Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drabhlás
ainm-fhocal; fireann
iolraidh — drabhláis.
Aidiacht as drabhlás (dramhlás) = drabhlásach, dramhlásach
Fuaim — tá an d agus an r leathan. Ní bheadh "dreabhlásach" in a leitriú ceart de réir fuaime an cheanntair seo.
1.
aois díobhthaill a dhéanamh; ragairne; a bheith ag imeacht gan aon-cheannús ceann ná cló-stiúrtha ar bith; rabairne; caithmheachas; do shaoghal, do shláinte, do chuid a chur go dona; rachmall.
+
Bhí an drabhlás ariamh ins an dream sin — ag rampúch fud na tíre agus ag ól ó oíche go maidin i dtighthe ósta
An drabhlás a chuir le fán iad. Bhí giodán deas talmhana annsin thuas. A n-athair a shaothruigh 'chuile throigh dó. Bogach bháidhte a bhí ann go dtí sin. Ach chuir sé togha caoi air. Ar an dá luath agus ar imigh sé, chuaidh an droch-rath air. Ní ba droch-rath go dtí é. Ó'n máthair a thug siad an drabhlás. InDomhnach bhí sí féin cho dona le ceachtar aca. Is minic a chaith sí oiche go maidin thíos ag an D. in a dteannta. Cé'n chaoi eile a bhféadfadh an chlann a bheith, ach mar bhí siad. Fuair duine aca bás ar an sliabh. An ceann eile d'fhága sé an baile ar fad agus bhíodh sé ag dul thart ar aimsir in áit ar bith a bhfaghadh sé glaodhach. Is beag an chomhnuí a ghníodh sé in aon áit. Ins an "bpoorhouse" a bhásuigh sé ins an deire sílim. Ag S. É. atá a gcuid talmhana anois. Tá an teach tuithte. Sin é an bhail a d'fhága an drabhlás orra sin.
TUILLEADH (17) ▼
Céard a d'fhága ag cartadh créafóige é. D'fhága mh'anam an dreabhlás, [an] rud a d'fhága céad fear leis amhlaidh. A bheith ro-chaithmheach, ro-chóir, agus ag cur scolb i dteach an leanna an uair a bhí aige é a chur ina theach féin. Tá a shliocht ar a theach indiu: níl cloich (cloch) ar a fhuaid
An drabhlás — an drabhlás ní dhá roint leis é. Ag imeacht ag caitheamh a chuid ag mná ósta. Agus níorbh iad sin féin ba mheasa dó dhá dhonacht iad, ach mná tharta. Agus bhíodh an oíche caithte thar druim an uair a thaobhuigheadh sé an teach ins an am a dtaobhuigheadh sé é. Gan eirghe go h-eadarshuth annsin, agus beithidhigh chuile dhuine ar a chuid, agus an tír ag baint bearraidheachaí dó (de). Nach shin é do dhóthain
Gheobhaidh sé a dhóthain de'n dreabhlás shul ma a bheidheas sé réidh leis. Féachann sé an chuid is fhearr aca a mhicócaí (a mhic ó) mo chroidhe
Marach go raibh an drabhlás ionnta 'ar ndú (dar ndóigh) bheadh áird ar ghort nó ar gharrdha aca thar mar bhí, agus gan a bheith ag imeacht síos Gaillimh 'chuile ré soluis ag caitheamh na pighinnín a bhí aca
"Ara muise a ghiolla an drabhláis" adeireadh an bhean leis, "dhá mbeadh an teach taobh leatsa is fadó an lá a bheadh an spéir isteach thríd." Ní thugadh sí sásamh ar bith dhó, ach iarraidh, dhá gcuireadh sé aice ná uaithe. Agus bhíodh airgead óil aige in a dheidh sin. Ghoideadh sé beithidhigh uaithe inganfhios agus dhíoladh sé iad
