Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drabhlás
ainmfhocal, fireann
iolra: drabhláis
aidiacht as drabhlás: drabhlásach
fuaim: tá an d agus an r leathan. Ní bheadh dreabhlásach ina litriú ceart de réir fuaime an cheantair seo
1.
 aos díobhaill a dhéanamh; ragairne; a bheith ag imeacht gan aon cheannús ceann ná cló stiúrtha ar bith; rabairne; caifeachas; do shaol, do shláinte, do chuid a chur go dona; rachmall.
+
Bhí an drabhlás ariamh sa dream sin — ag rampúch fud na tíre agus ag ól ó oíche go maidin i dtithe ósta
An drabhlás a chuir le fán iad. Bhí geadán deas talúna ansin thuas. A n-athair a shaothraigh chuile throigh dó. Bogach bháite a bhí ann go dtí sin. Ach chuir sé togha caoi air. Ar an dá luath is ar imigh sé, chuaigh an drochrath air. Ní ba drochrath go dtí é. Ón máthair a thug siad an drabhlás. I nDomhnach bhí sí féin chomh dona le ceachtar acu. Is minic a chaith sí oíche go maidin thíos ag an D. ina dteannta. Cén chaoi eile a bhféadfadh an chlann a bheith, ach mar a bhí siad. Fuair duine acu bás ar an sliabh. An ceann eile, d'fhága sé an baile ar fad agus bhíodh sé ag dul thart ar aimsir in áit ar bith a bhfaigheadh sé glaoch. Is beag an chónaí a ghníodh sé in aon áit. Sa bpoorhouse a bhásaigh sé sa deireadh sílim. Ag S. É. atá a gcuid talúna anois. Tá an teach tite. Sin é an bhail a d'fhága an drabhlás orthu sin
TUILLEADH (17) ▼
Céard a d'fhága ag cartadh créafóige é. D'fhága mh'anam an drabhlás, an rud a d'fhága céad fear leis amhlaidh. A bheith róchaifeach, róchóir, agus ag cur scolb i dteach an leanna nuair a bhí aige é a chur ina theach féin. Tá a shliocht ar a theach inniu: níl cloich ar a fhuaid
An drabhlás — an drabhlás ní dhá roinnt leis é. Ag imeacht ag caitheamh a chuid ag mná ósta. Agus níorbh iad sin féin ba mheasa dó dhá dhonacht iad, ach mná thartu. Agus bhíodh an oíche caite thar droim nuair a thaobhaíodh sé an teach san am a dtaobhaíodh sé é. Gan éirí go headarshuth ansin, agus beithígh chuile dhuine ar a chuid, agus an tír ag baint bearaíochaí dó (de). Nach in é do dhóthain
Gheobhaidh sé a dhóthain den drabhlás shul má bheas sé réidh leis. Féachann sé an chuid is fhearr acu a mhicócaí (a mhic ó) mo chroí
Murach go raibh an drabhlás iontu ar ndóigh, bheadh aird ar ghort nó ar gharraí acu thar mar a bhí, agus gan a bheith ag imeacht síos Gaillimh chuile ré solais ag caitheamh na pínnín a bhí acu
'Ara muise a ghiolla an drabhláis,' adeireadh an bhean leis, 'dhá mbeadh an teach taobh leatsa is fadó an lá a bheadh an spéir isteach thríd.' Ní thugadh sí sásamh ar bith dhó, ach iarraidh, dhá gcuireadh sé aici ná uaithi. Agus bhíodh airgead óil aige ina dhiaidh sin. Ghoideadh sé beithígh uaithi i ngan fhios agus dhíoladh sé iad
