Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drabhlásach
aidiacht as drabhlás agus an chiall chéanna leis
1.
+
Is drabhlásach go deo an duine é. Ní fhágfadh sé bonn bán ar aon áit dá mbeadh sé. Nuair a bhíos na pínneachaí a shaothraíos sé féin caite aige, tosaíonn sé ag tuineadh leis an tseanlánúin, agus bíonn sé ag gabháil dóibh go deo, go meallann sé an chianóg dheiridh den phinsean uathu agus go gcuireann sé an rath céanna air
Ba bheag an bheann a bheadh acu sin ar an saol murach chomh drabhlásach agus a bhí siad fhéin. Bhí siopa ansin thoir ag a n-athair agus níl ní dhár dhealbh an ghrian nach bhfaightheá istigh faoina chaolachaí. Thug sé scoil agus foghlaim dóibh. Bhánaigh sé é féin dhá gcur ag coláistí agus ag ardscoileannaí. Chuaigh siad chun drabhláis: ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin, agus ar aer an tsaoil ó mhaidin go faoithin. Chuimil siad sop na geire dhó, agus chaith siad chuile sciúrtóg dhá raibh ar a fhaltanas. Ach bhí rud ar shon a gcuid drabhláis acu. Nuair a bhí a n-athair de dhroim tí acu, b'éigean an áit a dhíol, agus bhí siadsan ina gcleith uaidh sin amach. Ar chuala tú ariamh é, nuair a stopas an síol stopann an fuirseadh. Bhí siadsan gan pínn gan bonn uaidh sin amach. Ba ghearr gur ag imeacht ag súdaireacht ar fud na G. a bhí siad: duine ar bith a thabharfadh luach pionta dóibh. Bhí sipín beag ag M. thíos i bP. an Ch., ach ba ghearr a bhain sé as. Ní raibh a fhios cé acu den bheirt — é féin nó a bhean – ba dhrabhlásaí a bhí. Ar ndóigh mo léan chuaigh sé i gcuingir leis an gceann ceart — iníon L. Uí C.
TUILLEADH (4) ▼
Nár chuala tú an sagart ag cur síos ar an mac drabhlásach siúd a bhí ann fadó nach ngéillfeadh do chomhairle athar ná máthar gur ghread leis. Nuair a bhí a chuid caite aige, bhí sé in ainriocht. Bhí sé ag tabhairt aire do mhuca, agus bhíodh an oiread sin ocrais air agus go gcaitheadh sé cromadh síos ar a dhá ghlúin agus a dhul ag smailceadh cosamar na muc. Dheamhan leath an chirt a bhí leis nár fhan san áit a raibh sé i mbun a sháithe. Tháinig sé abhaile aríst ina bhromachán bliana, ach dá mba mise an t-athair, is fada uaim amach a choinneodh sé. Meas tú an ligfinn isteach in mo theach é? Dheamhan é muis dá gcuireadh sé a bhundún amach … Ach níor éiligh sé imeacht aríst. Fuair sé luach a chuid drabhláis. Múineann an saol duine
Tá sé drabhlásach faoi mo chuidse agus do chuidse, ach tá cion aige ar a chuid féin. Is furasta dhó a theacht abhaile ag gabháil fhoinn féin nuair a fhaigheas sé pleotaí lena chur sa gcruth sin. Murach sin, ba bheag den cheird sin a bheadh air deirimse leat
Lig sí a clann fré chéile chun drabhláis, ach d'éireodh di. Ní raibh aon cheann ar an bhfeadhain acu ba drabhlásaí ná í féin
Ara tá muintir Ch. an-drabhlásach agus bhí chuile lá ariamh. Chomh luath agus a bhéarfaidís ar an scilling, bheadh sí ag dó a bpócaí go gcaithidís aríst í. Sílim nach bhfuil an líne óg atá ag éirí suas ann mórán níos fearr ná na seandaoine ach oiread. Ach céard a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú
2.
·
Ní raibh an boiscín feaigs sin an-drabhlásach muis, má tá siad caite cheana agat scáth an t-achar ó fuair tú iad. Muran thusa atá drabhlásach leo dhá roinnt ar dhaoine. Cheidim (chreidim) ar aon chor, nach (ach) an oiread leis an tobac, gur beag an drabhlás a d'fhan iontu ó tháinig an cogadh. Níl maith fanta i dtada ag an gcogadh céanna. D'éagóir Dé dóibh nach n-éiríonn as agus suaimhneas eicínt a thabhairt don saol, ach cheidim nach bhfuil aon suaimhneas i ndán dó ach grásta Dé
Tá siad an-drabhlásach leis an móin — dhá thine ann go síoraí. Ach is furasta dóibh arsa tusa: ag imeacht dhá ghoid uaimse agus uaitse de shiúl oíche, agus a gcuid móna féin ina scaradh ar an bportach, cheal an té a ghróigfeadh í ná a thabharfadh aon ghiollaíocht di. Nuair a bhí acu a n-aird a bheith ar mhóin, is ag imeacht ag gabháil Laddie O'Lee ar an mbóthar, nó síos i ndiaidh "Choiste na bPáistí" ag cladaí a bhíodh siad

Féach freisin

drabhlásach in iontrálacha eile (5)

 
Deargán ar fad é an teach aici anois. Tharraing ar chuir sí de phaint air siúd pínn mhaith uirthi. Is mór an t-ionadh nach mbeadh splanc eicínt chéille aici, agus gan a bheith chomh drabhlásach sin lena cuid airgid. Mh'ainín féin go mb'fhéidir go mba mhaith léi aici fós é
 
Murach an deoladh a choinníos an sagart leis, is fadó an lá a bhí sé de dhroim tí. Théis nach n-ólann sé, tá sé drabhlásach. Chuirfeadh an bhean atá aige freisin airgead na hairí thrína lámha
 
Is diachta dóibh maoin ná brá gill a bheith orthu agus chomh caifeach drabhlásach agus atá siad. Dá mbeadh dúiche an Ch. acu, ní fhágfaidís luach bonn bán uirthi, nach istigh ag mná ósta a bheadh. Is mór an seasamh acu é. Ach ní mhaireann an rith maith don each i gcónaí. Mo choinsias ní mhaireann. Tiocfaidh an lá fós agus dá mbeadh breith ar a n-aiféala acu, dhéanfaidís tíobhas in am
 
díon 1
Ara bail ó Dhia ort! Níl díon deoir sna bráicíní sin nuair a bhíos drochoíche ann. Nach maith a shaothraíos na maortha agus na báirseoirí é, scáth a bhfuil dóibh: sé phunt sa mbliain. Nach gcaithfeadh fear drabhlásach aon oíche amháin é. Agus caithfidh siad a dhul amach ar an abhainn dhá mbeadh sé ag cur sceana gréasaí. Sin é a bhfuil de theálta acu — na bráicíní sin
 
téigh
Ba ghearr le dhul ar an gceann céanna deich bpunt sa tseachtain dá mbeadh sé dhá fháil. Tá sé an-drabhlásach. Cheapfainn nár shábháil sé leithphínn ariamh dhár shaothraigh sé