Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cuir aníos
+
Bhí sé ag cur uisce glas aníos — aníos as a bholg nó as béal a chléibh
Chuir sé réama (crochaillí, fuil srl.) aníos.
TUILLEADH (3) ▼
Chuir mé an bheatha aníos aríst — tháinig urlacan orm
Níl gair agam aon cheo (bia) a ligean síos nach gcuirfidh mé aníos aríst.
Má ithim é sin, cuirfidh mo ghoile aníos aríst é.

cuir aníos in iontrálacha eile (50+)

 
An gcuimhníonn tú ar an Lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos sa mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos (le) sparán a raibh ceangal air! D'iontaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar sa sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbarr a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? — chuaigh sé ar cúlráid i riocht is go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
 
Cuireadh ar a bhéal agus ar a fhiacla sa bportach é an áit ar sciorr sé ar an mbruach bealaithe a raibh siad ag cur aníos na móna air.
 
Lig de do chuid cniogaidí anois. Dhá gcuirtheása aníos gacha le cliabh feamainne liomsa ó mhaidin, deirimse leatsa, go mb'fhurasta cur chugat anois.
 
Tá sé an-tslóchtaithe, agus é ag cur aníos chrochaillí móra righne chuile phointe.
 
Is dhó is fusa a bheith ina chráisiléad: is maith í a ghreim agus a dheoch. Dhá gcaitheadh sé seachtain sa gCaladh Mór, ag cur aníos fheamainne ar a dhroim, deirimse leatsa go mb'fhurasta cur chuige. Sin é a bhainfeadh cuid den tsaill dhó.
 
Chaithfeá na crúbáin sin a fhágáil ann, arae tá íochtar an chúil rófhliuch, agus mura bhfágtar neart bealaigh ag an uisce aníos ó chlaise an tsrutha, d'éireodh an fuarlach ar na híochtair as éadan agus bheadh an cur ó mhaith.
 
Dheamhan fear ar an talamh chomh cuntasach leis. Thug mé cion cupla iomaire síol tornapaí dhó anuraidh an áit ar tháinig sé gearr, agus meas tú nár chuir sé aníos oiread agam an lá faoi dheireadh.
 
beo 1
Cuir aníos an fód beo.
 
bruach
Chuir sé snáth (feamainne) uileag go léireach aníos ar bruach.
 
Théaltaigh sé aníos leis an móta gan aireachtáil agus chuir sé cluais air fhéin leis an gclaí go gcloiseadh sé an seanchas.
 
anáil
Chuaigh an greim le m'anáil, agus síos sa bpíobán garbh, agus chaith mé tamall ag casacht nó gur chuir mé aníos aríst é.
+
aníos
Is fada a bhíonns cur óg gan teacht aníos.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an talamh cur aníos anois — ag fás, ag cur aníos an bhairr
 
feoil
Fuair mé daba de mhairteoil bhán agus ní fhéadfainn béal a leagan uirthi. Chuirfeadh sí aghaidh mo ghoile aníos ar an toirt.
 
fiuch
Cuir aníos braon uisce ar an bhfiuchadh anseo
 
Tugann an gabha foghairt don drill. Coinníonn sé dhá chur síos is aníos san uisce nó go mbíonn foghairt ann. Ní ligeann an fhoghairt don fhaobhar maolú. Ní imeoidh an géaradas as má bhíonn foghairt ann. Ní théann foghairt ar bith i gcrú. Cuireann sé san uisce é, ach má chuireann féin, ní chuireann sé aon fhoghairt ann. Ní bhíonn aon chall dó leis. I gcruach a théas foghairt — foghairt a chur i gcruaigh: to temper steel
+
Chuir sé scian ina seasamh ar a faobhar i siúnta an bhoird agus gan aníos di ach a barr. Bhí a fhios aige gur uirthi a shuífeadh an ceann eile chomh luath agus a thiocfadh sé isteach
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé tairne ar a fhaobhar aníos thríd an gcathaoir. Níor fhága sé liobar leathair ná fíonnaigh ar thóin N.: ón oíche sin amach níor lig N. aon lucht cuarta isteach. Bhí sé ina bhothae acu. B'fhada a chaith sé ag fuasaoid a thónach
 
