Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
tar anuas
1.
+
I leaba 'theacht anuas, is a' gabhail suas atá chuile mhíle nídh = a' daorsú agus ní saorsú atá earraidhthe.
Má thagann beithidhigh anuas aon-phighinn eile, bhí sé chomh maith do na daoine leigean astu(b) ar fad = má shaorsuigheann siad tada eile, bhí sé chomh maith do na daoine eirighthe asta(b) ar fad, agus gan pléidh 'bith 'bheith aca(b) leo(b).
TUILLEADH (8) ▼
'Bhfuil cainnt a' bith go dtiocfa bróga anuas aon-cheo go goirid, mar is géar a theastóchadh péire maith uaim, leis an ngeimhreadh seo 'bharraidheacht.
'Chuile shórt dá mbeidh duine 'cheannacht ag dul suas, agus chuile shórt, dá ndíolfa sé a' teacht anuas!
Tá sé in am ag a' tobac céadna theacht anuas, dá mbadh leis a theacht anuas go deo.
Caithfe tú 'thoidheacht anuas fharrus sin = caithfe tú an luach a leagan.
Ní thiocfadh sé pighinn anuas as seacht bpunt, agus dhá réir sin, bhí sé fánach agamsa a dhul a' margaidheacht leis = ní lagfadh sé pighinn as seacht bpunt.
Tháinic sé anuas ó chúig phunta dhéag go dtí trí phunta dhéag.
B'éigin dom a theacht anuas 'san iarratas, ní raibh baoghal orm dhá phunt déag 'fhaghail.
Tiubhra mé abhaile í shul a dtaga mé anuas aon-leithphighinn eile.
2.
'teacht trom; tromadh; leanacht.
+
Tá siad a' teacht anuas air, faoi'n airgead = tá siad dhá leanacht; nó 'cur caidéise nó dlighe air, faoi.
Má thagann an dlighe anuas air, ní fearrde é go luath.
TUILLEADH (9) ▼
Níor íoc siad aon-chíos le fada, ach tá ráidhte, go bhfuil an dlighe le theacht anuas orra(b) anois.
Níor chuir sé caidéis a' bith air faoi, go ceann i bhfad, ach tháinic sé anuas air annsin d'aon-iarraidh, agus chuir sé faoi ndeara dhó, sé scóir a íoc, ar aon-láimh amháin.
Má thagann siad anuas air anois, faoi na fiacha, fágfa siad in adhastar an anró ar fad é.
Tá chuile shórt a' teacht anuas air, in éindigh.
Foighid ort go dtaga na dligheadóirí anuas orra(b) ar ball, agus ní fhágfa siad bonn bán aca(b).
Is fada iad a' teacht anuas uirre, má's fíor dóib fhéin, ach níor tháinic siad anuas uirre fós.
Tiocfa an beainnc anuas go goirid air, mar tá'n t-áirleacan caithte aige, le fada.
Má tá indán's go dtiocfa na gárdaí anuas air, íocfa sé go daor é.
Bhí sé i gceist go raibh sé le 'theacht anuas ar a chliamhain, agus le na chuid talmhana 'chandáil mara n-íocadh sé an t-airgead leis.

tar anuas in iontrálacha eile (50+)

 
Nuair a scaoil mé an feánach (feánóg; feánac; cléitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas druim ar ais. B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindigh
 
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seól inniu, ach ní dheachaidh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht caladh air annsin le seachtain.
 
colg
Ar a' dá luath a's a chonnaic an madadh é, chuir sé colg air fhéin, a's thug sé amhóg le na fhastú. Ach níor leis-sean (cat) ab fhaillighe é, chuaidh sé de léim ghlan-eascartha sa gcrann, a's anuas as sin ní thiocfadh sé, dhá gcaithteá leis, go maidin.
 
blogam
Dubhairt sé blogam Béarla eicínt, a's ní rabh fhios agam ó Dhia anuas céard é fhéin, ach tháinig mé leis, mar dhóigh dhe gur thuig mé é.
 
breá
Breagh nach mbeadh stuaim eicínt ionnad thar mar tá, a's gan a bhfuil faoi chaolachaí an tighe a chaitheamh anuas?
 
bruach
Bíonn a' chlaise mhór sin thar bruach i gcomhnuidhe sa ngeimhreadh, mar is orra atá 'bhfuil d'uisce ó bhrollach a' chriathraigh anuas a' teacht.
 
