dúidín
—ainmfhocal, fireann
—
duine dona gan aon bhrí; duine a bheadh tarraingthe, seangaithe ag an obair agus ag an saol (fc. dúidín).
+–
Tá sé ina dhúidín dhona
Go deimhin is cuma dhó céard a dhéanfas an saol anois. Tá sé ina dhúidín bhocht dhona
TUILLEADH (2) ▼
Is diocachín de dhúidín dhona é, agus ní obair a fheileas dó feasta choíchin, ach sínte sa gclúidín
Ní fiú cnaipe gan chois é: dúidín beag dona, nach bhfuil ann ach go bhfuil sé i ndiaidh a chéile
Féach freisin
→
dúid