Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Daol
ainm-fhocal. Fireann
iolraidh — daola, daolannaí.
1.
treall; taom; iarraidh; saighead; driog; drithlín; racht.
a.
+
Teagann daol pian (ní ghabhann pian le claochlódh tuisil anois ach go rí-annamh) corr-uair air = teigheann drioganna pian thríd corr-uair (taom thobann)
Is annamh a bhuaileas an phian é. In a daolannaí (daola freisin) a thagas sí, ach is olc an ailím í an fhad agus a mhaireas sí
TUILLEADH (8) ▼
In a daolannaí a bhíos pian an chancair sin ar dhuine. Tagann sí de phlimp agus faghann duine fuarú uaithe ar an gcóir chéadna. Bíonn sí an-ghártha de'n tsaoghal. Chonnaic mé B. Ph. léithe — go ndéanaidh Dia grásta air. Bhí mé féin agus é féin i gciúin-chomhrádh thiar ar an teallach mar tá mise agus thusa anois bail ó Dhia ort. Dheamhan aithne ceo a bhí air. De ghorta an gharta tháinic an daol air. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis an screadach léithe. Bhain sí tuairim agus dhá uair an chluig as, agus chlaochmuigh sí annsin aríst. Ach ó theigheas an rud sin (cancar) in ainsil ar dhuine is gearr an mhoill a fhaghas sé ó'n bpian. Tagann na daolanna air 'chuile phuinte
'Sí an phian a thagas in a daolanna mar sin is measa. Bíonn sí an-ghártha go h-éag. Dá seaduigheadh sí duine i gcomhnuí chítear dom féin nach mbeadh sí baoghal air cho dona. Ach chreidim gur cuma cé'n chaoi a mbíonn an phian ag dul do dhuine má bhíonn sí air
Bhí an bheirt againn ag teacht as Gaillimh oíche agus sé an áit ar bhuail an donacht é ag Áirdín an D. Badh é an rud ba tobainne é a chonnaic mé ariamh: daol ceart. Bhí sé domhain go maith ins an oíche agus an áit sin sáthach uaigneach freisin. Ní raibh mé in mo bhambairne ariamh go dtí an oíche sin: gan fios agam a dtiocfainn ag iarraidh an tsagairt dó nó an bhfanfainn in a chionn. Ach d'imigh sí aríst cho tobann agus a tháinig sí, cho luath agus a bhí an daol sin dó (dhe) aige
Má airigheann tú an daol — an t-árdú — do do bhualadh, níl agad a dhéanamh ach bualadh fút ar bhall na h-áite go gcuiridh tú díot é.
Tá sé indon crochadóireacht leis ach an uair a bhuaileas daol de'n phian sin é nach flearr (fuláir) dó síneadh go n-imighidh sí aríst. InDomhnach tá sé indon creachlaoiseacha móra a dhéanamh tharéis a mbíonn d'éagnach aige. Bhuail sí an tseachtain seo caithte amuigh ins an ngarrdha é agus bhí sé ag dilleoireacht leo ag iarraidh orra a dhul i gcoinne an dochtúra, ach bhí sé ar a shean-léim aríst faoi cheann uair an chluig. An uair a thugas an reacht sin a sheal bíonn sé an-spleodrach aríst ar an toirt.
Ní bhíonn air ach an daol sin ach ní beag dhó a dhonacht. Ní fhágann sí láthar ar bith ann go ceann seachtaine aríst. Is deacair leis a theacht ar a chóir féin uaithe chor ar bith
Tháinig daol innte = pian thobann i gcois lottha
Bíonn sí maith go leór nó go dtangaíonn daol léithe. Choinnigh sí in mo dhúiseacht mé ar fea na h-oíche aréir. Tá sí in aon-bhró amháin anois (láimh)
+
Bhuel teagann daol uilc air scaithtí agus bíonn sé cho corruighthe sin agus go (gur) beag nach mbaineann sé laogh as 'chuile bhó ar an mbaile. Sin é a bhealach. Ar an dá luath agus a dteigheann sé 'un míneadais aríst dheamhan duine go h-iomaoi is fheilmheanaighe ná é. Bhainfeadh naoidhneán ceart dó. Dheamhan neart aige air. Sin é an chaoi a bhfuil sé. An té atá saor arsa tusa caithead sé cloch
