Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dul chun
1.
+
Déarfá go ndeachaidh sí 'un lághaidheacht' ó d'imigh sí. Sílim go ndeachaidh freisin. Shílfeá nach bhfuil sí cho bundúnach agus a bhíodh sí
Tá an madadh sin ag dul 'un oilbhéas. Ach sib féin is cionntaighe. Breagh a mbíonn sib acht agus áirid ag spochadh leis
TUILLEADH (40) ▼
An uair a thosuigh sé ag dul 'un droch-mhúineadha, tháinic cubhar len a bhéal, agus mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag breathnú air. Bhí a dhá shúil ag dul amach as a cheann le scéin
Is furasta leis an gceann céadna a dhul 'un droch-mhúineadha. 'Sé a bhfuil le déanamh agad do mhéir a árdú mar sin leis agus tá sé splanctha ar an toirt
Má thosuigheann sé ag dul 'un feirge, chomhairleochainn duit gan fanacht in a ghoire, arae tá anam duine air in a chuid uilc
D'áitigh an capall ag bruimseálacht agus ag dul 'un meargántacht' agus shíl mé nach gceannsóchainn chor ar bith í. Tá sí cho giogach leis an diabhal 'nuair a fheicfeas sí bus, agus ní ghlacann sí scáth roimh na mótair bheaga chor ar bith. Nach aisteach sin anois.
Má labhairigheann tú air sin rachaidh sé 'un stuaic' air, agus ní bheidh focal de'n chaint aige aríst go ceann coicíse. Tá sé an-phusach go deo
Tá sé ag dul 'un staince ar an mbodach seo aríst. Ní dhéanfaidh sé aon-cheo faoi shásamh aríst go faoithin. Ní dóichide cleas dhá ndeanfadh sé anois ná an láighe a chaitheamh 'dtigh diabhail annsin ar fad, agus lascadh leis soir ag an S.
Ná teigheadh sé 'un bundúin aríst ort fearacht ar ball. Breagh nach mbeadh foighid agus éisteacht agad. Is fada dhuit do shaoghal ar an gcaoi a bhfuil tú
Chuaidh sé 'un staiceamhlacht' (fc. staiceamhlacht) uirre, agus ní fhéadfadh muid aon-cheart a bhaint di aríst go ceann dhá lá. Nach diabhlaí an bealach atá léithe do bhean óg a fuair oileamhaint agus tógáil cho maith léithe
Tá sé ag dul 'na h-uaire móire air. Leigidh dó ar fad anois, agus ná scanruighidh tuilleadh é, i gceann mar atá sé (fc. uair mhór)
Chuaidh sé 'na h-uaire móire críochnuighthe air nuair a chonnaic sé an póilí
Ní féidir gur ag dul 'un drugaill atá tú. Má seadh ná bac leat féin. Shíl mé go raibh misneach thairis sin agad.
Chuaidh sé 'un drugaill air, nuair a chonnaic sé gach agus a raibh le déanamh
Tá mé ag dul 'un drugaill anois roimh an aistir sin. Sílim go bhfuil an tabhairt ro-fhada
Sílim go ndeachaidh tú 'un bréige, ó d'imigh tú ó bhaile = tugtharach do bhréaga
Tá sé ag dul 'un imní air
Ná teigheadh sé 'un imní ort anois chor ar bith. Beidh sé annseo gan mórán achair
Chuaidh sé 'un leithid ar fad ó a fuair an mac an poistín salach sin atá aige
Measaim nachar mhór cromnasc a chur ar an ngamhain sin. Tá sé ag dul 'un bradaola (bradghaile)
Chuaidh sé 'un críonnacht' agus 'un gleacaidheacht' ó a h-imrigheadh air fadó faoi'n airgead. Ní bhfuighfear cho bog aríst é go ceann fada sílim
Má theigheann sé siúd 'un díocais ceart leis an obair, ní bheidh aon-cheo di gan déanamh faoi cheann dhá lá
Bhí sí an-leigthe léithe fhéin, ach shílfeá go bhfuil sí ag dul 'un cuíbheamhlacht le scathamh. Thastuigh sin uaithe má tá féin
Gabhfaidh sé 'un drabhláis ar fad má ghníonn tú sin leis. Nach mb'fhearr dhuit cead a chinn a leigean leis faoi láthair go bhfeicidh tú leat.
