dáil
—sa leagan i ndáil le /ə ɴāl′ l′ɛ̄/
—tá an leagan seo an-choitianta i gcaint.  'Sé an focal is minice ar almost an Bhéarla é ar fud na Gaillimhe ar fad.  Ach is minice go mór adeirtear ráití ar nós bean a bhí i ndáil liom, teach a bhí i ndáil leis, bóthar a bhí i ndáil leofa, ar an Achréidh ná taobh thiar de Ghaillimh.  Leagan ainm bhriathartha, aidiacht bhriathartha, nó réamhfhoclach nó aidiachtach, agus níos annaimhe ná sin leagan le ainmfhocal, a theagas ar lorg i ndáil le taobh thiar de Ghaillimh.  Ach ní mór a rá go bhfuil leaganacha ar nós thoir i ndáil le Páirc na Rástaí coitianta go maith taobh thiar freisin.  Geall adeirtear i leaba i ndáil in a lán ceantar in iarthar na Gaillimhe (fc. geall)
—
in aice, i ngar, ionann, buailte ar, beagnach, ionann is é, ar na boird, ar na bacáin chuig, gar go leor do srl.
+–
Bhí prayer book ag bean a bhí i ndáil liom agus mé féin gan dadaí — i ngar dom; le m'ais
B'fhearr dhuit a theacht soir i ndáil linn.  Bhfaighidh(?) (gheobhaidh) tú chuile chóir uainn
      
                                TUILLEADH (7) ▼
                            
Tá sé féin agus J. M. i ndáil le chéile.  Agus má tá féin níl siad an-mhuintreach le chéile
Gabhfaidh sí soir i ndáil leis an deirfiúr eile anois.  Tá áiteacha maithe soir ansiúd i gCoill an Bhogaigh
Bhí sé ag teannadh i ndáil liom ariamh ariamh nó go raibh sé le m'ais (Achréidh, iarthar na Gaillimhe)
Doirt i ndáil léithe agus bain fáscadh aisti
"A Pheigí Bhán suigh i ndáil liom: is tú cuisle geal mo chléibh" (As Mná Deasa Locha Riach)
Ní raibh baol ar bith ormsa suí i ndáil leis sin.  Sháródh sé mé i gcaitheamh na hoíche lena chuid floscaíochta
Shuigh puicneach mhór i ndáil liom sa mbus, agus ní raibh mé féadachtáil corrú aige, bhí sé chomh mór chomh beaite sin (Achréidh)
+–
Tá sé thuas i ndáil le Baile Átha an Rí — in aice Bhaile Átha an Rí (Achréidh; iarthar na Gaillimhe)
Dhíol sé a chuid talúna anseo agus chuaigh sé suas i ndáil le Baile Átha Cliath.  Deir siad go bhfuil feilm mhór aige ansiúd
      
                                TUILLEADH (10) ▼
                            
Teann siar i ndáil le Gaillimh.  Beidh tú ar do mhian ceart ansin: neart cailíní, neart óil, agus neart pictiúir
Tá a theach i ndáil liomsa thoir ansiúd
Tá sé ina chónaí thiar i ndáil leis an gC. R. leis an tsíoraíocht.  Thug sé cúl ar fad don Bh.
Bhí mé thoir i ndáil le Ó.  Is ann atá an fear a cheannaigh an mhóin uaim ina chónaí
Bhí mise san áit a bhfuil sí pósta: thoir i ndáil le tórainn Ros Comáin.  Má tá fhéin, tá sí ina suí go te ann
Bhí mé thiar i ndáil le tigh Sh. an Gh. (nó i ndáil le ag) nuair a tháinig an múr orm.  Chuaigh mé isteach ann ar foscadh
Tá a theach thíos ansiúd i ndáil leis an gcladach.  'Sé an teach is faide síos den bhaile ar fad é, 'sé sin
Tá a chuid portaigh i ndáil leis an easca.  Go deimhin is drochphortaigh iad.  Ní tada eile iad
Brúigh i ndáil leis an tine, agus tabhair goradh dhuit féin.  Tá ceart agat a bheith fuar théis t'aistear.  Phréachfadh an lá inniu na fiaigh dhubha
Bhí sé thíos i ndáil leis an gcéibh, agus é sínte ar an móinín bán ann.  Dheamhan duine beo nach sílfeadh go raibh sé cniogtha leis an mbail a bhí air
+–
Tá sé i ndáil le buailte (an Gearmánach) — beagnach.  Cuirtear isteach bheith go minic freisin sna ráití seo .i. tá sé i ndáil le bheith buailte; ach measaim thríd is thríd gur minice a fágtar ar lár é
Bhí sé i ndáil le briste den obair, murach an chaoi a ndeachaigh mise chun cainte leis an mboss
      
