Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deireadh
/d′er′ə/; /d′er′əw//d′er′ū/ go minic má theagann guth in a dhiaidh .i. lá deireadh an domhain
aidiacht.
codarsna tosaigh
an ceann atá ar deireadh, ar cúl nó thiar amuigh; an ceann a bhíos ar dheireadh na sratha.
·
Is é an fear deireadh é (an cheathramhadh dheireadh, an uair deireadh, an buidéal deireadh, an béilí deireadh, na cosa deireadh, an dé deireadh, na preaba deireadh (deireannacha), an teile dheireadh, an bhilleog deireadh, an stuca deireadh, an lá deireadh, an blogam deireadh, an oíche dheireadh, an bealach deireadh agus rl.)
+
Ba mise an fear deireadh ag teacht abhaile
'Sé an mac deireadh é atá aice
TUILLEADH (4) ▼
'Sé an fear deireadh é a n-iarrfainn tada air = d'iarrfainn ar 'chuile fhear eile é 'un tosaigh air
'Sé an fear deireadh é le dhul aige ag iarraidh cáirde air
An tusa an fear deireadh ar an liosta?
Ritheadh muid rása agus múchadh agus báthadh ar an bhfear deireadh!
+
"Íocfaidh an fear thoir an fear thiar agus íocfaidh Dia an fear deireadh" = ní bheadh duine ar bith íoctha 'san deireadh. Bheadh gach duine dhá chur ó dhuine go duine. 'Sé an "Kathleen Mavourneen system" é
Cé a íocfas J. nuair a bhéas an dream eile ar fad imighthe as an teach? Cuirfidh P. go dtí M. é, agus cuirfidh M. go dtí mac Ph. Th. é, ach 'sé'n scéal é faoi dheireadh thiar: íocfaidh an fear thoir an fear thiar agus íocfaidh Dia an fear deireadh
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon-mhaith 'san ngealladh sin domsa! 'Sé'n chaoi a bhfuil sé sin, mar adeir an ceánn eile: íocfaidh an fear thoir an fear thiar agus íocfaidh Dia an fear deireadh. Ach déarfaidís freisin go bhfuil Dia go maith faoi thrócaire ach nach bhfaightear bróga gan airgead. Íocaidheacht atá mise a iarraidh
Thosuigh siad de mo chur ó dhuine go duine, leis an aisiléaracht sin, agus dubhairt M. faoi dheireadh, go gcaithfinn fanacht go dteagadh S. abhaile agus go dtiubhradh sé sin dom é. Chonnaic mé féin gurb é an chaoi a raibh sé go n-íocfadh an fear thoir an fear thiar agus go n-íocfadh Dia an fear deireadh. Shuidh mé féin síos. "Seo ní fhágfaidh mé" arsa mise "dhá gcaithinn bliain ann, nó go bhfaghaidh mé é"
Nach deas a shíl siad imirteas ort: gan ceachtar aca ag tabhairt saoradh ná séanadh dhuit faoi. Sin é a fearacht é ag: íocfaidh an fear thoir an fear thiar agus íocfaidh Dia an fear deireadh
+
Sin é an buidéal deireadh (deireannach freisin)
Thug mé an gráinne deireadh de'n tsóidí do mhac an Ch. ar ball. Dheamhan gráinne eile 'san teach
TUILLEADH (18) ▼
Seo é an stuca deireadh. Tá sé tárluighthe ar fad anois
Mara mbeadh ann ach an blogam, thiubharfadh sé an blogam deireadh dhuit
Thiubharfadh sé an greim deireadh in a theach dhuit dhá mbeadh aon-rud aige ort
Tá sé in a shuidhe ar an teile dheireadh (fc. teile)
Seo é an lá deireadh a mbeidh mise ar an gceird seo ar chaoi ar bith
Sin é an bealach deireadh le dhul ann muis = is droch-bhealach é má bhí bealaighe eile ag dul ann
Tá sé ar an dé deireadh (fc. )
Tá sé ar na preaba deireadh (ar na preaba deireannacha (fc. preaba))
Tá an rotha deireadh bog (carr, rothar agus rl.)
Caithfidh tú gaoth a chur 'san roth deireadh. Tá sé 'na leathnóig