fill
Go gcuire Dia ar do leas thú, a stóicín, agus fill aníos an t-asal sin chugam. Níl aon tapa ionam fhéin lena leanacht
+
fód
Fód fiáin uileag atá sna garrantaí sin thuas ar bharr an bhaile. Bhí mise cheana dhá gcur ag S., agus dheamhan a raibh faoi fhód na láí ann ach dabaí móna. Chaithfeá an fód fíáin a bhaint iontu sin shula dteagadh na dasachaí aníos, agus é a chur amach ar an iomaire agus é a sceanadh agus a thaltú lena mhíniú. Níl aon mhaith dhuit ann mura gcuire tú gabháil ar chur bharr an bhaile. Tá an talamh breá sprusach anuas anseo.
TUILLEADH (4) ▼
Cuir aníos an fód beo. Tá maith ar leith ann faoi nár corraíodh cheana é
Dheamhan oinniún a thiocfadh aníos choíchin thríd an bhfód boird sa talamh craicinn sin. Baol orthu! Faigh bráid dheas eicínt in do chuid ithreach agus cuir ann iad
Is foghail cheart atá sé a dhéanamh ansiúd. Cuirfidh sé an talamh ó rath. Ní chuirfeadh fear ar bith ach amadán an taobh dearg den fhód aníos ó thalamh íochtair mar siúd. Brioscóidh na boird uileag feicfidh tú féin air
Cuireann siad fód ar na creaga in Árainn. É a thabhairt ar a ndroim aníos ón muirbhigh
 
danra
Ní fhaca mé aon uaigh ariamh ba danra le déanamh ná uaigh N., go ndéana Dia maith air! Chuaigh muid siar ann ag an deich a chlog ar maidin agus ní raibh muid amach as an reilig go raibh an dubh ar an oíche. Bhí sí an-deacair in uachtar, agus nuair a theann muid síos, bhí leac ann — maistín de leic. Shíl mé go gcinnfeadh sí orainn a cur aníos dubh ná dath
 
dearg 1
Cuir an taobh dearg den scraith aníos — an taobh íochtair; taobh na créafóige
 
Ní raibh sé inrásta acu an bealach a rith meireach an deibhil a tháinig. B'fhada a chaith siad ag maraíocht anonn is anall i mbéal na trá sul má d'fhéad siad a n-aghaidh a thabhairt isteach. Má bhíonn lonnadh ar bith le tír, is olc an bealach í an chuisle sin aníos. Chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhúinn muid a chur soir ar an bhfearsaid, agus dhá gcuirtí, bhí ar gcuid bádóireacht ar iarraidh
 
Cén sórt deidearún de mhac é siúd aige. Chonaic mé ag teacht aníos an lá cheana é agus bord na gcléibh de mheaingeals aige ar an asal. Bhí leatromadh i gceann de na cléibh. 'Cuir cloch sa gcliabh sin,' arsa mise, 'nó iontóidh an t-ualach.' Diabhal cur, ach a chloigeann a bhualadh sa talamh. Is gearr gur iontaigh an t-ualach. 'Cuir suas anois é,' arsa mise, 'más breá leat'
 
Níl mórán deiseachta ar bith timpeall an tí aige; pabhsaes ná eile. Chuir sé cupla crainnín bheaga ghiobacha anuraidh, ach ba ghearr go raibh ite dhíobh aníos ón ngrinneall ag asail. 'Siad a bhí deas air ar ndóigh
 
deán
Tá deán siar ó Órán agus bhí mé ag cur aníos feamainne ann lá, agus chuaigh an capall dhá báthadh sa deán, agus b'éigean dom mo sheanbhéice a ligean ar Mh. Ó hA. a bhí taobh thiar dhíom go dtógadh muid an capall
+
diaidh
Is fánach an tsiocair a bhí aige. Dheamhan blas ach iad a bheith amuigh ag déanamh spraoi i ngarraí atá ansiúd chois an bhóthair tráthnóna Domhnaigh. Bhí seisean ag rith, agus cuireann duine de na gearrbhodaigh — mac le P. É — cois roimhe. Caitheadh amach i ndiaidh a mhullaigh é, agus rug splinc cloiche a bhí aníos ar an talamh ansin air, slán an tsamhail. Níor mhair sé achar ar bith. Sin é an áit is éalangaí in do cholainn — an chamóig ara. Tá contúirt ar dhuine i gcónaí má fhaigheann sé priocadh ar bith ansin
TUILLEADH (1) ▼
An bhfeiceann tú an áit a bhfuil lorg an rotha. Níl sé orlach ó bhruach. Ba bheag eile muis a ghabhfadh sé i ndiaidh a leataoibhe san am a mbeadh sé thíos sa bhfeadán. Dar diagaí muise, dhá dtéadh sé síos, ní chuirfeadh Goll Mac Móirne aníos aríst é. Diabhal cur ná cuid de chur
 
