Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
tar anuas
1.
+
I leaba a theacht anuas, is ag gabháil suas atá chuile mhíle ní — ag daoirsiú agus ní saoirsiú atá earraithe
Má thagann beithígh anuas aon phínn eile, bhí sé chomh maith do na daoine ligean astub ar fad — má shaoirsíonn siad tada eile, bhí sé chomh maith do na daoine éirí astub ar fad agus gan plé ar bith a bheith acub leob
TUILLEADH (8) ▼
An bhfuil caint ar bith go dtiocfaidh bróga anuas aon cheo go gairid, mar is géar a theastódh péire maith uaim leis an ngeimhreadh seo a bharraíocht.
Chuile shórt dá mbeidh duine a cheannacht ag dul suas, agus chuile shórt dá ndíolfaidh sé ag teacht anuas!
Tá sé in am ag an tobac céanna a theacht anuas, dá mba leis a theacht anuas go deo.
Caithfidh tú a theacht anuas thairis sin — caithfidh tú an luach a leagan
Ní thiocfadh sé pínn anuas as seacht bpunt, agus dhá réir sin, bhí sé fánach agamsa a dhul ag margaíocht leis — ní lagfadh sé pínn as seacht bpunt
Tháinig sé anuas ó chúig phunta dhéag go dtí trí phunta dhéag.
B'éigean dom a theacht anuas san iarratas, ní raibh baol orm dhá phunt déag a fháil.
Tabharfaidh mé abhaile í shula dtaga mé anuas aon leithphínn eile.
2.
ag teacht trom; tromadh; leanacht.
+
Tá siad ag teacht anuas air, faoin airgead — tá siad dhá leanacht; nó ag cur caidéise nó dlí air faoi
Má thagann an dlí anuas air, ní fearrde é go luath.
TUILLEADH (9) ▼
Níor íoc siad aon chíos le fada, ach tá ráite go bhfuil an dlí le theacht anuas orthub anois.
Níor chuir sé caidéis ar bith air faoi go ceann i bhfad, ach tháinig sé anuas air ansin d'aon iarraidh agus chuir sé faoi ndeara dhó sé scóir a íoc ar aon láimh amháin.
Má thagann siad anuas air anois faoi na fiacha, fágfaidh siad in adhastar an anró ar fad é.
Tá chuile shórt ag teacht anuas air in éindí.
Foighid ort go dtaga na dlíodóirí anuas orthub ar ball agus ní fhágfaidh siad bonn bán acub.
Is fada iad ag teacht anuas uirthi, más fíor dóib fhéin, ach níor tháinig siad anuas uirthi fós.
Tiocfaidh an bainc anuas go gairid air mar tá an t-airleacan caite aige le fada.
Má tá i ndán is go dtiocfaidh na gardaí anuas air, íocfaidh sé go daor é.
Bhí sé i gceist go raibh sé le theacht anuas ar a chliamhain, agus lena chuid talúna a chantáil, mura n-íocadh sé an t-airgead leis.

tar anuas in iontrálacha eile (50+)

 
Nuair a scaoil mé an feadhnach (feadhnóg; feadhnac; cleitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas droim ar ais. B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindí
 
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta a aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seol inniu, ach ní dheachaigh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht calaidh air ansin le seachtain.
 
colg
Ar an dá luath is a chonaic an madadh é, chuir sé colg air fhéin agus thug sé abhóg lena fhostú. Ach níor leisean (cat) ab fhaillí é, chuaigh sé de léim ghlanoscartha sa gcrann, agus anuas as sin ní thiocfadh sé dhá gcaiteá leis go maidin.
 
bannaí 1
Tiocfaidh an bainc anuas ar na bannaíocha mura n-íoca seisean é. Deirimse leat go gcaithfidh an bainc a gcuid fhéin a fháil, pé ar bith cén súisín a íocfas é.
 
blogam
Dúirt sé blogam Béarla eicínt, agus ní raibh a fhios agam ó Dhia anuas céard é fhéin, ach tháinig mé leis, mar dhóigh dhe gur thuig mé é.
 
