Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daol
ainmfhocal, fireann
iolra: daola, daolannaí
1.
treall; taom; iarraidh; saighead; driog; drithlín; racht.
a.
+
Teagann daol pian (ní ghabhann pian le claochlú tuisil anois ach go rí-annamh) corruair air — téann drioganna pian thríd corruair (taom thobann)
Is annamh a bhuaileas an phian é. Ina daolannaí (daola freisin) a thagas sí, ach is olc an ailím í an fhad is a mhaireas sí
TUILLEADH (8) ▼
Ina daolannaí a bhíos pian an chancer sin ar dhuine. Tagann sí de phlimp agus faigheann duine fuarú uaithi ar an gcóir chéanna. Bíonn sí an-ghártha den tsaol. Chonaic mé B. Ph. léithe — go ndéana Dia grásta air. Bhí mé féin agus é féin i gciúinchomhrá thiar ar an teallach mar atá mise agus thusa anois bail ó Dhia ort. Dheamhan aithne ceo a bhí air. De ghorta gharta, tháinig an daol air. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis an screadach léithe. Bhain sí tuairim is dhá uair an chloig as, agus chlaochmaigh sí ansin aríst. Ach ó théas an rud sin (cancer) in ainseal ar dhuine, is gearr an mhoill a fhaigheas sé ón bpian. Tagann na daolanna air chuile phointe
'Sí an phian a thagas ina daolanna mar sin is measa. Bíonn sí an-ghártha go héag. Dá seadaíodh sí duine i gcónaí, chítear dom féin nach mbeadh sí baol air chomh dona. Ach chreidim gur cuma cén chaoi a mbíonn an phian ag dul do dhuine má bhíonn sí air
Bhí an bheirt againn ag teacht as Gaillimh oíche agus 'sé an áit ar bhuail an donacht é ag Airdín an D. Ba é an rud ba tobainne é a chonaic mé ariamh: daol ceart. Bhí sé domhain go maith san oíche agus an áit sin sách uaigneach freisin. Ní raibh mé in mo bhambairne ariamh go dtí an oíche sin: gan fios agam an dtiocfainn ag iarraidh an tsagairt dó nó an bhfanfainn ina chionn. Ach d'imigh sí aríst chomh tobann agus a tháinig sí, chomh luath agus a bhí an daol sin dó (dhe) aige
Má airíonn tú an daol — an t-ardú — do do bhualadh, níl agat a dhéanamh ach bualadh fút ar bhall na háite go gcuire tú díot é
Tá sé in ann crochadóireacht leis, ach nuair a bhuaileas daol den phian sin é nach foláir dó síneadh go n-imí sí aríst. I nDomhnach tá sé in ann creachlaoiseacha móra a dhéanamh thar éis a mbíonn d'éagnach aige. Bhuail sí an tseachtain seo caite amuigh sa ngarraí é agus bhí sé ag dilleoireacht leo ag iarraidh orthu a dhul i gcoinne an dochtúra, ach bhí sé ar a sheanléim aríst faoi cheann uair an chloig. Nuair a thugas an racht sin a sheal bíonn sé an-spleodrach aríst ar an toirt
Ní bhíonn air ach an daol sin ach ní beag dhó a dhonacht. Ní fhágann sí láthar ar bith ann go ceann seachtaine aríst. Is deacair leis a theacht ar a chóir féin uaithi chor ar bith
Tháinig daol inti — pian thobann i gcois loite
Bíonn sí maith go leor nó go dteangaíonn daol léithe. Choinnigh sí in mo dhúiseacht mé ar feadh na hoíche aréir. Tá sí in aon bhró amháin anois (láimh)
+
Bhuel teagann daol oilc air scaití agus bíonn sé chomh corraithe sin agus go (gur) beag nach mbaineann sé lao as chuile bhó ar an mbaile. Sin é a bhealach. Ar an dá luath is a dtéann sé chun míneadais aríst, dheamhan duine go hiomaí is fheiliúnaí ná é. Bhainfeadh naíonán ceart dó. Dheamhan neart aige air. Sin é an chaoi a bhfuil sé. An té atá saor arsa tusa, caitheadh sé cloch
Chomh uain is a bhaineas an daol sin as — daol oilc — dheamhan gair ag aon duine a thaobhachtáil. Má thaobhaíonn, tá sé sáite, nó caite, nó arm ar bith is túisce aige. Dar fia tá! Mharódh sé é féin an nóiméad ina dhiaidh le náire, ach cén mhaith sin, ós é a bhealach é
TUILLEADH (1) ▼
Sháigh sé sin fear cheana agus dheamhan ceo a chuaigh air ach bliain. Rinne siad amach gurb as daol a d'éirigh sé dhó. Tá sin breá go leor, ach ba suarach an sásamh é don té a raibh a phutógaí ag imeacht ina ghlaic aige. Ní raibh sé in ann a gcur ar ais aríst as daol
+
Daol drochmhúineadh agus neart maistínteachta atá anois uirthi. Déarfá nach mbeadh sé éasca í sin a bhearradh ar ala na huaire! Ach míneoidh sí síos ar ball agus féadfaidh tú caint a chur uirthi má tá aon spéis agat inti
Bhí sé ag cur a chraicinn dó (de) ag damhsa i lár an tí. Agus céard a dhéanfadh sé — mar bhuailfeadh daol é — ach a theacht anuas agus é fhéin a ghróigeadh istigh sa gclúid agus tosaí ag fuarchaoineachán. Thosaigh mo choinsias! Daol bróin a tháinig air is cosúil. Ag caoineadh seanJ. a bhí sé
TUILLEADH (1) ▼
Deir na scorachaí sin a bhí thall in éineacht leis go mbíodh sé ar an gceird chéanna i Sasana. Bhuaileadh daolanna cumha é scaití, agus bhíodh sé bog te ag dul abhaile maidin lá arna mhárach. Ach maidin lá arna mhárach ní bhíodh aon chuimhne aige go raibh aon bhaile ariamh ann. A raibh de bháid aeir ag an German ní bhainfeadh feanc as aríst go saothraíodh sé páí na seachtaine