                                TUILLEADH (17) ▼
                            
Tá muid i ndáil le críochnaithe anois
Bhí sé i ndáil le bheith déanta aige an uair sin
Bhí sé i ndáil le bheith tógtha ag na póilíos, nó go dtáinig an bhean anoir, agus gur iarr sí ar son Dé gan a chur isteach
Tá sé i ndáil le dhul do mo bhualadh ansin ó mhaidin
Chuaigh sé i ndáil le dhá mhaslú faoi araoid ar bith a chur air
M'anam go raibh sé i ndáil lena bhacadh faoin bhfeamainn a chur ar bruach
Bhí sé i ndáil le gan bonn bán a bheith air nuair a tháinig an uachta
Tá an sioc seo i ndáil le gan fata ar bith a fhágáil againn i mbliana
Tá sé i ndáil le ag fáil bháis
Bhí sé i ndáil le ag cur amach — múisc
Bhí sé i ndáil le ag imeacht murach gur stopadh é
Tá sé i ndáil le ag cur shneachta
Bhí sé i ndáil le ag caoineachán le drochmhúineadh
Tá sé i ndáil le ag báisteach cheana
Feictear dhom go mba cheart go mbeadh sé i ndáil le ag trá feasta
D'iarr sé i ndáil lena phardún faoin méid sin trioblóide a chur air (geall lena phardún freisin)
Tá sé i ndáil le mar a bhíodh sé ariamh — ar a chóir féin; iomlán bisigh aige
+–
Ba cheart dó a bheith i ndáil le ar fáil anois.  Is fadó inniu a d'imigh sé
Bhí muid i ndáil le bheith ar a (ár) mine ghéire i gcaitheamh an lae
      
                                TUILLEADH (19) ▼
                            
Tá sé i ndáil le ar meisce
Bhí sí i ndáil le ar na preaba deireanacha shul má tháinig an sagart
Bhí sé i ndáil le ar seachrán aríst muis, murach go dtug mise faoi deara ar an mbóthar é agus gur chuir mé an lúbán air sa gcró
Tá tú i ndáil le aisti.  Cluiche eile agus beidh sí glan (scilling in imirt)
Bhí sé i ndáil le as an mbean sin muis, murach a fheabhas agus a thapaigh sé í
Bhí mé i ndáil le thar an gcora, nuair a chonaic mé an lonnadh san uisce
Bhí mé i ndáil le roimhe sa mbaile.  Is beag eile a bheadh agam agus bheinn roimhe
Bhí sé i ndáil le thoir ag an aifreann nuair a tháinig an donacht air
Bhí an ghiorria i ndáil le aici (ag an gcú) nuair a thug sé cor eile
Bhí mé i ndáil le ag an Ros inniu
Bhí sé i ndáil le dhíom agam nuair a bhuail athshlaghdán mé
Bhí an fear mór i ndáil le dhíom agam nuair a tháinig an deartháir
Shílfeá go raibh sé i ndáil le idir dhá chomhairle faoina thabhairt dom nuair a chuir an bhean a ladar isteach
Tá sé i ndáil le thrí aothú anois.  Dúirt an dochtúr dhá maireadh sé cupla uair eile go raibh aige
Tá an bóthar nua i ndáil le go portach agam anois
Chuaigh sé i ndáil le go cladach shular rug mé air
Cuirfidh an t-airgead sin anois i ndáil le go dtí n-a dhóthain é, ach is deacair é siúd a chur go dtí n-a dhóthain.  Tá an drabhlás mór ann
Chuaigh sé i ndáil le ar a ghlúine dhó
Tá sé i ndáil le ar an mbeagán anois — tá sé caite aige go dtí an beagán
+–
Bhí sé i ndáil le ina olc air — is beag nach raibh olc air
Dar príosta bhí sé i ndáil le ina fhaitíos orm féin nuair a chonaic mé an sonda
      
