Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deil
1.
 gléas a bhíos ag deileadóir, ag potadóir, ag cúipéara agus ag fir cheirde eile; turner's lathe; ba í an chéad inneall dháiríre í.
·
Dhá bhfaigheadh sé deil, adeir sé, thógfadh sé an tobán dom. Shantaigh mé a rá leis gur fada ón stuaim an stocaireacht, ach choinnigh mé faoi mo chúlfhiacail é ina dhiaidh sin
Bhí deil thuas ag an gC. ach cá'il an té a gheobhas uaidh sin í. Níl aon bhall oirnise ag aon siúinéara ná ag aon saor adhmaid istigh i nGaillimh nach bhfuil aige thuas ansiúd, ach do dhúshlán drann leo. Is gortach é an ceann céanna faoi rud ar bith dhá bhfuil aige
+
Níl aon cheo ón deil amach nach bhfuil déanta aige — níl aon cheo deilbhthe nach bhfuil sé in ann a dhéanamh; duine stuama
Ab é M. Sh.! Níl aon cheo ón deil amach agus an deil féin nach ndéanfadh sé. Is mór an stuaim a gheall Dia dhó
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon cheo ón deil amach nach bhfuil sa teach siúd — teach deisithe; teach a bhfuil chuile ní ann dhá dteastóidh
Níl ball dhá dtáinig ariamh ón deil nach raibh anseo scaitheamh. É féin an fhad is a mhair sé — go ndéana Dia grásta air! — bhí chuile shórt aige. An rud nach raibh sé fhéin in ann a dhéanamh bhí sé ceannaithe aige. Ach chuaigh scaipeadh ar a raibh ann ó shin. Is mór acu a tharlaigh sé seo thíos leis, ní dhá mhaíochtáil air é!
Ara dheamhan blas ón deil amach nach bhfuil duine eicínt dhá bhfuil ansin in ann a dhéanta. Breathnaigh ar na cuinneogaí agus ar na drisiúir atá acu
Is cuma sa mí-ádh céard atá sé in ann a dhéanamh. Dhá ndéanadh sé chuile shórt ón deil amach, níl a cheird aige. Breathnaigh air sin! Ar ndóigh níl déanta dhó (dhe). Dhéanfainn féin chomh maith é, ach leisce bualadh faoi
2.
a.
tá deil ann — feac deilbhthe, nó feac cruinn, nó feac a bheadh snoite amach, réidh le cur san iarainn. Níor chuala mé mar sin é faoi rud ar bith ach faoi fheac ach thiocfadh dhó go bhféadfaí leas a bhaint as faoi rudaí eile .i. rud ar bith a bheadh faoi réir lena chur ag obair.
+
Sin é an buachaill atá in ann an deil a chur ann. Féacha é sin!
Dar fia tá deil sa bhfeac seo. Faigh an t-iarann go gcuirtear isteach é. Go lige Dia do shláinte dhuit, beidh láí shlachtmhar agam de do bharr. Anois b'fhéidir! Chugat a gharraí!
TUILLEADH (1) ▼
An mar sin atá tú! Níor leag tú aon láimh ar an bhfeac fós agus gur shíl mise go mbeadh deil agat ann faoi seo. Sílim go bhfuil drogall ort an láí a chur isteach le faitíos roimh an earrach. Do leithide de scrománach luath láidir!
b.
 ar deil: ar fheabhas; foirfe; faoi réir; deisithe; plánáilte nó snoite.
+
Tá sé ar deil anois — ar fheabhas; rud a bheith déanta gan aon locht; rud a bheith réidh uilig, nó déanta nó snoite amach cothrom; réidh le cur ag obair; faoi réir le socrú isteach in áit mar a bheadh píosa adhmaid a bheifeá a chur isteach i ndrisiúr, i gcomhra, i gcarr nó i rud ar bith; plánáilte; deis déanta agat le socrú isteach in áit; gach rud a bheith ar sheol na braiche; bailchríoch nó slacht a bheith ar rud; gan aon dol ná marach a beith ar rud
Tá sé ar deil anois. 'Sé a dhíol ceart é
TUILLEADH (11) ▼
Bhí cláirín ansin an lá cheana agus ba é a bheadh ar deil lena aghaidh dhá mbeadh a fhios cá ndeachaigh sé. Ach sin é an buille. Ní fhágfaí fad méire sa teach seo
Tá an carr siúd ar deil anois aige, ach a dhul dhá iarraidh. Níl aon saor cairr ann ach é ina dhiaidh sin
Tá an bord sin ar deil anois ach scaird phaint a bhualadh air. Ní fhéadaimse níos mó a dhéanamh leis ar aon nós. Chugat nóiméad go mbailí mé an oirnis seo!
Chaith mé an lá leis an mbicycle dhá dheisiú. Tá sé ar deil anois dhá mbeadh tyre deiridh agam. Ach sin é an aimléis. Ní féidir a bhfáil
Deir tusa go bhfuil an bhróig sin ar deil, ach deirimse go bhfuil sí ar a dhonacht. An bhfeiceann tú an lasca sin? Ní bheidh díon deoir inti ach a dtaga an chéad chith bháistí
Tá sé ar deil anois. Ná bí do do mheath fhéin níos faide leis. An iomarca dhá anró atá faighte agat dhá mbeadh neart air
Diabhal bréag muise nár fhága sé ar deil í, go lige Dia mór a shaol agus a shláinte dhó. Is deacair a rá ina dhiaidh sin nach togha fear ceirde é
Bheadh an teach seo ar deil meireach an simléar, ach ní measa beirthe é arsa tusa
Ná bac liomsa anois chor ar bith. Dar príosta tá mise ar deil. Níor dhéan (dhearna) mé ach éirí ó mo chuid tae shula dtáinig mé
Tá mise ar deil anois. Téadh muid abhaile. Tá mo sháith pórtair ólta agamsa ar chaoi ar bith
Tá sí ar deil anois le pósadh má fuair sí an oiread sin uachta

