Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deara, (ndeara)
faoi deara, faoi ndeara — abairt réamhfhoclach.
Níl an chiall Mhuimhneach — "mise fé ndear é" (mise ba chionntach agus rl.) — in Gaillimh measaim.
Fuaim: i gciall a 1, deirtear "faoi deara" agus "faoi ndeara". Bíonn an dá rud ins an áit chéadna, amanntaí ag an duine céadna, ach is coitianta "faoi deara" ná "faoi ndeara" mar sin. I gciall a 2, bíonn an dá rud freisin, ach measaim gur coitianta "faoi ndeara" ins an gcás sin. I gciall a 3 "faoi deara" is mó a bhíos ann. I gciall a 4 faoi "deara" freisin is coitianta measaim ach bíonn "faoi ndeara" minic go maith ann freisin.
1.
cronú, a fheiceál, suntas a thabhairt do rud, a ghrinneadh, a bhrath, a thuigsint.
+
Níor thug mé faoi deara é go dtí sin (níor thug mé aon-tsuntas dó, níor chuir mé aon-chronuighe ann. B'fhéidir go bhfaca mé é roimhe sin, ach ní raibh thairis ann)
Dar príosta bhí mise scathamh fada ag caint leis, ach níor thug mé na cnaipí faoi ndeara. Ach níl rath ná righeacht liom mar sin. Ní duine meabhrach mé.
TUILLEADH (11) ▼
Tabhair faoi ndeara anois aríst é. Tá an colm annsin air — slán an tsamhail! — ar chasadh an ghéill. Mara mbreathnuightheá go maith air, ní fheicfeá é
Is fada mé ag dul thar an áit sin, agus dheamhan ar thug mé an oiread sin faoi deara ariamh ann, agus a d'innis tusa dhom anois. Is mór is feicthear do'n diomhaointeas 'ar ndú'
Is beag an baoghal nach bhfuil sé tugtha faoi ndeara aige. D'fheicfeadh cuid de na daoine an fhríghid
Thug sí faoi deara é ar chúla an chlaidhe. Ní chorróchadh an chuileoig i ngan fhios di siúd. Tá sí cho meabhrach len a bhfaca tú go h-iomaidh
Bhí an torann len aireachtáil i gcomhnaí agam, ach níor thug mé tada faoi deara, bíodh aon-cheo ann nó ná bíodh. Diabhal mé go mb'aisteach an rud é ar aon-chor
Is beag marach ar aon-duine nach dtiubharfaidh an mhagarlach siúd faoi ndeara. Agus 'ar ndú mo léan mara bhfuil sí indon a ngléas!
Níor thug mé an fear faoi deara beag ná mór go dtáinic mé amach ar an mbóthar (ní fhaca mé é). Sin é an uair a bhuail sé agam (chugam) anoir — agus tabhair splíota air!
'Sé an chéad uair ar thug sí faoi deara go raibh rud eicínt ag dul di an lá ar cuireadh Sean-Mh. Ar éigin a rinne sí an baile an lá sin le pian ghártha a tháinic in a ta[obh. Dhá] dteigheadh sí roimhe an uair sin féin, bhí aice, ach d'fhága sí mar [...] cion faillighe, go dtí ráithe in a dhiaidh sin
Níl cúis ar bith io[...] tabhairt rudaí mar sin faoi ndeara. Bheadh an ealadhain sin ar srúbhal (siubhal) as comhair mo dhá shúl, agus ní bheadh a fhios agam faice
Cheal nachar thug tú aon-bhlas faoi deara aréir? An bhfaca tú í ag síneadh an leabhair chuige? Scríobh sí rud eicínt ar phísín de pháipéar roimhe sin, agus bhí an páipéirín sin ins an leabhar. Chuirfinn a bhfuil istigh agus amuigh agam go (gur) b'éard a bhí ar an bpáipéirín sin rádh leis castáil léithe anocht in áit eicínt. Ní raibh aon-deis eile aice é a rádh leis as coinne na máthar. Is dall an mhaise dhuit é, marar thug tú an méid sin faoi deara. Is maith a bhrath C. é. Nach bhfaca tú an fad a bhí sé a bhaint as a mhuineál ag iarraidh amharc a fháil isteach ar an leabhar
Ní thiubharfaidh an t-athair aon-nídh dhár dhealbh an ghrian faoi deara, má ghníonn tusa do ghnatha go cuí(bh)eamhail. Ach tárrtháil orainn ó Mhac Dé, gheobhaidh tú dual na druinne má bhrathann sé thú
+
Dá mbeadh aon-tabhairt faoi deara ionnad féin thuigfeá é cho maith liomsa = dhá mbeitheá meabhrach; dhá mbeadh aon-mheabhair ionnad
Nach beag an tabhairt faoi deara atá ionnad, marar thug tú an méid sin faoi deara
TUILLEADH (3) ▼
Níl tabhairt faoi deara ar bith ionnad. Nach raibh sé as comhair do dhá shúil. Shoraidh dhíot!
