Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deara, (ndeara)
faoi deara, faoi ndeara — abairt réamhfhoclach
níl an chiall Mhuimhneach — mise fé ndear é (mise ba chiontach srl.) — i nGaillimh measaim
fuaim: i gciall a 1, deirtear faoi deara agus faoi ndeara. Bíonn an dá rud san áit chéanna, amantaí ag an duine céanna, ach is coitianta faoi dearafaoi ndeara mar sin. I gciall a 2, bíonn an dá rud freisin, ach measaim gur coitianta faoi ndeara sa gcás sin. I gciall a 3, faoi deara is mó a bhíos ann. I gciall a 4, faoi deara freisin is coitianta measaim, ach bíonn faoi ndeara minic go maith ann freisin
1.
 cronú, a fheiceáil, suntas a thabhairt do rud, a ghrinneadh, a bhrath, a thuiscint.
+
Níor thug mé faoi deara é go dtí sin (níor thug mé aon tsuntas dó, níor chuir mé aon chronaí ann. B'fhéidir go bhfaca mé é roimhe sin, ach ní raibh thairis ann)
Dar príosta bhí mise scaitheamh fada ag caint leis, ach níor thug mé na cnaipí faoi ndeara. Ach níl rath ná ríocht liom mar sin. Ní duine meabhrach mé
TUILLEADH (11) ▼
Tabhair faoi ndeara anois aríst é. Tá an colm ansin air — slán an tsamhail! — ar chasadh an ghéill. Mura mbreathnaíteá go maith air, ní fheicfeá é
Is fada mé ag dul thar an áit sin, agus dheamhan ar thug mé an oiread sin faoi deara ariamh ann agus a d'inis tusa dhom anois. Is mór is feictear don díomhaointeas ar ndóigh
Is beag an baol nach bhfuil sé tugtha faoi ndeara aige. D'fheicfeadh cuid de na daoine an fhríd
Thug sí faoi deara é ar chúla an chlaí. Ní chorródh an chuileoig i ngan fhios di siúd. Tá sí chomh meabhrach lena bhfaca tú go hiomaí
Bhí an torann le n-aireachtáil i gcónaí agam, ach níor thug mé tada faoi deara, bíodh aon cheo ann nó ná bíodh. Diabhal mé go mb'aisteach an rud é ar aon chor
Is beag marach ar aon duine nach dtabharfaidh an mhagarlach siúd faoi ndeara. Agus ar ndóigh mo léan mura bhfuil sí in ann a ngléas!
Níor thug mé an fear faoi deara beag ná mór go dtáinig mé amach ar an mbóthar (ní fhaca mé é). Sin é an uair a bhuail sé agam (chugam) anoir — agus tabhair spliota air!
'Sé an chéad uair ar thug sí faoi deara go raibh rud eicínt ag dul di an lá ar cuireadh SeanMh. Ar éigean a rinne sí an baile an lá sin le pian ghártha a tháinig ina taobh. Dhá dtéadh sí roimhe an uair sin féin, bhí aici, ach d'fhága sí mar [...] cion faillí, go dtí ráithe ina dhiaidh sin
Níl cúis ar bith io[...] tabhairt rudaí mar sin faoi ndeara. Bheadh an ealaín sin ar srúl (siúl) os comhair mo dhá shúl, agus ní bheadh a fhios agam faice
Cheal nár thug tú aon bhlas faoi deara aréir? An bhfaca tú í ag síneadh an leabhair chuige? Scríobh sí rud eicínt ar phísín de pháipéar roimhe sin, agus bhí an páipéirín sin sa leabhar. Chuirfinn a bhfuil istigh is amuigh agam gob (gurb) éard a bhí ar an bpáipéirín sin rá leis castáil léithe anocht in áit eicínt. Ní raibh aon deis eile aici é a rá leis os coinne na máthar. Is dall an mhaise dhuit é murar thug tú an méid sin faoi deara. Is maith a bhraith C. é. Nach bhfaca tú an fad a bhí sé a bhaint as a mhuineál ag iarraidh amharc a fháil isteach ar an leabhar
Ní thabharfaidh an t-athair aon ní dhár dhealbh an ghrian faoi deara má ghníonn tusa do ghnaithe go cuibhiúil. Ach tarrtháil orainn ó Mhac Dé, gheobhaidh tú dual na droinne má bhraitheann sé thú
+
Dá mbeadh aon tabhairt faoi deara ionat féin thuigfeá é chomh maith liomsa — dhá mbeifeá meabhrach; dhá mbeadh aon mheabhair ionat
Nach beag an tabhairt faoi deara atá ionat murar thug tú an méid sin faoi deara
TUILLEADH (3) ▼
Níl tabhairt faoi deara ar bith ionat. Nach raibh sé os comhair do dhá shúil. Shoraidh dhíot!