+
Theangmhaigh daol eicínt le M. anocht agus chomh pusach agus atá sí. Níl ann ach gur bheannaigh sí dhom sa mbóthar. Ach oibríodh sí léithe agus fuaraíodh sí sa gcraiceann céanna ar théigh sí cheana ann
Theangmhaigh daol eicínt leis inniu muis agus chomh luaineach agus atá sé ag imeacht. Níl a fhios agam nach ag smúrthacht i ndiaidh gearrchailí atá sé. Is maith an scaitheamh cheana nár facthas ar an mbóthar é — ná amach chor ar bith. Agus dheamhan é aríst go ceann fada
TUILLEADH (4) ▼
Theangmhaigh daol eicínt leis agus é a chastáil in éindí le mo dhuine. Sin é an cheád uair le bliain a bhfaca mé abuil a chéile iad. Murach (muna mbeadh) go n-airíonn sé brabach eicínt air muis, a Thiarna Dé is fada amach uaidh a d'fhanfadh sé
Chaithfeadh sé gur theangmhaigh daol eicínt leis ar maidin agus é a bheith ag imeacht ag broimseálacht mar sin. Ní réiteach don teach muis má tá dhá cheann an tí thrí lasadh mar sin (an fear agus an bhean ag troid). Ach b'fhurasta a aithinte nach i bhfad a bhainfidís amach suaimhneach agus an deis a bhí uirthi féin oíche na bainse
Cén sórt daol a theangmhaigh léi agus a theacht ar cuairt anseo thuas inniu. Níor facthas cheana ann í le saol is aimsir. Dúirt sí liom féin dhá bhliain go ham seo — lá a raibh mé ag caint léi i dteach an phosta — dheamhan a cois ná a cnáimh a thaobhódh iad an dá lá agus a bheadh sí beo aríst
Má theangmhaíonn daol leis siúd, is maith gasta a bheas sé ag tabhairt an tsráid amach do Mh. Ní rachainn faoi dhuit go gcaithfidh sé Oíche Nollag seo chugainn faoi shó ann choíchin. Má chaitheann, 'sé a chlochneart é
+
Fuair sí daol ó rud eicínt agus an súnás atá uirthi inniu — mar dhóigh dhe go bhfuair sí drochiarraidh (drochscéala, scéala nár thaitnigh léi, gur cuireadh múisiam mór uirthi, gur chuir rud eicínt callóid intinne uirthi srl.)
Murach go bhfuair sé daol ó rud eicínt, ní bheadh sé ag imeacht ar an gcóir sin le seachtain: gan buille maitheasa a dhéanamh, ach soir agus anoir an bóthar agus síos go cladach. B'fhéidir gurb í an cailín atá aige i M. atá ag dul ag pósadh nó ag déanamh roghain ar fhear eicínt eile. Níl aon duine in Éirinn is fusa a shaighdeadh ná é ar ndóigh
TUILLEADH (2) ▼
Ó rud eicínt nár thaitnigh leis anois a fuair sé an daol sin muis. An iníon atá ag cur a cosa uaithi aríst ag iarraidh a dhul go Sasana. An t-am deiridh a ndearna sí Sasana a shamhailt leis, bhí sé ag dul sna fraitheachaí go ceann míosa, agus thagadh daolanna an diabhail ann dhá gcainteá (gcaintíteá) ar aon duine a bhí i Sasana leis. Tá sé caite ina cheann críochnaithe aige gur i ndiaidh Ph. Mh. atá sí ag dul ann; agus chuile eallach aige ach é sin
Cén chaoi a bhfuair sé an daol sin? Bualadh soir maolabhrach go dtí tigh Th. agus fanacht ann ó bhí sé an dó a chlog go dtí an trí ar maidin. A Dhia dhá tharrtháil muis! Tá mé ag ceapadh go raibh nóta (nóta puint) sách sportha aige shula tháinig sé abhaile. Rath a cheirde air muis! Múisiam mór eicínt a cuireadh air sa mbaile le go dtug sé an tuairt sin air féin.
b.
+
Tá daolanna ag teacht ann lena dhul ag déanamh an rud — cuireann sé goití air fhéin go dtiocfaidh sé dhá dhéanamh bog te ar an toirt; tugann sé obainneacha a dhul dhá dhéanamh
Bhí daolanna cladaigh ag teacht ann le seachtain, ach dheamhan an cladach a thaobhaigh sé ina dhiaidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Bhí daolanna ag teacht ann a dhul agus D. a bhualadh, ach chuir sé stuaim ar an bhfoighid ina dhiaidh sin
Ná bac le fear ar bith a bhfeicfidh tú daolanna ag teacht ann a dhul ag pósadh. Ní phósfaidh an té sin go brách. Nó má phósann, 'sé an drochphósadh é, arae pósfaidh sé bean ar bith is túisce aige as ceann dá chuid daolannaí
2.
 meargántacht, stuaic, taghd.
+
Tá daol sa gcapall sin — níl sí gafach le smacht amach is amach. B'fhéidir gurb i lár do chruóige a thosódh sí ag cúlú, nó gurb é an uair a mbeifeá ag iarraidh a coinneáil ina seasamh a mbeadh díocas imeachta uirthi, nó a gcuirfeadh sí cor eicínt di nach mbeadh aon tsúil agat leis
An-chapall í murach an daol atá inti. Ní bheadh a fhios agat cén nóiméad ar mian léithe rith
TUILLEADH (4) ▼
Fhóbair gur mharaigh an capall S. Mh. Mh. Tá an-daol go deo inti
An gcuimhníonn tú ar an gcapall mór dubh a bhí ag J. Ch. A leathcheann sin í. Teagann daolanna inti ar an gcaoi chéanna
Bhainfeadh duine féin ceart go deo dhi, ach ná bac le aineolaí a dhul ina héadan ag an daol a theagas inti
Ní giongach féin atá sí ach daol eicínt a bhuaileas í, agus chomh uain is a sheasas an daol sin, ní bhainfeadh Goll Mac Móirne ceart di. Caithfidh sí a comhairle féin a fháil