Níor fhága sé bonn bán air féin le drabhlás. Ag imeacht ar aer an tsaoil, ag rástaí agus ag ól, a chaith sé a chuid saibhris. Bíodh sé buíoch dá athair a d'fhága aige le caitheamh é. Ba bheag a bheadh aige féin le caitheamh murach sin
Mura n-éirí sé as a chuid drabhláis is gearr gur fear réidh é. Ar ndóigh ní sheasfadh Dúiche na mBl. dó, tá sé chomh caifeach sin. Tá an cheird sin ceart go leor ag an té a bhfeileann sí dhó nach (ach) m'anam nach é a leithide seisean é
Cuirfidh an drabhlás de dhroim seoil é nó is maith a bheas sé ar a mhaidí. Chonaic mé ansin thiar é an t-aonach cheana. Dhíol sé ceann beithíoch agus chuaigh siad isteach tigh Th. ag ól an bhéiréiste. Crochadh mé féin isteach. Leag sé páipéar chúig phunt ar an gcuntar. 'Ól dhon teach,' adeir sé. 'Ní fhágfaidh mé an baile seo inniu go n-ólfaidh mé an phínn bheag agus an phínn mór den méid sin.' 'Bíodh splanc eicínt céille agat,' adeirimse, ach ní raibh aon mhaith dhom leis. Tá mé ag ceapadh nach taobh leis na chúig phunt a bheith caite aige a bhí sé nuair a tháinig sé aniar
Tá ciall gnaíúlacht, ach ní gnaíúlacht ar bith a ghníos sé sin ach drabhlás: ag caitheamh nótaí puint i dtraipisí mar a d'fheicfeá gasúr ag caitheamh méarógaí le éanachaí. Sín í a cheird
Chruinnigh an t-athair go crua críonna é ach caithfidh drabhláis an chliamhain anois é: díol duine uasail de chultachaí éadaigh, ól agus ragairne, isteach is amach Gaillimh chuile phointe. Tá mac Sh. ag baint bearaíochaí maithe dhó (dhe) lena mhótar
Dheamhan mórán a chaith sé ariamh le drabhlás. M'anam má bhíodh sé ag imeacht go fánach agus grá don chomhluadar aige, go mba é cuid daoine eile a chaith sé. Cé a chonaic é ag baint an tsnaidhm dhá sparán féin?
Níl drabhlás airgid ar bith ar ndóigh is mó ná drabhlás cártaí. Is minic a chaill daoine a raibh istigh is amuigh acu leo. Is minic a chuala tú ariamh faoi dhuine uasal a bháigh a dhúiche nuair a bheadh an imirt ag dul ina aghaidh. Agus nár chuala tú freisin faoin bhfear a gheall a anam don Diabhal as ucht bua imeartha a thabhairt dó
Cén chaoi a bhféadfadh sé aon rath a bheith air agus a raibh den drabhlás ag siúl leis. Nach mbeadh luach an bheithíoch ab fhearr a bhí ag gabháil leis caite aige síos is aníos Gaillimh
Bhí maoin agus brá gill aige ceart go leor, ach ba ghearr le dhul ar an drabhlás iad mar sin féin. Sin é an rud a d'fhága ar leathsciathán é, ní dhá roinnt leis é
Ba mhór é a gcuid airgid tamall ach chuir an drabhlás agus an díth céille ag caitheamh na miotán iad. Sílim nach bhfuil mac an aoin bheo acu sa gcomhaireamh ceann inniu. Ag S. Ó. C. atá an áit anois
Dar príosta chaith sé an drabhlás i gcártaí chomh luath agus a phós sé. Cá'il an té a chonaic in aghaidh cuntar teach ósta ó shin é?
Deir siad nach bhfuil ceannús ceann ar bith ar an gclann atá aige sin le drabhlás. Ardaíonn siad leo na beithígh den talamh thiar, agus díolann siad i ngan fhios dá n-athair iad. 'Sé a fhearacht sin acu é le cruiteanna fataí, le coirce, agus le chaon tsórt dá mbíonn ann
