díbheo
—
+–
Bhí an coinín díbheo nuair a tháinig muid chomh fada leis — beo ar éigean; an dé ann ar éigean.
Tá sé díbheo fós.
TUILLEADH (7) ▼
Frítheadh caite díbheo ar an mbóthar ar maidin é.
Bhí an t-ádh ina chaipín agus srianadh thríd chor ar bith. Ní raibh ann ach go raibh sé díbheo nuair a fuair M. é. Bhí sé stromptha ar fad.
D'fhaga sé caite díbheo ansin é, agus lasc leis.
Déarfá go raibh sé díbheo ar éigean, ach 'sé a raibh ann é.
Bhí sé ag tabhairt na gcor sa tsúil ribe. Dheamhan a raibh ann ach go raibh sé díbheo.
Is fada díbheo mar sin é.
Bail ó Dhia ort fhéin agus ar do bhiseach! Tá a chuid bisigh siúd ar iarraidh! Fear nach mó ná díbheo é le dhul chun trí lá!
díbheo in iontrálacha eile (3)
→
anam
Ní dhéanfaidh sagart ná dochtúr aon mhaith dhó anois, arae tá sé in achar an anama agus níl ann ach go bhfuil sé díbheo.
Sin anois searrach nár ól a lacht ariamh, agus déarfá nach donaide é murar ól féin. Is dílleachta é. Bascadh an mháthair i seanchlochar ansin thiar trí nó ceathair de laethantaí théis searrach a bheith aici. Chuaigh sí isteach ann ar chuma eicínt, agus cuireadh ar chúl a cinn idir dhá chloich í agus ní raibh ann ach go raibh sí díbheo nuair a frítheadh í. Más ea féin, níor tháinig sí as
Bhí díogarnach anála ann agus a chuisle ag bualadh ar éigean. 'Sé a raibh ann go bhféadfá a rá go raibh sé díbheo. Cuireadh fios ar an sagart ar an toirt, ach má cuireadh féin, níor rug sé beo air. Chuir sé an ola air mar sin fhéin. Ba mhór an scéal é — buachaill breá mar é. Dúradh ag an gcuisle féin é. Thug an cróinéara an-character air