Tá an seol deireadh leagtha aice (bád)
Tá leath-luighe deireadh briste ar an gcarr
Tá an t-acastóir deireadh cliste in mo "bhicycle"
Tá cois deireadh na cathaoireach briste
An bhfaca ceachtar agaibh billeoig dheireadh an pháipéir.
Tá sé luath aige a bheith in a shneachta aríst, agus gan an sneachta deireadh leáighte fós
Hébrí céard a rinne sioc ar bith muis, 'sé an sioc deireadh a rinne an chreach. Níl fata 'san tír nachar scál sé
Sin é an áit dheireadh a chruthuigh Dia = droch-áit
+
Tá an cheathramhadh dheireadh (dheireannach) de'n ghealaigh ann anois
Tá an ghealach ar an gceathramhadh dheireadh
TUILLEADH (3) ▼
Rachamuid ann ar an gceathramhadh dheireadh de'n ghealaigh
Tá sí (an ghealach) ag dul amach 'san gceathramhadh dheireadh anois
Tá tú 'san gceathramhadh dheireadh di anois
+
Tá na cosa deireadh buailte suas aice
Tá rud eicínt uirre igceann de na cosa deireadh
TUILLEADH (4) ▼
Dhá bhfeictheá í ag eirghe ar a cosa deireadh
Thóg sí táirnge i mbradán na coise deireadh
Shílfeá nach bhfuil aon-tapa mhór innte as na cosa deireadh ar chaoi ar bith
Thosuigh sé ag cur a chosa deireadh uaidh = thosuigh sé ag cur a chosa uaidh (fc. cosa)
+
'Sé indiu lá deireadh an tsamhraidh (lá deireadh an Charghais, na bliana, na míosa agus rl.)
Eireochaidh 'chuile dhuine ar an lá deireadh = lá an bhreitheamhnais
TUILLEADH (6) ▼
Beidh scéal aige air ar an lá deireadh
Dhá mbadh é lá deireadh (/d′er′ū/; /d′er′əw/) an domhain é, ní fhágfaidh mé seo go gcríochnuighidh mé é
Shílfeá go mbadh é lá deireadh an tsaoghail aige é an chaoi a raibh sé ag guidhe. Agus níor tháinic táirm ar bith air, nó go bhfaca sé mise ag tiacht
Ar lá deireadh an domhain, beidh do chuid peacaí ar chlár t'éadan, agus cead ag a rogha duine a léigheamh
Phós sé ar lá deireadh na h-Inide! Beannacht Dé dhuit! Dhá mbadh é lá deireadh an domhain é, ba ghearr ar siúd pósadh!
Sé indiu lá deireadh an airgead acraí: an lá cáirde. Dheamhan ar íoc muide fós é muis ná cuid d'íoc
+
Ba mhinic na caiple deireadh ag dul 'un tosaigh = is minic go scothann rud nach mbíonn deagh-chosamhlacht ar bith air, an rud ar foghnamh; is minic an té a bhíos ar bheagán bráigill go sceinneann sé amach thar lucht mór-mhaoine
Ná bac leis sin. Caithfidh 'chuile dhuine tosach a dhéanamh 'san saoghal. Ar chuala tú ariamh é: is minic na caiple deireadh ag dul 'un tosaigh
TUILLEADH (4) ▼
Shíl mé dheamhan lá ratha a bheadh ar an ngamhainín sin go deo, agus nach maith a sceinn sé amach in a dheidh sin. Deir siad gur minic na caiple deireadh ag dul 'un tosaigh
Chonnaic tú féin annsin thuas é: M. P. nuair a phós sé isteach 'san teach sin. Ní raibh bonn bán ar an áit. Bhí gubh ag 'chuile dhuine dár bhain leis air: ag ceapadh go mb'fhurasta dhó pósadh ní b'fhearr a dhéanamh. Breathnuigh air indiu: an bhfuil aon-fhear istigh ar an gceathramhadh is deiseamhla ná é. Is deacair deirimse leat, tada a rádh. Ba mhinic na caiple deireadh ag dul 'un tosaigh
Tá muid ar an gcúig. Dhá dheich agus a cúig é chreidim. Bíodh meisneach agad annsin thall. Deir siad gur minic na caiple deireadh ag dul 'un tosaigh
Tá tú ar an gcaol-chuid, ach ná cuireadh sin aon-droch-mheisneach ort. Is minic na caiple deireadh ag dul 'un tosaigh