Sin é an buachaill a bhfuil an tabhairt faoi deara ann. Tá sé indon 'chuile dhuine a chóiriú ar chaoi ar bith. Ach thiocfadh dhó. Tá dhá shúilín cho friochanta aige!
Is beag an tabhairt faoi deara atá ionnad, mara bhfaca tú an meall atá faoin a ghiall. Is furasta aithne é
2.
tabhairt ar, a chur chun caitheachtála, a bheith ar … rud a dhéanamh gan bhuidheachas, a éigniú.
+
Chuir sé faoi ndeara dhom eirghe leis an scairt-mhaidin agus a dhul amach ag bleaghan. Níor chuir sé faoi ndeara dhom an dárna h-uair é mar níor fhan mise féin aige a chur 'un caitheachtála dhom
Mara gcuiridh tú faoi ndeara dhó rud a dhéanamh anois, agus fír na maitheasa a chur ann in am, déanfaidh sé leaduidhe
TUILLEADH (7) ▼
Chuir sí faoi ndeara dhom mo bhróga a ghlanadh ag an dorus. Diabhal mé go sílfeá gur teach mór atá aice, tá sí cho h-áirdeallach sin faoi
Mara ndéanaidh sé dhá dheoin féin é muis, cuirfear faoi ndeara dhó a dhéanamh. Meastú a bhfuighidh sé cead a chomhairle fhéin mar sin. Gheobhaidh muis
Cuirfidh mise faoi ndeara dhó go nglacfaidh sé stuaim leis féin, agus nach mbeidh sé ag rith air mar sin. 'Ar ndú' níorbh fhiú do dhuine an chabhail sin a thabhairt abhaile
'Siúd é a chuirfeas faoi ndeara dhi áird a thabhairt ar a gnatha. Má bhí saoghal na bhfuigheall aice ins an am a caitheadh, dar brigh an leabhair, caithfidh sí obair a dhéanamh feasta. Tiubharfaidh an sean-chonablach siúd ruaigeadh na Muice Báine amach di 'chuile mhaidin
Ná bac le rud ar bith a chur faoi ndeara dhó siúd. Nach bhfuil mo chroidhe dubh aige ag tuineamh leis, ach is aon-mhaith amháin dom é. Tá an tsiléig go smior ins an leiciméara sin
Tá coimhightheas aige le 'chuile dhuine. Mara bhfeiceadh sé ach S. Ph. atá i mbéal an doruis aige ag teacht faoi'n teairse (tairseach), ghreadfadh sé amach an dorus dúinte nó siar ins an seomra. Chuir an misinéara faoi deara dhó a dhul ag an Aifreann cupla uair ach níor thaobhuigh sé é ó shoin
Chuir sé faoi deara do'n fhear thiar eirghe as an ól muis, rud a chinn ar 'chuile dhuine eile, pébrí cé'n bhriotais a bhí aige leis. Dar mo leabhar nach bhféadfá teach ósta a shamhailt leis anois. Bheadh sé cho maith dhuit fuath-fíonna a thairiscint dó le pórtar. Ní thiubharfadh sé bolg dó, a dhearbhráthair
3.
a chleachtadh, a thaithiú, bheith déanta ar, luighe le.
+
Is gránna an faisean a thug sé faoi deara dó féin = a thaithigh sé, a chleacht sé, ar luigh sé leis, a ndearna sé nós nó béas de
Nach gránna an faisean a thug sí faoi deara di féin, a bheith ag cur banlá dhá teanga amach faoi 'chuile dhuine. Tá a muíntir náirighthe aice. Is mór an úais í
TUILLEADH (9) ▼
Ná tabhair faoi deara duit féin a bheith ag fáisceadh cóta mór ort féin chuile phuínte mar sin. Is olc an faisean é. Ní bheidh acmhuinn ar bith agad ar an bhfuacht ar an gcaoi sin. Beidh tú in do bhoigleachán chríochnuighthe
Má thugann sé faoi deara dhó féin a beith ag ól súmógaí mar sin, is gearr go dtosuighidh sé ag ól gloineadhachaí. 'Sí an bhlaismínteacht sin a ghníos "druncaeraí" de chuid mhaith de na daoine
Má thugann sí faoi ndeara dhi féin tosuighe ag "beaiceáil" chor ar bith, do cheann-finne ní chuirfidh faoi ndeara di tarraint choidhchin. An bhfuil a fhios agad "an-phleain" ag capall a bhíos ag "beaiceáil". Cuir ionga tobac in do bhéal agus cangail go maith é, agus scaoil isteach smugairle an tobac in a cluais. Cuirfidh mise mo rogha geall leat gur beag an "bheaiceáil" a bhéas uirre annsin. Féach léithe é, go bhfeicidh tú
Madadh ar bith a dtiubharfar faoi deara dhó fanacht ag forcabhás ort agus thú ag ithe do dhinnéir, is madadh millte a bhéas ann. Níl le déanamh le madadh, ach cur faoi ndeara dhó luighe ins an gclúid agus a smut in a chrúib, cho uain agus a bhíos duine ag ithe a bhéilí. Má thugann madadh faoi deara dhó féin é sin a dhéanamh uair amháin, beidh sé múinte go bráth