Féach freisin

deil in iontrálacha eile (61)

 
Cuir an píosa páipéar sin sa tine, agus bíodh sé dubhdhearg agus cródhearg shula dtuga tú dhom é … Le aghaidh mo phíopa! Deile!
 
An gceapann tusa dá ndéantaí rud den tsórt sin nach é an chóir a ndaighneodh sé iad i leaba a lagachan. 'Sé deile
 
Níl dalláin ar bith i leath na síolta seo. Ní fhaca mé a leithide de ghrifisc fhataí ó rugadh mé. Cén poll a raibh siad seo. Poill gharraí an chladaigh. Deile. Tabhair suas do gharraí an chladaigh ariamh féin é
 
danra
hIarradh air fanacht sa mbaile. Bhí siad ina suí go te, agus ar ndóigh is dó a shroichfeadh a raibh ann. Deile, agus é ina bhior in aon tsúil. Ach ní bheadh aon tsástaíocht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn ar ndóigh. Duine aerach a bhí ann agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaighdeadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneáil ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhúirt an t-athair drúcht ná báisteach ach: 'A chomhairle féin do mhac dhanra,' adeir sé, 'agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.' B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann nuair a thit ceann de na rudaí eile sin air — na bombs
+
Céard a rinne mé leis an scaipiúch sprémhóna? D'fhága mé ansiúd ag an deachma í. Deile céard a dhéanfainn léithe. Ar ndóigh níl tú ag síleachtáil go gceannódh fear lorry í, agus ní bheadh sí ach ag cur áite amú orainn féin lena cruachadh.
TUILLEADH (1) ▼
Maidir le na murlacha sin atá thíos ansin aige, ní bhuachfaidh sé aon phínn go brách orthu. Dheamhan pínn muis. Nach mór den leibideacht atá air a bheith dhá gcoinneáil fálaithe. Cén bhrí ach bíonn claíochaí chomh hard aige orthu le balla an phríosúin: ag iarraidh daoine a bhascadh, agus treampán a chur orthu, deile. Dhéanfadh an draíodóirín siúd lena chuid aisiléireachta é. An bhfuil a fhios agat céard adúirt sé liom an lá cheana: go raibh sé ag brath ar an gcurach thoir acu a leasú i mbliana. 'Go gcuire Dia an t-ádh ort,' adeirimse. 'Tabhair don deachma iad agus ná bídís ansin in do bhealach féin, agus i mbealach an bhaile, scáth an tairbhe atá orthu'
 
déan 1
Thug sé rud le déanamh dó a theacht abhaile aréir. Bhí sé tomhaiste go maith. "Bainne na heasóige", deile!
 
Deile céard í ach bean Achréidh déanta. Óna máthair a thug sí na bealaí sin. As an Achréidh muintir na máthar fréna chéile. Ach shílfeá go bhfuil siad chomh fada san áit seo anois agus go mbeidís taithithe ann
 
dearg- 3
Deargbhligeardacht í sin. Deile céard í?
 