Deireadh in iontrálacha eile (50+)

 
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirre san deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaidh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán-oíche thall agus fás fuinnseóige aige, agus thosaigh sé ag gleáradh an dorais leis …
 
Níl garraí ag gabhail leis nach ag baint fearasbár donacht dhá chéile atá. Diabhal mé go bhfuil roinn thalúna annsin thiar aige, agus nach mbeadh sé ionrásta agad a siúl, tá sí cho hachrannach sin. Is beag nachar bascadh mé an lá faoi dheireadh inte, agus mé ag briseadh treasna go dtí an bóithrín thiar.
 
Chonnaic mé ag dul Gaillimh í an lá faoi dheireadh agus feánach bainne aice i gcarr asail = ancord nó coire
+
M'anam nach hé fearacht cheana é, má bheirimse ort ann aríst, nach ngabhfaidh sé cho saor leat agus a chuaigh sé an uair dheireadh = leig mé uaim réidh go leór thú an uair cheana, ach ní hamhlaidh a bhéas sé aríst
TUILLEADH (2) ▼
Dar sliabh ní hé fearacht an lá faoi dheireadh é, má thosaíonn tú ormsa aríst, go mbeidh scéal agad air. Ara nach thú an nathaíodóir againn! Ag ceapadh go n-éistfeadh duine ar bith leat!
Chuala mé go raibh sé leis an gcailín aimsire a dhíbirt ach a bhfádh na gasúir scoile scíth. A fhearacht siúd, ba bheag a theastaigh sí uaidh ó thús deireadh go tosaigh, marach a chuid ealaoine. Nach raibh a ndóthain aca fhéin ann, má bhí fonn oibre orra
 
fear
Fearfaidh mise do chumaoin ort fós. Ná bíodh faitíos ort. Ní hé deireadh an tsaoil é a dhuine chroí! = cúiteóidh mé do chumaoin leat; ní hé amháin go gcúiteóidh mé do chumaoin leat, ach cuirfidh mé in a cheann, agus is fhearrde thú é uaidh sin amach
 
Beidh sé ag fearúint mur seo go dteighe an ghealach amach. Ba chóir go mbeadh sí indáil le caití. Tá sí ar an gceathrú dheireadh, dar liom féin.
 
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uiliog air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh ruadh a thaithíos sé, pérbith cén sórt feithideach é
 
fios
Seól leat. Roinn amach orra é. Beidh mise luath go leór. Níl a fhios cés fhearr a thús ná a dheireadh
 
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
 
focal
Deir tú leis an lá faoi dheireadh a thosuigh ag tabhairt cor na bhfocal don mháistir. Nach mór an éisteacht a bhí ag an máistir leis, nar thosuigh dhá ghriosáil. Dheamhan griosáil muis. Sén chaoi ar thosuigh sé ag gáirí
 
B'fhada a rith an scaibhtéaracht leis, ach d'fhoillsigh Dia É féin air san deireadh. Sé Dia an fear is fhearr in a dheidh sin
 
Bhí sé cho maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslugaide annsin amuigh, ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siúáin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin annsin go raibh sé in am a bheith ag glionndáil as
 
Ní iarrfadh sé go deó ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leór, ach caitheann sé a shaol ag cipiléaracht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leó. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shoin, agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann, agus nach raibh an oiread áite fágha aige ann san deireadh agus go suíofadh sé síos! B'éigin dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais!
 
Is beag é do mheas ar an bhfrídeóir, ach deirimse leat gurb shin é an gnaithíoch. Marach é sin is fadó ariamh an lá a bheidís de dhruim tí. Maidir le bheith i gcleithiúnas an mhac is sine! Bheidís ar deireadh muis! Dheamhan déantús maitheasa ar bith annsin!
+
Rud ar bith atá ar a fhágáil sin beidh sé ar deireadh = rud ar bith a fhágtar faoi, beidh sé gan déanamh, nó déanfaidh sé siléig ann, nó ní chuirfidh sé aon-bharainn déanta air etc.
TUILLEADH (6) ▼
Más ar t'fhágáil-sa a bhéas sé, tá faitíos orm go mbeidh sé ar deireadh
Tá mo dhíol agamsa. Seachain a bhfágfá thú fhéin ar deireadh
Mo choinsias ní fhágfaidh sé siúd é fhéin ar deireadh hébrí cé eile a bhéas siar leis
An Té a chruthaigh Neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín san gcúilteach é an lá sin. Thar éis an Aifrinn thug siad amach é, nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lár na mháireach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: "an Té a chruthaigh Neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh." Ba shin é an fear agad le fágáil i gcionn poitín!
D'fhága tú mise ar deireadh = níor thug tú mo chion nó mo dhóthain dom
 