2.
téagar; méid; fairsinge.
+
Níl aon drabhlás san éadach sin — is gearr le dhul é; níl aon téagar ann; is beag na baill a d'fhéadfá a dhéanamh as
Bhí mé ag ceapadh go mbeadh díol bheist freisin ann i dteannta an treabhsair, ach ba bheag an baol air. Ní bhíonn drabhlás ar bith san éadach siopa sin le hais éadach na tíre
TUILLEADH (6) ▼
Shíl mé go mbeadh ní ba mhó drabhláis in mo ghiota flainín ná a bhí. Ba ghearr le dhul é nuair a bhí drár agus báinín bainte as do Sh. agus do Mh. Ar éigean a bhí díol drár eile d'fhuílleach théis an méid sin
Ná bac le táilliúirí an bhaile mhóir. Rud ar bith a chuirfeas tú acu (chucu) sin déanfaidh siad an méid adéarfas tú leo agus ná bac le tada a bheith le cois. Coinneoidh siad féin é. Bíodh drabhlás in do phíosa nó ná bíodh, is aon chás amháin leo siúd é. Dar príosta an táilliúr amach anseo, tabharfaidh sé dhuit a mbeidh d'fhuílleach aige, ní hionann agus na cneámhairí siúd é
Nach beag an drabhlás é ina dhiaidh sin, scáth an gúna sin a bhaint as, agus níl cion pluide páiste ina dhiaidh ann. Sin é an chaoi i gcónaí leis an éadach sin
Diabhal mé go sílfeá go mbíodh an-drabhlás san éadach a bhíodh ann fadó. Dá mbeadh méid ar bith in do ghiota flainín nach bhfeisteodh sé amach lán tí. Ach an leámháinín siopa sin, gheofá an saol dó (de) agus ní thiocfadh sé i bhfad ná i ngearr ina dhiaidh sin. Ní mór do dhuine a bheith imithe dhá cheannacht chaon dara lá. A Thiarna Dé nach é an saol a d'imigh ón uair a mbíodh mná ag sníomhachán ó oíche go maidin. Is gearr nach mbeidh tuirne sa tír
Shílfeá go mbeadh an-drabhlás ann, nó go ngearrtaí é (éadach); ach ó fheicfeas tú gearrtha é níl tada ann. Shílfeá gur crapadh a dhéanfadh sé
'Sé an gearradh a thugas sí air nach bhfágann aon drabhlás ann. Cuireann sí leath an éadaigh amú. Tá gearradh dhá cuid féin aici — gearradh a dhiomalaíos an t-éadach uileag. Murach sin 'sí togha an dressmaker í
+
Ara níl drabhlás ar bith sna feaigs sin le hais an tobac. Bhainfeadh fear trí lá as unsa tobac ach cáid a bhaineas siad as na feaigs: scór sa ló amantaí. Níl ann ach ceann acu a chur ina mbéal agus tá sé imithe ar an toirt. Is daor an spóilín iad mura bhfuil an té ann a bhfuil teacht isteach aige lena n-aghaidh
Diabhal mórán drabhláis muise sa tobac ach an oiread leo sin atá tusa a chaitheamh. Meas tú an dtáinig mé leis an dá stoipéad (plug) an tseachtain seo a ghabh thart. Dé hAoine a cheannaigh mé ag an bpinsean iad. Sách sportha a bhí siad san oíche Dé Céadaoin a bhí chugat. I nDomhnach, b'éigean dom "an gaimbín" a fháil théis am dinnéir Déardaoin le mé a thabhairt go hAoine aríst. Níl an drabhlás sa tobac anois mar a bhíodh fadó. Sin nó tá mise ag déanamh éagóir orm féin