Níor fhága sé bonn bán air féin le drabhlás. Ag imeacht ar aer an tsaoghail, ag rástaí agus ag ól, a chaith sé a chuid saidhbhris. Bíodh sé buidheach dá athair a d'fhága aige le caitheamh é. Ba bheag a bheadh aige féin le caitheamh marach sin
Mara n-eirighidh sé as a chuid dreabhláis is gearr gur fear réidh é. 'Ar ndú ní sheasfadh Dúithche na mBl. dó, tá sé cho caithmheach sin. Tá an cheird sin ceart go leor ag an té a bhfeileann sí dhó nach (ach) m'anam nach hé a leithide seisean é
Cuirfidh an drabhlás de dhruim seoil é nó is maith a bhéas sé ar a mhaidí. Chonnaic mé annsin thiar é an t-aonach cheana. Dhíol sé ceann beithidheach agus chuaidh siad isteach tigh Th. ag ól an bhéiréiste. Crochadh mé féin isteach. Leag sé páipéar chúig phunt ar an gcúnntar. "Ól dho'n teach" adeir sé. "Ní fhágfaidh mé an baile seo indiu go n-ólfaidh mé an phighinn bheag agus an phighinn mór de'n méid sin." "Bíodh splanc eicínt céille agad" adeirimse, ach ní raibh aon-mhaith dhom leis. Tá mé ag ceapadh nach taobh leis na chúig phunt a bheith caithte aige a bhí sé an uair a tháinig sé aniar
Tá ciall gnaoidheamhlacht ach ní gnaoidheamhlacht ar bith a ghníos sé sin ach drabhlás: ag caitheamh nútaí (nótaí) puint i dtraipisí mar a d'fheicfeá gasúr ag caitheamh miarógaí (méarógaí) le éanachaí. Sín í a cheird
Chruinnigh an t-athair go cruadh críonna é ach caithfidh drabhláis an chliamhain anois é: díol duine uasail de chultachaí éadaigh, ól agus ragairne, isteach agus amach Gaillimh 'chuile phuinnte. Tá mac Sh. ag baint bearraidheachaí maithe dhó (dhe) len a mhótar
Dheamhan mórán a chaith sé ariamh le drabhlás. M'anam má bhíodh sé ag imeacht go fánach agus grádh do'n chomhluadar aige, go mbadh é cuid daoine eile a chaith sé. Cé a chonnaic é ag baint an tsnaidhm dhá sparán féin?
Níl drabhlás airgid ar bith 'ar ndú is mó ná drabhlás cártaí. Is minic a chaill daoine a raibh istigh agus amuigh aca leo. Is minic a chuala tú ariamh faoi dhuine uasal a bháith a dhúithche an uair a bheadh an imirt ag dul in a aghaidh. Agus nar chuala tú freisin faoi'n bhfear a gheall a anam do'n Diabhal as ucht buadh imeartha a thabhairt dó
Cé'n chaoi a bhféadfadh sé aon-rath a bheith air agus a raibh de'n drabhlás ag siubhal leis. Nach mbeadh luach an bheithidheach ab fhearr a bhí ag gabhail leis caithte aige síos agus aníos Gaillimh
Bhí maoin agus bráigill aige ceart go leor, ach ba ghearr le dhul ar an drabhlás iad mar sin féin. Sin é an rud a d'fhága ar leath-sciathán é, ní dhá roint leis é
Ba mhór é a gcuid airgid tamall ach chuir an drabhlás agus an díthcéille ag caitheamh na miotán iad. Sílim nach bhfuil mac an aoin bheo aca ins an gcomhaireamh ceann indiu. Ag S. Ó. C. atá an áit anois
Dar príosta chaith sé an drabhlás igcártaí cho luath agus a phós sé. Cá'il an té a chonnaic in aghaidh cúntar teach ósta ó shoin é?