                                TUILLEADH (7) ▼
                            
Tá sé i ndáil le ina lá
Tháinig sé i ndáil le ina imní uirthi nuair nach raibh ag teacht dó
Diabhal mé go bhfuil sé i ndáil le ina ghála
Dheamhan mé nach ea ach go bhfuil an múr seo i ndáil le ina shneachta chorpanta
Meas tú an bhfuil sé i ndáil le ina thuile
Tá sé i ndáil le ina fhear
Tá Seán seo thiar anois i ndáil le bheith ina chneámhaire chomh mór lena athair
+–
Tá sé i ndáil le amuigh (as an teach) ag na deirfiúrachaí
Tá an fear mór seo againn féin i ndáil le istigh aríst.  Cupla céad bhót eile agus beidh
      
                                TUILLEADH (6) ▼
                            
Tá siad i ndáil le thiar ag R. anois
Tá an chith i ndáil le thart.  Ní miste sin muis
Tá muid i ndáil le taobh leis an leathchoróin aríst, théis a raibh gnóite againn ar ball.  Uair bheag agus uair mhór arsa tusa
Bhí mé i ndáil le d'uireasa mo phuint
Tá sé i ndáil le chomh tucarach don ól le ceachtar acu
Tá an teach sin ag G. i ndáil le chomh háirgiúil le ceachtar acu
+–
Ní dheachaigh sé aon dheich bpunt ach chuaigh sé i ndáil leis
Níl an bóthar fós déanta go dtí barr na ngarrantaí ach tá sé i ndáil leis
      
                                TUILLEADH (6) ▼
                            
Níl sé na cheithre scóir ach tá sé i ndáil leis
Ní bhfuair sé bás fós ach tá sé i ndáil leis
Níor éirigh mé ach bhí mé i ndáil leis
Níor báitheadh é, ach bhí sé i ndáil leis, murach an fear maith a bhí ann
Níor dhúirt mé leis é ach bhí mé i ndáil lena rá
Níor íoc mé é, ach bhí mé i ndáil lena íoc murach an chaoi a ndeachaigh fainic orm
+–
Tá sé briste nó i ndáil leis (deirtear freisin tá sé briste: i ndáil leis nó tá sé briste geall leis fc. geall)
Chaith sé punt nó i ndáil leis
      
                                TUILLEADH (9) ▼
                            
Fuair sé bás i ndáil leis nuair a chuala sé go raibh a fhios agamsa é
Bhánaigh sé é féin nó i ndáil leis, le na beithígh sin
Chniog mé é: i ndáil leis
Bhuail mé é i ndáil leis faoin méid sin féin a rá
Ná bac le i ndáil leis.  Tá sé déanta ar fad aige — ní i ndáil le déanta atá sé, ach déanta ar fad
Ná bac le i ndáil leis.  Bhí sé ar meisce críochnaithe
An bhfuil sé an sé fós?  Freagra: I ndáil leis
An bhfuil tú réidh?  Freagra: I ndáil leis
Tá nó i ndáil leis.  Ní fiú dhom a rá nach bhfuil mé críochnaithe
+–
  Is i ndáil le ina chónaí a chonaic muid ariamh é
Is i ndáil le fliuch a bhíos sé anseo chuile lá dhá n-éiríonn orainn
      
                                TUILLEADH (4) ▼
                            
Ba i ndáil le go dona a chaith a athair féin an saol
Ba i ndáil le ar an leaba a chaith sé na blianta deireanacha fré chéile
Is i ndáil le cheal éadaigh atá an duine bocht ó chonaic mise an chéad lá ariamh é
Is i ndáil le ina ghlúineach atá an garraí fataí sin thoir ar fad
dáil in iontrálacha eile (16)
                    →
                    fearúint 
                  
