—
a.
+–
Ba cosamhail le póilidhe a chonnaic mé a' teacht anoir an bóthar indiu, a's a' gabhail isteach tigh Mh.
Ba cosamhail le sagart é, ach sílim nach h-eadh 'na dheidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Is cosamhail le duine é 'bheadh tolgtha = tá cosamhlacht air go bhfuil sé tolgtha.
b.
+–
Is cosamhail nach dtáinic sé fós.
Is cosamhail go bhfuil rún aige pósadh mar sin.
TUILLEADH (2) ▼
Is cosamhail gur ann a bhío(nn)s sé ar cuairt 'chuile oidhche.
Seán: déanfaidhear an bóthar go C. anois. Seumas: is cosamhail é (nó, "'sé is cosamhail").
Féach freisin
Cosamhail in iontrálacha eile (50+)
→
cleite
Is mór a' t-iongnadh dhó a dhul a' coireamhaint ar Nóra muise, ó's í an cleite is fearr in a sciathán fhéin í. Ach is cosamhail go bhfuil an brochán dóirtighthe!
→
cosacán
Is cosamhail go raibh sí ag iarraidh a dhul thar a' díoga, a's gur chaitheadh indiaidh a leathtaoibhe síos innte í. Dheamhan stró a bheadh uirre, meireach na cosacáin, ach is beag an rud atá indon treampán a chur ar an rud dona, 'na dheidh sin.
→
crinn
Uair a' bith a dteastuigheadh fios ó Fhionn, chrinnead sé an ordóg isteach go smúsach. Is cosamhail gur 'san ordóig a bhí an fios.
+
→
beo 1
Is cosamhail nach beo thú, mara leigtear a' déanamh púicín thú. Well, caithfe tú déanamh dhá uireasbha anocht ar aon-chor.
TUILLEADH (4) ▼
Is fadó cheana nachar chuala mé ucht ná acht ná éagcaoine ó'n dream sin go dtí sin, ach is cosamhail inDomhnach go bhfuil siad beo igcomhnuidhe
D'iagcóir (d'éagcóir Dé?) dhuit nach dteidheann amach in do gharrdha go beo, deifreach as sin, ach is cosamhail gur beag a' fonn maitheasa atá ort.
Dheamhan críostuidhe an bhéil bheo a bhí ar phortaigh indiu, cé's moite dhuinn fhéin le féar a bhí 'chuile dhuine indiu is cosamhail.
Dheamhan firnéad an bhéil bheo sa mbaile anois, nach bhfuil le gliomadóireacht. Is cosamhail go bhfuil iarmhuis mhóra le baint aisti, marach a' sclábhuidheacht atá léithe.
Deir siad gur frítheadh droch-shúil dó, bhí sé in a bhuinneán chomh breagh sin. Ach is cosamhail nach raibh sa méid [sin] ach cainnteannaí daoine. Ar aon-chor, ba ghearr a' seal a thug sé.
→
ainm
Bhí sé in ainm's a bheith (a)g (dh)ul go Sasana, an t-am seo 'nura(idh), ach is cosamhail gur loic sé 'na dhiaidh sin.
Tá'n coiléar (bóna) caithte anuas aige: is cosamhail nach bhfuil faoi an áit seo 'fhágáil níos mó.
→
íochtar
Chonnaic mé Ned Pheaits ag dul soir le íochtar. Indiaidh feamuinn dearg a bhí sé is cosamhail = chuaidh sé soir ins na garradhantaí atá le h-ais na fairrge; na garranntaí is fuide síos ar an mbaile.