Deir siad nach bhfuil ceannús ceann ar bith ar an gclann atá aige sin le drabhlás. Árduigheann siad leo na beithidhigh de'n talamh thiar, agus díolann siad ingan fhios dá n-athair iad. 'Sé a fhearacht sin aca é le cruiteanna fataí, le coirce, agus le 'chaon tsórt dá mbíonn ann.
2.
téagar; méid; fairsinge.
+
Níl aon-drabhlás ins an éadach sin = is gearr le dhul é; níl aon-téagar ann; is beag na baill a d'fhéadfá a dhéanamh as
Bhí mé ag ceapadh go mbeadh díol bheist freisin ann idteannta an treabhsair, ach ba bheag an baoghal air. Ní bhíonn drabhlás ar bith ins an éadach siopa sin le h-ais éadach na tíre
TUILLEADH (6) ▼
Shíl mé go mbeadh ní ba mhó drabhláis in mo ghiota flainín ná a bhí. Ba ghearr le dhul é an uair a bhí drár agus báinín bainte as do Sh. agus do Mh. Ar éigin a bhí díol drár eile d'fhuighleach th'éis an méid sin
Ná bac le táilliúirí an bhaile mhóir. Rud ar bith a chuirfeas tú aca (chuca) sin déanfaidh siad an méid adéarfas tú leo agus ná bac le tada a bheith le cois. Coinneochaidh siad féin é. Bíodh drabhlás in do phíosa nó ná bíodh, is aon-chás amháin leo siúd é. Dar príosta an táilliúr amach annseo, tiubharfaidh sé dhuit a mbeidh d'fhuighleach aige, ní h-ionann agus na cneamhairí siúd é
Nach beag an drabhlás é in a dheidh sin, scáth an gúna sin a bhaint as, agus níl cion pluide páiste in a dhiaidh ann. Sin é an chaoi i gcomhnuí leis an éadach sin
Diabhal mé go sílfeá go mbíodh an-drabhlás ins an éadach a bhíodh ann fadó. Dá mbeadh méid ar bith in do ghiota flainín nach bhfeisteochadh sé amach lán tighe. Ach an leámháinín siopa sin, gheobhfá an saoghal dó (de) agus ní thiocfadh sé i bhfad ná ingearr in a dheidh sin. Ní mór do dhuine a bheith imighthe dhá cheannacht 'chaon dara lá. A Thighearna Dé nach hé an saoghal a d'imigh ó'n uair a mbíodh mná ag sníomhachán ó oíche go maidin. Is gearr nach mbeidh túirne ins an tír
Shílfeá go mbeadh an-drabhlás ann, nó go ngearrtaí é (éadach); ach ó a fheicfeas tú gearrtha é níl tada ann. Shílfeá gur crapadh a dhéanfadh sé
'Sé an gearradh a thugas sí air nach bhfágann aon-drabhlás ann. Cuireann sí leath an éadaigh amú. Tá gearradh dhá cuid féin [aici] — gearradh a dhiomaluigheas an t-éadach uiliog. Marach sin 'sí togha an "dressmaker" í
+
Ara níl drabhlás ar bith ins na "feaigs" sin le h-ais an tobac. Bhainfeadh fear trí lá as unsa tobac ach cá'id a bhaineas siad as na "feaigs": scór ins an ló amanntaí. Níl ann ach ceann aca a chur in a mbéal agus tá sé imighthe ar an toirt. Is daor an spóilín iad mara bhfuil an té ann a bhfuil teacht-isteach aige len a n-aghaidh
Diabhal mórán drabhláis muise ins an tobac ach an oiread leo sin atá tusa a chaitheamh. Meastú an dtáinig mé leis an dá stuipéad ("plug") an tseachtain seo a ghabh thart. Dé h-Aoine a cheannuigh mé ag an bpinsean iad. Sáthach spurtha a bhí siad ins an oíche Dé Céadaoin a bhí chugad. InDomhnach b'éigean dom "an gaimbín" a fháil th'éis am dínnéir Diardaoin le mé a thabhairt go h-Aoine aríst. Níl an drabhlás ins an tobac anois mar a bhíodh fadó. Sin nó tá mise ag déanamh éagcóir orm féin