Tá sé ag dul 'un teanntáis anois ar na daoine
Is mór a chuaidh sé 'un dícéille ó'n am nach bhfágfadh sé an splainc amach aon-oíche beo. Ní féidir a choinneál istigh anois
Tá na daoine ar fad ag dul 'un gangaide thar agus mar a bhídis fadó.
Nach thú atá ag dul 'un simplidheacht'. Cheal nach mba léar dhuit nach raibh sé ach ag séideadh fút. Bíodh a fhios agad gurb shin é an méid
Shílfeá duine atá cho fada ins an áit anois leis go rachadh sé 'un tíreamhlacht thairis siúd. Ach dheamhan athrú air, thar an gcéad lá a dtáinic sé, ná cuid d'athrú
'Sé an chaoi a ndeachaidh sé 'un ciotaola (ciotghaile) ó d'imigh sé
Is beag a chuaidh sé 'un gnaoidheamhlacht, a Thighearna ó a d'eirigh an t-airgead leis. Níl a fhios agam nach ag dul 'un tuataola (tuatghaile) féin atá sé
Gabhfaidh sí 'un dodaola má theigheann duine cuideáin dhá bleaghan
Is mór a chuaidh sé 'un siléige ó a phós sé
Ag dul 'un leisce atá tú 'chuile lá. Is gearr nach leigfidh an leisce dhuit an teine a thógáil de chois duine
Ní fhaca tú aon-duine ariamh atá ag dul 'un cuthaileadais ach í, th'éis cho teann agus a bhí sí an uair a bhí sí in a páiste
Ag dul 'un cantail aríst. Is mór an tseanmóir thú, is mór sin
Ná leig dó a dhul 'un taighd, nó caithfidh sé anuas a bhfuil ins an teach
A Dhia dhá thárrtháil! Bhí an conuas seo thiar ag an Aifreann indiu. Is cosamhail go bhfuil sé ag dul 'un diagantacht' faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh?). Is fhearr go deireannach ná go bráth, arsa tusa
Chuaidh sé 'un faitís orm nuair a chonnaic mé a raibh aca ann, agus gan smiaróid (sméaróid) ag ceachtar aca le ól
Mara dteighidh sé 'un coimhighis leatsa ó thárla nach bhfuil aon-aithne aige ort. Is fhearr dhuit mise a leigean aige
Chuaidh an garrdha sin 'un bruimfhéir ar fad anuiridh, rud ab annamh leis, agus ní raibh aon-fhata 'rath air = rinne sé bruimfhéar
Má fhágann tú mar sin é, agus gan na clascannaí a thógáil, gabhfaidh an giodán talmhan' sin ar fad chun fiadhántais
+
Tá a chuid ag dul 'un maitheasa dó, bail ó Dhia agus ó Mhuire air = tá slacht nó snuadh a chodach air; níl a chuid ag dul amú air
Go dteighidh sé 'un maitheasa dhuit a dhuine chroidhe
TUILLEADH (7) ▼
'Chuile ghreim dhá n-itheann sé sin teigheann sé 'un maitheasa dó. Is furasta aithinte air é, bail ó Dhia air!
Chuaidh sé 'un saidhbhris go mór ó a cheannuigh sé an talamh thuas
Tá sé ag dul 'un suime duit féin cho maith liomsa (fc. suim)
Bhíodh sé sin an-cholgach ag eirghe suas dó, ach tá sé ag dul 'un míne (míneadais, 'un míneacht) go mór le goirid
Beidh an bealach ag dul 'un míne anois as seo amach. Tá an bealach garbh uiliog scoithte agad
"'Chuile líne ag dul 'un míne agus 'un bréige"
Chuaidh sé 'un sochair ('un leasa, 'un maitheasa, 'un tairbhe agus rl.) dó an méid sin scíthe a fháil
+
Tá an aimsir ag dul 'un cruadhóige 'chuile lá feasta. Nach bhfuil muid imbéal an earraigh thall
Shílfeá go bhfuil an trathnóna ag dul 'un fionnórtais (fionnuartais). Is mór is fiú sin féin le h-ais an bhruth a bhí ann ó mhaidin
TUILLEADH (19) ▼
Chuaidh an lá 'un meirbheadais, ó a chaith sé an múirín gréine sin
Chuaidh sé buille chun fuaicht le scathamh
Tá sé ag dul 'un fuaicht go mór
Chuaidh an aimsir go mór 'un donacht le seachtain