                  
                    Beidh sé ag fearúint mar seo go dté an ghealach amach.  Ba chóir go mbeadh sí i ndáil le caite.  Tá sí ar an gceathrú dheiridh, dar liom féin.
                    An bhfaca tú aon duine chomh mórfhoclach léithe ó rugadh thú?  'Cailleadh sé bhodóig bhreá ar Sheán anuraidh le ceathrú ghorm.'  Cén uair a bhí sé bhodóig ag Seán?  Fear atá ag iarraidh a chodach, nó i ndáil leis.  Nach simplí a cheapas sí na daoine a bheith?
                    Go dtuga Dia ciall duit!  Ní fhéadfá aon pháipéar a léamh ansiúd le a mbíonn de chantaireacht chainte ann.  Dar mo leabhar, is geall leis an Dáil scaití é.  Ach ní bhíonn aon chuideachta ann mura dtosaí P. fhéin.  Sin é atá in ann brabach a fháil ar chuile dhuine.
                    
                    →
                    cinnire 
                  
                  
                    Ní chuirfinn ina chinnire ar an seanasal atá i ndáil le caillte ansin thoir é, ní áirím ar chapall meargánta nach raibh thar faoi dhó ariamh faoi charr.
                    
                    →
                    bocht 2
                  
                  
                    Ní chónóidh sé anois go dté sé sa Dáil ó d'éirigh leis a chosa a chur i dtaca chor ar bith.  Nuair a théanns bocht go nocht, téann sé go gabháil éadain tá a fhios agat
                    
                    →
                    aer 
                  
                  
                    Chonaic sé an sonda ag dul thairis; idir an t-aer is an talamh — a cheann ionann is buailte ar an aer aige agus a cosa i ndáil le ag scríobadh na talúna.
                    
                    →
                    feire 
                  
                  
                    Tá droichidín na cora i ndáil le réidh.  Bhí tuile san abhainn an lá faoi dheireadh agus ar éigean Dé a shrian mé trasna chor ar bith é.  Ar mo ghlúine a chuaigh mé.  Ní thrustfainn breith ar an bhfeire siúd.  Tá sé ar bogadh, agus dhá dteagadh sé leat, chuirfí san abhainn thú — ráille beag ar dhroichead; tá droichidíní den tsórt seo — ceanna beaga caola — ar na haibhneachaí in áiteachaí
                    Is diomalaí sibh ar mhóin ná trí theach.  Tháinig ualach móna inné agus tá sé i ndáil le ídithe anois aríst.  'Sé a (bhur) gclochneart an lá a bhaint as
                    Nuair a bheadh an t-éadach i ndáil le bheith bruite sa dath, chaití braon beag máistir síos air le go ndorchódh sé an dath (dathúchán)
                    
                    →
                    droim 
                  
                  
                    Tá sé i ndáil le ina thuile.  Nach bhfeiceann tú an t-uisce faoi dhroim Chloch an Mh.  Níl tada di leis ach go bhfuil lonnadh beag fós ar a barr
                    
                    →
                    dálaí 
                  
                  
                    Shílfeá mura mbeadh le n-íoc aige ach dálaí beaga mar sin go n-íocfadh sé iad — suimeannaí beaga airgid ó am go ham
                    Tá an díolúnach de lao sin thoir i ndáil le caillte.  Mura ndéana sibh teálta eicínt dhó, ní dhéanfaidh sé seasamh ar bith.  Tá sé ina ghoróir thoir ansin i lúbainn an chlaí, agus chuile dheoir den bháistigh dhá bualadh air, agus gan é de ghus ann a theacht anoir faoin gclaí eile ar foscadh
                    
                    →
                    dúradán 
                  
                  
                    Chuaigh dúradán faoi shúil an chapaill agus tá sí caoch anois i leathshúil nó i ndáil leis.  Deir an sórt dochtúr beithíoch sin atá ag dul thart gur fionn atá ar a súil, ach diabhal fionn ná fionn.  B'fhurasta a aithinte an dúradán istigh inti na chéad laethantaí, dá dtapaínn an uair sin í, ach ó fuair sé ionú, bhí sé mall a dhul di.  Is mór an babhta uirthi é pé acu sin é