ding
Ní ginn ar bith a theastaíos uait léithe sin ach spéice maith agus borradh a choinneáil léithe, go dtugtaí aníos ar a corr í. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid geanntrachaí! Níl tú ach ag cur anró ort féin má shíleann tú a scoilteadh
 
docht 1
Tá docht uisce sa tóchar siúd. An súiteán a tháinig aníos leis an rabharta agus leis an taoille mhór, tá sé coinnithe abhus, an áit ar leag sí béal an tóchair amuigh sa duirling. Tá an tóchar ar fad calcaithe anois. Ní dhéanfaidh sé siúd aon mhaith go gcuirtear comhla amuigh leis
 
Bhí sí ró-antlásach ag an mbia. Chuir sí an iomarca suas in éindí, agus chuaigh sé lena hanáil síos píobán an doichill. Chinn sé uirthi é a chur aníos, agus sheas sé ina muineál. Thosaigh siad ag bualadh boiseogaí sa dromán uirthi, ach dheamhan maith a bhí ann. Ní rug an sagart ar an mbean bhocht. Cnáimh a bhí sa ngeampa feola a chuir sí suas, a chniog í. Is maith nár mhór do dhuine a bheith ar a airdeall féin ag ithe a bhéilí. D'fheicfeá daoine agus bheidís chomh huafásach sin aige agus nach ndéanfaidís ach a shlamairt. Is mór an chontúirt é sin go sábhála Dia sinn. Ar aon chor, ní bhíonn aon mhaith sa mbeatha leis an ithe sin a thabhairt uirthi
 
Ba diabhaltaí an carnán feamainne a chuir sé aníos agus ní raibh drabhlás ar bith inti ina dhiaidh sin. 'Sé ar leasaigh sí, an cúl thoir agus an cúl ó dheas agus ruidín (gitín) beag den chúl thiar, théis gur shíl mise agus gur shíl sé féin go dtabharfadh sí cúnamh maith ar an ngarraí uileag. Ach chuir sé róthiubh í. Dhéanfadh daithín beag den seanleasú an áit sin: talamh craicinn mar é
 
Chonaic mé an sonda romham ar an mbóthar agus méid bó ann. Nár lige Dia go gcuirfinn bréag air, cé brí céard a bhí ann! Ach bhí rud eicínt ann. Nuair a chuaigh mé chomh fada leis an áit a raibh sé, dheamhan toirt fia na feannóige a bhí le feiceáil. Chreathnaigh mé i chuile mhíle ball ag gabháil liom, agus chuaigh drithlíní faitís thríom. Rinne gruaig mo chinn slatachaí, agus bhí an fuarallas (forallas) amach thríom ar an toirt boise. Níl a fhios agam anois ná an uair sin cén chaoi ar shrian mé aníos go teach é, ach níor thúisce istigh mé ná a bhí mé tite i meirfean
+
Cén chaoi a mbeadh a fhios agatsa go mbeadh bradáin ina luí ar an átha? Bhuel inseoidh mise sin duit agus cuirfidh mé geall go bhfuil an ceart agam. Má fhaireann tú iad feicfidh tú na bradáin ag cur driúillíní aníos … Dar a shon a bhfeicfeá na bradáin. Bíonn siad ina luí ar an láib … ag cónaí thíos ar an láib. Nuair a tharraingeas siad anáil, sin é an uair a chuireas siad aníos na driúillíní … Níl a fhios agam faoin domhain … b'fhéidir dhóibh. Ní fhaca mise ariamh na driúillíní ach ar an tanaíochan. Dá mbeidís ina sraith istigh faoi chloich d'fheicfeá na driúillíní freisin
TUILLEADH (2) ▼
Chaitheadh sé é féin síos de bharr na céibhe. Théadh sé idir dhá uisce. Ní fheicfeá tada go n-éiríodh sé aríst, ach driúillíní a chuirfeadh sé aníos ar an uisce. B'ait an snámhóir é, agus féacha féin gur báitheadh é faoi dheireadh ina dhiaidh sin
Thit sé le fána sa bpoll báite. Chuir sé cupla driúillín aníos. Sin é a raibh faoi. Bhí a chorp istigh sa snáth mara faoi cheann coicíse nó trí seachtainí
+
droim
An lena dhroim atá sé dhá cur aníos. Más ea, is meata an obair í. B'fhearr liom rud ar bith faoin domhan a thabhairt liom ar mo dhroim ná feamainn
TUILLEADH (1) ▼
Nach diabhlaí an feothan a bhí aréir ann agus gur cuireadh aníos an snáth siúd thar dhroim na duirlinge, agus ionann is suas go dtí claí na corraí … Anois céard adeir tú!
 
