideadh faoi, agus dhá chur thar bharr a chéille le cumadóireacht
TUILLEADH (9) ▼
Is beag, beag an baoghal go ndrannfaidh sé le na fataí sin. Nuair a bhí mise ag fáil a n-anró sin, bhí seisean ag imeacht ag gabhail "Laddie o'Lee" síos annsin, agus shílfeá go mbadh aicíd a bhí in a gharrdha féin a laghad agus a thaobhuigheadh sé é
Á beannacht Dé dhuit! Ní dhrannfaidh mé leis an éadáil sin (poitín) le mo mharainn aríst. Chuir sé ag déanamh mullach cinn mé an oíche faoi dheireadh, agus d'fhága sé rae roilleacán in mo cheann ó shoin
Ní dhrannfadh sé leis an bhfeoil dhá naomhtaí é. Deir sé go gcuireann sí dógh croidhe air
Ní dhrannann sé le bean ar bith anois. Tá an aois ag tuitim air
Má dhrannann tú liomsa beidh rud ar a shon agad, beidh sin
Nach bhféadfaidh tú leigean dó agus gan a bheith ag drannadh leis chor ar bith? Cé'n sásamh atá agad as a bheith ag siocadh leis?
Ní dhrannfainn leis an mbeithidheach sin dhá mbadh mé thusa. Is droch-údar é. Níl biseach ar bith faoi = ní cheannóchainn é
Níl sé ag drannadh leis an ól beag ná mór anois = ag pléidh leis
Ná drann len a chuid "feaigs" siúd, nó má fhaghann sé aon-cheann aca ar iarraidh, leagfaidh sé an teach dhá lúdrachaí. Ní shiúd é an ríbín réidh!
+
Ní bhfuighidh tú cead drannadh leis = ní bhfuighidh tú cead méirín fhliuch a leagan air; ní bhfuighidh tú cead a dhul ag fiachadh air; ní bhfuighidh tú cead a thabhairt leat, ná a bhearnú etc.
M'anam nach dtiubharfadh P. cead dó drannadh le M. Dhá dtugadh ní fhágfadh sé aon-cheo dhó indiaidh a chéile
TUILLEADH (6) ▼
Ma fhaghann sé cead drannadh leis déanfaidh sé aon-lá amháin dó = marbhóchaidh sé é
Do dhubhshlán drannadh leis an ngasúr anois. Is deas an buachaill óg thú, nach bhfuil de chomórtas agad ach gasúir le dhul ag troid leo
Ní leigfidh an faitíos dhó drannadh leat, mar chuaidh bannaí air ag an gcúirt seo caithte, agus má bhriseann sé an bannaí gabhfaidh bliain air, de ghorta gharta
Ní bhfuighidh tú cead drannadh leis an airgead beag, dhá gcuirtheá do shúile ar chipíní dá iarraidh. Is beag an baoghal. Fuair tú coróin gheal Dé Domhnaigh seo (gha)bh thart, agus is diadhachta dhuit a deireadh a bheith caithte fós agad
Dar príosta ní fhéadfar drannadh leis an airgead. Tá air sin a dhul in a bhealach féin. Níl aon-bhreith ar an gcíos hébrí céard a dhéanfas aon-rud
M'anam nach bhféadfaidh sé drannadh le na beithidhigh, mar gur beag de bhaint atá aige dhóib (dhíob?). Féadfaidh sé a rogha rud a dhéanamh leis an leath-ghabhaltas mar 'sé a chuid féin é
+
Is fadó an lá nach ndearna mé aon-drannadh leis an teach sin = a thaobhachtáil
M'anam muise nach bhféadfaidh sí drannadh leis an gcoca taobh thiar, nó go mbeidh scéal aice air = a dhul ann; rud ar bith a thabhairt as
TUILLEADH (2) ▼
Ná tabhair blas an gharrdha sin do'n diabhlánach do ghamhain sin anois, nó ní choinneochaidh do chumhachta as é. Ní fhéadfaidh sé drannadh leis sin go mbeidh na garrantaí seo thíos creinnte aca
M'anam nach raibh an duine bocht sin ag iarraidh drannadh le aon-duine marar cuireadh bréag air. Dheamhan é muis, ba é an fear ba shásta 'sa teach é