Tháinig sé ina dhórtadh an lá a raibh muid ag cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaitheamh anuas agus a ligean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téamh ná breo a rinne sí ina dhiaidh sin.
 
breá
Breá nach mbeadh stuaim eicínt ionat thar mar atá agus gan a bhfuil faoi chaolachaí an tí a chaitheamh anuas?
 
bruach
Bíonn an chlaise mhór sin thar bruach i gcónaí sa ngeimhreadh mar is uirthi atá a bhfuil d'uisce ó bhrollach an chriathraigh anuas ag teacht
+
Má thugann an balla sin uaidh beag ná mór, tiocfaidh sé anuas in aon bhrúisc amháin.
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig an cró anuas in aon bhrúisc amháin. Is beag le má d'fhan cloch ar a fhuaid nár thit.
 
Deir daoine gurb iad an slua sí — diúltaí muide dóibh! — a bhuail faoi oíche a raibh sé ag teacht abhaile deireanach, agus gur shearg a láimh anuas ón dúid dhá mbarr. Más siad nó nach iad, tá a dhóthain ar an duine bocht, ní dhá roinnt leis é
 
airigh
Ach a n-airí tú teas an Mí Mheáin ag dul faoin gcraiceann agat, tiocfaidh an cóta mór anuas (caithfidh tú dhíot é.)
 
amuigh
B'éigean dó a raibh istigh is amuigh aige a dhíol amach, mar bhí an bainc ag teacht anuas air.
 
Le gairid anuas a tháinig an cheird sin amach — an béas sin; le gairid a thug na daoine faoi deara dhóibh fhéin an faisean sin.
+
anuas
Tháinig sé anuas ar cuairt (ón taobh ó thuaidh — ó shléibhte)
TUILLEADH (20) ▼
Diachta dhó a tháinig anuas chor ar bith inniu.
Ag teacht anuas Seanadh Dhraighin dom, bhí sé ina oíche dhubh — bhí an oíche tite, nuair a shroich mé anuas chomh fada le Seanadh Dhraighin
Bhí sé ag teacht anuas le claí, le colbha le balla srl.
Bhí mé anuas thar Ard Throscaigh na gCapall shul má rug an oíche orm — bhí mé níos gaire ná srl. níos gaire don taobh ó dheas
Ní raibh mé tada le anuas thar tigh Mh. Uí Dh. nuair a tháinig sé ina ghleadhradh báistí.
Ar tháinig tú anuas amach inniu?
Tháinig mé anuas amach as Gleann an Fhia.
Is mó a tháinig anuas amach ná a bhí de dhaoine aitheantais ann.
Ní fhéadfá gan ocras a bheith ort má tháinig tú anuas amach anois.
Is gearr go dtaga sé anuas ina dhórtadh (báistí)
Le blianta beaga anuas, is mór an mhaith a tháinig ar an saol.
Níor tháinig aon fhear mar é ó Pharnell anuas
Is mór a tháinig an loch anuas le seachtain — a thraoith sí
Fág mar sin í go dtaga sí anuas uaithi féin — go dtraoithe an t-at uaidh fhéin (cos ata, lámh ata srl.)
Chuala mé go mbeadh an t-airgead acraí anuas i mbliana thar mar a bhí sé anuraidh.
Is mór atá sé anuas sa saol ó bhí a athair beo; is mór a tháinig sé anuas ó bhí a athair beo
Tá sé anuas thar mar a bhíodh sé, ach níl aon údar clamhsáin fós aige — níl sé chomh saibhir agus a bhíodh sé, ach tá riar maith fós aige
Is mór atá sé anuas thar mar a bhíodh sé agus fágfaidh an bhliain seo bánaithe uileag (uilig) é.
Níl aon lá ó tháinig sé don pharóiste nach bhfuil an sagart anuas air, agus shílfeá nach dtugann sé údar ar bith dhó.
Níl aon lá ó tháinig cuimhne dhom nach bhfuil sé ar an mbealach céanna, anuas ar mhuintir na sráide seo.
 
ard 1
Tháinig sé anuas an t-ard agus teannadh leis (faoi)
 