Tabhair aníos cupla carr clocha duirlinge agus cuir sa tsráid sin iad
 
Bhí sé seo thiar muise thíos ar an gcarraig inniu agus é ag cur bhallaigh aníos as dóláimh. Ní fhaca tú aon bhualadh ariamh mar a bhí orthu, scaithín théis am dinnéir, ach ó thosaigh sé ag tuile, níor fhan freagairt ar bith ann. Bhí sé chomh maith dhuit a bheith caite amach ar thulán le bheith ann
 
dúch
Áit ar bith a bhfeicfidh tusa an mearbhall sin sa lagpholl tá dúch ansin. Bíonn mar a bheadh ola ann os a cionn, agus an dúch thíos in íochtar. I seanphortaigh is fhearr a gheofá í. Is mór a tógadh ariamh di thuas ar Dh. an Bh. Sna sean-lagphoill sin atá ag D. Sh. siar ó Ch an Gh. a d'fhaigheadh na trí bhaile seo í. Dhá mbeadh láí nó sluasaid agat, ní raibh call dhuit a dhéanamh ach a cur síos go híochtar agus an láib a thabhairt aníos léithe. Bhíodh muid ag cur feacannaí fada sna lántaí mar bhíodh an-domhain i gcuid de na poill. Nuair a bheadh sí aníos ar bruach agat, chaithfeá an láib a bhaint aisti: ní thabharfá abhaile leat ach an dúch. B'fhurasta a aithinte an dúch. Ní bheadh ort ach a diurnadh agus a tabhairt amach ón gcuid eile den lathach. D'fheicfeá an mearbhall inti i gcónaí. Thugadh muid abhaile le ancaird nó le buicéid nó le tobáin, nó rud ar bith ba thúisce agat í. Chuirfeá síos an olann ansin i bpota in éindí leis an dúch agus d'fhágfá thíos ar feadh an lae uileag í. Níor mhór den olann a bheith bruite as ruaim roimhe sin agus gan gionnóid (deannóid) shalachair a bheith ar a corp. Dhá mbeadh, ní dhathódh do chumhachta í. Ní bheadh aon ghlacadh aici leis an dath. Nuair a bheadh sí ar an tine níor chall di a bheith thar chnag, ach chaithfeá a coinneáil brúite agus measctha. Chaithfeá amach ansin ar chiseoig í agus nífeá aríst ar uisce í. Chuirfeá amach i gcliabh ansin í nó go dtriomaíodh sí. Í a spíonadh ansin. Ba in é an deis le dath dubh a thabhairt uirthi. Dhá mbeifeá ag iarraidh dath buí … (sliocht as cuntas a thug m'athair dom ar dhathú olla)
 
Tá baol uirthi a bheith ina codladh go deimhin. M'anam má tá gur codladh ina dúiseacht é. Sin é a ceird sin i gcónaí, go bhfeicfidh sí a n-abróidh an dream a bheas istigh aon cheo. Chuir mé féin agus T. Mh. Ch. splainc aníos in aice lena cois oíche, ag ceapadh go ndófadh sí í féin léithe, ach mo chreach mhaidne!
+
Chuir an Ridire (Ridire an Gháire Dhuibh) an dúradán dubh a bhí ar íochtar a phutóige le seacht mbliana aníos, agus rinne sé gáire an uair sin a cloiseadh sa Domhan Thoir
TUILLEADH (3) ▼
Nuair a chonaic sí an rud a thug an ceannaí le n-ithe don dochtúr eile, tháinig falrach gáire uirthi agus chuir sí aníos an dúradán dubh a bhí ar íochtar a putóige. 'Sin é do mhaith anois,' adeir an ceannaí. 'Tá tú leigheasta. Is liom thú ó t'athair' — bean a raibh ualach leannduibh uirthi agus leigheas ceannaí mála í
Tháinig múisc orm agus shíl mé go gcuirfinn aníos an dúradán dubh d'íochtar mo phutóige. Is olc é an braon broghach ag duine. Ach beidh a shliocht air. Is fada aríst go ndranna cuid againn leis — diabhal bréag nach fada
Tháinig urlacan air ab ea! Chuir sé aníos an dúradán dubh dá phutóig. Níl acmhainn aige deoir ar bith a ól nach mbíonn sé ar an gcaoi chéanna — níl sin