Is gránna an chaint atá ort. Má thugann tú faoi deara dhuit féin a bheith ag rádh cainteannaí gránna mar sin, greamóchaidh siad duit agus cinnfidh ort eirghe asta amach annseo. Déanfaidh tú do leas, má ghníonn tú aithrist ar chlann T. Sh.!
Thug sibh cead do'n asal sin an rud sin a thabhairt faoi deara dhó féin, agus a ndubhshlán anois feiceamuist, coinnigidh as é. Ó a fuair sé blas na h-áite sin, tá sé fánach a choinneál as
Thug sé faoi deara dhó féin a bheith ag caitheamh "feaigs" thuas ar an "scím" (móna) anuiridh, agus tá sé ag réabadh dhá n-iarraidh ó shoin. An lá nach mbeidh siad aige, bíonn súnás ag imeacht air. Ní bhíonn focal de'n chaint uaidh
Céard a thiubharfadh an chlann faoi deara dhóib féin ach an rud a chonnaic siad an mháthair a dhéanamh. Níor thóig a máthair sin ceann as ól ariamh. Ba diachta do'n chlann inghean annsin, mara mbeidís féin ag baint braon as de réir mar a gheobhaidís deis. Dheamhan ceilteamas ar bith aca air anois. Ólann siad as coinne 'chuile dhuine é
Ná tabhair faoi deara dhuit féin a bheith ag piocadh do smaoise mar sin, a mheantáin. Náireóchthá muid dhá n-eirigheadh le duine ar bith a mbeadh aon-chás againn faoi, a bheith istigh. Ní minic leat an deagh-fhaisean a thógáil — ní minic sin
4.
fainic, aire dhuit, leig le t-ais, seachain.
+
Tabhair faoi ndeara nach n-itheann anois = fainic nach n-itheann; sílim go n-itheann ("take care that" agus rl., Béarla na h-Éireann: "take care he doesn't drink" = I think he drinks)
Níl sé ag ól adeir tú. Tabhair faoi deara nach bhfuil (tá sé ag ól dar liomsa)
TUILLEADH (7) ▼
Deir tú nach bhfuil sé ag caitheamh tobac. Tabhair faoi deara (fainic nach gcaitheann)
Measann tusa nach dteigheann sé in éindigh le cailín ar bith. Tabhair faoi deara! An cuímneach leat an oíche a raibh muid ag an mbainis i S. Cé a bhí thiar ins an tsáinn ag ceann bóithrín an T. an oíche sin … Sin é é. Is furasta dalladh mullóg a chur ortsa. Súm-sám mar sin is measa a bheadh. D'íosfadh na muca ciúine féin triosc!
Síleann tusa gurb é S. a rinne é. Tabhair faoi deara ab é. Má sé muise, ba diabhlaí an deifir a rinne sé, má tá indán agus gur buaileadh an ceann eile ag an h-aon dhéag. Arae sé sin an fáth, bhí sé ag ól tigh Th. an oíche sin nó gur cuireadh amach muid ag leath-uair th'éis an deich, i gcruthamhnas duit nachar mhór dhó bealadh a chur faoin a ioscadaí le bheith i nD. L. ag an h-aon dhéag: fear nach raibh "bicycle" ná deis marcaigheacht' ar bith aige ach na buinn
Tabhair faoi deara go bhfuil rud eicínt air, ar ala na h-uaire (fainic nach bhfuil rud eicínt air; tá rud eicínt air). Dhéanfadh páiste an fhoghail atá déanta aige ins an ngarrdha le coicís. Ní theigheann sé amach ar aon-chor, go n-ársuigheann an mhaidin amach, agus sin iongantas d'fhear a bhí in a mhochóireach cho maith leis-sean 'chuile lá ariamh
Níor iarr M. Ph. í. Tabhair faoi deara (nar iarr). Ní shin é adéarfaidís féin muis, ach gur chuir sé cheithre scéala ag an teach, agus go raibh siad féin sásta, ach nach bpósfadh sise é. Ba sean léithe é
Measann tusa go bhfuil an scrománach mór siúd ann amuigh in a mháistir scoile. Tabhair faoi deara. Cá raibh sé le cupla bliain. Dubhairt siad féin gur thuas i mBaile Átha Cliath é, ach an gcreidfeá céard a chuala mise fear eolasach ag rádh: go raibh sé ag obair in éinfheacht leis féin i "bhfactory Ford" i gCorcaigh, ag déanamh carrannaí. Breathnuigh ar an dá láimh atá air. Ní ag plé le peann a bhíos siad. Is beag an baoghal
Tabhair faoi ndeara an raibh aon-duine cloinne aige chor ar bith leis an gcéad-bhean? 'Sé mo bharamhail-sa nach raibh. Nach n-aithneóchthá an tsrón atá ar an mac is sine sin as srón chúbach Mh. Sh. Sróinín bheag gheanncach a bhí ar athair an chéad-bhean