TUILLEADH (9) ▼
Is beag an drabhlás atá chor ar bith ins an móin bháin sin le h-ais na cloch-mhóna. Cuirfidh tú síos greallach di ach bíonn sí dóighte de léim. 'Sé a bhfuil innte an lasadh sin
Shílfeá go mbadh cheart go mbeadh drabhlás thairis sin ins an gcarr móna a thug mé de'n phortach arbhú indé. Dheamhan aithne oraibh nach bhfuil an oiread teinteachaí agaibh agus atá thoir tigh K. Breagh nach ndéanann sib réidhteach léi, nó an gceapann sibh go bhféadfaidh fear a bheith ag rith suas agus anuas 'na (chun an) phortaigh daoib-se 'chuile ré soluis agus sibse ag breacadh 'u' luirgne annseo (bhur luirgne). Nach sraimlidhe an scéal agam é — nach h-eadh sin
Bhí a dhóthain drabhláis ins an gcoca marach go ndearnadh plaicín ghabhair i dtosach dó (de). 'Ar ndú' ní sheasfadh féar na h-airí libse. Agus a rádh annsin mar dhóigh dhe nach raibh aon-drabhlás ins an gcoca. Chuirfeadh sib duine thar bharr a chéille, le áird a thabhairt oraibh. 'Sib a chuirfeadh
Níl dreabhlás ar bith ins an gcaoirfheoil sin len a bhfuil de gheir innte. Chion dá phunt feola níl i gcúig phunt di. Geir agus cnámha — sin é a bhfuil innte
Ba diabhaltaí an cárnán feamuinne a chuir sé aníos agus ní raibh drabhlás ar bith innte in a dheidh (dhiaidh) sin. 'Sé ar leasuigh sí an cúl thoir agus an cúl ó dheas agus ruidín (gitín) beag de'n chúl thiar, th'éis gur shíl mise agus gur shíl sé féin go dtiubharfadh sí congnamh maith ar an ngarrdha uiliog. Ach chuir sé ro-thiugh í. Dhéanfadh daithín beag de'n sean-leasú an áit sin: talamh craicinn mar é
Cé'n drabhlás a bheadh ionnta — scriocháin (creacháin) mar iad — agus go sluigfeadh dreoilín 'chuile cheann aca. Na fataí a bhí ingarrdha an tsléibhe bheitheá sáthach ag trí cinn aca, ach an ghrifisc a bhí annsin thoir níorbh fhiú do dhuine a bheith dhá mheath féin dá mbaint chor ar bith marach go gcaithfí na bruachannaí a rómhar ar aon-chor
Drabhlás i bpáipéar puint anois! Cá bhfuigheadh sé é! Agus 'chuile shórt ar a dhaoirse. Má theastuigheann culaith éadaigh uait lán laidhre uirre. Má theastuigheann péire bróg uait, agus má's leat cois thirm a bheith ort ní bhfuighidh tú cianóg as coróin agus dá fhichead iad. Is gearr le dhul puintín gágach deirimse leat.
Bhí siad ar meath tá mí ó shoin agus mharbhuigh siad glac fhaidhtíní. Bhain muid asta agus shaill muid iad. Shíl muid go mbeadh iasc againn go Nodlaig. Ach mo chreach mhaidne. Ní raibh drabhlás ar bith ionnta. Ní mó ná cheithre cinn a riarfadh an comhluadar — slán a bhéas siad — ins an "turn". D'ith muid an ceann deire aca arbhú indé. Tá muid réidh le goirteamas aríst imbliana, mar ní shroichfidh aonduine amach ann (ar an bhfairrge)
Tháinig galún pórtair annsin an t-am a raibh muid ag cur isteach an fhéir, ach ní raibh drabhlás ar bith ann. Ins an am a raibh a mhuigín féin bainte as ag 'chuile dhuine b'fhurasta cur chuige. Go leigidh Dia slán na daoine, is maith é an congnamh in a dheidh sin

