Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

deoraidhe (9)

 
Smál eicínt a bhí orra sin. Tá sé sin anois ar dheireadh na Féinne. Níl an deoraidhe eile aca 'san gcomhaireamh ceann, th'éis go raibh dháréag aca ann
 
diaidh
Is furasta dhó sin a bheith ag boithreóireacht, agus triúr riadairí in a dhiaidh. Ní hé sin don té é nach bhfuil duine ná deoraidhe in a dhiaidh
 
Ní raibh deoraidhe ar an tsochraide ach an dlúth-mhuintir se'aige féin. D'eireochadh dó. Ní raibh sochraide dlighte d'aonduine ann. Ní sochraideach maith é
 
Ghléas sé an capall agus amach leis dólámhach len a cur faoi'n gcarr: capall nach raibh faoi aon-charr ariamh. Ní raibh aon-mhaith é a bhacadh. Dar príosta, bhain sé a ceann di in a dheidh sin, agus gan duine na deoraidhe aige ach é féin
 
… Thosuigh siad ag lascadh a chéile lena dornáin nó nach raibh deoraidhe an bhéil beo aca ins an gcomhaireamh ceann. Ba shin é Cath na bPunann
 
Ní raibh deoraidhe ar an dúithche seo nach raibh salach, ach dheamhan duine a cuireadh as seilbh 'na dheidh sin. Go deimhin dhá bhfaghadh cuid de na báillí agus de na gíománaigh a bhí ag an máistir cead a gcinn, ní bheidís amhlaidh
 
duine
Tá sí gan duine gan deoraidhe (duine ná deoraidhe) anois (fc. deoraidhe)
 
Chuaidh mé ar cheilt as éadan indeireadh na h-oíche, agus diabhal duine ná deoraidhe a bhraith mé in a dheidh sin
 
A Rí na ngrásta anocht! An bhfuil ní ar bith faoi'n saoghal ag dul uatha; má tá siad ag cur anall báid aeir anois agus gan duine ná deoraidhe ionnta, agus buailfidh siad an áit atá an dream thall a iarraidh in a dheidh sin. Nach mallaighthe an íntreacht (intleacht) í sin. An t-aidhbheirseoir fhéin — diúltaigheamuide dhó! — atá in a bpáirt.