Beidh an uair ag dul 'un cruadhais anois 'chuile lá feasta
Tá sé ag dul 'un gileacht (gile) shílfeá. Is gearr go n-eirighidh an ghealach
Cé'n fanacht atá oraibh: ag ceapadh go ngealfaidh an oíche. Nach ag dul 'un duibheacht' atá sé
Gabhfaidh sé 'un báistighe cheapfainn
Chuaidh sé 'un fliucháin an t-am seo anuiridh. Neartuigh an toirneach leis
Ag dul 'un droch-uaire atá sé le 'chuile chor. An dtáinic a leithide d'aimsir ó a rugadh an chéad-fhear? Droch-sheans go dtáinic
Is gearr go dteighidh sé 'un cailm aríst. Tá sé ag leigean faoi beagán cheana
Ag dul 'un seaca atá sé. Sháruigh an oíche anocht a dtáinic fós
Is mór atá an uair ag dul 'un ceo shílfeá
Dhá dteigheadh sé 'un ceo ort ar na cnuic sin, bhí do chnaipe déanta. Ní changlóchthá aon-fhata le do mharthainn aríst
Is cosamhail le trathnóna é a rachadh 'un gála
Chuaidh an lá 'un breaghaichte ó am dinnéir
Tá an lá ag dul 'un síneadh = ag dul 'un faid
D'aithneochthá ar an trathnóna cheana féin go bhfuil sé ag dul 'un síneadh
Is fada a bheadh an aimsir seo ag tarraint shul a ghabhfadh sé 'un breáichte
+
Meastú nach ag dul 'un donacht atá sé. Sin é adéarfainn. Níl aon-mheas ag an dochtúr air
Is mór a chuaidh sé 'un donacht le uair féin. Gheobhaidh sé rud le déanamh agus an oíche a shárú
TUILLEADH (10) ▼
Tá tú ag dul 'un feabhais baile ó Dhia ort!
Chuaidh sé 'un laige ó chonnaic mise cheana é
Dhá mhéad dhá bhfuil sí ag dul 'un laige, níl aon-cheo ar a teanga fós, ná dheamhan é.
'Sé an chaoi a bhfuil sé ag dul 'un lúid ó a fuair sé an pinsean. Is mór a tharraingeochas sé sin dhe, tá mise ag rádh leat
Is breagh a chuaidh an laogh sin 'un cruadhais le mí
Is mór a chuaidh mé 'un deireadh le cupla bliain, ach tá aois mhór agam anois
Tá an bhó sin ag dul 'un deireadh
Ní dheachaidh fataí mórán 'un tosaigh ó a tháinic an spalpadh seo
Ní rachaidh duine ar bith 'un tosaigh le cneamhaireacht
'Sé an chaoi a bhfuil tú ag dul 'un bacaola (bacghaile) tuille chuile lá. Dubhradh leat a dhul roimh an gcois sin, ach ba bheag an mhaith sin. Tá rud ar a shon anois agad
+
Tá sí ag dul 'un dathamhlacht' = dathamhlacht ag teacht innte
Is mór a chuaidh sí 'un breaghaichte le goirid
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé ag dul 'un buidheacha (buidheaichte) 'chuile lá dhá bhfuil dhá chaitheamh
Daidhean (dheamhan, diabhal) mé gur ag dul 'un mí-shlaicht atá sí. Níl ainnis ar bith anois innte, té (cé) go raibh sí maith go leor agus í in a girrsigh
Tá an teach ag dul 'un sailigheacht' aríst, th'éis m'anró dhá ghlanadh agus dhá sciúradh
Tá an bhudóig sin ag dul 'un raimhreacht ó a doireadh í
Is mór a chuaidh tú 'un téagair ('un toirte) le cupla bliain
Is mór a chuaidh an mhóin seo 'un truimeacht ó a cuireadh i gcruaich í. Ach d'eireochadh dhi. Fuair sí neart na báistighe
Beidh na casáin ag dul 'un buigeacht anois as seo amach. Duine ar bith nach bhfuil a chuid móna amuigh aige anois, tá sé réidh len a cur amach
Má fhágann tú annsin é faoi'n mbáistighe gabhfaidh sé 'un tibhe ('un tiughacht, 'un tibheacht)
+
Ná bac le cosamhlacht thart a bheith air. Ag dul 'un fad (faid) atá sé. Dubhairt Churchill an lá faoi dheireadh go mbadh cogadh go ceann trí bliana fós é
Chítear dhom go bhfuil an treobhsar sin ag dul 'un girreacht, mara mise atá ag fás fós!