Bhí beirt cheannaí ag dul an bóthar fadó. Thosaigh siad ag sáraíocht. Dúirt ceann acu go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháraigh an ceann eile air nárbh fhearr. 'Fágfaidh muid ar bhreithiúnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é,' adeir duine acu. 'Tá go maith,' adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siúl ionsaí. Ba ghearr go dtáinig siad ar dheargadaol ar an mbóthar. Chrom an ceannaí bréagach síos. 'Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag,' adeir sé leis an deargadaol. 'An bhréag, go deile,' adeir an deargadaol. 'Sín amach mo gheall agam,' adeir an Ceannaí bréagach. Shín. Scar siad lena chéile. Ba ghearr a chuaigh an ceannaí bréagach nuair a thosaigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinig sé suas leis an deargadaol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamaigh an deargadaol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat deargadaoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneall. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinig an sagart. Nuair a chonaic sé an deis a bhí air, chuaigh sé amach as an seomra agus thosaigh sé ag léamh a leabhair. 'Gabh isteach,' adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill, 'agus féacha cén chaoi a bhfuil sé.' Chuaigh an cailín isteach. 'Tá sé faoi dheargadaoil ar fad,' adeir sí. 'Níl scioltar fágtha air nach bhfuil ite dhó.' Léigh sé leis eadra eile. 'Gabh isteach anois,' adeir sé, 'agus féacha cén chaoi atá air.' 'Tá fiche brat deargadaoil anois air,' adeir sí. 'Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh.' 'Tá an cholainn ag an diabhal,' adeir an sagart, 'ach beidh an t-anam agamsa dhá bhuíochas.' Tháinig an oiread eile díocais air ag léamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na deargadaoil)
 
dearmad 1
Tá an cat ar an mbord aríst. Dearmad bhean an tí, deile — d'fhága sí bainne, im, arán srl. ann
 
Le neart dea-uaire atá an chlagarnaíl sin ag na cladaí. Deile!
 
An deidearún! Deile cén chaoi a mbeadh sé. Sin é an chuma atá sé a chur air fhéin!
 
Tá faobhar ar a deimheas aici anois. Feicfidh tú píosa sciolladóireacht anseo roimh an oíche, nár chuala tú a leithide ariamh, má ionsaíonn sí féin agus an rúisc thuas a chéile. M'anam, nach í an ribín réidh í an bhean thuas muise ach an oiread leis an gceann síos, má bheoíonn sí féin amach chun siúite. Bhí an chéad eadra den achrann seo [...] inné … Cearca deile … nach é an sionnach a fhéadfas a [...] a dhéanamh fúthu!
 
Agus nach é S. a raibh an ceart aige as deireadh na cúise. Deile?
+
deis
Gabharmint (Government) ar bith nach bhfuil in ann deis tógtha a chur ar na daoine, is gearr é a shaol. Nach lena aghaidh sin atá siad ann. Deile?
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal bréag nach fiú dhó a bheith ag imeacht agus a chollar agus a tie air. Ní raibh aon lá ariamh nach raibh stróic den leithead ag imeacht le na Seáiníní céanna, pé ar bith sa diabhal cén fáth. Onóir gan deis ar ndóigh. Deile
 
Dhá mbeadh chuile dhuine chomh deisiúil le chéile, ní bheadh fear mór ná fear beag ann, agus bheadh an saol ar deil. Ach níl sé mar sin, ná ní bheidh sé mar sin go lá an Luain
 
Deile céard iad ach deargbhréaga! Meas tusa an raibh fear ar bith ariamh acmhainneach ar sheacht míle farraige théachtaithe a chaitheamh de léim! Ach deir siad ina dhiaidh sin nach raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht in éindí ariamh
+
diaidh
Tá drogall an mhí-ádh air a dhul siar anois san áit a bhfuil sé ag dul: tigh na deirfíre. Féacha an chaoi a bhfuil cois i ndiaidh na coise eile aige. Choinneodh adhastar sneachta as anois é. Ní bhíonn grásta ar bith aige a theacht anoir thar cheann an bhóithrín chor ar bith … aistiúlacht. Deile?
TUILLEADH (1) ▼
Cén meanmna a chas aníos chugainn é! Cheal nach bhfuil a fhios agat. I ndiaidh óil. Deile. Shíl sé go mbeadh aon bhrabach orainn. Bailíodh leis anois. Dhá dtiteadh déidín aige ag súil leis, dheamhan deoir a gheobhadh sé anseo
 