deara in iontrálacha eile (35)

 
dáil
Bhí sé indáil le ar seachrán aríst muis, marach go dtug mise faoi deara ar an mbóthar é agus gur chuir mé an lúbán air sa gcró
 
dáimh
Tabhair faoi deara nach bhfuil dáimh eicínt aca le chéile má's gaol nó cleamhnas é. Marach go bhfuil ní iarrfadh sé ar an mbainis iad
 
dall 2
Ba dall an mhaise dom é ina dheidh sin nachar thug mé faoi deara ariamh nach raibh sé ach ag séideadh fúm. Dheamhan é muis, nó gur tháinic falrach gáirí air
+
Dhá bhfeictheá an "collar" a bhí air agus cho geal agus a bhí sé. Agus bhí dionnóid de rud eicínt dubh mar a bheadh dubhach ann, nó rud eicínt mar sin i bhfus annsin air. Thiubharfá faoi deara é míle ó láthair
TUILLEADH (1) ▼
Badh é an lá ba bhreaghcha é a scal as aer ariamh. Tháinig sé in a chalm orra leath-cuain. Shíl muid gur thosuigh dionnóid bheag annsin, ach ní thiubharfá faoi deara ar an seol í. An chéad rud eile a dhearbhráthair mo chroidhe thú, chruthuigh an cuaifeach agus bhí an bád mar a bheadh caora a mbeadh an galra cam uirre. 'Sé Dia féin a bhí buidheach duinn an lá sin, nar cuireadh go tóin puill muid. Tá mé taithighthe ar an bhfairrge ó cuireadh bannlá de chóta orm, ach macsamhail na cuaifighe sin ní fhacaidh mé ariamh agus nar leigidh Dia go bhfeicfinn go bráth ach oiread. Níor fhan dionnóid ann ar an toirt aríst ach shílfeá gur istigh i bhfuirnís a bhí muid, bhí sé cho bruithte sin. Tabhair do leabhar go dtug muide rith cladaigh di cho tréan in Éirinn agus a bhí muid indan
 