Sin é an buachaill a bhfuil an tabhairt faoi deara ann. Tá sé in ann chuile dhuine a chóiriú ar chaoi ar bith. Ach thiocfadh dhó. Tá dhá shúilín chomh friochanta aige!
Is beag an tabhairt faoi deara atá ionat mura bhfaca tú an meall atá faoina ghiall. Is furasta a aithne é
2.
 tabhairt ar, a chur chun cathachtála, a bheith ar … rud a dhéanamh gan bhuíochas, a éigniú.
+
Chuir sé faoi ndeara dhom éirí leis an scairtmhaidin agus a dhul amach ag bleán. Níor chuir sé faoi ndeara dhom an darna huair é mar níor fhan mise féin aige a chur chun cathachtála dhom
Mura gcuire tú faoi ndeara dhó rud a dhéanamh anois, agus fír na maitheasa a chur ann in am, déanfaidh sé leadaí
TUILLEADH (7) ▼
Chuir sí faoi ndeara dhom mo bhróga a ghlanadh ag an doras. Diabhal mé go sílfeá gur teach mór atá aici, tá sí chomh hairdeallach sin faoi
Mura ndéana sé dhá dheoin féin é muis, cuirfear faoi ndeara dhó a dhéanamh. Meas tú an bhfaighidh sé cead a chomhairle fhéin mar sin. Gheobhaidh muis
Cuirfidh mise faoi ndeara dhó go nglacfaidh sé stuaim leis féin, agus nach mbeidh sé ag rith air mar sin. Ar ndóigh níorbh fhiú do dhuine an chabhail sin a thabhairt abhaile
Siúd é a chuirfeas faoi ndeara dhi aird a thabhairt ar a gnaithe. Má bhí saol na bhfuíoll aici san am a caitheadh, dar brí an leabhair, caithfidh sí obair a dhéanamh feasta. Tabharfaidh an seanchonablach siúd ruaigeadh na Muice Báine amach di chuile mhaidin
Ná bac le rud ar bith a chur faoi ndeara dhó siúd. Nach bhfuil mo chroí dubh aige ag tuineadh leis, ach is aon mhaith amháin dom é. Tá an tsiléig go smior sa leiciméara sin
Tá coimhthíos aige le chuile dhuine. Mura bhfeiceadh sé ach S. Ph. atá i mbéal an dorais aige ag teacht faoin teairse (tairseach), ghreadfadh sé amach an doras dúnta nó siar sa seomra. Chuir an misinéara faoi deara dhó a dhul ag an aifreann cupla uair ach níor thaobhaigh sé é ó shin
Chuir sé faoi deara don fhear thiar éirí as an ól muis, rud a chinn ar chuile dhuine eile, pébrí cén bhriotais a bhí aige leis. Dar mo leabhar nach bhféadfá teach ósta a shamhailt leis anois. Bheadh sé chomh maith dhuit fuafíonaigh a thairiscint dó le pórtar. Ní thabharfadh sé bolg dó, a dheartháir
3.
 a chleachtadh, a thaithiú, bheith déanta ar, luí le.
+
Is gránna an faisean a thug sé faoi deara dó féin — a thaithigh sé, a chleacht sé, ar luigh sé leis, a ndearna sé nós nó béas de
Nach gránna an faisean a thug sí faoi deara di féin, a bheith ag cur banlámh dhá teanga amach faoi chuile dhuine. Tá a muintir náirithe aici. Is mór an úis í
TUILLEADH (9) ▼
Ná tabhair faoi deara duit féin a bheith ag fáscadh cóta mór ort féin chuile phointe mar sin. Is olc an faisean é. Ní bheidh acmhainn ar bith agat ar an bhfuacht ar an gcaoi sin. Beidh tú in do bhoglachán chríochnaithe
Má thugann sé faoi deara dhó féin a beith ag ól súmógaí mar sin, is gearr go dtosaí sé ag ól gloiniúchaí. 'Sí an bhlaismínteacht sin a ghníos druncaeraí de chuid mhaith de na daoine
Má thugann sí faoi ndeara dhi féin tosaí ag baiceáil chor ar bith, do cheann fine ní chuirfidh faoi ndeara di tarraingt choíchin. An bhfuil a fhios agat an-phlean ag capall a bhíos ag baiceáil. Cuir ionga tobac in do bhéal agus cangail go maith é, agus scaoil isteach smugairle an tobac ina cluais. Cuirfidh mise mo rogha geall leat gur beag an bhaiceáil a bheas uirthi ansin. Féach léithe é go bhfeice tú
Madadh ar bith a dtabharfar faoi deara dhó fanacht ag forcamhás ort agus thú ag ithe do dhinnéir, is madadh millte a bheas ann. Níl le déanamh le madadh, ach cur faoi ndeara dhó luí sa gclúid agus a smut ina chrúib, chomh uain is a bhíos duine ag ithe a bhéilí. Má thugann madadh faoi deara dhó féin é sin a dhéanamh uair amháin, beidh sé múinte go brách
