Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deirgeacht
ainmfhocal teibí, baineann as dearg
1.
 snúúil, luisniúil.
·
Ní fhéadfadh sí a bheith folláin agus an deirgeacht atá inti. Nach geall le pota fola í! Tá sí ró-otraithe freisin
2.
·
Níl deirgeacht ar bith sna húlla fós. Tá siad righin ag teacht isteach ach an oiread le rud.

Féach freisin