Tá an bodach sin drochmhúinte (m maon. Béim an ghutha ar an gcéad siolla) díbheirgeach ach deile cén chaoi a mbeadh sé. Ní fhaca muid aon duine dhá chineál ar a mhalrait ariamh. Níor casadh bó ná gamhain ar chuid a athar ariamh nár mharaigh sé. Ach thug M. Mh. giorrachan saoil dhó sa deireadh, agus ba bheag an scéal é go ndéana Dia grásta air. 'Sé an t-iontas é, nárbh fhadó roimhe sin a rinneadh leis é. Bhí an baile faoina chosa ceart aige. Bhascadh sé a mbíodh acu
 
Cén chaoi a ndearna sí díchúis dom? Breathnaigh ar a comhaois de bhromach: é sin thiar ag M. Dhá bhfaighteása breith is dá roghain ar an bpéire, cé acu a thógfá? … Ceann M. deile. Agus ansin déarfaidh tú nach ndearna mo cheannsa díchúis orm féin
 
ding
Tá an-ding sa mudguard tosaigh aige. Rith isteach i stuaicín an sconsa thiar ag an teach a rinne sé. A chuid sleamchúise féin, deile! 'Sé an fear deiridh é le dhul i ngreim i roth mótair
 
Níl aon lá le mo chuimhne nach bhfuil an fharraige ag déanamh díobhála ansin thíos, ach diabhal comhla a chuirfidís na dhiaidh sin ann, théis go bhfuil mo theanga caite agam dhá iarraidh orthu. An dea-ghealladh, agus an droch-chomhlíonadh, deile
 
Beidh sé leis an tuí sin anois dhá diogáil agus dhá bearradh agus dhá cíoradh nó go mbeidh sí ar deil aige
+
Ara ní chuireann siad tada sna háiteachaí seo ach díogha na máistrí scoile. Deile. Céard atá a fhios ag na daoine le cur ina n-aghaidh. Nach féidir scramachán ar bith a chaitheamh isteach againne anseo, agus cé a bhraithfeas é
TUILLEADH (2) ▼
Nach seafóideach an duinín thú. Is agat atá an ghnaithe ag margadh, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort. Nuair adúirt seisean gurb iad an díogha iad, chreid tusa é, is cosúil. Deile céard adéarfadh sé. Nach ag iarraidh a gcur anuas ar an bpínn is saoire a bhí seisean ó bhí sé dhá gceannacht. Séard a bhí agatsa a dhéanamh an uair sin tosaí dhá dtaibhsiú. Breá nár dhúirt tú nár dhíogha ar bith iad ach an scoth. Lig tú uait ar leath a luacha iad ar chóir ar bith!
Mise i mbannaí muis nach den díogha an cupán tae a bhí sí a ól. Bhí sé chomh buí le ór agus shnámhfadh an spúnóg ann, bhí sé chomh láidir sin. Ba bheag ab ionann é agus an scodalach tae agus coffee a bhíos againne. Tá sí siúd ag fáil tae as éadan as Sasana. Deile cé as a bhfaigheadh sí é
+
díth
Díth céille atá air — deile
TUILLEADH (1) ▼
Díth na céille! Deile! Ar ndóigh ní dhiomalódh sé a chuid mar sin murach go raibh treall eicínt air.
 
An té nach n-íocfaidh a chuid dliteanais is cneámhaire é! Deile céard é. Nach gcloiseann tú ag an sagart chuile Dhomhnach é. Agus nár chuala tú in do chuid Teagasc Críostaí é: "Ár bhfiacha dlisteanacha a íoc agus a cheart féin a thabhairt do chaon neach." Má choinníonn de Valera na hannuities is le bheith ina chneámhaire dhó é. Fuair muintir na hÉireann an talamh ar chuntar go n-íocfaidís na hannuities, agus ní le muintir Shasana a d'íocfaidís iad ach oiread, ach le cuid de mhuintir na hÉireann a thug iasacht uathu go gceannófaí an talamh. Ag scrios an mhuintir s'againn féin atá muid le na hannuities a choinneáil. Do dhúshlánsa an méid sin a bhréagnú anois théis a bhfuil d'fhoghlaim ort más fíor dhuit féin
 
dlúth 1
Beannacht Dé dhuit a dhuine sin! Deile cén chaoi a mbeadh sí ach mar atá dlúth agus inneach inti. Bhí an corrbhéim ina máthair, agus b'iontas é dá mbeadh sise dhá uireasa. Chonaic mise a máthair ag tarraingt aghaidh an phobail uirthi fhéin …
 
Dhéanfadh sé sin gnaíúlacht leis an bhfear is faide amach uaidh in Éirinn, ach ní fhiafródh sé d'aon duine dhá dhlúthmhuintir féin a mbeadh béal orthu. Postúlacht agus leithead. Deile?
 
