1.
madadh ag nochtú a dhraid ar tí áladh a thabhairt ar dhuine nó ar rud eicínt.
+–
An bhfeiceann tú an madadh ag drannadh (ag drantán freisin). Coinnigh i leith, nó b'fhéidir gur breith ort a dhéanfadh sé
Tá rud eicínt ar mhadadh T. Sh. Dhá bhfeictheá chomh glórach agus a bhíos na súile aige agus an drannadh a bhíos air. Béarfaidh sé ar dhuine eicínt as a dheireadh. Dhá mbeadh unsa céille aige, d'ardódh sé leis é agus bháfadh sé é
TUILLEADH (5) ▼
Dhá bhfeiceadh duine madadh ag drannadh fadó rithfeadh sé sna feire glinnteachaí uaidh, faitíos gur dúchas a bheadh air. Ba deargchontúirt iad an uair sin ar chaoi ar bith agus daoine ag dul thart ag iarraidh glinniúchaí a bhaint as rible (drible, driobaill) na madraí a rug orthu
Níl aon oilbhéas ann le aon duine eile, ach tá an t-oilbhéas ann leo sin suas, mar bhí siad ina ndroch-cheann dó ag caitheamh cloch leis agus ag saighdeadh madraí eile ann. Nach maith a choinnigh sé an faltanas istigh ariamh dóibh ina dhiaidh sin. Dheamhan uair dhá bhfeicfidh sé duine acu nach dtosóidh sé ag drannadh, agus cuirfidh sé colg air féin
Tosaíonn an bithiúnach ag drannadh mar a bheadh madadh ann le teann coilg agus drochmhúineadh. Is uaidh a theastódh an iarraidh!
D'íosfadh sé sin thú beo beithíoch. An bhfeiceann tú an chaoi a dtosóidh sé ag drannadh nuair a bhuailfeas taghd é. Dheamhan aithne air nach madadh é
Bhí muid ag caitheamh le easóig ansin thuas inniu agus ba mhór an t-ár í ag drannadh agus ag caitheamh seilí amach. An bhfuil feithideach ar bith chomh dána léithe. Bhí ceathar nó cúigear againn ina héadan, agus dheamhan claonadh a dhéanfadh sí ina dhiaidh sin ach ag sianaíl agus ag drannadh. Smíochadh í faoi dheireadh le clocha
+–
Tá an brocaire beag sin aige ina sceanadóir chruthanta. Thosaigh sé ag drannadh leis an bpáiste sin tráthnóna, agus shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a hionsaí murach gur chas Dia ann mé
An bhfeiceann tú anois? Ní thaobhóidh sé an canta aráin chomh uain is a bheas an cat ag drannadh mar siúd leis. Tá an-fhaitíos aige roimh an gcat
TUILLEADH (2) ▼
Tá cat fiáin soir ansin sna tomachaí agus is job é a thaobhachtáil. Chuaigh sé isteach san abhalltóir atá ag Brocach an Mh. orm inné agus thosaigh sé ag drannadh liom. Dar fia ní thaobhódh an madadh isteach ann, agus nuair a chonaic mise scáth ar an madadh roimhe, níor chuir mé féin aon araoid air
Bhí amharc agam ar an mbroc istigh agus é ag drannadh amach leis an madadh. M'anam má bhí fhéin, nár thaobhaigh an madadh é, ná gur beag an baol a bhí air
2.
áladh a thabhairt ar dhuine nó ar rud; araoid a chur ar dhuine nó ar rud; rud nó duine a thaobhachtáil; bacadh le rud; bearnú nó diomalú a dhéanamh ar rud .
+–
A ndúshlán drannaidís leis an asal sin anois. Dar fiagaí má dhrannann, déanfaidh mise cleas eile
Ní dhrannfadh sé siúd le aon duine, dhá mbeifí gan aon araoid a chur air, ach daoine atá ag séideadh faoi agus dhá chur thar bharr a chéille le cumadóireacht
TUILLEADH (9) ▼
Is beag beag an baol go ndrannfaidh sé le na fataí sin. Nuair a bhí mise ag fáil a n-anró sin, bhí seisean ag imeacht ag gabháil Laddie O'Lee síos ansin, agus shílfeá go mba aicíd a bhí ina gharraí féin a laghad agus a thaobhaíodh sé é
Á beannacht Dé dhuit! Ní dhrannfaidh mé leis an éadáil sin (poitín) le mo mharthain aríst. Chuir sé ag déanamh mullach cinn mé an oíche faoi dheireadh, agus d'fhága sé ré roithleagán in mo cheann ó shin
Ní dhrannfadh sé leis an bhfeoil dhá naomhtaí é. Deir sé go gcuireann sí dó croí air
Ní dhrannann sé le bean ar bith anois. Tá an aois ag titim air
Má dhrannann tú liomsa beidh rud ar a shon agat, beidh sin
Nach bhféadfaidh tú ligean dó agus gan a bheith ag drannadh leis chor ar bith? Cén sásamh atá agat as a bheith ag siocadh leis?
