Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh chun
1.
+
Déarfá go ndeachaigh sí chun láíochta ó d'imigh sí. Sílim go ndeachaigh freisin. Shílfeá nach bhfuil sí chomh bundúnach agus a bhíodh sí
Tá an madadh sin ag dul chun oilbhéas. Ach sibh féin is ciontaí. Breá a mbíonn sibh acht is áirid ag spochadh leis
TUILLEADH (40) ▼
Nuair a thosaigh sé ag dul chun drochmhúineadh, tháinig cúr lena bhéal, agus mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag breathnú air. Bhí a dhá shúil ag dul amach as a cheann le scéin
Is furasta leis an gceann céanna a dhul chun drochmhúineadh. 'Sé a bhfuil le déanamh agat, do mhéir a ardú mar sin leis agus tá sé splanctha ar an toirt
Má thosaíonn sé ag dul chun feirge chomhairleoinn duit gan fanacht ina ghaire, arae tá anam duine air ina chuid oilc
D'áitigh an capall ag broimseálacht agus ag dul chun meargántachta agus shíl mé nach gceansóinn chor ar bith í. Tá sí chomh giongach leis an diabhal nuair a fheicfeas sí bus, agus ní ghlacann sí scáth roimh na mótair bheaga chor ar bith. Nach aisteach sin anois
Má labhraíonn tú air sin rachaidh sé chun stuaice air, agus ní bheidh focal den chaint aige aríst go ceann coicíse. Tá sé an-phusach go deo
Tá sé ag dul chun staince ar an mbodach seo aríst. Ní dhéanfaidh sé aon cheo faoi shásamh aríst go faoithin. Ní dóichíde cleas dhá ndéanfadh sé anois ná an láí a chaitheamh i dtigh diabhail ansin ar fad agus lascadh leis soir ag an S.
Ná téadh sé chun bundúin aríst ort fearacht ar ball. Breá nach mbeadh foighid agus éisteacht agat. Is fada dhuit do shaol ar an gcaoi a bhfuil tú
Chuaigh sé chun staiciúlachta (fc. staiciúlacht) uirthi, agus ní fhéadfadh muid aon cheart a bhaint di aríst go ceann dhá lá. Nach diabhlaí an bealach atá léithe do bhean óg a fuair oiliúint agus tógáil chomh maith léithe
Tá sé ag dul 'na huaire móire air. Ligidh dó ar fad anois, agus ná scanraidh tuilleadh é i gceann mar atá sé (fc. uair mhór)
Chuaigh sé 'na huaire móire críochnaithe air nuair a chonaic sé an póilí
Ní féidir gur ag dul chun drogaill atá tú. Más ea, ná bac leat féin. Shíl mé go raibh misneach thairis sin agat
Chuaigh sé chun drogaill air nuair a chonaic sé gach is a raibh le déanamh
Tá mé ag dul chun drogaill anois roimh an aistir sin. Sílim go bhfuil an tabhairt rófhada
Sílim go ndeachaigh tú chun bréige ó d'imigh tú ó bhaile — tucarach do bhréaga
Tá sé ag dul chun imní air
Ná téadh sé chun imní ort anois chor ar bith. Beidh sé anseo gan mórán achair
Chuaigh sé chun leithid ar fad ó fuair an mac an poistín salach sin atá aige
Measaim nár mhór cromnasc a chur ar an ngamhain sin. Tá sé ag dul chun bradaíola
Chuaigh sé chun críonnachta agus chun gleacaíochta ó himríodh air fadó faoin airgead. Ní bhfaighfear chomh bog aríst é go ceann fada sílim
Má théann sé siúd chun díocais ceart leis an obair, ní bheidh aon cheo di gan déanamh faoi cheann dhá lá
Bhí sí an-ligthe léithe fhéin, ach shílfeá go bhfuil sí ag dul chun cuibhiúlacht le scaitheamh. Theastaigh sin uaithi má tá féin
Gabhfaidh sé chun drabhláis ar fad má ghníonn tú sin leis. Nach mb'fhearr dhuit cead a chinn a ligean leis faoi láthair go bhfeice tú leat