'Sé an bás a d'fhága dobrón agus buaireamh uirthi. Deile? Dheamhan bean ní ba ghleoite ná í sin a chasfadh ort in do shiúl lae roimhe seo
 
Léan ar do chuid dó ghorm agat! Cuirfidh mé cement ann. Deile!
 
B'fhurasta a gcur amach ainneoin a raibh d'fhaitíos ag na daoine rompu. Níl aird acu siúd ar thada ach a ngnaithe féin a dhéanamh. Shuigh an sagart óg thíos ar an tinteán théis an aifrinn mar a dhéanfadh fear den bhaile. Ní raibh call dúinn a leathoiread téisclim ná anró a chur orainn féin, ach bíonn duine ag iarraidh chaon tsórt a bheith ar deil ina dhiaidh sin. Is minic doicheall mór ar ndóigh ar bheagán fearthainn. Mo chreach mhaidne ghéar muis, dhá mba ag M. Ph. a bheadh an sagart, 'sí nach gcuirfeadh an easonóir uirthi féin. 'Tá sé chomh maith aigesean agus atá sé againn féin,' adeir sí an trip deiridh. Sin í an cailín agat!
 
dóigh 1
'Sé a dhóigh gurb in é an chaoi a mbeidh sé. Deile. Nach gearr an bás ón seanriadaire údaí eile
+
dóigh 3
Cá'il an loscadh sléibhe … Deile céard é ach fraoch atá ag dó
TUILLEADH (1) ▼
Ní éadáil mhaith é sin a ól. Tá sé dóite ar fad. Deile cén chaoi a mbeadh sé agus a theacht ó Ph. Níor mhinic leis an braon ar fónamh a bheith aige — níor mhinic sin
 
Is dóigh go ndéanfaidh, i nDomhnach. Ach deile céard a dhéanfadh sé
 
Níl a fhios agatsa ach an oiread é, más fíor duit féin. Ach deile cén chaoi a mbeifeá. Deartháir do Thadhg Dónall
 
dorú
Dorú marbh a bhí aige. Deile. Ar ndóigh níl tú ag ceapadh gur dorú cloiche a bhí aige amuigh ar an meath mhóir. Is barrúil an t-iascaire a dhéanfása
 
Le draíocht a rinne sé é, deile!
+
dris
Ara dris de chantalóir a bhí ann chuile lá ó rugadh é! Deile. Ar ndóigh nuair a bhí muid ina (ár) mbríthin (bíthin) óg fadó, agus muid ag caitheamh dairteachaí le chéile ar na portaigh théis an dinnéir, mo chroí ná raibh ag an diabhal go spréachfadh sé dhá mbuailtí scraith air
TUILLEADH (1) ▼
'Sí Sasana an dris chosáin. Deile. Go mbuailtear Sasana, ní fheicfidh tusa aon lá suaimhnis ar fud an domhain. An bhfaca tú aon lá ariamh nach ag ullmhúchan scléipe a bheadh sí. Agus gheobhaidh sí na hamadáin ansin ar fud an domhain lena tarrtháil nuair a bheas sí i dteannta. Níl agat ach breathnú uirthi. Cé na fir fobhairne atá aici inniu …
+
droim
Mura n-iompraí tú faoi do dhroim é, meas tú cén chaoi a bhféadfaidh tú a iompar. Nach gcaithfidh muid chuile shórt a iompar faoina (ár) ndroim anseo. Deile cén bealach atá againn
TUILLEADH (1) ▼
Cá bhfios domsa cá raibh sé, ach tá a fhios agam go raibh an oíche thar droim nuair a tháinig sé ag an damhsa ar chaoi ar bith. I dteach ósta in áit eicínt a chaith sé an oíche. Deile
 
Beirt dearthár a bhí ann agus deirfiúr. Bhí an deirfiúr pósta agus triúr clainne aici. Níor phós ceachtar de na dearthárachaí ariamh. Séard a rinneadh leis an uachta, cheithre leith droimscoilte a dhéanamh di, cuid ag chaon dhuine de na deartháracha, cuid ag an deirfiúr, agus cuid eile ag a clann eatarthu. Deirimse leat go mba bheag é cuid an duine di nuair a bhí sí roinnte amach agus a ailp féin bainte ag chuile dhuine aisti. Ara ag na dlíodóirí a bhí an ceann ramhar di — deile
 
dual 1
Deile cé a chaoinfeadh í ach é. Is dual dó (ceart, cuí, tá sé ag luí le réasún) a caoineadh. Nach iomaí bearradh maith a bhain sé ariamh di!
 