Is gránna an chaint atá ort. Má thugann tú faoi deara dhuit féin a bheith ag rá cainteannaí gránna mar sin, greamóidh siad duit agus cinnfidh ort éirí astu amach anseo. Déanfaidh tú do leas, má ghníonn tú aithrist ar chlann T. Sh.!
Thug sibh cead don asal sin an rud sin a thabhairt faoi deara dhó féin, agus a ndúshlán anois feiceamuist, coinnígí as é. Ó fuair sé blas na háite sin, tá sé fánach a choinneáil as
Thug sé faoi deara dhó féin a bheith ag caitheamh feaigs thuas ar an scím (móna) anuraidh, agus tá sé ag réabadh dhá n-iarraidh ó shin. An lá nach mbeidh siad aige, bíonn súnás ag imeacht air. Ní bhíonn focal den chaint uaidh
Céard a thabharfadh an chlann faoi deara dhóibh féin ach an rud a chonaic siad an mháthair a dhéanamh. Níor thóg a máthair sin ceann as ól ariamh. Ba diachta don chlann iníon ansin mura mbeidís féin ag baint braon as de réir mar a gheobhaidís deis. Dheamhan ceilteamas ar bith acu air anois. Ólann siad os coinne chuile dhuine é
Ná tabhair faoi deara dhuit féin a bheith ag piocadh do smaoise mar sin, a mheantáin. Náireofá muid dhá n-éiríodh le duine ar bith a mbeadh aon chás againn faoi a bheith istigh. Ní minic leat an dea-fhaisean a thógáil — ní minic sin
4.
fainic, aire dhuit, lig le t'ais, seachain.
+
Tabhair faoi ndeara nach n-itheann anois — fainic nach n-itheann; sílim go n-itheann (take care that srl., Béarla na hÉireann: take care he doesn't drinkI think he drinks)
Níl sé ag ól adeir tú. Tabhair faoi deara nach bhfuil (tá sé ag ól dar liomsa)
TUILLEADH (7) ▼
Deir tú nach bhfuil sé ag caitheamh tobac. Tabhair faoi deara (fainic nach gcaitheann)
Measann tusa nach dtéann sé in éindí le cailín ar bith. Tabhair faoi deara! An cuimhneach leat an oíche a raibh muid ag an mbainis i S. Cé a bhí thiar sa tsáinn ag ceann bóithrín an T. an oíche sin … Sin é é. Is furasta dallamullóg a chur ortsa. Súm sám mar sin is measa a bheadh. D'íosfadh na muca ciúine féin triosc!
Síleann tusa gurb é S. a rinne é. Tabhair faoi deara ab é. Más é muise, ba diabhlaí an deifir a rinne sé, má tá i ndán is gur buaileadh an ceann eile ag an haon dhéag. Arae sé sin an fáth, bhí sé ag ól tigh Th. an oíche sin nó gur cuireadh amach muid ag leathuair théis an deich, i gcruthúnas duit nár mhór dhó bealadh a chur faoina ioscadaí le bheith i nD. L. ag an haon dhéag: fear nach raibh bicycle ná deis marcaíochta ar bith aige ach na boinn
Tabhair faoi deara go bhfuil rud eicínt air, ar ala na huaire (fainic nach bhfuil rud eicínt air; tá rud eicínt air). Dhéanfadh páiste an fhoghail atá déanta aige sa ngarraí le coicís. Ní théann sé amach ar aon chor, go n-ársaíonn an mhaidin amach, agus sin iontas d'fhear a bhí ina mhochóireach chomh maith leisean chuile lá ariamh
Níor iarr M. Ph. í. Tabhair faoi deara (nár iarr). Ní hin é adéarfaidís féin muis, ach gur chuir sé cheithre scéala ag an teach, agus go raibh siad féin sásta, ach nach bpósfadh sise é. Ba sean léithe é
Measann tusa go bhfuil an scrománach mór siúd ann amuigh ina mháistir scoile. Tabhair faoi deara. Cá raibh sé le cupla bliain. Dúirt siad féin gur thuas i mBaile Átha Cliath é, ach an gcreidfeá céard a chuala mise fear eolasach ag rá: go raibh sé ag obair in éineacht leis féin i bhfactory Ford i gCorcaigh, ag déanamh carrannaí. Breathnaigh ar an dá láimh atá air. Ní ag plé le peann a bhíos siad. Is beag an baol
Tabhair faoi ndeara an raibh aon duine clainne aige chor ar bith leis an gcéad bhean? 'Sé mo bharúilse nach raibh. Nach n-aithneofá an tsrón atá ar an mac is sine sin as srón chúbach Mh. Sh. Sróinín bheag gheancach a bhí ar athair an chéad bhean