Deir daoine gurb' iad an sluagh sidhe — diúltuigheamuide dóibh! — a bhuail faoi, oidhche a raibh sé 'teacht abhaile deireannach, a's gur shearg a láimh anuas ó'n dúid dhá mbarr. Má's siad nó nach h-iad, tá a dhóthain ar an duine bocht, ní dhá roinnt leis é.
 
amuigh
B'éigin dó a raibh istigh a's amuigh aige a dhíol amach, mar bhí an beainnc a' teacht anuas air.
+
anuas
A' teacht anuas Seana-Dhroighin dom; bhí sé 'na n-oidhche dhubh = bhí an oidhche tuithte, nuair a shroich mé anuas chomh fada le Seana-Dhroighin.
TUILLEADH (8) ▼
Bhí sé 'teacht anuas le claidhe, le colbh le balla etc.
Bhí mé anuas thar Árd Throsca na gCapall shul má rug an oidhche orm = bhí mé níos goire ná etc. níos goire do'n taobh ó dheas.
Ní raibh mé tada le anuas thar tigh Mh. Uí Dh. nuair a tháinic sé 'na ghleáradh báistighe.
Is gearr go dtaga sé anuas 'na dhórtadh (báistighe).
Fág mar sin í go dtaga sí anuas uaithe féin = go dtraoithe an t-at uaidh fhéin (cos athta, lámh athta etc)
Chuala mé go mbeadh an t-airgead acraí anuas imbliadhna thar mar bhí sé anuraidh.
Tá sé anuas thar mar bhíodh sé, ach níl aon-ughdar clamhsáin fós aige = níl sé chomh saidhbhir a's bhíodh sé, ach tá riar maith fós aige.
Is mór atá sé anuas thar mar bhíodh sé, agus fágfa an bhliadhain seo bánuighthe uiliog (uilig) é.
 
Chuir sé anuas beagán mé thar mar bhí mé 'iarraidh = chuir sé faoi ndeara dhom ísliú sa méid a bhí mé 'iarraidh.
+
Tá sé teacht anuas sa bhfeoil = a' snuigheachan, a' tanuidheachan.
TUILLEADH (2) ▼
Má thagann sé anuas aon-cheo eile, ní bheidh bior-eanga air (féach "bior").
Tugadh anuas go mór é le cupla bliadhain; tháinig sé anuas go mór le cupla bliadhain = bochtuigheadh go mór é, le cupla bliadhain.
 
Leag sé anuas pláta tairtfheóla a bhí ann thar oíche, agus thosuigh sé dhá smalcadh agus daba aige is chaon láimh leis. Is aige atá an coimpléasc! Bhí mise cho breóite agus nach bhféadfainn breathnú uirre amháin.
 
"An bhfuil a fhios agad, cá gcomhnaíonn Lorcán annseo", adeir sé. "M'anam nach bhfuil a fhios", adeirimse, "mar nach bhfuil a leithide ann". "Tá muis", adeir sé, "ar na mbaile seo thiar". "Lorcán ar an mbaile seo thiar!" adeirimse. "Má tá is ingan fhios domsa é. Le uair an chloig a tháinig sé ann. Tháinig mise anuas thríd an mbaile sin anois le ualach móna agus … ". "Laurence Conneely", adúirt sé. "Tá a leithide ann", adeirimse, "ach dar sliabh má tá Lorcán air, is for-ainm air é" (níor mhar a chéile dar leis "Lorcán" agus "Laurence")
 
abair
An uair a tharraing mé an ruadhóig anuas de dhrioball na budóige agus a shlíoc mé síos é, meastú nachar tháinig leath an driobaill liom. Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
 
dairt
Deir tú leis a chaith curraintín istigh annseo indiu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timcheall ar an scéal. "Leag mé bosca bealadh a bhí le 'chur ar an gcarr indiu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor-meacan de'n teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dubhairt B. nachar chorruigh sí féin é. Agus níor goideadh é mar 'sé sin an fáth ní raibh aon-duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é." Tá aimhreas aige orainn, ach ní abróchadh sé in a dheidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é ins an oíche ambáireach. Leagfaidh mé ins an áit chéadna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt.
 