TUILLEADH (9) ▼
Is beag an drabhlás atá chor ar bith sa móin bháin sin le hais na clochmhóna. Cuirfidh tú síos greadlach di ach bíonn sí dóite de léim. 'Sé a bhfuil inti an lasadh sin
Shílfeá go mba cheart go mbeadh drabhlás thairis sin sa gcarr móna a thug mé den phortach arú inné. Dheamhan aithne oraibh nach bhfuil an oiread tinteachaí agaibh agus atá thoir Tigh K. Breá nach ndéanann sibh réiteach léi, nó an gceapann sibh go bhféadfaidh fear a bheith ag rith suas agus anuas 'na phortaigh daoibhse chuile ré solais agus sibhse ag breacadh a loirgne anseo (bhur loirgne). Nach sraimlí an scéal agam é — nach ea sin
Bhí a dhóthain drabhláis sa gcoca murach go ndearnadh plaicín ghabhair i dtosach dó (de). Ar ndóigh ní sheasfadh féar na hairí libhse. Agus a rá ansin mar dhóigh dhe nach raibh aon drabhlás sa gcoca. Chuirfeadh sibh duine thar bharr a chéille, le aird a thabhairt oraibh. 'Sibh a chuirfeadh
Níl drabhlás ar bith sa gcaoireoil sin lena bhfuil de gheir inti. Cion dá phunt feola níl i gcúig phunt di. Geir agus cnámha — sin é a bhfuil inti
Ba diabhaltaí an carnán feamainne a chuir sé aníos agus ní raibh drabhlás ar bith inti ina dhiaidh sin. 'Sé ar leasaigh sí, an cúl thoir agus an cúl ó dheas agus ruidín (gitín) beag den chúl thiar, théis gur shíl mise agus gur shíl sé féin go dtabharfadh sí cúnamh maith ar an ngarraí uileag. Ach chuir sé róthiubh í. Dhéanfadh daithín beag den seanleasú an áit sin: talamh craicinn mar é
Cén drabhlás a bheadh iontu — screacháin (creacháin) mar iad — agus go slogfadh dreoilín chuile cheann acu. Na fataí a bhí i ngarraí an tsléibhe, bheifeá sách ag trí cinn acu, ach an ghrifisc a bhí ansin thoir, níorbh fhiú do dhuine a bheith dhá mheath féin dá mbaint chor ar bith murach go gcaithfí na bruachannaí a rómhar ar aon chor
Drabhlás i bpáipéar puint anois! Cá bhfaigheadh sé é! Agus chuile shórt ar a dhaoirse. Má theastaíonn culaith éadaigh uait, lán laidhre uirthi. Má theastaíonn péire bróg uait, agus más leat cois thirim a bheith ort, ní bhfaighidh tú cianóg as coróin is dá fhichead iad. Is gearr le dhul puintín gágach deirimse leat
Bhí siad ar meath tá mí ó shin agus mharaigh siad glac fhaoitíní. Bhain muid astu agus shaill muid iad. Shíl muid go mbeadh iasc againn go Nollaig. Ach mo chreach mhaidne. Ní raibh drabhlás ar bith iontu. Ní mó ná cheithre cinn a riarfadh an comhluadar — slán a bheas siad — sa turn. D'ith muid an ceann deiridh acu arú inné. Tá muid réidh le goirteamas aríst i mbliana, mar ní shroichfidh aon duine amach ann (ar an bhfarraige)
Tháinig galún pórtair ansin an t-am a raibh muid ag cur isteach an fhéir, ach ní raibh drabhlás ar bith ann. San am a raibh a mhuigín féin bainte as ag chuile dhuine, b'fhurasta cur chuige. Go lige Dia slán na daoine, is maith é an cúnamh ina dhiaidh sin

