Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dhá leith (41)

 
fios
Dhá mbeadh fios a bealaigh aice, ní scath leith ar asal a ghabhfadh sí. Ní den chuibhiúlacht rud mar sin a dhéanamh
 
Framsóg mná a fuair sé. Ach deir tú léithi ar chuma ar bith a chuaigh i gcois dhá leith ar an gcapall! A dhiabhail nach hí an marcach í!
 
fág i
Sílimse go bhfuil sé deich míle. Deir tusa nach bhfuil sé ach hocht míle go leith. Fágamuid in a hocht míle go leith é. Deir tusa go siúilfeadh bean trom trí mhíle san uair. Ach m'anam nar shiúil tusa aon-hocht míle go leith in imeacht dhá uair: gurbh fhada uait é
 
fóir
Dhéanfainn rud ar bith anois le fóiriúint a fháil ar (ó) na doigheachaí seo. Tá an fhiacail in a dhá leith. Teagann driog inte amanntaí agus shílfeá go dtóigfeadh sí an ceann díom. Tá mo chiapadh ceart fáite agam uatha
 
caidhl
Rinne mé caidhlín dhá raibh de leith pighneachaí agham a's meastú nach raibh scilling a's pighinn ann. Sin é a raibh a' gabhail liom de bhárr na h-oidhche.
 
Nach diabhaltaidhe an ruagán toirnighe a chaith sé an bhliadhain cheana, a's go ndearna sí dhá leith druimscoiltí síos go talamh íochtair de'n charracán sin. Tá sé le feiceál annsiúd ag feara fáil.
 
beart
Dhéanfadh duine a shaidhbhreas le leith-phighinneachaí fhéin, dhá mbeadh a ndíol aca(b) aige. Mar adeireadh M. Ph. 'tomsuigheann brobh beart a's líontar sac le póiríní'.
 
coiric
Rinne sé dhá leith de choirric a hata in áit ar shuidh sé air, a's ar lioc sé faoi é. = cíor an hata; an chuid chruinn as cionn na billeoige.
 
Bhris buailteán a' tsúiste orm — rinne sé dhá leith.
 
bunán
Fhobair go ndearna mé dhá leith de lann na speile indiu, le ceann de na bunáin mhóra sin.
 
Thug sé foighdeán faoi agus chuir sé anuas d'aon-iarraidh amháin é. Is maith a chuaigh sé as nach ndearnadh dhá leith dhá cheann ar an mbóthar
 
Ná raibh fuilleach air, an gadaí, le cleas a dhéanamh! Is beag a bhéarfadh orm a dhul agus dhá leith a dhéanamh dhá dhruim, an diabhlánach bradach
 
féith 1
Déanfaidh mé dhá leith d'fhéith ghorm do mhuiníl = an fhéith atá suas ar leathtaobh an mhuiníl faoin gcluais
 
leath
Déanfa mé dhá leith de do dhruim = brisfe mé do dhruim.
 
lia 1
Dá leithe dhá bhfuil nótaí puint agam, ní mór dom iad uilig = dhá fhairsinge dá bhfuil agam, gheobha mé gnaithe do chuile cheann acu.
 
fáisc
D'fháisc sé mo dhruim, nó gur shíl mé go ndéanfadh sé dhá leith dhi. Is cráite an greim atá aige
 
fír
Dhá mbeadh fír na láighe ann, ní coicís a bhainfeadh sé as an ngarraí siúd. Chuir mé lá go leith é go minic agus mé in mo bhrín óg
 
fidín
Cé l'aghaidh a bhfuil sé ag déanamh balla fidín annsiúd? 'Ar ndó' ní ag brath dhá leith a dhéanamh den gharraí atá sé?
 