Chuir sé anuas beagán mé thar mar a bhí mé a iarraidh — chuir sé faoi ndeara dhom ísliú sa méid a bhí mé a iarraidh
+
Tá sé ag teacht anuas sa bhfeoil — ag snoíchan, ag tanaíochan
TUILLEADH (2) ▼
Má thagann sé anuas aon cheo eile, ní bheidh bior eanga air (fc. bior)
Tugadh anuas go mór é le cupla bliain; tháinig sé anuas go mór le cupla bliain — bochtaíodh go mór é le cupla bliain
 
Leag sé anuas pláta tairteola a bhí ann thar oíche agus thosaigh sé dhá smailceadh agus daba aige i chaon láimh leis. Is aige atá an coimpléasc! Bhí mise chomh breoite agus nach bhféadfainn breathnú uirthi amháin
 
'An bhfuil a fhios agat cá gcónaíonn Lorcán anseo,' adeir sé. 'M'anam nach bhfuil a fhios,' adeirimse, 'mar nach bhfuil a leithide ann'. 'Tá muis,' adeir sé, 'ar na mbaile seo thiar'. 'Lorcán ar an mbaile seo thiar!' adeirimse. 'Má tá, is i ngan fhios domsa é. Le uair an chloig a tháinig sé ann. Tháinig mise anuas thríd an mbaile sin anois le ualach móna agus … '. 'Laurence Conneely,' adúirt sé. 'Tá a leithide ann,' adeirimse, 'ach dar sliabh má tá Lorcán air, is forainm air é' (níor mhar a chéile dar leis "Lorcán" agus "Laurence")
 
Tá an fuarlach anuas sa gclaise sin thoir. Má níonn sé aon deoir eile anocht, sceithfidh sí amach ar an fataí. Is beag an dochar di fuarlach fhéin a bheith inti agus a bhfuil d'uisce ag teacht uirthi: uisce dhá bhaile
 
abair
Nuair a tharraing mé an ruóig anuas de dhrioball na bodóige agus a shlíoc mé síos é, meas tú nár tháinig leath an driobaill liom. Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
 
Leagadh anuas dhá dhaigéad de dhá chloich i mínis (i bhfianais) an ghiúistís. 'Siad a chaith an bheirt thiar. Shílfeá nach éadáil mhór ar bith an t-amharc a thug duine acu ar na clocha. Ba mhó dhá fhonn a bhí air déarfá, breith uirthi agus a caitheamh aríst. Tháinig scéin sa ngiúistís
 
dairt
Deir tú leis a chaith coraintín istigh anseo inniu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timpeall ar an scéal. 'Leag mé bosca bealadh a bhí le a chur ar an gcarr inniu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor meacan den teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dúirt B. nár chorraigh sí féin é. Agus níor goideadh é, mar 'sé sin an fáth, ní raibh aon duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é.' Tá amhras aige orainn, ach ní abródh sé ina dhiaidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é san oíche amárach. Leagfaidh mé san áit chéanna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt
 
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diomar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
 
damba
Séard a ghníos siad sin dambaí nó coraíochaí a thógáil sna srutháin agus bearna a fhágáil ina lár. An cochall a chur sa mbearna sin ansin agus an sruthán a shaighdeadh anuas. Ní bheadh breac ag gabháil leis nach dtiocfadh sa gcochall
 
daol
Bhí sé ag cur a chraicinn dó (de) ag damhsa i lár an tí. Agus céard a dhéanfadh sé — mar bhuailfeadh daol é — ach a theacht anuas agus é fhéin a ghróigeadh istigh sa gclúid agus tosaí ag fuarchaoineachán. Thosaigh mo choinsias! Daol bróin a tháinig air is cosúil. Ag caoineadh seanJ. a bhí sé
 
Is diabhlaí aibéil a tháinig siad sin anuas sa saol! Dar príosta chonaic mise iad muis, agus ní chuirfidís an deachma ar cairde, ach bíonn a lá féin ag chuile dhuine. Agus sin é an deis a bhfuil siad anois: sirriam ag teacht orthu. Is fiú do chuile dhuine an buachaill sin a choinneáil óna dhoras muis, má fhéadann a chumhachta chor ar bith é