Chomh uain agus a bhaineas an daol sin as — daol uilc — dheamhan goir ag aon-duine a thaobhachtáil. Má thaobhuigheann, tá sé sáithte, nó caithte, nó arm ar bith is túisce aige. Dar fiadh tá! Mharbhóchadh sé é féin an nóiméad in a dhiaidh le náire, ach cé'n mhaith sin, ó's é a bhealach é.
TUILLEADH (1) ▼
Sháith sé sin fear cheana agus dheamhan ceo a chuaidh air ach bliain. Rinne siad amach gurb as daol a d'eirigh sé dhó. Tá sin breagh go leor ach ba suarach an sásamh é do'n té a raibh a phutógaí ag imeacht in a ghlaic aige. Ní raibh sé indon a gcur ar ais aríst as daol
+
Daol droch-mhúineadha agus neart maistínteacht' atá anois uirre. Déarfá nach mbeadh sé éascaidh í sin a bhearradh ar ala na h-uaire! Ach míneochaidh sí síos ar ball agus féadfaidh tú caint a chur uirre má tá aon-spéis agad innte
Bhí sé ag cur a chraicinn dó (de) ag damhsa i lár an tighe. Agus céard a dhéanfadh sé — mar bhuailfeadh daol é — ach a theacht anuas agus é fhéin a ghróigeadh istigh ins an gclúid agus tosuighe ag fuar(for)-chaoineachán. Thosuigh mo choinsias! Daol brúin (bróin) a tháinig air is cosamhail. Ag caoineadh sean-J. a bhí sé.
TUILLEADH (1) ▼
Deir na scurachaí sin a bhí thall in aoineacht leis go mbíodh sé ar an gceird chéadna i Sasana. Bhuaileadh daolanna cumha é scaithtí, agus bhíodh sé bog te ag dul abhaile maidin lá'r na bháireach. Ach maidin lá'r na bháireach ní bhíodh aon-chuimhne aige go raibh aon-bhaile ariamh ann. A raibh de bháid aeir ag an "German" ní bhainfeadh feanc as aríst go saothruigheadh sé páighe na seachtaine
+
Theangmhuigh daol eicínt le M. anocht agus cho pusach agus atá sí. Níl ann ach gur bheannuigh sí dhom ins an mbóthar. Ach oibrigheadh sí léithe agus fuaruigheadh sí ins an gcraiceann céadna ar théith sí cheana ann
Theangmhuigh daol eicínt leis indiu muis agus cho luainneach agus atá sé ag imeacht. Níl a fhios agam nach ag smúracht indiaidh gearrchaileadha atá sé. Is maith an scathamh cheana nar facthas ar an mbóthar é — ná amach chor ar bith. Agus dheamhan é aríst go ceann fada
TUILLEADH (4) ▼
Theangmhuigh daol eicínt leis agus é a chastáil in éindigh le mo dhuine. Sin é an chéad uair le bliain a bhfaca mé abuil a chéile iad. Marach (muna mbeadh) go n-airigheann sé brabach eicínt air muis, a Thighearna Dé is fada amach uaidh a d'fhanfadh sé.
Chaithfeadh sé gur theangmhuigh daol eicínt leis ar maidin agus é a bheith ag imeacht ag bruimseálacht mar sin. Ní réidhteach do'n teach muis má tá dhá cheann an tighe thrídh lasadh mar sin (an fear agus an bhean ag troid). Ach b'fhurasta aithinte nach i bhfad a bhainfidís amach suaimhneach agus an deis a bhí uirre féin oíche na bainse
Cé'n sórt daol a theangmhuigh léi agus a theacht ar cuairt annseo thuas indiu. Níor facthas cheana ann í le saoghal agus aimsir. Dubhairt sí liom féin dhá bhliain go h-am seo — lá a raibh mé ag caint léi i dteach an phosta — dheamhan a cois ná a cnáimh a thaobhóchadh iad an dá lá agus a bheadh sí beo aríst.