daol in iontrálacha eile (15)

 
D'imigh an diabhal ar a chuid daidhciúlachta. Bíonn sé laethantaí agus ní bheannódh sé sa mbóthar duit. Laethantaí eile 'sé an fear is suáilcí a chas ariamh leat é. Léar (de réir) mar a bhuaileas an daol é, sin é an chaoi a bhfuil sé
 
Bíonn sé ina dhall dúda chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cén t-iontas é. Maraíonn sé sin é féin le uafás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thiteas sé ina chodladh amuigh sa ngarraí théis a dhinnéir, agus codlaíonn sé uair agus dhá uair go minic. Éiríonn sé ansin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an rí . Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go haer
 
B'fhéidir dá ndealaíodh an méid sin oilc leis, go suaimhneodh agus go dtiocfadh sé chun sástacht aríst. Ach chomh uain is a bheas an daol sin ag spochadh leis, níl aon cheart le baint de. Sin é a bhealach: taghdannaí mar sin; ach chomh luath agus a ligeas sé faoi aríst, níl aon duine faoin domhan is síodúla a bhíos ná é
 
diaidh
Chinn air aon deoch a fháil in aon teach sa tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh san airdeall orthu. Tháinig sé abhaile agus chuir sé na boinn le tine. Ba ghearr go dtáinig M. Bh. isteach agus d'inis sé dhó faoin gcaoi ar chinn air aon deoch a fháil. 'Chuile sheans go bhfuil siad ag ligean isteach daoine faoi seo,' adeir M. Bh., 'ní mhaireann an daol sin ach tamall.' Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaoil a mhainge. Ina dhiaidh sin féin, nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
 