'Siad an mhuintir thiar déanta é. D'aithneochthá an truisle cheana féin ann, aindeoin nach bhfuil sé thar naoi nó deich de bhlianta. Agus ar thug tú faoi deara cho buidhe bealuighthe, agus atá sé
 
deas 1
Nach deas an béas a thug tú faoi deara dhuit féin: a dhul ag aithléamh ar na daoine. Tá an diabhal ag cur chathaí ort
+
Dhá ndeasuigheadh sí go maith isteach faoi'n a seál í, ní bhrathfadh aonduine í, ach ar an gcaoi a raibh sí aice, níl aon-duine ins an tír nach dtiubharfadh an toirt faoi deara
TUILLEADH (1) ▼
Deasuigheadh sí isteach go maith faoi'n a seál é, agus cé'n chall ímní atá di faoi. Póilí ar bith a thiubharfas faoi deara é cá bhfios dó nach buidéal ola é
 
Ní déidín ar bith a bhí tuithte aige sin ach sine siadháin. Is mór atá eatorra a mhic ó. Is furasta an tsine siadháin a leigheas, ach ní hé sin do'n déidín é. Droch-éadáil ceart é sin. Bíonn an tseamair Mhuire ag an té a theagas uaidh. Buaileann sé caiple agus beithidhigh cho maith leis an duine agus níl a fhios agam nach measa a bhíos sé orra ná ar an duine. Tabhair faoi deara nach measa freisin
 
deis
Is gránna an deis atá ort dá mbeadh a fhios agad é: ag lígheachán do smaoise le do theanga. Cé'n áit ar thug tú an faisean sin faoi deara dhuit féin. Ní annseo é ar aon-chor. Beidh duine ar bith ceart a thiubharfas comhluadar do'n bhrothtuinn sin thíos. Diabhal bréag nach mbeidh
 
dia 2
Nuair a thugas sí cuairt annseo fanann sí ó Luan go Luan igcomhnaí. Ar thug tú faoi deara é?
+
diaidh
Tabhair faoi deara é má fheiceann tú ag "bacsáil" aríst é. Cuirfidh mé geall leat, nach dteigheann sé an ionga féin ar a chúl ná ar a aghaidh, th'éis go mbíonn sé ag corruighe. Ag dul indiaidh a leathtaoibhe i gcomhnaí a thugas sé an iarraidh do'n fhear eile, agus tá iarraidh mharbhthach aige freisin, an uair a thogróchas sé é
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeitheá ag siubhal an bhóthair bonn ar aon léithe, diabhal easna di nach mbeadh ag sníomh ar chuma eicínt indiaidh a leathtaoibhe nó go gcuireadh sí isteach ar an móinín bán thú. Ní thugann sí féin faoi deara chor ar bith é. Ba deacair dhi agus an síorádh a bhíos uirre
 
Bhí caoirigh againn annseo "trip" (uair, babhta) ar an sliabh, agus tháinig siad uair eicínt anuas i mbarra garbha Sh. Mh. Nach diabhaltaí díbheirgeach anois a bhí sé agus gur bhuail sé seidhrín ar 'chuile cheann beo aca. Níor thug muid faoi deara iad ariamh go raibh na cosa i gcruth tuitim dhíob. Céard déarfá leis an mbitheamhnach sin. 'Sé is mó mailís ar an mbaile sin. Fear a chuirfeadh seidhrín ar do chaora nach raibh sé cho maith dhó a dhul agus a dícheannadh in éinfheacht. Badh é ba ghnaoidheamhla dhó
 
díle 1
Is fadó ó a chuaidh an Díle thar an Domhan. Chreidim gur i dtús an tsaoghail é. Lá Fheil San Swith a thosuigh sé. Tá an gheis sin ar an lá sin ó shoin, má bhíonn sé fliuch an lá sin go mbeidh sé fliuch go ceann dá fhichead lá in a dhiaidh. Tabhair faoi deara bliain ar bith é. Cuirfidh mé geall leat go bhfuil an fhírinne agam. Ná creid thusa ó fhear ar bith nach mbeidh
 