→
céadéaga
Chuaidh sí sin ins na céad-déaga leis an bhfiabhras. Bhí déanta len a bás ag dochtúirí agus ag 'chuile dhuine. Ach is cosamhail nach raibh an t-imeacht uirre in a dheidh sin. 'Sí atá luath láidir indiu th'éis a clann a bheith tóigthe aice
→
dall 3
Bhíodh an dream sin soir dhá dhalladh ceart anuiridh, ag séideadh faoi, ach is cosamhail gur bhrath sé é féin. Ní thaobhuigheann sé chor ar bith imbliana iad
+
→
danra
Go gcuiridh Dia dílis an t-ádh ort! Tá inghean agamsa agus sháróchadh sí ceart críochnuighthe thú. Tá gruaig mo chinn tuithte ag géaruidheacht uirre, ach b'fhearr dhom in mo chomhnuí, scáth a dtugann sí d'áird orm. 'Sí is danra dhá bhfaca mise ariamh le luach leithphighne mhaitheasa a dhéanamh. Ní cheal muis nar féachadh le fír na maitheasa a chur innte ach is cosamhail nachar cuireadh in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Ag lánú ingarrdha beag N. atá mé na laetheantaí seo agus is dan(d)ra an obair sin. Ní mór duit a bheith ag priocadh i gcomhnuí, arae tá sé faoi chlocha ar fad. Bheadh ciall leath-chlocha, ach gruadháin mhóra mhillteacha atá annsiúd. Ba bheag na clocha a bhíodh i ngarrdha N. chor ar bith fadó. Tá an talamh spíonta anois is cosamhail
→
daol
Bhí sé ag cur a chraicinn dó (de) ag damhsa i lár an tighe. Agus céard a dhéanfadh sé — mar bhuailfeadh daol é — ach a theacht anuas agus é fhéin a ghróigeadh istigh ins an gclúid agus tosuighe ag fuar(for)-chaoineachán. Thosuigh mo choinsias! Daol brúin (bróin) a tháinig air is cosamhail. Ag caoineadh sean-J. a bhí sé.
→
deachma
Bris iad le cloich agus ith an eithne atá istigh ionnta. 'Sé an biadh sin atá len ithe. Nach seafóideach an malraichín thú má cheap tú go bhféadfá a ithe uiliog. Níl maith ar bith ins na blaoscannaí sin. Dheamhan maith. Fág ag an deachma iad sin. An bhfaca tú cnathannaí ariamh cheana? Is cosamhail nach bhfaca agus thú in t'aineoluidhe cho mór in a dtimcheall agus atá tú. Ach cá bhfeicfeá iad thiar i mB. an D. agus gan crann 'fhoisceacht fiche míle dhuit, ní áir(mh)ighim coill
→
dealaigh
Níl na ciarógaí dealuighthe go fóill, aindeoin an chaoi a chuir an dochtúr siúd ar an teach. Ó a rinneadh é sin leis, níor chuala mé aon-chr[...]g[...] ann ó shoin. Is cosamhail gur mharbhuigh sé iad. Shíl mé go dtiubharfadh sé froisín faoi na ciarógaí freisin, ach níor thug, nó má thug tá siad ar ais aríst
Ní dhéanann sé bróig ar bith anois. Ag deasúchán a bhíos sé i gcomhnaí. Is cosamhail gur mó an brabach atá ar an deasúchán ná ar bhróga a dhéanamh as an nua
Tá an dinnéar go díreach ithte againn. Dhá dteagthá scaithín beag níos túisce, bheadh rud eicínt le fáil agad. Is cosamhail gur indeireadh na bliana a rugadh tú
+
→
deis
Rinne sí an teach nuadh sin le deis a thabhairt do'n mhac pósadh. Ach is cosamhail nach bhfuil aon-tsaint ag an mac an pósadh a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
An bhfeiceann tú nach bhfuil deis bhainte ar bith ar an nglas sin ó'n taobh amuigh. Tá glas eile annseo le cur mara mbeidh aon-duine ins an teach. Is diabhlaí áirdeallach iad, ach is cosamhail nach mór dóib sin. Tá an áit seo faoi ghaduidhes (gaduidhthe) as éadan
→
deoir
Shíl mé nach mbeadh deoir ar bith le déanamh aige agus a bhfuil curtha aige le mí. Ach is cosamhail nach bhfuil a dhíol aige fós di
→
