Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dílis
aidiacht
1.
báidheamhail; géilleamhnach.
+
Tá sé an-dílis do Shasana i gcomhnaí
Nach hé atá dílis do'n dream sin! Ní athróchaidh sé go h-éag ná dheamhan athrú
TUILLEADH (3) ▼
Is maith dílis atá sé do'n ól ar chaoi ar bith = cothuigheann sé an t-ól; ní leigeann sé dó aon-am
Dhá mbeitheá cho dílis do do chuid oibre agus atá tú do'n damhsa diabhal a mbeadh de chailleadh ort. Ach níl. Is beag an baoghal ort.
Tá sé cho dílis leis an saoghal do'n obair. Má's fliuch fuar an lá, beidh sé amuigh
2.
múirneach; grádhmhar.
+
Ní scarfaidh mé leis sin. 'Sé mo dhearbhráithrín dílis atá básuighthe a bhain é i dtosach
Sin é pictiúr mo dhearbhráithrín dílis atá thall i Meiriocá
TUILLEADH (6) ▼
A dhearbhráthairín dílis agus a dhearbhráthairín na páirte, cé'n fáth ar imigh tú uainn? = bíonn rudaí mar sin dhá rádh nuair a bhítear ag caoineadh duine as cíonn cláir
"A dheirbhshiúirín dílis" adeir sé "agus a dheirbhshiúirín charthannach"
A chuidín dílis céard atá tú a dhéanamh annsin?
A ghrádh bán dílis, goirm agus coiscricim thú!
A leinbh dhílis agus a laoigh, ná bí ag caoineadh anois!
A stóirín dílis céard atá ort?
+
Go gcuiridh Mac Dílis Dé an t-ádh ort agus leig dom = baintear leas as "dílis" go minic i leaganachaí faoi Dhia agus faoi'n Maighdin Mhuire
Tá a fhios ag Mac Dílis Dé nach ndearna mise é
TUILLEADH (9) ▼
Go mbreathnuighidh Mac Dílis Dé anuas uirre anocht!
Go gcartaidh Mac Dílis Dé síos go tóin Ifrinn thú!
Go gcuiridh Dia Dílis rath ort agus leig dom fhéineacht
Tá a fhios ag Dia Dílis má tá maith in ól, gur ól sib a (bhur) gceart dhe le seachtain
Go bhféachaidh Dia Dílis anuas orainn anocht!
Go gcuiridh Dia Dílis ar bhealach mo leasa mé anois!
A Mhuire dhílis céard a dhéanfas mé chor ar bith
A Mhuire dhílis, nach hí an droch-aimsir í!
A Mhuire dhílis céard a choinnigh amuigh thú cho fada seo?
3.
ceart.
a.
+
Ní ghabhfaidh mé fad dílis mo choise in éinfeacht leat, adeirim féin, mara dtugaidh tú an punt glan dom = fíor-fhad; fad ceart; fad mo choise féin
Dheamhan é ná fad dílis mo choise! Ní theastóchadh uaim ach a dhul in éindigh leatsa. Is maith é mo luach saothair muis!
TUILLEADH (5) ▼
Ní leigfeadh sí an mac fad dílis a choise in éindigh leis gan deich scilleacha 'san ló, agus fuair sé é freisin. Gheobhfadh agus tuilleadh dhá seasadh sé uaidh
Ara diabhal a cos sin a shiubhailfeadh fad dílis a coise de'n bhóthar in éindigh leis. Shiubhailfeadh muis! Coinneochaidh sí nathaidheacht mhaith leis istigh ar leic an teallaigh mar sin, ach ní thiubharfadh sí le rádh d'aonduine go bhfeicfí ag siubhal an bhóthair in éindigh len a leithide de liúdramán í
Teirigh ann anois má's breagh leat. Gabhfaidh tú ann dom fhuireasbhaidh-sa ar chaoi ar bith. Fad dílis mo choise muise, ní ghabhfaidh mise in éindigh leat. Nuair a thairg mise a dhul ann, ní raibh agad orm ach meas magaidh
Ná bac leis sin! Tá sé cho daoitheamhail leis an diabhal. Ní thiocfadh sé fad dílis a choise leat, dhá mbeadh do chailleadh go deo leis. Thiocfadh b'fhéidir!
Ná leig fad dílis do choise leat é níos mó. Ní madadh ar bith é le tabhairt 'un bóthair leat: madadh ar bith a thosuigheas ag sclamhairt ar 'chuile dhuine agus ar 'chuile mhótar dhá dteigheann an bóthar!
b.
+
Chruinnigh mise an méid sin (airgid) go dílis agus feacha an bhail atá ag dul anois air = chaith mé dúracht leis dhá bhailiú
Níl cianóg ruadh den airgead sin nachar chruinnigh sí go dílis, ag tabhairt chrácamais di féin moch agus deireannach. M'anam nach ingan fhios dhá cnámha atá sé aice, nach hea sin
TUILLEADH (1) ▼
"An rud a chruinnigh tú agus a bhailigh tú go dílis, ní fheicfidh tú choíchin é; an rud a thiúrfas tú uait sé a chífeas tú, mar níl ach scáile i mbláth an tsaoil" (Sean-fhocal: níl buan ach an grá diadha a dhéanfas tú)