Féach freisin

drabhlás in iontrálacha eile (21)

 
dáil
Cuirfidh an t-airgead sin anois i ndáil le go dtí n-a dhóthain é, ach is deacair é siúd a chur go dtí n-a dhóthain. Tá an drabhlás mór ann
 
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
+
díol 2
Dhá mbeadh cupla cruib eile mhóna agam, chuirfeadh sí go dtí mo dhíol mé. Bhí ní ba mhó drabhláis in mo chuid féin ná a shíl mé
TUILLEADH (1) ▼
Ní leasóidh mé é, mar níl díol a leasaithe agam. Shíl mé go raibh níos mó drabhláis ná sin sa lucht feamainne
 
Shíl mé go raibh ní ba mhó drabhláis ná sin sa ngiota éadaigh sin, agus níor thug mé diomalú ar bith air. An-airdeallach féin a bhí mé dhá ghearradh. Gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh díol an dá ghúna a bheith ann
 
Is gearr le dhul í. Sail dhiúirlinneach a bhí inti, agus níl drabhlás ar bith inti de bharr chomh farctha agus a bhí sí
 
Sin é adeireadh N. Th. i gcónaí. 'Mhaithfinn drochmhúineadh agus drabhlás agus díth céille do dhuine,' adeireadh sé. 'Mhaithfinn créatúlacht agus géaradas dó. Ach tá rud amháin nach maithfinn d'aon duine agus sin é an doicheall. Téann an doicheall go smior'
 
Is minic adeireadh T. — beannacht Dé lena anam — é: níl a fhios nach mar is doilí is fhearr, cé gur deacair a rá gurb ea. B'fhéidir gurb é an té nach bhfuil tada aige is fhearr a chruthódh as deireadh na cúise, agus go gcaillfeadh fear an tsaibhris a mbeadh aige le drabhlás, le imirt nó le mná. Is minic a chaill
 
domhan
Bhí sé an-tsaibhir den domhan scaitheamh, ach thug an drabhlás a chuid féin uaidh déarfainn
 
domlas
Ara ná bac leis sin! Chuir sé é féin chun domlais le mná, le ól, le spóirt agus chuile chineál drabhláis as tús a óige, agus níl sé a iarraidh anois ach suaimhneas
 
Is aisteach an rud é an duine doscúch. Tá sé in ann dea-chomhairle a chur ar an té a ghéilleas dó, agus gan comhairle ar bith aige dhó féin. Comhairle an duine doscúch, ar chuala tú ariamh é. Bhí sé ansin thiar — M. T. An sagart féin ní chuirfeadh comhairle a leasa ar dhuine chomh maith leis, agus ina dhiaidh sin féin, ní raibh fear ar bith le fáil ba mhí-ásaí ná é. Chaith sé a shaol ar fad le drabhlás agus le díth céille
 