Deile céard a dhéanfadh sé. Thug sé é sin de dhualgas leis. M. C. a bhí ansin thoir, sheas sé oíche i mB. théis aonach na Faiche. Chreidim go raibh a dhóthain ólta aige agus é ró-mhíchuibhiúil lena chuid airgid. Bhí athair an ghearrbhodaigh sin anois istigh ann. Chuaigh sé amach. D'éirigh an fear amach den mhóinín bán taobh thiar de tigh S. Th. E. agus M. C. ag dul siar ann. Thug sé snaidhm de mhaide dhó agus níor fhága sé pínn rua ag gabháil leis. Níl baol ar bith nach é a bhí ann
 
dubh 1
Níl píopa dubh ná dath agam ó bhris mé an seandúidín cailce inné … Titim as póca mo bháscóta deile! Tá mé in anchaoi ceart críochnaithe
 
Tá sé i ndán is i ndúchas do mhuintir an háite seo a bheith oilte ar an bhfarraige. Nach ar an bhfarraige atá a ngreim? Deile riu
 
Tá a chuid féin de dhúnáras Chlainn Mhac Confhaola ag siúl leis sin. An té is críonna a rugadh ariamh — Solamh féin agus deir siad go mba chríonna an fear é — ní bheadh a fhios aige cé air a mbíonn sé sin ag cuimhniú. Scaití ní bhreathnódh sé sa taobh a mbeifeá, agus scaití eile, dheamhan fear is laethúla ná é. Mar sin atá sé ag dul dó — ina dhaolannaí. An t-am ar tháinig sé abhaile as Sasana, bhuail an cliamhain aniar de mhaoil a mhainge, seacht míle bealaigh, le theacht ag breathnú air. Casadh dhó é ansiúd i mbéal an tseoil ag ceann an bhóithrín. Ó diabhal an smid! Síos le P. ag an gcladach agus d'fhan sé scaitheamh thíos ann. Nuair a tháinig sé aníos ag an teach, bhí an cliamhain ann roimhe agus é ag ól tae. Shílfeá gur ó mhullach an aeir a thit sé chuig P. Anonn leis go gcroitheadh sé láimh leis, ach thug an ceann eile don diabhal é féin agus a láimh. Deile céard a dhéanfadh sé
 
Théis an aire a thug sí don ghasúr siúd aici, is dona an dúradán fir atá sé a dhéanamh. Ach deile cén chaoi a mbeadh sé. Níl an t-údar ann, mura dteaga aon bhiseach fós air. Ach má theagann, tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile.
 
Dúshlán feara Éireann locht a fháil ar an teach sin anois. Tá sé ar deil. Níl a dhubh ná a dhath thuas ar a chorp nach mé féin a dhein (déan)
 
Faoi rá is a raibh de chíosannaí caite air, a tháinig an seoraim (sirriam) chuige. Deile!
 
Cé air a ndeachaigh an carr. Ormsa. Deile. Síleann siad seo eile go bhfuair mise ciste in áit eicínt: nach bhfuil tús ná deireadh le mo chuid airgid — mise ab éigean an carr a íoc
 
Ceapann cuid de na bocaileás seo go bhfuil siad ríchliste, agus ar ndóigh, bíonn na póilíos ag maíochtáil leo, agus ag dul fúthu, nó go n-insíonn siad a mbíonn ina mbolg dóibh. Sin é an chaoi a n-éiríonn chuile scéala leo! Deile. Níl scéala ar bith amuigh nach mbíonn ag an bpóilí
 
Pádraic! Tá sé "ag dul ann"! Deile!
 
Deile cé leis a mbeadh sé ag dul ach le muintir a athar. Tá an braon mór ann bail ó Dhia air. Cuirfidh sé sin taobhach ar dhaoine ach a dteaga aois dó. Searradh bó (bua?) agus biseach ort, a mhaicín!