Má theangmhuigheann daol leis siúd is maith gasta a bheidheas sé ag tabhairt an tsráid amach do Mh. Ní rachainn faoi dhuit go gcaithfidh sé oíche Nodlag seo chugainn faoi shógh ann choidhchin. Má chaitheann, 'sé a chloch-neart é
+
Fuair sí daol ó rud eicínt agus an súnás atá uirre indiu = mar dhóigh dhe go bhfuair sí droch-iarraidh (droch-scéala, scéala nar thaithnigh léi, gur cuireadh múisiam mór uirre, gur chuir rud eicínt callóid intinne uirre agus rl.).
Marach go bhfuair sé daol ó rud eicínt ní bheadh sé ag imeacht ar an gcóir sin le seachtain: gan buille maitheasa a dhéanamh, ach soir agus anoir an bóthar agus síos go cladach. B'fhéidir gurb í an cailín atá aige i M. atá ag dul ag pósadh nó ag déanamh roghain ar fhear eicínt eile. Níl aon-duine in Éirinn is fusa a shaghdadh ná é 'ar nú (ar ndóigh).
TUILLEADH (2) ▼
Ó rud eicínt nar thaithnigh leis anois a fuair sé an daol sin muis. An inghean atá ag cur a cosa uaithe aríst ag iarraidh a dhul go Sasana. An t-am deire a ndearna sí Sasana a shamhailt leis, bhí sé ag dul ins na fraghthachaí go ceann míosa, agus thagadh daolanna an diabhail ann dhá gcainteá (gcaintightheá) ar aonduine a bhí i Sasana leis. Tá sé caithte in a cheann críochnuighthe aige gur indiaidh Ph. Mh. atá sí ag dul ann; agus 'chuile eallach aige ach é sin
Cé'n chaoi a bhfuair sé an daol sin? Bualadh soir maolfhabharthach go dtí tigh Th. agus fanacht ann ó bhí sé an dó a chlog go dtí an trí ar maidin. A Dhia dhá thárrtháil muis! Tá mé ag ceapadh go raibh núta (nóta puint) sáthach spartha aige shul 'á tháinig sé abhaile. Rath a cheirde air muis! Múisiam mór eicínt a cuireadh air ins an mbaile le go dtug sé an tuairt sin air féin.
b.
+
Tá daolanna ag teacht ann len a dhul ag déanamh an rud = cuireann sé goithtí air fhéin go dtiocfaidh sé dhá dhéanamh bog te ar an toirt; tugann sé obainneacha a dhul dhá dhéanamh
Bhí daolanna cladaigh ag teacht ann le seachtain ach dheamhan an cladach a thaobhuigh sé in a dheidh sin (dhiaidh)
TUILLEADH (2) ▼
Bhí daolanna ag teacht ann a dhul agus D. a bhualadh, ach chuir sé stuaim ar an bhfoighid in a dheidh sin
Ná bac le fear ar bith a bhfeicfidh tú daolanna ag teacht ann a dhul ag pósadh. Ní phósfaidh an té sin go bráth. Nó má phósann sé an droch-phósadh é, arae pósfaidh sé bean ar bith is túisce aige as ceann dá chuid daolannaí
2.
meargántacht, stuaic, taghd.
+
Tá daol ins an gcapall sin = níl sí gabhthach le smacht amach agus amach. B'fhéidir gurb i lár do chruadhóige a thosóchadh sí ag cúlú, nó gurb é an uair a mbeitheá ag iarraidh a coinneál in a seasamh a mbeadh díocas imeachta uirre, nó a gcuirfeadh sí cor eicínt di nach mbeadh aon-tsúil agad leis.
An-chapall í marach an daol atá innte. Ní bheadh a fhios agad cé'n noiméad ar mian léithe rith
TUILLEADH (4) ▼
Fhobair gur mharbhuigh an capall S. Mh. Mh. Tá an-daol go deo innte
An gcuimhnigheann tú ar an gcapall mór dubh a bhí ag J. Ch. A leath-cheann sin í. Teagann daolanna innte ar an gcaoi chéadna
Bhainfeadh duine féin ceart go deo dhi, ach ná bac le aineoluidhe a dhul in a h-éadan ag an daol a theagas innte.
Ní giogach (giongach) féin atá sí ach daol eicínt a bhuaileas í agus cho uain agus a sheasas an daol sin, ní bhainfeadh Goll Mac Móirne ceart di. Caithfidh sí a comhairle féin a fháil.

