Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochrath
+
Drochrath an diabhail uirthi agat nach gcaitheann uait í (eascainí)
Drochrath air le rud a dhéanamh!
TUILLEADH (4) ▼
Drochrath go deo ort! Breá nár bhuail tú é! Ach ní bhuailfeá. Ní raibh sé de rath ort
Drochrath aige air mar asal, murab aige atá an ghaisce as! Ní fheiceann muide maith ar bith air thar asal ar bith eile
Chuaigh drochrath ar an airgead ar an dá luath is a bhfuair an t-athair bás — caitheadh nó diomalaíodh go dona é
Sin é an chaoi a gcuireann sé drochrath ar a chuid fataí chuile bhliain: a bhfágáil amuigh sna poill nó go lobhann siad

Féach freisin

rath

drochrath in iontrálacha eile (9)

 
deis
Má fhaigheann tú deis ar bith an tseachtain seo, bioraigh na claíochaí ar Gharraí an Chl. Má fhágtar chomh maolscríobach siúd iad, gabhfaidh an drochrath ar ár gcuid féir ar fad
 
Drochrath ar do dhícheall agat! Bhí céad lá de mo shaol agus dhéanfainn an oiread i gcaitheamh uair an chloig agus a dhéanfá seachtain mhór fhada!
 
Is cuma cén lastas a thiocfas isteach faoi chaolachaí an tí seo, 'sé an drochrath a ghabhfas air. Tá muintir an tí seo ródhiomalach le tada a bheith acu
 
Drochrath orthu mar fhataí Achréidh. Cheannaigh muid foracún acu ansin an bhliain cheana le aghaidh síl, agus bhí diomalú an tsaoil iontu. Ba mhó na sclamhairí ná na síolta a bhí orthu go fada
 
Dhiúltaigh sé iad féin agus a dteach ar fad. Ach ní dhearna sé in am é. Cúig bhliana roimhe sin a bhí aige a dhéanamh. Dhá ndéanadh, ní bheadh drochrath ar a chuid mar atá. Ach ina dhiaidh a feictear don Éireannach a leas
 
Bainigí na dosadáin bhuí sin nó is gearr a bheas aon duine in ann an garraí a shiúl acu. Drochrath orthu murab iad atá uaibhreach. Ní fhaca mé chomh dona ariamh iad agus atá siad i mbliana
 
An drabhlás a chuir le fán iad. Bhí geadán deas talúna ansin thuas. A n-athair a shaothraigh chuile throigh dó. Bogach bháite a bhí ann go dtí sin. Ach chuir sé togha caoi air. Ar an dá luath is ar imigh sé, chuaigh an drochrath air. Ní ba drochrath go dtí é. Ón máthair a thug siad an drabhlás. I nDomhnach bhí sí féin chomh dona le ceachtar acu. Is minic a chaith sí oíche go maidin thíos ag an D. ina dteannta. Cén chaoi eile a bhféadfadh an chlann a bheith, ach mar a bhí siad. Fuair duine acu bás ar an sliabh. An ceann eile, d'fhága sé an baile ar fad agus bhíodh sé ag dul thart ar aimsir in áit ar bith a bhfaigheadh sé glaoch. Is beag an chónaí a ghníodh sé in aon áit. Sa bpoorhouse a bhásaigh sé sa deireadh sílim. Ag S. É. atá a gcuid talúna anois. Tá an teach tite. Sin é an bhail a d'fhága an drabhlás orthu sin
 
Dá mbeadh Dúicheannaí an Fhrionsaigh aige, chuirfeadh sé drochrath orthu
 
Ní raibh sé ach ó mhaidin go hardtráthnóna ag dul thríd an unsa tobac, hé brí cén sórt drochrath a chuir sé air