TUILLEADH (3) ▼
Chuaidh "tyreannaí" 'un gainneacht' ar fad le leath-bhliain anois. An uair a bhí siad bun-fhairsing féin, ní bhfuightheá "tyre" gan lán laidhre
Shílfeá go mbadh cheart d'uibheachaí a beith ag saoirsiú feasta ó tá siad ag dul 'un fairsingeacht'. Ach níl aon-chosamhlacht orra fós, pé aca sin é
Dhá fhada dhá bhfágfaidh tú é, is amhlaidh is mó a rachas sé 'un leithid (poll)
+
Tá sé ag dul 'un seachtaine ó a chonnaic mé é = ní fhaca mé é le ionann agus seachtain
Bhí sé ag dul 'un bliana ó a chonnaic mé roimhe sin é, agus shílfeá gur anuas as mullach an aeir a thuit mé aige, bhí an oiread sin fáilte aige romham
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé ag dul 'un seacht mbliana anois — seacht mbliana go féil Pádraic seo chugainn ó a cuireadh í. Cuimnighim go maith go raibh muid thiar ins an roinnín ag déanamh na h-uaighe agus go ndeacha D. S. tharainn síos ag iarraidh mathlach feamainne.
Bheadh sé ag dul 'un míosa sílim, ó a bhí sé annseo go deireannach. Thug sé cúl ar fad duinn th'éis nachar chuir muid araoid ar bith air, ach bhíodh na gearrchaileadha ag déanamh buthae críochnuighthe dhó (dhe)
Ó, tá sé ag dul 'un deich mbliana fichead ar chuma ar bith. Tá a fhios agam go maith nach raibh ionnam féin agus in T. Sh. ach sean-ghasúir agus muid thíos ann. Is gearr an mhoill a bhíos ar na blianta chor ar bith
Tá sé ag dul 'un ráithe ó a gheall sé go dtiocfadh sé lá liom ag caoladóireacht agus go dtiubharfadh sé beairtín slat agam as a shail féin ag teacht dó. Ní fhaca mé aon-amharc air fhéin ná ar an mbeairtín ó shoin, agus ní fheicfidh ach oiread chreidim. Sin é an deagh-ghealladh agus an droch-choimhlíonadh i gcomhnaí. Tá na cléibh gan déanamh fós
Ba bheag an aois a bhí chor ar bith aige. Má bhí sé ag dul 'un dá scór ba é a chloch neart é. Cailleadh óg go leor é an duine bocht. Ach sin é an chaoi a mbíonn sé: níl a fhios cé's túisce craiceann na sean-chaorach ar an bhfraigh na craiceann na caorach óige
Tá sé achar is fuide ná sin cheapfainn. Sílimse go bhfuil sé ag dul 'un deich míle. Is maith búan an choisméig (coiscéim) é ar aon-chor. Cuimnighim gur shiubhail mé lá é …
Tá sé thar am a íoctha ar chaoi ar bith. Cá'il an té a d'éistfeadh leat dhá bhliain, ach é féin; agus tá an t-airgead sin amuigh le dhul 'un dá bhliain. Agus níor chuir sé aon-éiliú ariamh air. Is fiú é sin, rud a fhágáil aige, ní hé sin do'n phuicéara de shiopadóir atá imbéal an doruis aige
Tá sí ins an aspuicil (óispidéal) anois le dul 'un bliain go leith, agus níl aon-mhaith fós uirre, ná aon-chaint air. Tá faitíos orm nach dtiocfaidh sí beo as choidhchin
Níor bhlais mé d'aon-deoir anois le dul 'un trí bliana — ó'n uair a bhí mé ag troid ar an aonach agus ar tóigeadh mé. Ní bhlaisfead ach an oiread le congnamh Dé. Níor bheag dom an t-achar ar chaith mé ag blaiseadh dó dhá mbeadh neart air
2.
·
Chaith sé a shaoghal ag dul 'un dlí = igcúirteanna agus eile
Má theigheann tú 'un dlí leis, tusa a bhéas siar leis
+
Chuaidh mé 'un réidhtigh leis = rinneamar síothchán nó eadarascán
Ní ghabhfaidh na tíreannaí sin 'un réidhtigh nó go mbeidh a bhfuil ar an domhan marbh
TUILLEADH (1) ▼
"Ach Páras a dhul 'un réidhtigh le Úna Dheas Ní Níadh" = socrú (pósta) a dhéanamh léithe

Féach freisin

chun