Daol in iontrálacha eile (18)

 
D'imigh an diabhal ar a chuid daighceamhlacht'. Bíonn sé laetheantaí agus ní bheannóchadh sé ins an mbóthar duit. Laetheantaí eile 'sé an fear is subháilcighe a chas ariamh leat é. Léar (de réir) mar a bhuaileas an daol é, sin é an chaoi a bhfuil sé
 
Bíonn sé in a dhall dúda 'chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cé'n t-iongantas é. Marbhuigheann sé sin é féin le uathbhás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thuiteas sé in a chodladh amuigh ins an ngarrdha th'éis a dhínnéir, agus codluigheann sé uair agus dhá uair go minic. Eirigheann sé annsin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an Rí. Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go h-aer
 
B'fhéidir dá ndealuigheadh an méid sin uilc leis, go suaimneochadh agus go dtiocfadh sé 'un sástacht aríst. Ach cho uain agus a bhéas an daol sin ag spochadh leis, níl aon-cheart le baint de. Sin é a bhealach: taghdannaí mar sin; ach cho luath agus a leigeas sé faoi aríst, níl aonduine faoi'n domhan is síodamhla a bhíos ná é
+
D'fheicfeá dearga daol is 'chuile áit. Is minic a bhíos siad ag snámh ar an urlár annsin. Bíonn brat aca i móin freisin. Níl sé dhá lá fós ó a chonnaic mé maistín de dhearga daol annsin amuigh ar an mbóthar. Brugh do chois air sin is 'chuile áit dhá bhfeicidh tú é. Is ceart é a mharbhú. Leis an Diabhal an dearga daol. Nach ndearna sé feall ar Mhac Dé! = creidtear seo. Buailtear cois air i gcomhnaí
TUILLEADH (2) ▼
Dearga daol ab eadh! Tá gath 'sa dearga daol amuigh in a chloigeann. Diabhal gath a chuir sé ionnamsa ariamh, ach chonnaic mé daoine ar chuir sé ionnta é
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
 
diaidh
Chinn air aon-deoch a fháil in aon-teach ins an tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh ins an áirdeall orra. Tháinic sé abhaile agus chuir sé na buinn le teine. Ba ghearr go dtáinic M. Bh. isteach agus d'innis sé dhó faoi'n gcaoi ar chinn air aon-deoch a fháil. "'Chuile sheans go bhfuil siad ag leigean isteach daoine faoi seo" adeir M. Bh. "ní mhaireann an daol sin ach tamall." Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaol a mhainge. Ina dheidh sin féin nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
 