Dílis in iontrálacha eile (15)

 
dán
'GCuiridh Dia dílis an t-ádh ort, agus éist leis. Níl tú ach do do chuir fhéin thar bharr do chéile le dhul ag comhairle airsin. Níl indán comhairle dhó; ach oibrigheadh sé leis. Comhairleochaidh an saoghal ar ball é
 
danra
Go gcuiridh Dia dílis an t-ádh ort! Tá inghean agamsa agus sháróchadh sí ceart críochnuighthe thú. Tá gruaig mo chinn tuithte ag géaruidheacht uirre, ach b'fhearr dhom in mo chomhnuí, scáth a dtugann sí d'áird orm. 'Sí is danra dhá bhfaca mise ariamh le luach leithphighne mhaitheasa a dhéanamh. Ní cheal muis nar féachadh le fír na maitheasa a chur innte ach is cosamhail nachar cuireadh in a dheidh sin
 
Go gcuire mac dílis Dé an t-ádh ort! Nach shin é a cheird sin i gcomhnaí. Gheallfadh sé an ghealach agus na réalta dhuit, ach sén deághealladh agus an droch-choimhlíonadh é. M'anam gurb é!
 
A dheirbhshiuirín dhílis
 
deo
Tá mo dheirbhshiúirín dílis imighthe uaim go deó deó
+
dia 1
A Dhia dhílis!
TUILLEADH (4) ▼
Dia dhá réiteach!; Dia dílis 'á réiteach!; Dia mór 'á réiteach!; Dia dhá réiteach, agus Dia dhá réiteach aríst eile!; Dia mór na nGrást 'á réiteach!; Dia agus Muire dhá réiteach!; A mhic Dé anocht 'á réiteach; a Dhia agus a Mhuire Mhór dhá réiteach agus rl. = deirtear é nuair a bhíos brón, pian, múisiam agus rl. ar dhuine, nuair a bhíos éagóir dhá dhéanamh air, nuair nach mbíonn an saol ag féithiú leis nó a leithide. Tá sé an-choitianta i gcaint, agus deirtear le rudaí sách fánach é go minic
Go gcuire Mac Dílis Dé an t-ádh ort agus leig dom! = dhá mbeadh duine de do chiapadh nó a leithide
Go bhfoiridh (/wer′ə/) Dia orainn; go bhfóiridh Dia orainn; go bhfoiridh Dia dílis orainn = le truaighe do dhuine eicínt a mbíonn lear nó bris nó donacht air adeirtear é
Go bhfoiridh Dia dílis ort!
 
docht 2
Go gcuiridh Mac dílis Dé an t-ádh ort! Ní cheannóchadh duine ar bith aon-cheo uaidh sin. Tá sé cho docht le sean-chrann
 
Chuala mé féin drántán ceoil i dteaichín beag chois an bhóthair agus isteach liom ann. Ba ghearr gur phlúch an teach isteach, agus thosuigh an siamsa. Dheamhan mo chos ná mo chnámh fhéin a chorruigh as go maidin. Go deimhin bhí oíche chroidhe-dhílis agam ann
 
Go gcuire mac dílis Dé an t-ádh ort agus ná bí do do mheath fhéin leis an dreólán bradach sin
 
dúil
"Níl mo dhúil leat indiu ná amáireach; A mhuirnín dílis mo chúig chéad slán leat" (Amhrán — "Domhnall Óg")
 
duine
Mac Sh. N. sin! Thug duine eicínt duine uasal air! Dia Dílis dhá réidhteach! Céard atá ag teacht ar an saoghal chor ar bith! Mac Sh. N. in a dhuine uasal. A Dhia agus a Chríosta! Duine uasal anuas de lota na gcearc. Sin é an duine uasal é.