Is díobhálach an chlaimhe istigh imbaile ar bith iad. Tá lán púirín na h-átha aca ann, agus ní dhéanann siad foras na suaimneas ó mhaidin go faoithin ach ag reathach agus ag ruathrúch, agus ag déanamh millteanais. Is diabhlaí nach gcuirfeadh na póilíos faoi deara dhóibh siúd a dhul amach ag an scoil. Ní bhíonn siad ann lá san gcéad
+
Tá díocas air le olc. Ar thug tú faoi deara ariamh an chaoi a mbíonn sé ag cangailt an uair nach dtaithnigheann rud leis. Díocas uilc a bhíos air an uair sin
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an rud a thug giorrachan saoghail dó. Níl aon-lá dhár eirigh ar an bhfear sin nar chuir sé 'chuile fhéith in a chorp faoi dhíocas oibre, ba chuma ins an míádh céard a bheadh sé a dhéanamh. Mara mbeadh sé ach ag biorrú scoilb bhíodh an oiread sníomh agus útamáil aige agus dá mbadh ag iomradh báid mhóir a bheadh sé. An uair a thugas duine faisean faoi deara dhó féin is deacair leis scaradh leis
'Bhfeiceann tú an scramaire mór de mhac sin thiar ag P. Th. Sh.? 'Bhfaca tú ariamh ag damhsa é. Deamhan thiomanta cnáimh in a chorp nach mbíonn faoi dhíocas. Tabhair faoi deara anois aríst é thú féin. Chaith mé oíche ar fad ag breathnú air. Ní fhéadfainn mo shúil a thógáil dó
 
Nach maith a chaithfeá an méidín sin féin a thabhairt faoi deara. Dhá mbeadh áird ar do ghnatha agad, is beag a d'fheicfeá deirimse leat. Ach is amhlaidh a bhíos sé: is mór a bhíos le feiceál ag an díomhaontas
 
Dheamhan roint punann ná dornán eatorra, agus mara bhfuil féin, ní beo iad gan a bheith ag sciolladóir[eacht] ar a chéile 'chuile ré soluis. Sílim gur faisean é a thugas daoine faoi deara dóibh féin. Bhainfeadh cuid de na daoine troid as na clocha
 
Is beag an ghéilleadh a bhí agamsa do Sh. Ó. Ch, th'éis gurb aige a bhí comhairle an duine doscudhach. Chuaidh sé go bog agus go cruadh orm ag iarraidh cur faoi deara dhom gan a dhul i bpáirt le m'uncail, nó dhá dteighinn go mbeadh aithmhéala orm. Agus m'anam go mb'fhíor dhó. Bhí na seacht n-aithne aige sin air. Nar chaith sé féin tamall i gcomhar leis, ach bhrath sé é féin in am]
 
dris
Tá tú in do dhris chantalach annsin ar leic an teallaigh ó mhaidin agus gan goir ag aon-duine eile an teine a thaobhachtáil agad. Is óg atá tú ag tabhairt droch-fhaisean faoi deara duit féin. Má leanann duit, caithfear an teach a fhágáil ar fad fút féin. Ní bheidh aon-ghoir ag aon duine eile seasamh leat. Diabhal goir muise
 
droch-
Ná tabhair droch-chomhlódar faoi deara dhuit fhéin mar sin
 
droim
Ar an mbaile seo a bhí sé taithighthe uiliog tamall, ach cuireadh druim díbeartha air as. D'ionnsuigh seala de na gearrbhodaigh oíche é. Dheamhan ceo dhá chuid millteanais a chonnaic mé, ach bhí le rádh in a dheidh sin go raibh sé ag tabhairt scaibhtéaracht faoi deara dhó féin insan aimsir deireadh
 