Féach freisin

Drabhlás in iontrálacha eile (20)

 
dáil
Cuirfidh an t-airgead sin anois indáil le go dtí na dhóthain é, ach is deacair é siúd a chur go dtí na dhóthain. Tá an drabhlás mór ann
 
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneál istigh, ach ag boithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharbhuigh sé é, agus thug sé 'chuile dhíol air, go minic. Chodluigheadh sé ins an gcró leath na n-oícheannta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an dorus. Bhí bó aige l'aghaidh laoigh an oíche seo agus b'éigin dó fanacht in a shuidhe dhá cíonn. Tháinig an mac domhainn ins an oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoid' ar bith an uair seo air — bhí sé sáruighthe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiaguidhe dubhairt sé an oíche seo leis gan droch-mhúineadh ar bith: "is fhearr leat ag boithreoireacht agus ar do chuid drabhláis" adeir sé "ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt do'n bhó, i leabaidh t'athair bocht a bheith caillte annseo dhá cionn." Níor dhubhairt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaidh an t-athair a chodladh as sin go maidin. An uair a d'eirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach ins an teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suím aimsire agus gan tuairisc ná fáirnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriocá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon-láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an "railway". 'Sé an focailín sin adubhairt a athair a spadhar é, i gcruthamhnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
+
díol 2
Dhá mbeadh cupla "crib" eile mhóna agam chuirfeadh sí go dtí mo dhíol mé. Bhí ní ba mhó drabhláis in mo chuid féin ná a shíl mé
TUILLEADH (1) ▼
Ní leasóchaidh mé é, mar níl díol a leasuighthe agam. Shíl mé go raibh níos mó drabhláis ná sin ins an lucht feamainne
 
Shíl mé go raibh ní ba mhó drabhláis ná sin sa ngiota éadaigh sin, agus níor thug mé diomallú ar bith air. An-áirdeallach féin a bhí mé dhá ghearradh. Gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh díol an dá ghúna a bheith ann
 
Is gearr le dhul í. Sail dhiúirlinneach a bhí innte, agus níl drabhlás ar bith innte, de bharr cho farctha agus a bhí sí
 
Sin é adeireadh N. Th. i gcomhnuí. "Mhaithfinn droch-mhúineadh agus drabhlás agus dithcéille do dhuine" adeireadh sé. "Mhaithfinn créatúlacht agus géireadas dó. Ach tá rud amháin nach maithfinn d'aonduine agus sin é an doicheall. Teigheann an doicheall go smior"
 
Is minic adeireadh T. — beannacht Dé len' anam — é: níl a fhios nach mar is doilighe is fhearr cé gur deacair a rádh gurb eadh. B'fhéidir gurb é an té nach bhfuil tada aige is fhearr a chruthochadh as deire na cúise, agus go gcaillfeadh fear an tsaidhbhris a mbeadh aige le drabhlás, le imirt nó le mná. Is minic a chaill
 
domhan
Bhí sé an-tsaidhbhir de'n domhan scathamh, ach thug an drabhlás a chuid féin uaidh déarfainn
 
domlas
Ara ná bac leis sin! Chuir sé é féin 'un domblais le mná, le ól, le spóirt agus 'chuile chineál drabhláis as tús a óige, agus níl sé a iarraidh anois ach suaímneas
 