Fuair a n-athair sin bás agus d'fhága sé chuile dhuine den chlainn ina ndóthain. Ach scaip cuid acu é le drabhlás. Cuid eile a rinne bun. 'Sé P. féin is fhearr a chruthaigh. Tá sé sin anois chuile orlach chomh deisiúil agus a bhí an t-athair an lá ab fhearr é. Má tá féin, is maith an oidhe air é
+
Ba bheag an bheann a bheadh acu sin ar an saol murach chomh drabhlásach agus a bhí siad fhéin. Bhí siopa ansin thoir ag a n-athair agus níl ní dhár dhealbh an ghrian nach bhfaightheá istigh faoina chaolachaí. Thug sé scoil agus foghlaim dóibh. Bhánaigh sé é féin dhá gcur ag coláistí agus ag ardscoileannaí. Chuaigh siad chun drabhláis: ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin, agus ar aer an tsaoil ó mhaidin go faoithin. Chuimil siad sop na geire dhó, agus chaith siad chuile sciúrtóg dhá raibh ar a fhaltanas. Ach bhí rud ar shon a gcuid drabhláis acu. Nuair a bhí a n-athair de dhroim tí acu, b'éigean an áit a dhíol, agus bhí siadsan ina gcleith uaidh sin amach. Ar chuala tú ariamh é, nuair a stopas an síol stopann an fuirseadh. Bhí siadsan gan pínn gan bonn uaidh sin amach. Ba ghearr gur ag imeacht ag súdaireacht ar fud na G. a bhí siad: duine ar bith a thabharfadh luach pionta dóibh. Bhí sipín beag ag M. thíos i bP. an Ch., ach ba ghearr a bhain sé as. Ní raibh a fhios cé acu den bheirt — é féin nó a bhean – ba dhrabhlásaí a bhí. Ar ndóigh mo léan chuaigh sé i gcuingir leis an gceann ceart — iníon L. Uí C.
TUILLEADH (3) ▼
Nár chuala tú an sagart ag cur síos ar an mac drabhlásach siúd a bhí ann fadó nach ngéillfeadh do chomhairle athar ná máthar gur ghread leis. Nuair a bhí a chuid caite aige, bhí sé in ainriocht. Bhí sé ag tabhairt aire do mhuca, agus bhíodh an oiread sin ocrais air agus go gcaitheadh sé cromadh síos ar a dhá ghlúin agus a dhul ag smailceadh cosamar na muc. Dheamhan leath an chirt a bhí leis nár fhan san áit a raibh sé i mbun a sháithe. Tháinig sé abhaile aríst ina bhromachán bliana, ach dá mba mise an t-athair, is fada uaim amach a choinneodh sé. Meas tú an ligfinn isteach in mo theach é? Dheamhan é muis dá gcuireadh sé a bhundún amach … Ach níor éiligh sé imeacht aríst. Fuair sé luach a chuid drabhláis. Múineann an saol duine
Lig sí a clann fré chéile chun drabhláis, ach d'éireodh di. Ní raibh aon cheann ar an bhfeadhain acu ba drabhlásaí ná í féin
Ní raibh an boiscín feaigs sin an-drabhlásach muis, má tá siad caite cheana agat scáth an t-achar ó fuair tú iad. Muran thusa atá drabhlásach leo dhá roinnt ar dhaoine. Cheidim (chreidim) ar aon chor, nach (ach) an oiread leis an tobac, gur beag an drabhlás a d'fhan iontu ó tháinig an cogadh. Níl maith fanta i dtada ag an gcogadh céanna. D'éagóir Dé dóibh nach n-éiríonn as agus suaimhneas eicínt a thabhairt don saol, ach cheidim nach bhfuil aon suaimhneas i ndán dó ach grásta Dé
 
Roinn muid an lucht feamainne droimscoilte — leath ag an duine. Dheamhan crann ná crann a cuireadh air. Thug mé breith is dhá roghain do Sh. Rinne sé roghain go díreach ar an leith a thabharfainn féin dó, dhá bhfaighinn breith mo bhéil féin. Níor leasaigh mo chuidse ach an dá chúl thoir de gharraí Dh. Fh. agus an cúl ó dheas. Bhí scaipiúch bheag d'fhuílleach agus chaith mé isteach í ar an bpóicín sin thiar le haghaidh meaingeals. Leasaigh cuid Sh. Garraí na C. dó agus an T. A. Ba mhó an drabhlás a bhí ina chuid seisean ar chuma eicínt, ainneoin go ndearna muid an dá leith droimscoilte di mar atá mé théis a rá leat
 
Thug sé dustaí do spré na mná. 'Sé a thug. Ní raibh flaisc ar bith sách mór aige le déanamh. Féastaí agus éirí amach, cóistí cinn as G. amach abhaile, ól agus ragairne agus drabhlás. D'imigh sé ar rothaí an tsaoil an fhad is a sheas sé, ach ar a shon sin tá sé gan pínn gan bonn gan cnaigín anois. Sin é é. Nuair a stopas an síol, stopann an fuirseadh
 
Chuaigh sé ar dhrabhlás an t-am a bhfuair a bhean bás, agus níor fhága sé bonn bán air féin. An chéad rud eile tháinig an sirriam air …
 
Gabhfaidh sé chun drabhláis ar fad má ghníonn tú sin leis. Nach mb'fhearr dhuit cead a chinn a ligean leis faoi láthair go bhfeice tú leat
 
Chuaigh sé le drabhlás — chuaigh sé chun drabhláis