Má thugann tusa faoi deara anois é, feicfidh tú go bhfuil druiminn ins an talamh ann siar fré chéile. Deir sé gurb shin é an áit a raibh an sean-bhóithrín fadó. Chreidim nach bóithrín a bhí ann ach casán, agus go mbadh mhaith in a chasán féin é ins an am sin.
 
dubh 2
Dhá mbreathnuightheá grinn air, déarfá go bhfuil dubh na h-iongan de chlaon fhéachaint ann. Sé a bhfuil ann é, ach thiúrfá faoi deara in a dheidh sin é. Is mór a chuireas claonfhéachaint duine as a shlacht.
 
dubh 3
Ní bhíonn orra ach spoitín beag bídeach — dubh na fríde — idtús bliana. Ní mórán le go dtiúrfá faoi deara chor ar bith é. Ach cairíonn sé amach, agus dubhaíonn siad (fataí) i leabaidh a chéile, agus ní bhíonn siad inithte chor ar bith indeireadh bliana
 
Is minic a chonnaic mé duine a bheadh i bhfad in a throscadh dúlaidhe imbeatha an uair a gheobhfadh sé leigean uirre; ach maidir leis siúd chaithfeadh sé go raibh sé in a throscadh le mí. Leagadh pláta feola agus gabáiste in a mhiainis. Dar mo leabhar agus má bhí unsa ann, bhí punt go leith go réidh ann: fuair sé a mhug bainne reamhar, a bhulóg aráin mar deireadh N. Ph. agus "taypot" tae. An uair a d'altuigh sé an biadh ní raibh an oiread ar an mbord — ní dhá mhaoidheachtáil air é! — agus a shluigfeadh dreoilín. Cé'n bhrigh ach an rud adubhairt sé i dtosach: "is beag é m'fhoghail ar an mbeatha le goirid — is beag sin." Dar láthar Dé dubhairt. Is fear é a fuair anshógh le mí: sin nó tá an ghearradh ghionach faoi'n bputóig aige. Ní fhéadfadh a athrú a bheith air agus cho mór-thráthach agus atá. "Go méaduighidh Dia 'chuile shórt ar fheabhas agaibh" adeir sé. M'anamsa muis nar mhór dó méadú an aráin agus an éisc a dhéanamh sáthach minic, dá dtugadh mo dhuine faoi deara dhó fhéin tarraingt ag an teach againn. Mara ndéanadh is gearr nach mbeadh mórán ar fheabhas againn
 
Ní raibh maith ná maoin leis ag obair. Bhí muid thiar annsin thiar ar bhóthar Sh. Chuaidh mé faoi bharra leis. Luchtuigh siad an barra duinn beagán thar an gceart, má's leis-sean a fhéachaint é, nó nar thug siad faoi deara é agus iad dhá líonadh. Chuaidh mé féin in a ceann agus eisean ingabhal an bharra. Dheamhan a corruighe de'n talamh a dhéanfadh sé, dhá gcuireadh sé an dubhradán dubh a bhí ar a phutóig amach léithe. 'Ar ndú, b'fhéidir go mbadh bheag dá chuid rístidheacht' é ach an oiread le scéal
 
Níl rud ar bith ag dul ó Shéamas má thug sé an méid sin faoi deara
 
Teirigh roimhe in am: sin é a bhfuil le déanamh agad. Má theagann sé isteach aon-oíche agad agus lorg óil air, tabhair an tsráid amach aríst dó. 'Sé a dhéanamh leis é. Má thugann sé faoi deara dhó fhéin tosaighe ag ól, leagha na bhFiann ní choinneochadh uaidh é
+
Thiocfadh dó a dhul tharainn ingan fhios, ach má chuaidh níor thug muid faoi deara é
TUILLEADH (1) ▼
Bhí damhsaí ag dul faoi agus thairis ariamh agus aindeoin sin, sílim dheamhan coisméig (coiscéim) aige. Níor thug sé faoi deara dhó féin a dhul ag aon-damhsa ariamh. B'fhearr leis istigh ag saghdadh faoi shean-riadairí agus ag fáil spraoi orra