Ní dhrannfainn leis an mbeithíoch sin dhá mba mé thusa. Is drochúdar é. Níl biseach ar bith faoi — ní cheannóinn é
Níl sé ag drannadh leis an ól beag ná mór anois — ag plé leis
Ná drann lena chuid feaigs siúd, nó má fhaigheann sé aon cheann acu ar iarraidh, leagfaidh sé an teach dhá lúdrachaí. Ní hiúd é an ribín réidh!
+–
Ní bhfaighidh tú cead drannadh leis — ní bhfaighidh tú cead méirín fhliuch a leagan air; ní bhfaighidh tú cead a dhul ag fiachadh air; ní bhfaighidh tú cead a thabhairt leat, ná a bhearnú srl.
M'anam nach dtabharfadh P. cead dó drannadh le M. Dhá dtugadh, ní fhágfadh sé aon cheo dhó i ndiaidh a chéile
TUILLEADH (6) ▼
Má fhaigheann sé cead drannadh leis, déanfaidh sé aon lá amháin dó — maróidh sé é
Do dhúshlán drannadh leis an ngasúr anois. Is deas an buachaill óg thú nach bhfuil de chomórtas agat ach gasúir le dhul ag troid leo
Ní ligfidh an faitíos dhó drannadh leat, mar chuaigh bannaí air ag an gcúirt seo caite, agus má bhriseann sé an bannaí, gabhfaidh bliain air de ghorta gharta
Ní bhfaighidh tú cead drannadh leis an airgead beag, dhá gcuirtheá do shúile ar chipíní dá iarraidh. Is beag an baol. Fuair tú coróin gheal Dé Domhnaigh seo (gha)bh thart, agus is diachta dhuit a deireadh a bheith caite fós agat
Dar príosta, ní fhéadfar drannadh leis an airgead. Tá air sin a dhul ina bhealach féin. Níl aon bhreith ar an gcíos, hé brí céard a dhéanfas aon rud
M'anam nach bhféadfaidh sé drannadh le na beithígh, mar gur beag de bhaint atá aige dhóibh (dhíobh?). Féadfaidh sé a rogha rud a dhéanamh leis an leathghabháltas mar 'sé a chuid féin é
+–
Is fadó an lá nach ndearna mé aon drannadh leis an teach sin — a thaobhachtáil
M'anam muise nach bhféadfaidh sí drannadh leis an gcoca taobh thiar, nó go mbeidh scéal aici air — a dhul ann; rud ar bith a thabhairt as
TUILLEADH (2) ▼
Ná tabhair blas an gharraí sin don diabhlánach de ghamhain sin anois nó ní choinneoidh do chumhachta as é. Ní fhéadfaidh sé drannadh leis sin go mbeidh na garrantaí seo thíos crinnte acu
M'anam nach raibh an duine bocht sin ag iarraidh drannadh le aon duine murar cuireadh bréag air. Dheamhan é muis, ba é an fear ba shásta sa teach é
drann in iontrálacha eile (20)
Sin é a chuid daidhciúlachta. Bíonn sé sin mar a bheadh múille scaití. Do dhúshlán drannadh leis an uair sin. Má dhrannann, mo leabhar dhuit go mbeidh rud ar a shon agat
→
das
Tharraing mé cupla das inniu le béilí fataí nua a bhaint, ach ní ligfeadh an carghas dom drannadh leo nuair a chonaic mé iad. Níl iontu ach screacháin chríochnaithe
Tháinig sí agus í deallraithe, agus scar sí í féin ar an tine, agus ní raibh gair ag duine ar bith eile drannadh léithe aici. Goróir an-fhuar í
→
deil 1
Bhí deil thuas ag an gC. ach cá'il an té a gheobhas uaidh sin í. Níl aon bhall oirnise ag aon siúinéara ná ag aon saor adhmaid istigh i nGaillimh nach bhfuil aige thuas ansiúd, ach do dhúshlán drann leo. Is gortach é an ceann céanna faoi rud ar bith dhá bhfuil aige
Thug mé liom siar sa gceapaichín oinniúin sin thiar é tráthnóna nó go nglanainn í. B'éigean dom a theacht aniar le mo phíopa a dheargadh, agus chuir mé fainic air gan drannadh le na hoinniúin. Mo léan géar ar a dhul siar dom, ní raibh oinniúin ná salachar ach an oiread le chéile fágtha sa mullach aige! Sin é atá dícheallach agat!