Tá an ceann céadna sáthach díbheirgeach má fhaghann sé an dó(igh). Ní fhaca tú é an lá a raibh sé ag dul ingeallta ins an gcladach anuiridh. Sin é é. Ní thóigfeá a pháirt aríst go deo dhá bhfeictheá … Údar ar bith ach gur bhuail daol eicínt é agus gur tháinig sé anoir dhá roinn féin agus gur ionnsuigh sé M. B. Dubhairt sé leis go raibh sé ag baint na feamuinne thar teorainn. Dubhairt M. B. nach raibh, agus 'sbáin sé an teorainn dó. Dubhairt seisean narbh í, ach is gearr an tsáruigheacht a bhí ann an uair a thairg sé M. B. a bhualadh leis an gcorrán a bhí aige ag baint na feamuinne. Thairg mo choinsias, agus thug sé obainn ar a dhéanamh freisin, ach casadh ailleog i láimh M. B. "Má theagann tú níos goire do'n teorainn" adeir sé "ná tá tú, cuirfidh mise í seo báidhteach in do bhaithis. Tháinig an bhean anoir annsin agus chlaon sé. Nach raibh sin anois sáthach díbheirgeach
 
Bíonn an "breed" sin an-dingliseach. Dheamhan capall dhá dtáinig ó stail Ch. nach raibh amhlaidh; bruithte, spéireamhail agus daol is 'chuile cheann aca! Bhfeiceann tú an cleas a rinne capall an Fh.?
 
Sin é an chaoi a bhfuil sé. Buaileann daol é laetheanta. Ní fhaca tú aon-fhear oibre go h-iomaí a chinnfeadh air. Ach cho luath agus a chuireas sé an méid sin díocais thairis ní fhanann maith ná maoin ann. Dheamhan agus móide buille maitheasa a dhéanfadh sé aríst go ceann coicíse.
 
Déarfainn gur dodaire maith í an múille sin ag T. Ch. Ach chreidim gurb annamh le múille gan a bheith in a dodaire. Bhíodh ceann agamsa annseo fadó agus b'éigin dom a díol. An uair a bhuailfeadh an daol sin í, ní bheadh a fhios agad cá gcomhnóchadh sí leat féin ná leis an gcarr. Tá daoine ann a bhaineas ceart maith díob, ach má tá ní mise é
 
dóigh 2
B'fhéidir nach dóighide rud dhá ndéanfainn fós ná fanacht as ar fad. Is iomdha daol a theigheas thríomsa ó a theighim a chodladh ins an oíche nó go n-eirighim aríst ar maidin. D'fhéadfá a rádh gurb iomdha
 
Tá sé ag dul soir anois muis ar na drochóirí dó féin. Daol eicínt a bhuail anois é. Tá sé ag dul ar an ól go siúráilte. Diabhal bréag muis nach bhfuil dream annseo thoir atá indon síneadh leis. Tiocfaidh sé anoir deireadh oíche, agus a phócaí sciúrtha
+
dubh 1
Tá sé cho dubh leis an daol.
TUILLEADH (2) ▼
Ní duibhe an daol fhéin ná é
Is duibhe an fhéasóig atá air ná an daol fhéin
 
Rinne sé dubh ní air féin, sábhala Dia sinn. Ach tá mé ag ceapadh go raibh daol eicínt air san gceann. Chuaigh cuisle (cuisne, coiste) air, agus shílfeá nach mó ná sásta a bhí an sagart go gcuirfí san roillic é
 
Dúchas 'sábhálaidh Dia sinn! Má tá sé le dúchas tá sé réidh. Is fada th'éis an madadh fuiliú ar dhuine, go séideann an dúchas. B'fhéidir go mbeadh sé sé seachtainí nó ráithe nó tuilleadh. Isteach faoi do dheallracán annsin slán an tsamhail a bhuailfeadh an phian thú, nó isteach in do gheolbhach. Thiocfadh scéin in do shúile, agus thosóchthá ag cur chubhair amach. Ó is gearr a mhairfeadh duine leis. Trí lá nó cheithre lá ar a fhad. Bheadh daol ort 'chuile phuinte agus meirbhthean in a dhiaidh. Ribe fíonnaigh as an madadh dúchais féin an t-aon-leigheas a bhí air. Deir siad nach mór do 'chuile shórt leigheas dhá chuid féin