Bhí bó annsin thoir ar an aonach agus nuair a chuaidh siad dhá bleaghán bhí an úgh cho rithte len a bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál in a dhiaidh sin. Chuaidh 'chuile dhuine di ach ba aon-mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannachthóir a bhí ann — agus chuaidh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuighe isteach ins na dalláin aice, mar dhóigh dhe go raibh siad tachttha … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid sineadhachaí a bhí an "demur" (marach, locht) chor ar bith. Fear sáthach símplí — bádóir as Conamara — a casadh timcheall ann ins an deire agus é ar a ghlas-mheisce. Ní thiubharfá deich triuf air len a fheiceál. Sáthach adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafruigh sé céard a bhí orra, agus h-innsigheadh dó. Bhí an ceannóchthair an uair seo in éadan na ndalláin aice. "Leig do na dalláin" adeir an bádóir. "Tá na dalláin cho "freeáilte" agus a bhíos mo pholláirí-sa, agus an bád ag tabhairt leath-bhord ins an ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach innseochaidh mise dhaoib céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus a lán uisce, árduigidh suas é ar áit árd eicínt. Tugaighidh an bhó len a ais. Coinnigidh annsin í. Scárdaigidh anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mara ndéanaidh an bairille sin, líonaigidh bairille eile, agus déanaigidh an cleas céadna. Nach mairg gan galún taosca an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál." Tugadh isteach i "ngárd" Sh. í. Tá a fhios agad an bairille árd siúd a raibh an "teaip" air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas len a thaobh, agus chuir siad an "teaip" ag rith. Leigeadh cho maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nar thosuigh an bhó ag tál an bhainne cho briosc agus dhá mbadh as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigin buicéad a chur fúithe de léim. "Anois" adeir an bádóir "ab iad na dalláin a bhí dúinte" agus "haway" leis isteach indorus cúil Bh. gur chuir cáthadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do "wireen"-sa ar ball?
 
damba
'Séard a ghníos siad sin dambaí nó caraidheachaí a thógáil ins na srutháin agus bearna a fhágáil in a lár. An cochall a chur ins an mbearna sin annsin agus an sruthán a shaghdadh anuas. Ní bheadh breac ag gabhail leis nach dtiocfadh ins an gcochall
 
daol
Bhí sé ag cur a chraicinn dó (de) ag damhsa i lár an tighe. Agus céard a dhéanfadh sé — mar bhuailfeadh daol é — ach a theacht anuas agus é fhéin a ghróigeadh istigh ins an gclúid agus tosuighe ag fuar(for)-chaoineachán. Thosuigh mo choinsias! Daol brúin (bróin) a tháinig air is cosamhail. Ag caoineadh sean-J. a bhí sé.
 