Tá an ceann céanna sách díbheirgeach má fhaigheann sé an dóigh. Ní fhaca tú é an lá a raibh sé ag dul i ngeallta sa gcladach anuraidh. Sin é é. Ní thógfá a pháirt aríst go deo dhá bhfeictheá … Údar ar bith ach gur bhuail daol eicínt é agus gur tháinig sé anoir dhá roinn féin agus gur ionsaigh sé M. B. Dúirt sé leis go raibh sé ag baint na feamainne thar teorainn. Dúirt M. B. nach raibh, agus 'speáin sé an teorainn dó. Dúirt seisean nárbh í, ach is gearr an tsáraíocht a bhí ann nuair a thairg sé M. B. a bhualadh leis an gcorrán a bhí aige ag baint na feamainne. Thairg mo choinsias, agus thug sé obainn ar a dhéanamh freisin, ach casadh ailleog i láimh M. B. 'Má theagann tú níos gaire don teorainn,' adeir sé, 'ná atá tú, cuirfidh mise í seo báiteach in do bhaithis. Tháinig an bhean anoir ansin agus chlaon sé. Nach raibh sin anois sách díbheirgeach
 
Bíonn an breed sin an-dingliseach. Dheamhan capall dhá dtáinig ó stail Ch. nach raibh amhlaidh; bruite spéiriúil agus daol i chuile cheann acu! An bhfeiceann tú an cleas a rinne capall an Fh.?
 
Sin é an chaoi a bhfuil sé. Buaileann daol é laethanta. Ní fhaca tú aon fhear oibre go hiomaí a chinnfeadh air. Ach chomh luath agus a chuireas sé an méid sin díocais thairis, ní fhanann maith ná maoin ann. Dheamhan is móide buille maitheasa a dhéanfadh sé aríst go ceann coicíse.
 
Déarfainn gur dodaire maith í an múille sin ag T. Ch. Ach chreidim gurb annamh le múille gan a bheith ina dodaire. Bhíodh ceann agamsa anseo fadó agus b'éigean dom a díol. Nuair a bhuailfeadh an daol sin í, ní bheadh a fhios agat cá gcónódh sí leat féin ná leis an gcarr. Tá daoine ann a bhaineas ceart maith díobh, ach má tá, ní mise é
 
dóigh 2
B'fhéidir nach dóichíde rud dhá ndéanfainn fós ná fanacht as ar fad. Is iomaí daol a théas thríomsa ó théim a chodladh san oíche nó go n-éirím aríst ar maidin. D'fhéadfá a rá gurb iomaí
 
Tá sé ag dul soir anois muis ar na drochóirí dó féin. Daol eicínt a bhuail anois é. Tá sé ag dul ar an ól go siúráilte. Diabhal bréag muis nach bhfuil dream anseo thoir atá in ann síneadh leis. Tiocfaidh sé anoir deireadh oíche, agus a phócaí sciúrtha
+
dubh 1
Tá sé chomh dubh leis an daol.
TUILLEADH (2) ▼
Ní duibhe an daol fhéin ná é
Is duibhe an fhéasóig atá air ná an daol fhéin
 
Rinne sé dubhní air féin, sábhála Dia sinn. Ach tá mé ag ceapadh go raibh daol eicínt air sa gceann. Chuaigh cuisle (cuisne, coiste) air, agus shílfeá nach mó ná sásta a bhí an sagart go gcuirfí sa reilig é
 
Dúchas go sábhála Dia sinn! Má tá sé le dúchas, tá sé réidh. Is fada théis an madadh fuiliú ar dhuine go séideann an dúchas. B'fhéidir go mbeadh sé sé seachtainí nó ráithe nó tuilleadh. Isteach faoi do dhealrachán ansin slán an tsamhail, a bhuailfeadh an phian thú, nó isteach in do gheolbhach. Thiocfadh scéin in do shúile, agus thosófá ag cur chúir amach. Ó is gearr a mhairfeadh duine leis. Trí lá nó cheithre lá ar a fhad. Bheadh daol ort chuile phointe agus meirfean ina dhiaidh. Ribe fíonnaigh as an madadh dúchais féin an t-aon leigheas a bhí air. Deir siad nach mór do chuile shórt leigheas dhá chuid féin