Tá sé ag dul chun teanntáis anois ar na daoine
Is mór a chuaigh sé chun díth céille ón am nach bhfágfadh sé an splainc amach aon oíche beo. Ní féidir a choinneáil istigh anois
Tá na daoine ar fad ag dul chun gangaide thar is mar a bhídís fadó
Nach thú atá ag dul chun simplíochta. Cheal nach mba léir dhuit nach raibh sé ach ag séideadh fút. Bíodh a fhios agat gurb in é an méid
Shílfeá duine atá chomh fada san áit anois leis go rachadh sé chun tíriúlacht thairis siúd. Ach dheamhan athrú air thar an gcéad lá a dtáinig sé, ná cuid d'athrú
'Sé an chaoi a ndeachaigh sé chun ciotaíola ó d'imigh sé
Is beag a chuaigh sé chun gnaíúlacht, a Thiarna, ó d'éirigh an t-airgead leis. Níl a fhios agam nach ag dul chun tútaíl féin atá sé
Gabhfaidh sí chun dodaíola má théann duine cuideáin dhá bleán
Is mór a chuaigh sé chun siléige ó phós sé
Ag dul chun leisce atá tú chuile lá. Is gearr nach ligfidh an leisce dhuit an tine a thógáil de chois duine
Ní fhaca tú aon duine ariamh atá ag dul chun cúthaileadais ach í, théis chomh teann agus a bhí sí nuair a bhí sí ina páiste
Ag dul chun cantail aríst. Is mór an tseanmóir thú, is mór sin
Ná lig dó a dhul chun taighd, nó caithfidh sé anuas a bhfuil sa teach
A Dhia dhá tharrtháil! Bhí an cunús seo thiar ag an aifreann inniu. Is cosúil go bhfuil sé ag dul chun diagantachta faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh). Is fhearr go deireanach ná go brách, arsa tusa
Chuaigh sé chun faitís orm nuair a chonaic mé a raibh acu ann, agus gan sméaróid ag ceachtar acu le ól
Mura dté sé chun coimhthís leatsa ó tharla nach bhfuil aon aithne aige ort. Is fhearr dhuit mise a ligean aige
Chuaigh an garraí sin chun broimfhéir ar fad anuraidh, rud ab annamh leis, agus ní raibh aon fhata de rath air — rinne sé broimfhéar
Má fhágann tú mar sin é, agus gan na clascannaí a thógáil, gabhfaidh an geadán talúna sin ar fad chun fiántais
+
Tá a chuid ag dul chun maitheasa dó, bail ó Dhia agus ó Mhuire air — tá slacht nó snua a chodach air; níl a chuid ag dul amú air
Go dté sé chun maitheasa dhuit a dhuine chroí
TUILLEADH (7) ▼
Chuile ghreim dhá n-itheann sé sin téann sé chun maitheasa dó. Is furasta a aithinte air é, bail ó Dhia air!
Chuaigh sé chun saibhris go mór ó cheannaigh sé an talamh thuas
Tá sé ag dul chun suime duit féin chomh maith liomsa (fc. suim)
Bhíodh sé sin an-cholgach ag éirí suas dó, ach tá sé ag dul chun míne (míneadais, chun míneacht) go mór le gairid
Beidh an bealach ag dul chun míne anois as seo amach. Tá an bealach garbh uileag scoite agat
"Chuile líne ag dul chun míne agus chun bréige"
Chuaigh sé chun sochair (chun leasa, chun maitheasa, chun tairbhe srl.) dó an méid sin scíthe a fháil
+
Tá an aimsir ag dul chun cruóige chuile lá feasta. Nach bhfuil muid i mbéal an earraigh thall
Shílfeá go bhfuil an tráthnóna ag dul chun fionnórtais (fionnuartais). Is mór is fiú sin féin le hais an bhruth a bhí ann ó mhaidin
TUILLEADH (19) ▼
Chuaigh an lá chun meirbheadais ó chaith sé an múirín gréine sin
Chuaigh sé buille chun fuaicht le scaitheamh
Tá sé ag dul chun fuaicht go mór
Chuaigh an aimsir go mór chun donacht le seachtain
