Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drabhlásach
aidiacht as drabhlás agus an chiall chéadna leis
1.
+
Is drabhlásach go deo an duine é. Ní fhágfadh sé bonn bán ar aon-áit dá mbeadh sé. An uair a bhíos na pighneachaí a shaothruigheas sé féin caithte aige, tosuigheann sé ag tuineadh leis an tsean-lánamhain, agus bíonn sé ag gabhail dóibh go deo, go meallann sé an chianóg dheire de'n phinsean uatha agus go gcuireann sé an rath céadna air.
Ba bheag an bheann a bheadh aca sin ar an saoghal marach cho drabhlásach agus a bhí siad fhéin. Bhí siopa annsin thoir ag a n-athair agus níl nídh dhar dhealbh an ghrian nach bhfuightheá istigh faoin a chaolachaí. Thug sé scoil agus foghluim dóibh. Bhánuigh sé é féin dhá gcur ag coláistí agus ag árd-scoileannaí. Chuaidh siad 'un dreabhláis: ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin, agus ar aer an tsaoghail ó mhaidin go faoithin. Chuimil siad sop na geirthe dhó, agus chaith siad 'chuile sciúrtóg dhá raibh ar a fhaltanas. Ach bhí rud ar shon a gcuid drabhláis aca. An uair a bhí a n-athair de dhruim tighe aca, b'éigin an áit a dhíol, agus bhí siad-san in a gcleith uaidh sin amach. Ar chuala tú ariamh é, an uair a stopas an síol stopann an fuirseadh. Bhí siad-san gan pighinn gan bonn uaidh sin amach. Ba ghearr gur ag imeacht ag súdaireacht ar fud na G. a bhí siad: duine ar bith a thiubharfadh luach pionta dóibh. Bhí sipín beag ag M. thíos i bP. an Ch., ach ba ghearr a bhain sé as. Ní raibh a fhios [cé] aca de'n bheirt — é féin nó a bhean ba dhrabhlásaighe a bhí. 'Ar ndú mo léan chuaidh sé i gcuingir leis an gceann ceart — inghean L. Uí C.
TUILLEADH (4) ▼
Nar chuala tú an sagart ag cur síos ar an mac drabhlásach siúd a bhí ann fadó nach ngéillfeadh do chomhairle athar ná máthar gur ghread leis. An uair a bhí a chuid caithte aige, bhí sé in ainriocht. Bhí sé ag tabhairt aire do mhuca agus bhíodh an oiread sin ocrais [air] agus go gcaitheadh sé cromadh síos ar a dhá ghlúin agus a dhul ag smalcadh cosamar na muc. Dheamhan leath an chirt a bhí leis nar fhan ins an áit a raibh sé i mbun a shátha. Tháinic sé abhaile aríst in a bhromachán bliana, ach dá mba mise an t-athair, is fada uaim amach a choinneochadh sé. Meastú an leigfinn isteach in mo theach é? Dheamhan é muis dá gcuireadh sé a bhundún amach … Ach níor éiligh sé imeacht aríst. Fuair sé luach a chuid drabhláis. Múineann an saoghal duine
Tá sé dreabhlásach faoi mo chuid-se agus do chuid-se, ach tá cion aige ar a chuid féin. Is furasta dhó a thoidheacht abhaile ag gabhail fuinn féin an uair a fhaghas sé pleotaí len a chur ins an gcruth sin. Marach sin ba bheag de'n cheird sin a bheadh air, deirimse leat.
Leig sí a clann fré chéile 'un drabhláis, ach d'eireochadh di. Ní raibh aon-cheann ar an bhfeadhain aca ba drabhlásaighe ná í féin
Ara tá muintir Ch. an-drabhlásach agus bhí 'chuile lá ariamh. Cho luath agus a bhéarfaidís ar an scilling, bheadh sí ag dóghadh a bpócaí go gcaithidís aríst í. Sílim nach bhfuil an líne óg atá ag eirghe suas ann mórán níos fearr ná na sean-daoine ach oiread. Ach céard a dheanfadh mac an chuit ach luch a mharbhú
2.
·
Ní raibh an boiscín "feaigs" sin an-drabhlásach muis, má tá siad caithte cheana agad, scáth an t-achar ó fuair tú iad. Maran thusa atá drabhlásach leo dhá roint ar dhaoine. Cheidim (chreidim) ar aon-chor, nach (ach) an oiread leis an tobac gur beag an drabhlás a d'fhan ionnta ó tháinig an Cogadh. Níl maith fanta i dtada ag an gCogadh céadna. D'iagóir (d'éagcóir?) Dé dóibh nach n-eirigheann as agus suaimhneas eicínt a thabhairt do'n saoghal, ach cheidim nach bhfuil aon-suaimhneas indán dó ach grásta Dé
Tá siad an-drabhlásach leis an móin — dhá theine ann go síorruidhe. Ach is furasta dóibh arsa tusa: ag imeacht dhá ghoid uaimse agus uaitse de shiubhal oíche, agus a gcuid móna féin in a scaradh ar an bportach, cheal an té a ghróigfeadh í, ná a thiubharfadh aon-ghiollaidheacht di. An uair a bhí aca a n-áird a bheith ar mhóin, is ag imeacht ag gabhail Laddie o' Lee ar an mbóthar, nó síos indiaidh "Choiste na bPáistí" ag cladaigh a bhíodh siad

Féach freisin

Drabhlásach in iontrálacha eile (5)

 
Deargán ar fad é an teach aice anois. Tharraing ar chuir sí de "phaint" air siúd pighinn mhaith uirre. Is mór an t-iongnadh nach mbeadh splanc eicínt chéille aice, agus gan a bheith cho drabhlásach sin len a cuid airgid. Mhainín féin go mb'fhéidir go mbadh mhaith léi aice fós é
 
Marach an deoladh a choinnigheas an sagart leis, is fadó an lá a bhí sé de dhruim tighe. Th'éis nach n-ólann sé, tá sé drabhlásach. Chuirfeadh an bhean atá aige freisin airgead na h-airí thrín a lámha
 
Is diachta dóib maoin ná bráigill a bheith orra agus cho caithmheach drabhlásach agus atá siad. Dá mbeadh dúithche an Ch. aca, ní fhágfaidís luach bonn bán uirre, nach istigh ag mná ósta a bheadh. Is mór an seasamh aca é. Ach ní mhaireann an rith maith do'n each i gcomhnuí. Mo choinsias ní mhaireann. Tiocfaidh an lá fós agus dá mbeadh breith ar a n-aithmhéala aca, dhéanfaidís tíoghbhus in am
 
díon 1
Ara bail ó Dhia ort! Níl díon deoir ins na bráicíní sin an uair a bhíos droch-oíche ann. Nach maith a shaothruigheas na maora agus na báirseoirí é, scáth a bhfuil dóib: sé phunt ins an mbliain. Nach gcaithfeadh fear drabhlásach aon-oíche amháin é. Agus caithfidh siad a dhul amach ar an abhainn dhá mbeadh sé ag cur sceanna gréasuidhe. Sin é a bhfuil de theálta aca — na bráicíní sin
 
téigh
Ba ghearr le dhul ar an gceann céadna deich bpunt ins an tseachtain dá mbeadh sé dhá fháil. Tá sé an-drabhlásach. Cheapfainn nachar shábhail sé leithphighinn ariamh dhár shaothruigh sé