Fuair a n-athair sin bás agus d'fhága sé 'chuile dhuine de'n chloinn in a ndóthain. Ach scaip cuid aca é le drabhlás. Cuid eile a rinne bun. 'Sé P. féin is fhearr a chruthuigh. Tá sé sin anois 'chuile orlach cho deiseamhail agus a bhí an t-athair an lá ab fhearr é. Má tá féin is maith an aghaidh air é
+
Ba bheag an bheann a bheadh aca sin ar an saoghal marach cho drabhlásach agus a bhí siad fhéin. Bhí siopa annsin thoir ag a n-athair agus níl nídh dhar dhealbh an ghrian nach bhfuightheá istigh faoin a chaolachaí. Thug sé scoil agus foghluim dóibh. Bhánuigh sé é féin dhá gcur ag coláistí agus ag árd-scoileannaí. Chuaidh siad 'un dreabhláis: ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin, agus ar aer an tsaoghail ó mhaidin go faoithin. Chuimil siad sop na geirthe dhó, agus chaith siad 'chuile sciúrtóg dhá raibh ar a fhaltanas. Ach bhí rud ar shon a gcuid drabhláis aca. An uair a bhí a n-athair de dhruim tighe aca, b'éigin an áit a dhíol, agus bhí siad-san in a gcleith uaidh sin amach. Ar chuala tú ariamh é, an uair a stopas an síol stopann an fuirseadh. Bhí siad-san gan pighinn gan bonn uaidh sin amach. Ba ghearr gur ag imeacht ag súdaireacht ar fud na G. a bhí siad: duine ar bith a thiubharfadh luach pionta dóibh. Bhí sipín beag ag M. thíos i bP. an Ch., ach ba ghearr a bhain sé as. Ní raibh a fhios [cé] aca de'n bheirt — é féin nó a bhean ba dhrabhlásaighe a bhí. 'Ar ndú mo léan chuaidh sé i gcuingir leis an gceann ceart — inghean L. Uí C.
TUILLEADH (3) ▼
Nar chuala tú an sagart ag cur síos ar an mac drabhlásach siúd a bhí ann fadó nach ngéillfeadh do chomhairle athar ná máthar gur ghread leis. An uair a bhí a chuid caithte aige, bhí sé in ainriocht. Bhí sé ag tabhairt aire do mhuca agus bhíodh an oiread sin ocrais [air] agus go gcaitheadh sé cromadh síos ar a dhá ghlúin agus a dhul ag smalcadh cosamar na muc. Dheamhan leath an chirt a bhí leis nar fhan ins an áit a raibh sé i mbun a shátha. Tháinic sé abhaile aríst in a bhromachán bliana, ach dá mba mise an t-athair, is fada uaim amach a choinneochadh sé. Meastú an leigfinn isteach in mo theach é? Dheamhan é muis dá gcuireadh sé a bhundún amach … Ach níor éiligh sé imeacht aríst. Fuair sé luach a chuid drabhláis. Múineann an saoghal duine
Leig sí a clann fré chéile 'un drabhláis, ach d'eireochadh di. Ní raibh aon-cheann ar an bhfeadhain aca ba drabhlásaighe ná í féin
Ní raibh an boiscín "feaigs" sin an-drabhlásach muis, má tá siad caithte cheana agad, scáth an t-achar ó fuair tú iad. Maran thusa atá drabhlásach leo dhá roint ar dhaoine. Cheidim (chreidim) ar aon-chor, nach (ach) an oiread leis an tobac gur beag an drabhlás a d'fhan ionnta ó tháinig an Cogadh. Níl maith fanta i dtada ag an gCogadh céadna. D'iagóir (d'éagcóir?) Dé dóibh nach n-eirigheann as agus suaimhneas eicínt a thabhairt do'n saoghal, ach cheidim nach bhfuil aon-suaimhneas indán dó ach grásta Dé
 
Roinn muid an lucht feamuinne druimscoilte — leath ag an duine. Dheamhan crann ná crann a cuireadh air. Thug mé breith a's dhá roghain do Sh. Rinne sé roghain go díreach ar an leith a thiubhar[fainn] féin dó, dhá bhfaghainn breith mo bhéil féin. Níor leasuigh mo chuid-se ach an dá chúl thoir de gharrdha Dh. Fh. agus an cúl ó dheas. Bhí scaipiúch bheag d'fhuighleach agus chaith mé isteach í ar an bpóicín sin thiar le h-aghaidh "mangols". Leasuigh cuid Sh. Garrdha na C. dó agus an T. Á. Ba mhó an drabhlás a bhí in a chuid-seisean ar chuma eicínt, aindeoin go ndearna muid an dá leith druimscoilte di mar atá mé th'éis a rádh leat
 
Thug sé dustaí do spré na mná. 'Sé a thug. Ní raibh flaisc ar bith sáthach mór aige le déanamh. Féastaí agus eirighe-amach, cóistí cinn as G. amach abhaile, ól agus ragairne agus drabhlás. D'imigh sé ar róthaí an tsaoghail an fhad agus a sheas sé, ach ar a shon sin tá sé gan pighinn gan bonn gan cnaigín anois. Sin é é. An uair a stopas an síol, stopann an fuirseadh
 
Chuaidh sé ar dhrabhlás an t-am a bhfuair a bhean bás, agus níor fhága sé bonn bán air féin. An chéad rud eile tháinic an sirriam air …
 
Gabhfaidh sé 'un drabhláis ar fad má ghníonn tú sin leis. Nach mb'fhearr dhuit cead a chinn a leigean leis faoi láthair go bhfeicidh tú leat.
 
Chuaidh sé le drabhlás = chuaidh sé chun drabhláis