Beidh an uair ag dul chun cruais anois chuile lá feasta
Tá sé ag dul chun gileacht (gile) shílfeá. Is gearr go n-éirí an ghealach
Cén fanacht atá oraibh: ag ceapadh go ngealfaidh an oíche. Nach ag dul chun duibheachta atá sé
Gabhfaidh sé chun báistí cheapfainn
Chuaigh sé chun fliucháin an t-am seo anuraidh. Neartaigh an toirneach leis
Ag dul chun drochuaire atá sé le chuile chor. An dtáinig a leithide d'aimsir ó rugadh an chéad fhear? Drochsheans go dtáinig
Is gearr go dté sé chun cailm aríst. Tá sé ag ligean faoi beagán cheana
Ag dul chun seaca atá sé. Sháraigh an oíche anocht a dtáinig fós
Is mór atá an uair ag dul chun ceo shílfeá
Dhá dtéadh sé chun ceo ort ar na cnoic sin, bhí do chnaipe déanta. Ní changlófá aon fhata le do mharthain aríst
Is cosúil le tráthnóna é a rachadh chun gála
Chuaigh an lá chun breáichte ó am dinnéir
Tá an lá ag dul chun síneadh — ag dul chun faid
D'aithneofá ar an tráthnóna cheana féin go bhfuil sé ag dul chun síneadh
Is fada a bheadh an aimsir seo ag tarraingt shula ghabhfadh sé chun breáichte
+
Meas tú nach ag dul chun donacht atá sé. Sin é adéarfainn. Níl aon mheas ag an dochtúr air
Is mór a chuaigh sé chun donacht le uair féin. Gheobhaidh sé rud le déanamh agus an oíche a shárú
TUILLEADH (10) ▼
Tá tú ag dul chun feabhais bail ó Dhia ort!
Chuaigh sé chun laige ó chonaic mise cheana é
Dhá mhéad dhá bhfuil sí ag dul chun laige, níl aon cheo ar a teanga fós, ná dheamhan é
'Sé an chaoi a bhfuil sé ag dul chun lúid ó fuair sé an pinsean. Is mór a tharraingeos sé sin dhe, tá mise ag rá leat
Is breá a chuaigh an lao sin chun cruais le mí
Is mór a chuaigh mé chun deiridh le cupla bliain, ach tá aois mhór agam anois
Tá an bhó sin ag dul chun deiridh
Ní dheachaigh fataí mórán chun tosaigh ó tháinig an spalpadh seo
Ní rachaidh duine ar bith chun tosaigh le cneámhaireacht
'Sé an chaoi a bhfuil tú ag dul chun bacaíola tuilleadh chuile lá. Dúradh leat a dhul roimh an gcois sin, ach ba bheag an mhaith sin. Tá rud ar a shon anois agat
+
Tá sí ag dul chun dathúlachta — dathúlacht ag teacht inti
Is mór a chuaigh sí chun breáichte le gairid
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé ag dul chun buíocha (buíchte) chuile lá dhá bhfuil dhá chaitheamh
Daighean (dheamhan, diabhal) mé gur ag dul chun míshlaicht atá sí. Níl ainnis ar bith anois inti, té (cé) go raibh sí maith go leor agus í ina girsigh
Tá an teach ag dul chun sailíochta aríst, théis m'anró dhá ghlanadh agus dhá sciúradh
Tá an bhodóig sin ag dul chun raimhreacht ó doireadh í
Is mór a chuaigh tú chun téagair (chun toirte) le cupla bliain
Is mór a chuaigh an mhóin seo chun troimeacht ó cuireadh i gcruaich í. Ach d'éireodh dhi. Fuair sí neart na báistí
Beidh na cosáin ag dul chun boigeacht anois as seo amach. Duine ar bith nach bhfuil a chuid móna amuigh aige anois, tá sé réidh lena cur amach
Má fhágann tú ansin é faoin mbáistí gabhfaidh sé chun tibhe (chun tiúcht, chun tibheacht)
+
Ná bac le cosúlacht thart a bheith air. Ag dul chun fad (faid) atá sé. Dúirt Churchill an lá faoi dheireadh go mba cogadh go ceann trí bliana fós é
Chítear dhom go bhfuil an treabhsar sin ag dul chun giorracht, mura mise atá ag fás fós!