Gabh i leith annseo. Céard atá ort? Is beag an rud atá tú a fhuasaoid. 'Ar ndó' níl tada ar an láimh sin ach go bhfuil rud beag den fhuar-chroiceann tóighe dhi. Ná bí dhá cuimilt, nó cuirfidh tú chun óthrais í
 
Bhuail sé fáiméad de dhorna air agus shíl mé go raibh a ghiall in a dhá leith aige. Diabhal a dhath mairg a bhí air in a dheidh sin
 
dairt
B'fhearr duit tosuighe ag caitheamh dairteachaí anois leis an mbogha báistighe sin a fheiceas tú ins an aer ná a dhul ag cur chomhairle air sin. Is measa é sin ná Mac na Mío-Chomhairle. Fuair Mac na Mío-Chomhairle grásta idir an stioróib agus an talamh, ach é sin: mara bhfuil ag Dia níl indán grásta dhó go ndéantar dhá leith glan-eascartha dhá mhuineál idtosach
 
dall 3
Cuirfidh mé dhá shlat go leith chuige agus ní bhfuighidh tú an oiread agus a dhallfadh do shúil as indiaidh treabhsar agus bheist = déanfaidh an méid éadaigh atá mé a chur ag an táilliúr treabhsar agus bheist ach ní bheidh caochadh do shúil d'fhuílleach ann
 
deas 1
Is deas é t'fhaisean; is deas sin. Dheamhan ceó a bhí le déanamh leat ach dhá leith a dhéanamh de do dhruim
 
deoin
Deirimse leat mara ndéanaidh sí siúd airgead nach dhá deoin é. Cnuastóir ceart í. Diabhal mé go bhfeicfeá í, nuair a bheadh leith-phighinn sinseála ag dul duit, agus go sílfeá gur carghas a bhíos uirre scaradh léithe. Níor mhór do dhuine a bheith ar an áirdeall, nó ní bhfuigheadh sé an tsinseáil cheart uaithe
 
ding
Tá ding ins an roth in áit ar buaileadh faoi'n gclaidhe mé thiar annsin. Ní féidir a thabhairt ar ais in a chomhairthidheacht féin gan a thabhairt ag "garage". Má theigheann muide ag putráil leis, níl a fhios againn nach hé a bhriseadh in a dhá leith a dhéanfadh muid
 
Ní thiocfadh ceachtar de'n bheirt aca suas ar réidhteach Sh. Bhí ruainnín beag 'sa tórainn agus ba mhór le 'chaon dhuine aca é do'n cheann eile … b'éigin a chaitheamh in aer ar fad nó go dteagaidh seilbhéara ann. Ní headh ach sin é: roinn mé in a dhornán agus in a dhornán é agus bhí dornán corr ann. An fear fadó a bhí ag dul ag déanamh dhá leith de'n pháiste len a claimhe nuair a bhí 'chaon duine de'n bheirt mhná dhá "chlaimáil" di féin, agus ní réidhteochadh sé eatorra sin
 