deoladh
Bhí an ghearradh-ghíonnach in mo phutóig, agus mar sin féin an uair a leagadh agam é, níor ith mé ach deoladh. Ní fhéadfainn. Ní raibh aon-tothlú agam leis. Is cosamhail go raibh mo ghoile dúinte
Is mó dhá fhonn atá orm na fataí a dhiúltú ar fad. Níl siad ag teacht liom. 'Chuile uair dhá n-ithim iad cuireann siad múisiam eicínt orm. Airighim cho trom ar mo chroidhe iad. Agus tá an-tóir go deo agam orra. Is cosamhail nach bhfeileann siad dom in a dheidh sin
→
doirb 1
Doirb! Mo chreach mhaidne thú. Leann ruadh a d'ól sí. Sin é an doirb atá uirre! Tá sí réidh freisin. Níl indán traoitheamh di … Muise diabhal an féidir gur dhubhairt sé leat gur doirb a ghlac sí. Is cosamhail gur airigh sé simplí thú. Tá leann annsin thoir imbairillí le seachtain, agus is dóigh go bhfuair sí a bhaladh
Tá drad-líonadh maith ar an scioból siúd aige le coirce. Diabhal mé gur shíl mé nach raibh mórán coirce aige chor ar bith imbliana, ach is cosamhail go bhfuil in a dhiaidh sin
An ndraoibeálann tú thú féin mar sin 'chuile uair dhá dteigheann tú amach? Is cosamhail go ndraoibeálann mar feicim mar sin thú go h-acht agus go h-áirid. Breagh nach mbeadh stuaim eicínt ionnad ag siubhal, agus gan thú a bheith ins an riocht sin i gcomhnaí
→
draoi
Tá an draoi breacach de na faoilleáin agus de na cailleachaí dubha ann, bíodh iasc ann nó ná bíodh. Is cosamhail le áit é a mbeadh iasc ar aon-chor. Ní bheadh an staighean sin ag lonnú in áit ar bith mar sin, ach in áit a mbeadh báire éisc.
+
Chonnaic duine eicínt ag tuitim thar bord é. Is cosamhail gur fhan sé ar thóin puill, arae a dhath ní fhaca siad ach cupla driúillín a tháinig ar an uisce. Deir siad go n-eirigheann an té a bhíos dhá bháthadh trí h-uaire, ach dheamhan ar eirigh dhó siúd má's cóir aon-áird a thabhairt ar an dream a bhí ins an mbád. Nach ciotach a d'eirigh sé dhó an duine bocht. Ach ní leithne an t-aer ná an timpiste mar adubhairt an ceann eile
TUILLEADH (1) ▼
Tá griúillíní súighe ag tuitim ó mhaidin. Is cosamhail gurb é an aimsir fhliuch é. Ní bheidh ceo nach millfidh sé anois timcheall an teallaigh
+
→
droim
Tá a bholg thiar in a dhruim. Is cosamhail nach bhfaghann an duine bocht a leath-dhíol le n-ithe. Nach bhfuil lán púirthín na h-átha de mhuirín air. Caithfidh fear na muiríne móire an greim a bhaint as a bhéal féin i gcomhnaí len a chur i mbéal na bpáistí. Deir siad nachar bhris cearc an áil a h-iogán ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Tá togha an amhráin aige sin. Dheamhan díos (níos) fhearr a chuala tú ariamh. Agus in a dheidh sin féin ní bhfuair sé comhaireamh na sop i mBaile Átha Cliath ag an rud sin a bhíos ar siubhal ann … an t-Oireachtas, is fíor dhuit. Deir an dream a chuala é nach raibh rath ar bith leis. An iomarca a bhí ólta aige is cosamhail. Sin é a chuir de dhruím seoil é. 'Sé a bhí deas air
Bhí sé thar am an obair sin (roint a bheith ar fheamainn dearg agus ar fheamainn reatha) a chur de dhruim seoil. Ba deas í mo cheird muis: a dhul síos 'un a' chladaigh agus an ceathramhadh cuid de'n méid a gheobhfadh T. Th. a fháil, faoi rádh agus go raibh dhá ghabhaltas aige-san agus gan agam-sa ach leath-ghabhaltas. Is cosamhail go gcuireadh Dia gaoth andeas ann le go mbeadh a cheithre oiread tairbhe aige-san uirre agus a bheadh agamsa.
