Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daoitheamhail
aidiacht.
Tá h soiléir lár-focail ins an bhfocal seo, cé gur de thréartha Ghaedhilge Chois Fhairrge — an t-aon áit ar chuala mé é — gan aon h idir-ghuthaidhe a choinneál
danradh, mí-oibliogáideach, dúnárusach, gan a bheith foscailteach ná bronntach. (Mar atá sé i gcaint anois, ní "churlish" ná "unhospitable" amach is amach é, cé go bhfuil an dá thréith sin i gceist ann. Tá sé gar go leor go "dhanradh" freisin. An "fear danradh" cuirigcás, chuirfeadh sé a mhargadh go bun an amhgair agus níorbh fhéidir ceannacht uaidh, bheadh sé cho líomhtha sin an phighinn is aoirde a bhaint amach. Ach an "fear daoitheamhail", 'sé an chaoi nach ndéanfadh sé margadh ar bith leat, dhá bhfeiceadh sé go raibh spéis ro-mhór agad ins an rud a bhí sé a dhíol. Bheadh sé scanruighthe go ndéanfadh sé leas duit, nó go leigfeadh sé féin uaidh é ro-bhog).
+
Is daoitheamhail an duine é. D'iarr mé ceap air an lá faoi dheireadh, le tosach a chur ar mo bhróig, agus dubhairt sé nach raibh aon-cheap aige, aindeoin go raibh mé ag breathnú air istigh faoi'n drisiúr le mo dhá shúil, an puínte céadna. Faitíos go leasóchadh sé tada fúm: sin é an fáth nach dtiubharfadh sé dhom é. Thairgfeadh sé do dhuine é an uair nach dteastóchadh sé chor ar bith uaidh
Baoghal air siúd a bhudóigín a dhíol leat. Ar an dá luath agus a bhfaca sé go raibh tú líomhtha ag (chuig) a ceannacht, ní leigfeadh sé lag labharta as na aon-phunt dhéag í. Ag iarraidh thú a chur uaithe a bhí sé an uair sin. Ba mhór leis duit í pé'r bith cé'n t-airgead a thiocfá léithe. Tá sé cho daoitheamhail le aon-duine a chonnaic mé ariamh
TUILLEADH (4) ▼
B'fhéidir go bhfuil leabhra aca, ach 'mo choinsias má tá, ní le t'aghaidh-sa ná l'aghaidh aon-duine eile iad. Níl sé cruthuighthe ar an talamh indiu an té a thiubharfas ceann de na leabhra sin amach an dorus. Daoine daoitheamhla mar sin iad faoi'n rud atá aca. Ba deas ba mhian leo an rud a bheadh ag duine eile a fháil iad féin muis. Ach tá rud le déanamh leo: cor in aghaidh an chuir agus cam in aghaidh an chaim a thabhairt dóib
Déarfadh sé go maith annseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróchaidh sé in mo láthair-sa é. Ní abróchaidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtóigfinn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé cho práidhinneach as sin agus a bheadh cut as póca. Ní bheidh sé ag aon-duine eile nó is cinneamhaint air é. Sin é an fear daoitheamhail i gcomhnuí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéadna le M. Ní abróchadh sé píosa Fiannuidheachta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtóigfeadh M. é. Mheabhruigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rádh, agus sheas sé féin ins an dorus dúinte ag éisteacht. Chuaidh sé isteach de mhaol a mhainge an oíche dhár gcíonn agus dubhairt sé 'chuile mhíle focal di do L. An uair a chuala L. é, bhí sé indiaidh sásamh ar chuma eicínt. "Tá trí ceathramhnaí nar chuir mé ann" arsa seisean. "Bhí a fhios agam go raibh tú ins an dorus iadhta." Bhrath sé é … Dheamhan ceathramha ná cuid de cheathramha a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
Nach diabhaltaí daoitheamhail an mhaise dhó anois é, nach dtiubharfadh sé ceirt na n-easbaí dhom agus fios aige gur theastuigh sí uaim. 'Nuair a d'iarr mé air í, bhuail sé a shrón ins an talamh, mar a bheadh púca ann, agus thosuigh sé ag mungailt faoin a fhiacla. Céard a déarfá len a leithide sin
Is beag duine a chonnaic mé cho daoithiúil le T. Sh. an mhaidin ar cailleadh í seo go ndéanaidh Dia grásta uirre. Chuaigh mé síos gur chuir mé in a shuí é go bhfaghainn braon fuisce len a leagan amach. Ní raibh cúntanás ar bith ann dhá bhfaca tú in aonduine ariamh, mara faoin a chur in a shuí é, nó eile. Tá a shliocht air: níor thaobhaigh mise ó shoin é, ná ní thaobhód más fada gearr a bhéas mé ar an saol

Féach freisin

daoitheamhail in iontrálacha eile (8)

 
Shílfeá gur déirce a bheadh sé a thabhairt duit dhá n-iarrthá tada air. Is mór an t-iongnadh go bhfuil sé ag díol tada, agus cho daoitheamhail agus atá sé. Ní dhíolfadh ach an oiread, meireach an áit a bheith faoin a mhullóig féin aige, agus nach bhfuil aon-dhuine le dhul in a bharr air
 
deoch 1
Ní thiubharfadh sé deoch de'n uisce dhuit dhá mbeitheá ag fáil bháis leis an tart. Tá sé an-daoitheamhail
 
diaidh
Bí indiaidh 'chuile shórt air sin. Ná tabhair solus an lae dhó má fhéadann tú a choinneál uaidh, mar 'séard é féin suaracháinín gortach daoitheamhail. Leaghfadh sé an talamh a siubhailfeadh duine air dhá mbeadh an "power" aige a dhéanamh
 
Is olc an aghaidh ar an gceann céadna aon-dídean a thabhairt dó. Dhá gcastaí muid in a líon, is maith daoitheamhail a bheadh sé
 
dílis
Ná bac leis sin! Tá sé cho daoitheamhail leis an diabhal. Ní thiocfadh sé fad dílis a choise leat, dhá mbeadh do chailleadh go deo leis. Thiocfadh b'fhéidir!
 
dóigh 1
Ní bhfuair mé an "bicycle", agus ní bhfuair mé an dóigh. Tá sé siúd cho daoitheamhail len a bhfaca tú ariamh. Dhá gceapadh sé go mbadh rud é a dhéanfadh leas dom choinneochadh sé uaim é d'aon-úaim amháin. Ní hé ba mheasa ach mise a chuaidh dhá iarraidh air agus a fhiosacht dom nach bhfaighinn é
 
Níl samhaoine ar bith a dhul ar achrann. Is fhearr a bheith cho mín agus a fhéadfas muid, nó go bhfeicidh muid linn. Má bhíonn sé féin daoitheamhail, níl aon-dochar a bheith ag leigean corr bhíor faoi annsin
 
Gabhfaidh sé sin dó anois ar chaoi nach bhféadfadh aon-fhear faoi thalamh an domhain a eiteach. Cuirfidh mé geall leat th'éis cho danra agus cho daoitheamhail agus atá Sean- S. go bhfuighidh sé breith a bhéil féin uaidh. Tá an tSeamair Mhuire aige sin a mhic ó!