Is diabhlaí aibéil a tháinig siad sin anuas san saol! Dar príosta chonnaic mise iad muis, agus ní chuirfidís an deachma ar cáirde, ach bíonn a lá féin ag chuile dhuine. Agus sin é an deis a bhfuil siad anois: sirriam ag teacht orra. Is fiú do chuile dhuine an buachaill sin a choinneál ón a dhoras muis, má fhéadann a chumhachta chor ar bith é
+
Lá de na laetheanta deannachtacha sin idtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na sean-bhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarrdha Mh. G. Ar éigin saoghail a bhí mé indon seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shanntuigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst an uair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige go mbaininn scathamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé carra chainte orm. "Cá'il tú ag dul" adeirim féin. "Síos ar snámh" adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach narbh eadh. Ní raibh sé seachtain ó'n lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighthe (ins an ngealtlann)
TUILLEADH (1) ▼
Níl múr ar bith is deannachtaighe ná an múirín gréine 'ar ndú. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leathtromach amach ins an samhradh. Bheadh ráig dheannachtach annseo, agus dheamhan agus móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fánaidh Cnoc Bh. lá. Tháinig sé in a bháistigh orm. Tabhair báisteach uirre: ní leigfeadh sí luch as poll na diabhal as Ifreann. Chuaidh mé ag tóruigheacht fascadh. Mo chreach an fascadh annsiúd. Ach mar sin féin shugh mé mé féin isteach in áit eicínt go leiginn tharm é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh inG. na B. Leathnuigh m'amharc orm. An uair ba déine a bhí sé ag cur ins an áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach in a scaladh gréine, th'éis gur gearr ó'n a chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaoghal sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaighe ná a chonnaic mé an lá sin
 
Ní bhíonn dream ar bith líomhtha ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas annseo anuiridh agus bhain sí slam duilisc agus ní bheadh fíth ná feáin uirre mara ndéantaí deargán di. Diabhal an raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon-deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aice siúd. Thug sí a sean-eire creathnaigh abhaile léithe. Nar ba hé amháin dhá bhfuil suas ann. 'Chuile bheaduidheacht dá mbíonn timcheall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orra féin. Ní fhaca mé tada ag toidheacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas annseo ar mhaingín cnothannaí aca, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugad, ach ní fhaca muid aon-amharc ar na cnothannaí ó shoin
 
dia 2
Má fheiceann tú deireadh Sathairn ag teacht anuas, tá tú réidh le triomach a fháil an lá sin
 
Ní fhaca mé aon-dilleoirín go h-iomdha (fuaim iom-aoí) ach an grabairín beag sin ag M. Ph. Sh. Sháruigh sé a mháthair an oíche faoi dheire. Dheamhan maith a bheadh aige ann go dtugadh sí cead dó a raibh de shoithigh ar an drisiúr a thógáil anuas, agus a gcur síos ins an gciseán, mar dhóigh dhe go mbadh ceannuidhe gréithí é. Tháinig M. isteach agus nuair a chonnaic sé an drisiúr feidheartha, agus na soithigh ins an gciseán, rug sé in a ghabhail air agus bhí sé ag leigean an treabhsairín síos leis nuair a d'iarr sé cara agus coimirce orm féin. Shábháil mé é, ach deirimse leat gur fada aríst go dtosuighidh sé ar an gceird siúd — in a cheannuidhe gréithí.
 
dlúth 1
Bhí sé sin de dhlúth agus d'inneach ionnta go tóin. B'uathbhás é a sean-athair M. M. Fuair sé gamhainín le M. G., baintreach a bhí 'sa teach a bhfuil T. Ó. C. anois ann, fuair sé é istigh i ngarrdha fataí leis thuas imbárr an bhaile uair. Ba bheag a bhí foghluighthe ag an ngamhainín. D'fhága sé annsin é agus tháinic sé anuas go teach de mhaol a mhainge go bhfuair sé láighe agus píce agus téad. Chreidim gur rún a bhí aige a chrochadh leis an téid, dhá gcinneadh sé air leis an láighe agus leis an bpíce. Cé'n bhrigh ach chuaidh sé suas agus anuas thar teach na baintrighe gan caidéis ar bith a chur uirre. Ghiorruigh sé leis an ngamhainín ar aon-chor agus d'fheann sé é, agus d'arduigh sé leis anuas an craiceann. Ag teacht anuas thar teach na baintrighe dhó d'fhuagair sé uirre: "Gabh suas agus cuir do ghamhain" adeir sé. "Thug mise an craiceann liom in omós foghla".
 