→
druid 2
Má tá sí cho fada sin aniar nach bhfuil sí ar ghort an bhaile. Céard atá uirre ach dhá lá eile go mbeidh sí ar an mbaile seo! Lá ar an bP. agus lá ar an dá Sh. agus tiocfaidh sí againne annsin. An bhfuil a fhios céard atá sé a bhaint amach ar chruach choirce a bhualadh imbliana? Is cosamhail go bhfuil sé árduighthe thar mar a bhí sé anuiridh. Ní mórán is fiú dhuinne an buinín atá againn féin a bhualadh chor ar bith. Níl innte ach creannach
→
déan 1
Bhí an madadh crón sin ag P. N. i nglas, agus scata eile aca ag glafarnach timcheall air, ach 'sé'n áit a raibh an coileán beag seo agam féin, i bhfus i nGleann an Fh. ag déanamh a shlaite ar an uaigneas. Is cosamhail nach leigfeadh an faitíos dó, a dtaobhachtáil
→
déidín
Dhá bhfágtaí capall ro-fhada gan rud len ithe, thuitfeadh déidín aice. Thuit déidín ag capall le N. Th. fadó an lá. 'Sé mo ghéar-chuimhne iad a fheiceál thuas in a h-éadan ins an gcró. Bhí 'chuile dheis aca léithe, ach chinn orra in a dheidh sin. Bhí an giall craptha ar fad, agus as sin ní fhágfad sé. Leagha na bhFíonn ní dhéanfadh aon-mhaith di … is cosamhail gur fágadh ro-fhada in a troscadh í, aindeoin go mbadh "set" (dream) iad a thugadh an-ghiollaidheacht do'n rud a bhíodh aca. Ach rinneadh éagcóir uirre ar chuma eicínt — rinneadh sin
Is cosamhail é le fear a mbeadh díchreideamh air, de réir a chuid cainte. Ach ná bac le duine ar bith a bhí i bhfad i Sasana. Is galra leo é sin
→
díle 1
Ionntuigh i leith. Tá an Díle uisce as do chuid éadaigh. Is cosamhail thú le duine a tharraing(eochth)aidhe thrí shruthán
→
díog
Ní clascanna atá sé a dhéanamh ach díograchaí. Ach is cosamhail nach bhfuil mórán fóid annsiúd. Tá sé spíonta
→
díogha
Nach seafóideach an duinín thú. Is agad atá an ghna ag margadh, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort. An uair adubhairt seisean gurb iad an díogha iad, chreid tusa é, is cosamhail. D'eile céard adéarfadh sé. Nach ag iarraidh a gcur anuas ar an bpighinn is saoire a bhí seisean, ó 'bhí sé dhá gceannacht. 'Séard a bhí agadsa a dhéanamh an uair sin toisighe dhá dtaidhbhsiú. Breagh nar dhubhairt tú nar dhíogha ar bith iad ach an scoth. Leig tú uait ar leath a luach' iad ar chóir ar bith!
Is beag an díolachán a ghníos an siopa sin chor ar bith anois. 'Séard atá sé féin a dhéanamh, ag tógáil cúití (con) agus dhá dtabhairt ag rástaí. Is cosamhail gur mó na h-iarmhuis atá ar na cúití ná ar na siopaí. Marach gur mó ní eireochadh seisean as a cheann fhéin
Bhí sé ag cur tuairisc Bh. liom an lá cheana. "Is fadó an lá nach bhfaca mé isteach í" adeir sé. Is cosamhail nar thug sí aon-díolaidheacht dó le fada. Ní mórán maitheasa dhó muise guth a bheith aige uirre siúd. Beidh déidín tuitthe aige ag fuirgheacht leis shul a dhéanfas sí siúd díolaidheacht leis
→
dúil
Ná bí ag samhlú óil liom nó is gearr go dtosuighidh mé ag cur dúil' ann. Chonnaic mé sé leath-bhairille nuadh glan dhá gcur isteach ins an teach seo thoir anocht. Is cosamhail go bhfuil an-fhuadach air
→
dúlaí
Bhí sé an-dúlaidhe ag na bruithneoga 'chuile lá ariamh. Chaith mé fhéin agus é féin seachtain ag baint fhataí fadó ag J. thíos ag an gcladach. Dheamhan lá dhá n-eirigheadh air nach róstadh sé trí nó ceathair de bhruithneogaí ar an leic ins an D. Ghreamuigh an faisean dó ariamh, is cosamhail
→
dúrúch
Tá sé ag imeacht agus dúthruach air mar bheadh tarbh ann. Braoinín atá ar bord aige is cosamhail. Bhí lá de'n tsaoghal muis agus is beag an ghlaodhmaireacht a dhéanfadh sé ar an mbaile seo. Deirimse leatsa gur maith gasta a cheannsóchthaidhe a chuid duthruach. Ach tá 'chuile chimleachán indon cis ar easair a dhéanamh dhínn anois faraor. Nach hé an saoghal a d'imigh!