deara in iontrálacha eile (35)

 
dáil
Bhí sé i ndáil le ar seachrán aríst muis, murach go dtug mise faoi deara ar an mbóthar é agus gur chuir mé an lúbán air sa gcró
 
dáimh
Tabhair faoi deara nach bhfuil dáimh eicínt acu le chéile más gaol nó cleamhnas é. Murach go bhfuil, ní iarrfadh sé ar an mbainis iad
 
dall 2
Ba dall an mhaise dom é ina dhiaidh sin nár thug mé faoi deara ariamh nach raibh sé ach ag séideadh fúm. Dheamhan é muis, nó gur tháinig falrach gáirí air
+
Dhá bhfeictheá an collar a bhí air agus chomh geal agus a bhí sé. Agus bhí deannóid de rud eicínt dubh mar a bheadh dúch ann, nó rud eicínt mar sin, abhus ansin air. Thabharfá faoi deara é míle ó láthair
TUILLEADH (1) ▼
Ba é an lá ba bhreácha é a scal as aer ariamh. Tháinig sé ina chalm orthu leath cuain. Shíl muid gur thosaigh deannóid bheag ansin, ach ní thabharfá faoi deara ar an seol í. An chéad rud eile a dheartháir mo chroí thú, chruthaigh an cuaifeach agus bhí an bád mar a bheadh caora a mbeadh an galra cam uirthi. 'Sé Dia féin a bhí buíoch dúinn an lá sin nár cuireadh go tóin poill muid. Tá mé taithithe ar an bhfarraige ó cuireadh banlámh de chóta orm, ach macasamhail na cuaifí sin ní fhaca mé ariamh agus nár lige Dia go bhfeicfinn go brách ach oiread. Níor fhan deannóid ann ar an toirt aríst ach shílfeá gur istigh i bhfuirnís a bhí muid, bhí sé chomh bruite sin. Tabhair do leabhar go dtug muide rith cladaigh di chomh tréan in Éirinn agus a bhí muid in ann
 