→
díleá
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
→
díogha
An mhóin bhán sin, sin í díogha an phortaigh. Caithfidh muid í sin a choinneáil dúinn féin, agus an chlochmhóin a dhíol. Ní dhrannfadh aon fhear lorry le móin bháin mura i ndán is go mbeadh sí an-fhliuch, agus go mbeadh sé ag iarraidh meáchain a dhéanamh, rud a bhíos siad ag iarraidh a dhéanamh scaití. Is cuma le cuid acu cén sórt cunús a chaithfeas tú acu. Dhá fhliche dá mbeidh sí, is amhlaidh is mó meáchan í
+
→
dóigh 1
Is diabhlaí dúlaí a bhíos sé a dhul ag déanamh dóighe de chuile dhuine. Mise i mbannaí gur deacair drannadh leis féin — gur deacair sin
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon dóigh cruithneachta istigh ar do bhaile. Cá'il sé? Shílfeá go raibh an talamh dhúrabháin sin thíos agamsa chomh maith agus a bhí le fáil lena haghaidh, agus chonaic tú féin an cleas a rinne sí ann an bhliain cheana. Ní raibh ceo dhá barr ariamh agam nach síobhaisín beag nárbh fhiú do sheacht mallacht é. Ba í an díogha ceart í lá is nach ndrannfadh J. Ph. É. léithe agus é thart cheal údar poitín
M'anam muise nach bhfuil de chailleadh ar an donn réidh féin má dheisíonn tú amach ceart í. 'Sí atá ar an teach nua sin uileag ag clann Mh. Ph. — an teach a rinne siad fhéin. Ar ndóigh, is ansiúd buailte orthu atá a tabhairt amach. Dúshlán aon duine drannadh léithe feiceamuist. An t-éan féin, ní chorródh d'oíche ná de ló nach mbeadh braite ag duine eicínt acu
→
drad
Níl drad ar bith agamsa anois le rud crua ar bith a ithe. Mura bhfaighe mé builín, níl aon ghair agam drannadh le tada eile
→
dreoigh
An gceapann tusa nach bhfuil an coca sin dreoite? Bíodh unsa céille agat! Bhí sé thrí lasadh le téamh, an lá théis a chur isteach. Ní dhrannfaidh aon bhó leis sin, ach go mb'fhéidir dhá mbeadh slám d'fhéar ar fónamh agat le cur thríd go mbréagfadh sé iad
→
droch-
Níl ar an gcimín sin thoir ach drochithe, agus ní dhrannfaidh siad leis ina dhiaidh sin — níl sé crinnte ná baol air ag na beithígh, agus ina dhiaidh sin, níl siad sásta ann
Is beag den drochmhúineadh sin a bhí sa ngamhain gur mhúin sibh agus gur mhill sibh fhéin é. Anois níl gair ag duine drannadh leis nach dtabharfaidh sé poca dhó
→
droim
Dar diagaí, dhéanfadh an cráiteachán sin slí amach ar dhroim an diabhail, ní hé amháin a mhalrait. Bean ar bith a bhí ag cur trí scóir uibheacha go G. chuile Shatharn dhá n-éiríodh ar a súil an geimhreadh seo (gha)bh thart! Sin í an cailín nach ndrannann seascach na gcearc lena cuid cearc. Ní hé sin do chuid eile againn muis. Ní raibh ubh le cur ar a mbéal againn ó Lá Fhéil Míchil go Lá Fhéil Bríde
→
dúradán
Tháinig múisc orm agus shíl mé go gcuirfinn aníos an dúradán dubh d'íochtar mo phutóige. Is olc é an braon broghach ag duine. Ach beidh a shliocht air. Is fada aríst go ndranna cuid againn leis — diabhal bréag nach fada
→
téigh ag
Chaith sé an oíche ag forcamhás uirthi, agus hob ann agus hob as aige, ach ní ligfeadh an faitíos dó drannadh léithe ina dhiaidh sin. Bhí an oíche dhá chaitheamh agus gan an mhaith dhá dhéanamh nó gur thosaigh an bhainis ag scaipeadh sa deireadh. Tháinig an jug timpeall agus d'ól sé dhá ghloine as. Ansin chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air, agus anonn leis gur bhuail sé bleid uirthi …
→
téigh do
Ní théann na fataí rómhaith dhom agus sin é an fáth nach ndrannaim leo. Líonann siad suas mé agus caithim an lá ag brúchtaíl ina ndiaidh. Cuireann siad coiliceam orm scaití freisin
Shílfeá go raibh sé ag dul thríd an madadh gliobach sin ag "Pad" an madadh s'againne a ionsaí tráthnóna. Chuir sé colg air féin cupla uair agus thosaigh sé ag drannadh, ach ní dheachaigh sé thairis sin. Ní móide gurbh fhearr dhó fhéin a dhul!