droim
Déanfaidh mé dhá leith de chnáimh do dhroma
+
Roinn muid an lucht feamuinne druimscoilte — leath ag an duine. Dheamhan crann ná crann a cuireadh air. Thug mé breith a's dhá roghain do Sh. Rinne sé roghain go díreach ar an leith a thiubhar[fainn] féin dó, dhá bhfaghainn breith mo bhéil féin. Níor leasuigh mo chuid-se ach an dá chúl thoir de gharrdha Dh. Fh. agus an cúl ó dheas. Bhí scaipiúch bheag d'fhuighleach agus chaith mé isteach í ar an bpóicín sin thiar le h-aghaidh "mangols". Leasuigh cuid Sh. Garrdha na C. dó agus an T. Á. Ba mhó an drabhlás a bhí in a chuid-seisean ar chuma eicínt, aindeoin go ndearna muid an dá leith druimscoilte di mar atá mé th'éis a rádh leat
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhaca mé aon-lá de'n mhíádh ariamh nó go ndeacha mé i bpáirt leis. Tugaimse mo mhallacht do'n [...]mhar aríst go deo. Dhíol muid cheithre "lorry" mhóna i mbliana. Mise a fuair a h-anró ar fad. Mé féin [agus na] gearrchaileadha. Ní theagadh seisean 'na phortaigh go dtí an dó dhéag 'chuile lá. Ach meann tú in a dheidh sin nach raibh sé ag iarraidh dhá leith druimscoilte a dhéanamh dhá luach, agus leath a bheith aige-san cho maith liomsa. "An bhfuil caint ar bith agad ar na gearrchailleadha" arsa mise. "Nach iadsan a shaothruigh uiliog í". "Gheobhaidh mise leath" adeir sé "nó beidh a fhios agam cé'n fáth. Mo chuid portaigh-sa a baineadh uiliog". "Bíodh aice i mbliana", arsa mise, "ach go lá na leice aríst, ní bhainfidh mise aon-fhód móna i bpáirt le aonduine"
Chuala mé an t-údar sagairt seo atá ag P. ag innseacht scéil oíche a raibh sé ibhfus againn anuiridh: beirt dearbhráthar a bhí ag troid faoi thalamh a d'fhága a n-athair aca. Ní raibh duine aca sásta leis an méid a d'eirigh leis féin dó, agus thug sé an ceann eile 'un dlighe ag iarraidh tuilleadh a bhaint dó. Diabhal easna de'n bhreitheamh, nó de'n ghiúistís, nó hébrí céard a bhí ann, nach nglaodhann amach air — agus orra uiliog — go bhfeicidís an talamh. "Tá tú ag rádh" adeir an breitheamh "go bhfuil sé ag déanamh leath-chuma ort. Roínn anois é mar is áil leat féin. Roínn "faireáilte" é — in a dhá leith druimscoilte". Roínn. "Bíodh breith agus dá roghain agadsa anois ar do rogha leithe" adeir sé leis an gceann eile. Meas tusa nach raibh an fear sin díreach?
+
Déan dhá leith dhe = dhá chuid chomh mhóra
TUILLEADH (5) ▼
Tá mo chloigeann in a dhá leith le tinneas cinn
Tá an baile in a dhá leith anois = é in a dhá dhream agus iad in aghaidh a chéile
Déan dhá leith den cháca
Ní fhéadfaidh duine dhá leith a dhéanamh dhe fhéin. Ba deacair domsa a bheith in éadan féir agus indiaidh beitheach = ní fhéadfaidh an gobadán an dá thráigh a fhreastal
Cén chaoi a bhféadfaidh mise a dhul ann mara ndéana mé dhá leith dhíom féin? Nach bhfeiceann [tú] nach bhfuil aon-ghoir agam corraí as seo
 
Meastú céard a rinne sé le mo rópa indé — mo ghad maoil; é a ghearradh in a dhá leith
 
As díocas a bhris sé é. Bhí sé dhá fháscadh agus dhá shníomh ariamh ariamh, go ndearna sé dhá leith di. Níl a fhios ag an gcliobaire siúd céard é a spreacadh
 
Is minic a chonnaic mé duine a bheadh i bhfad in a throscadh dúlaidhe imbeatha an uair a gheobhfadh sé leigean uirre; ach maidir leis siúd chaithfeadh sé go raibh sé in a throscadh le mí. Leagadh pláta feola agus gabáiste in a mhiainis. Dar mo leabhar agus má bhí unsa ann, bhí punt go leith go réidh ann: fuair sé a mhug bainne reamhar, a bhulóg aráin mar deireadh N. Ph. agus "taypot" tae. An uair a d'altuigh sé an biadh ní raibh an oiread ar an mbord — ní dhá mhaoidheachtáil air é! — agus a shluigfeadh dreoilín. Cé'n bhrigh ach an rud adubhairt sé i dtosach: "is beag é m'fhoghail ar an mbeatha le goirid — is beag sin." Dar láthar Dé dubhairt. Is fear é a fuair anshógh le mí: sin nó tá an ghearradh ghionach faoi'n bputóig aige. Ní fhéadfadh a athrú a bheith air agus cho mór-thráthach agus atá. "Go méaduighidh Dia 'chuile shórt ar fheabhas agaibh" adeir sé. M'anamsa muis nar mhór dó méadú an aráin agus an éisc a dhéanamh sáthach minic, dá dtugadh mo dhuine faoi deara dhó fhéin tarraingt ag an teach againn. Mara ndéanadh is gearr nach mbeadh mórán ar fheabhas againn
 
"Each caol dubh agus a h-aghaidh ins an sruth agus dubhshlán feara Éireann a dhul i gcois dhá leith ar a cruit" (Tomhais: eascon)
 
Chreidim nach bhfuil mé ach ag imirt anois ins an "ngandailín" (fc. gandal), th'éis go ndeachaidh mé isteach dhá phighinn go leith ann faoi dhó anocht. Cuirfidh mé amach leithphighinn eile agus caithigidh pighinn air (ar an mbun)