'Siad an mhuintir thiar déanta é. D'aithneofá an truisle cheana féin ann, ainneoin nach bhfuil sé thar naoi nó deich de bhlianta. Agus ar thug tú faoi deara chomh buí bealaithe agus atá sé
 
deas 1
Nach deas an béas a thug tú faoi deara dhuit féin: a dhul ag athléamh ar na daoine. Tá an diabhal ag cur chathaithe ort
+
Dhá ndeasaíodh sí go maith isteach faoina seál í, ní bhraithfeadh aon duine í, ach ar an gcaoi a raibh sí aici, níl aon duine sa tír nach dtabharfadh an toirt faoi deara
TUILLEADH (1) ▼
Deasaíodh sí isteach go maith faoina seál é, agus cén chall imní atá di faoi. Póilí ar bith a thabharfas faoi deara é, cá bhfios dó nach buidéal ola é
 
Ní déidín ar bith a bhí tite aige sin ach sine siain. Is mór atá eatarthu a mhic ó. Is furasta an tsine siain a leigheas, ach ní hé sin don déidín é. Drochéadáil ceart é sin. Bíonn an tseamair Mhuire ag an té a theagas uaidh. Buaileann sé caiple agus beithígh chomh maith leis an duine agus níl a fhios agam nach measa a bhíos sé orthu ná ar an duine. Tabhair faoi deara nach measa freisin
 
deis
Is gránna an deis atá ort dá mbeadh a fhios agat é: ag líochán do smaoise le do theanga. Cén áit ar thug tú an faisean sin faoi deara dhuit féin. Ní anseo é ar aon chor. Beidh duine ar bith ceart a thabharfas comhluadar don bhratainn sin thíos. Diabhal bréag nach mbeidh
 
dia 2
Nuair a thugas sí cuairt anseo, fanann sí ó Luan go Luan i gcónaí. Ar thug tú faoi deara é?
+
diaidh
Tabhair faoi deara é má fheiceann tú ag bocsáil aríst é. Cuirfidh mé geall leat nach dtéann sé an ionga féin ar a chúl ná ar a aghaidh, théis go mbíonn sé ag corraí. Ag dul i ndiaidh a leataoibhe i gcónaí a thugas sé an iarraidh don fhear eile, agus tá iarraidh mharfach aige freisin nuair a thogrós sé é
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeifeá ag siúl an bhóthair bonn ar aon léithe, diabhal easna di nach mbeadh ag sníomh ar chuma eicínt i ndiaidh a leataoibhe nó go gcuireadh sí isteach ar an móinín bán thú. Ní thugann sí féin faoi deara chor ar bith é. Ba deacair dhi agus an síor-rá a bhíos uirthi
 
Bhí caoirigh againn anseo trip(uair, babhta) ar an sliabh, agus tháinig siad uair eicínt anuas i mbarra garbha Sh. Mh. Nach diabhaltaí díbheirgeach anois a bhí sé agus gur bhuail sé seirín ar chuile cheann beo acu. Níor thug muid faoi deara iad ariamh go raibh na cosa i gcruth titim dhíobh. Céard adéarfá leis an mbithiúnach sin. 'Sé is mó mailís ar an mbaile sin. Fear a chuirfeadh seirín ar do chaora nach raibh sé chomh maith dhó a dhul agus a dícheannadh in éineacht. Ba é ba ghnaíúla dhó
 
díle 1
Is fadó ó chuaigh an Díle thar an Domhan. Chreidim gur i dtús an tsaoil é. Lá Fhéil San Swith a thosaigh sé. Tá an gheis sin ar an lá sin ó shin, má bhíonn sé fliuch an lá sin go mbeidh sé fliuch go ceann dá fhichead lá ina dhiaidh. Tabhair faoi deara bliain ar bith é. Cuirfidh mé geall leat go bhfuil an fhírinne agam. Ná creid thusa ó fhear ar bith nach mbeidh
 