dochar
Thóig sé suas ort é muis. Tá sé sin an-aisteach. Ní chuimhneochaidh sé chor ar bith gur sciorradh focail a d'eirigh dhuit. Má's leat an dochar a bhaint as anois, níl agad ach a tharraingt anuas aríst an chéad oíche eile, agus an chaint cheart a chaitheamh a dhú (dó) nae (nó) trí de chuarta i riocht agus go dtiocfaidh sí isteach ins na cluasa go maith aige
 
Tá sé cho dúrainneach le aon-chríostuidhe dhá bhfaca mise ariamh. Má theigheann beithidheach thar claidhe isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam annseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aice ag dul imbradghail. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dteigheadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le 'chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheacha sí air-sean ach lá amháin. Bhí maol-bhearna leagtha igclaidhe Gharrdha an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tóigeál (tógáil) a thug siad uirre. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillighe é 'ar ndú'. Isteach léithe ar an gcoinnleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann an uair a rug sé uirre. Rinne sé a sheacht míle dicheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sáthach aigeanta. Anuas leis annseo in a theine bhruithte ag fuagairt foghlach agus dlighe orm féin de ghort an gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. 'Ar ndú' mar adeir an fear fadó bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach in a dhiaidh sin agus uiliog scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a leigean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon-nós, ach a bhfaghainn an té a thóigfeadh uaim í. Ach tá sé cho dúrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tanguigheadh (teangmhuigheadh) chor ar bith leis féin
 
Donn-réidh uilig a cuireadh d'adhmad ar an teach seo. Níl aon-taobhán giumhasaighe ag gabhail leis. Cuirfidh mé geall leat nach bhfuil. Tá a shliocht air: cho luath agus a tháinic aon-deoir de'n bháisteach anuas ann, thug na rataí uatha. 'Bhfeiceann tú an dhá chúpla sin annsin. Dheamhan a fhios agam cé'n puínte a dtiocfaidh siad anuas faoi'n mullach orainn
 
Bhí mála drad-líonta móna ag teacht anuas aige trathnóna. Duine eicínt a thug dó é de ghrádh diadha
 
draoi
Bhíodh an draoi breacach aca ann 'chuile bhliain go dtí imbliana, ach níor tháinig siad chor ar bith i mbliana. Maran musán ar bith a bhuail an M. agus nach dtiubharfadh sé anuas iad. Bhí suaímneas ag an tír dhá bhfuireasbhaidh. Sháróchaidís na daoine
+
driog
D'airigh mé an driog ag dul thríom. An chéad rud eile, tháinic miabhán in mo cheann agus mhothuigh mé mé féin ag tuitim i meirbhthean. Marach a fheabhas agus a thapuigh mé é agus a dhul amach thuitfinn istigh. Níl a fhios agam ó Dhia anuas céard a bhain díom chor ar bith. Níor tháinig rud de'n tsórt sin orm cheana ariamh
TUILLEADH (1) ▼
Rug sé annsin orm in aice an ailt. 'Sé a raibh ann go bhfeicfeá lorg ann agus níor tháinic deoir fhola. Ach mara dtáinig, bhí pian ann. Timcheall agus leath-uair in a dhiaidh sin d'airigh mé na driogannaí cráidhte ag snámh suas thrí mo láimh — suas go gualainn, agus níor fhan mothú ná arann i gcrobh mo láimhe. Chuir mé fios ar an dochtúr de léim. Níor mhór dhom féin gur chuir. Dhá bhfágainn leath-uair eile í adeir sé, bhí mo chnaipe déanta. Chaithfí an láimh a bhaint anuas ó'n ngualainn díom
 
Rinne sé é ar na drochóirí dó féin, agus bhí a shliocht air: ní fhaca sé aon-lá de'n ádh uaidh sin amach. Bhí saidhbhreas na saidhbhreas aige an uair sin. Ba leis B. Bh., F., G. agus áiteacha tharta. Bhí dath gach bó ar shliabh aige, ach tháinig an díleaghadh ar fad ar a chuid. Leagh a raibh aige — deis beithidhigh agus eile — anuas in a ghlaedh ghlas. Ins an "bpoorhouse" a fuair sé bás. Is deacair a rádh nach h-olc an rud a dhul in aghaidh comhairle mhaithe
+
droim
Leag druim an leabhair anuas air agus coinneochaidh sí ó dhul thar maoil é
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an lá ag dul thar druim agus gan é ag tarraint anuas tada. 'Nuair ab fhada liom féin faoi dheireadh é, thosuigh mé ag baint spreabannaí ag an scéal, ach ní raibh faice le fáil uaidhsean, ach an nathaidheacht bheag sin a bhíos aige i gcomhnaí …
 