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh tyreannaí chun gainneachta ar fad le leathbhliain anois. Nuair a bhí siad bunfhairsing féin, ní bhfaightheá tyre gan lán laidhre
Shílfeá go mba cheart d'uibheachaí a beith ag saoirsiú feasta ó tá siad ag dul chun fairsingeachta. Ach níl aon chosúlacht orthu fós, pé acu sin é
Dhá fhada dhá bhfágfaidh tú é, is amhlaidh is mó a rachas sé chun leithid (poll)
+
Tá sé ag dul chun seachtaine ó chonaic mé é — ní fhaca mé é le ionann is seachtain
Bhí sé ag dul chun bliana ó chonaic mé roimhe sin é, agus shílfeá gur anuas as mullach an aeir a thit mé aige, bhí an oiread sin fáilte aige romham
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé ag dul chun seacht mbliana anois — seacht mbliana go Féil Pádraic seo chugainn ó cuireadh í. Cuimhním go maith go raibh muid thiar sa roinnín ag déanamh na huaighe agus go ndeachaigh D. S. tharainn síos ag iarraidh mallach feamainne
Bheadh sé ag dul chun míosa sílim ó bhí sé anseo go deireanach. Thug sé cúl ar fad dúinn théis nár chuir muid araoid ar bith air, ach bhíodh na gearrchailí ag déanamh bothae críochnaithe dhó (dhe)
Ó, tá sé ag dul chun deich mbliana fichead ar chuma ar bith. Tá a fhios agam go maith nach raibh ionam féin agus in T. Sh. ach seanghasúir agus muid thíos ann. Is gearr an mhoill a bhíos ar na blianta chor ar bith
Tá sé ag dul chun ráithe ó gheall sé go dtiocfadh sé lá liom ag caoladóireacht agus go dtabharfadh sé beairtín slat agam as a shail féin ag teacht dó. Ní fhaca mé aon amharc air fhéin ná ar an mbeairtín ó shin, agus ní fheicfidh ach oiread chreidim. Sin é an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh i gcónaí. Tá na cléibh gan déanamh fós
Ba bheag an aois a bhí chor ar bith aige. Má bhí sé ag dul chun dá scór, ba é a chlochneart é. Cailleadh óg go leor é an duine bocht. Ach sin é an chaoi a mbíonn sé: níl a fhios cé is túisce craiceann na seanchaorach ar an bhfraigh ná craiceann na caorach óige
Tá sé achar is faide ná sin cheapfainn. Sílimse go bhfuil sé ag dul chun deich míle. Is maith buan an choisméig é ar aon chor. Cuimhním gur shiúil mé lá é …
Tá sé thar am a íoctha ar chaoi ar bith. Cá'il an té a d'éistfeadh leat dhá bhliain ach é féin; agus tá an t-airgead sin amuigh le dhul chun dá bhliain. Agus níor chuir sé aon éileamh ariamh air. Is fiú é sin rud a fhágáil aige, ní hé sin don phuicéara de shiopadóir atá i mbéal an dorais aige
Tá sí san easpaicil (ospidéal) anois le dul chun bliain go leith agus níl aon mhaith fós uirthi, ná aon chaint air. Tá faitíos orm nach dtiocfaidh sí beo as choíchin
Níor bhlais mé d'aon deoir anois le dul chun trí bliana — ón uair a bhí mé ag troid ar an aonach agus ar tógadh mé. Ní bhlaisfead ach an oiread, le cúnamh Dé. Níor bheag dom an t-achar ar chaith mé ag blaiseadh dó dhá mbeadh neart air
2.
·
Chaith sé a shaol ag dul chun dlí — i gcúirteanna agus eile
Má théann tú chun dlí leis, tusa a bheas siar leis
+
Chuaigh mé chun réitigh leis — rinneamar síocháin nó eadarascán
Ní ghabhfaidh na tíreannaí sin chun réitigh nó go mbeidh a bhfuil ar an domhan marbh
TUILLEADH (1) ▼
"Ach Páras a dhul chun réitigh le Úna Dheas Ní Nia" — socrú (pósta) a dhéanamh léithe

Féach freisin

chun