Is díobhálach an chlaimhe istigh i mbaile ar bith iad. Tá lán púirín na hátha acu ann, agus ní dhéanann siad foras na suaimhneas ó mhaidin go faoithin ach ag reathach agus ag ruatharúch, agus ag déanamh millteanais. Is diabhlaí nach gcuirfeadh na póilíos faoi deara dhóibh siúd a dhul amach ag an scoil. Ní bhíonn siad ann lá sa gcéad
+
Tá díocas air le olc. Ar thug tú faoi deara ariamh an chaoi a mbíonn sé ag cangailt nuair nach dtaitníonn rud leis. Díocas oilc a bhíos air an uair sin
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an rud a thug giorrachan saoil dó. Níl aon lá dhár éirigh ar an bhfear sin nár chuir sé chuile fhéith ina chorp faoi dhíocas oibre, ba chuma sa mí-ádh céard a bheadh sé a dhéanamh. Mura mbeadh sé ach ag biorú scoilb, bhíodh an oiread sníomh agus útamáil aige agus dá mba ag iomramh báid mhóir a bheadh sé. Nuair a thugas duine faisean faoi deara dhó féin is deacair leis scaradh leis
An bhfeiceann tú an scramaire mór de mhac sin thiar ag P. Th. Sh.? An bhfaca tú ariamh ag damhsa é. Deamhan thiomanta cnáimh ina chorp nach mbíonn faoi dhíocas. Tabhair faoi deara anois aríst é thú féin. Chaith mé oíche ar fad ag breathnú air. Ní fhéadfainn mo shúil a thógáil dó
 
Nach maith a chaithfeá an méidín sin féin a thabhairt faoi deara. Dhá mbeadh aird ar do ghnaithe agat, is beag a d'fheicfeá deirimse leat. Ach is amhlaidh a bhíos sé: is mór a bhíos le feiceáil ag an díomhaointeas
 
Dheamhan roinnt punann ná dornán eatarthu, agus mura bhfuil féin, ní beo iad gan a bheith ag sciolladóireacht ar a chéile chuile ré solais. Sílim gur faisean é a thugas daoine faoi deara dóibh féin. Bhainfeadh cuid de na daoine troid as na clocha
 
Is beag an ghéilleadh a bhí agamsa do Sh. Ó. Ch, théis gurb aige a bhí comhairle an duine doscúch. Chuaigh sé go bog agus go crua orm ag iarraidh cur faoi deara dhom gan a dhul i bpáirt le m'uncail, nó dhá dtéinn go mbeadh aiféala orm. Agus m'anam go mb'fhíor dhó. Bhí na seacht n-aithne aige sin air. Nár chaith sé féin tamall i gcomhar leis ach bhraith sé é féin in am
 
dris
Tá tú in do dhris chantalach ansin ar leic an teallaigh ó mhaidin agus gan gair ag aon duine eile an tine a thaobhachtáil agat. Is óg atá tú ag tabhairt drochfhaisean faoi deara duit féin. Má leanann duit, caithfear an teach a fhágáil ar fad fút féin. Ní bheidh aon ghair ag aon duine eile seasamh leat. Diabhal gair muise
 
droch-
Ná tabhair droch-chomhluadar faoi deara dhuit fhéin mar sin
 
droim
Ar an mbaile seo a bhí sé taithithe uileag tamall, ach cuireadh droim díbeartha air as. D'ionsaigh seala de na gearrbhodaigh oíche é. Dheamhan ceo dhá chuid millteanais a chonaic mé, ach bhí le rá ina dhiaidh sin go raibh sé ag tabhairt scabhaitéireacht faoi deara dhó féin san aimsir deiridh
 