Ní thiubharfainn de shásamh dhó anois, dhá mbadh mé thusa, go dtiubharfadh sé druim-dhiúltú dhom. Fan uaidh ar fad. Is furasta dhuit scoilb a fháil dhá fhuireasbhaidh. Fagh iasacht carr agus capall ó dhuine eicínt, agus buail suas go M., agus beidh díol an bhaile agad ag teacht anuas duit. Maidir leis sin agus len a chuid sailighe suaraighe, shílfeá gurb í Coill Mhór na Creatalaighe atá aige, tá sé cho ceanamhail sin uirre
 
duine
Mac Sh. N. sin! Thug duine eicínt duine uasal air! Dia Dílis dhá réidhteach! Céard atá ag teacht ar an saoghal chor ar bith! Mac Sh. N. in a dhuine uasal. A Dhia agus a Chríosta! Duine uasal anuas de lota na gcearc. Sin é an duine uasal é.
+
Ní fhaca mé a mhacsamhail i gcaitheamh an tsaoghail ariamh, tá sé cho díbheirgeach sin. Chuaidh sicín linn soir anuiridh ins an ngarrdha gleannach siúd aige taobh thoir daoinne (dínne, d leathan). Dheamhan a raibh a fhios againne céard ba cor di, ná go raibh sí ar a chuid chor ar bith. Is uair ins na naoi n-áird a thaobhuigheadh aon-chearc linn é, mar ní thugann muid d'fhaisean dóib a dhul ann ach a gcoinneál ruaigthe taobh siar i gcomhnuí. Bhí mé ag gearradh cuid muc ar an tsráid th'éis am dinnéir agus níor airigh mé ariamh a dheirbhshiúr m'anama thú, gur caitheadh an sicín anoir thar an gclaidhe le m'ais agus í dícheannta. Nar fhága mé seo mara raibh. Chuir sé féin a chloigeann thar an gclaidhe. "Coinneochaidh mise feoil libse" adeir sé "mara gcoinnighidh sibse u (bhur) gcuid cearc uaimse." Nar dhíbheirgeach an mhaise dhó sin é. Ní chásóchainn chor ar bith í, dhá mbeadh millteanas le déanamh aice, ach ní raibh. Shílfeá go bhféadfad sé a fuagairt agus a rogha rud a dhéanamh léithe dhá mbeireadh sé aríst uirre. Dheamhan fuagairt muis, ach an cloigeann a bhaint anuas ó'n dúid di
TUILLEADH (1) ▼
Bhí caoirigh againn annseo "trip" (uair, babhta) ar an sliabh, agus tháinig siad uair eicínt anuas i mbarra garbha Sh. Mh. Nach diabhaltaí díbheirgeach anois a bhí sé agus gur bhuail sé seidhrín ar 'chuile cheann beo aca. Níor thug muid faoi deara iad ariamh go raibh na cosa i gcruth tuitim dhíob. Céard déarfá leis an mbitheamhnach sin. 'Sé is mó mailís ar an mbaile sin. Fear a chuirfeadh seidhrín ar do chaora nach raibh sé cho maith dhó a dhul agus a dícheannadh in éinfheacht. Badh é ba ghnaoidheamhla dhó
 
Ní ort ab fhearr liom díochúis a dhéanamh dhá bhféadainn, ach má leigim leat, déarfaidh seisean gur le fabhar duitse nach dtiocfainn anuas ort cho maith le duine. Níor mhaith liom a thabhairt le rá dhó go bhfuighidh sé le léamh é