Má thugann tusa faoi deara anois é, feicfidh tú go bhfuil dromainn sa talamh ann siar fré chéile. Deir sé gurb in é an áit a raibh an seanbhóithrín fadó. Chreidim nach bóithrín a bhí ann ach cosán, agus go mba mhaith ina chosán féin é san am sin
 
dubh 2
Dhá mbreathnaíteá grinn air, déarfá go bhfuil dubh na hiongan de chlaonfhéachaint ann. 'Sé a bhfuil ann é, ach thabharfá faoi deara ina dhiaidh sin é. Is mór a chuireas claonfhéachaint duine as a shlacht
 
dubh 3
Ní bhíonn orthu ach spoitín beag bídeach — dubh na fríde — i dtús bliana. Ní mórán le go dtabharfá faoi deara chor ar bith é. Ach caithríonn sé amach agus dubhaíonn siad (fataí) i leaba a chéile, agus ní bhíonn siad inite chor ar bith i ndeireadh bliana
 
Is minic a chonaic mé duine a bheadh i bhfad ina throscadh dúlaí i mbeatha nuair a gheobhadh sé ligean uirthi; ach maidir leis siúd, chaithfeadh sé go raibh sé ina throscadh le mí. Leagadh pláta feola agus gabáiste ina mhínis. Dar mo leabhar agus má bhí unsa ann, bhí punt go leith go réidh ann: fuair sé a mhug bainne ramhar, a bhollóg aráin mar adeireadh N. Ph., agus taepot tae. Nuair a d'altaigh sé an bia, ní raibh an oiread ar an mbord — ní dhá mhaíochtáil air é! — agus a shlogfadh dreoilín. Cén bhrí ach an rud adúirt sé i dtosach: 'is beag é m'fhoghail ar an mbeatha le gairid — is beag sin.' Dar láthar Dé dúirt. Is fear é a fuair anó le mí: sin nó tá an ghearradh ghionach faoin bputóig aige. Ní fhéadfadh a athrú a bheith air agus chomh mórthráthach agus atá. 'Go méadaí Dia chuile shórt ar fheabhas agaibh,' adeir sé. M'anamsa muis nár mhór dó méadú an aráin agus an éisc a dhéanamh sách minic, dá dtugadh mo dhuine faoi deara dhó fhéin tarraingt ag an teach againn. Mura ndéanadh, is gearr nach mbeadh mórán ar fheabhas againn
 
Ní raibh maith ná maoin leis ag obair. Bhí muid thiar ansin thiar ar bhóthar Sh. Chuaigh mé faoi bhara leis. Luchtaigh siad an barra dúinn beagán thar an gceart, más leisean a fhéachaint é, nó nár thug siad faoi deara é agus iad dhá líonadh. Chuaigh mé féin ina ceann agus eisean i ngabhal an bhara. Dheamhan a corraí den talamh a dhéanfadh sé, dhá gcuireadh sé an dúradán dubh a bhí ar a phutóig amach léithe. Ar ndóigh, b'fhéidir go mba bheag dá chuid rístíochta é ach an oiread le scéal
 
Níl rud ar bith ag dul ó Shéamas má thug sé an méid sin faoi deara
 
Téirigh roimhe in am: sin é a bhfuil le déanamh agat. Má theagann sé isteach aon oíche agat agus lorg óil air, tabhair an tsráid amach aríst dó. 'Sé a dhéanamh leis é. Má thugann sé faoi deara dhó fhéin tosaí ag ól, leagha na bhFiann ní choinneodh uaidh é
+
Thiocfadh dó a dhul tharainn i ngan fhios, ach má chuaigh níor thug muid faoi deara é
TUILLEADH (1) ▼
Bhí damhsaí ag dul faoi is thairis ariamh, agus ainneoin sin, sílim dheamhan coisméig aige. Níor thug sé faoi deara dhó féin a dhul ag aon damhsa ariamh. B'fhearr leis istigh ag saighdeadh faoi sheanriadairí agus ag fáil spraoi orthu