Más leat airgead a dhéanamh, breá nach suas ar na portaigh a theigheas tú, agus neart móna a bhaint. Is samhaoiní dhuit í ná na faochain agus ná an carraigín sin. Agus is lú anró í as deireadh na cúise. Sé an chaoi a bhfuil sé agadsa: ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur
 
fág
Fágfaidh an ragairne réidh thú as a dheireadh = giorróidh sí leat; tiúrfaidh sí bás duit
 
Bhíodh sé ag glaomaireacht agus ag gearradh fáinní soir annseo ag iarraidh achrainn, ach fuair sé lán a chruite dhó (dhe) faoi dheireadh
 
D'imigh an uachta go fánach san deireadh = go dona
 
féar
Ara ná géill do J. Tá sé sin cho bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Nachar dhúirt sé liom fhéin an lá faoi dheireadh gurb é an áit a bhfuil an mac ag obair anois ag déanamh céibheannaí inDúiche Sheóigeach. Diabhal mé gur chreid mé é, agus go ndeacha mé dhá innseacht san mbaile aríst. Rinne siad ballséire dhíom. Céibheannaí inDúiche Sheoigeach!
 
Dheamhan's móide leithpighinn ruadh ag a' bhfear, ach go bhfuil sé an-fheistighthe, a's nach shin é 'mbíonn cailíní óga a iarraidh. 'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht', mar deireadh M. Bh. fadó.
 
Deireadh M. Ph. fadó nach raibh rud a' bith chomh 'siúráilte' le cothromacan síne na h-Uaire, ach dhá mbeadh sé básuighthe faoi chéad, deirimse go dtug sé 'éitheach. B'fhurasta ar tháinic de laetheantaí ar foghnamh imbliadhna a chomhaireamh — b'fhurasta sin.
 
bannaí 1
'Má theigheann tú imbannaidhe déan díol'. Is minic adeireadh P. Mh. Mh. 'ndéana Dia grásta air é, a's má deireadh fhéin, bhí ughdar aige. D'imir S. Ch. ar fhéin, faoi airgead a ndeacha sé imbannaí air, sa mbeainnc, babhta.
 
Shílfeá go bhfuil fátall beag aige faoi dheireadh. B'fhéidir go nglanfadh an lá anois = aithdeal
 
Bhí sé ag sciobadh feamainn dearg le trí mhaidin = a dhul san gcladach de shiúl oíche nó deireadh oíche agus an snáth a scoilteadh idtosach ar aonduine eile. Bheadh sé agad uilig annsin duit féin, agus ní fhéadfadh aonduine a dhul in a bharr ort. Ach roinntear an fheamainn dearg in áiteachaí fós. Ceaptar a chion féin do gach duine de réir fairsinge a chuid talúna, agus caitear crainnte annsin uirre.
 
fearg
Sílim go bhfuil sé i bhfearg liom nuair nach ndeachaidh mé a chúnamh dhó an lá faoi dheireadh
 
Ba é féithiú an tsionnaigh ar mhagarlaigh an tairbh aige é. Tá mé ceapadh gur sách bréan dó féin a d'imigh sé faoi dheireadh thiar. Chonnaic sé nach raibh aon-mhaith dhó ann
 
fiacha
"Tóig a bhféadfaidh tú; íoc a bhféadfaidh tú: gheobhaidh tú féin nó fear na bhfiacha bás faoi dheireadh" = tóig a bhféadfaidh tú ar cáirde; gheobhaidh tú fhéin nó an fear a bhfuil an t-airgead ag dul dó bás san deireadh, agus beidh na fiacha maite annsin.
 
Bóthar fiannach é sin. Tá sé i léig anois, ach deireadh na seandaoine i gcomhnaí gurbh é an chéad bhóthar a bhí annseo é. Is gearr an bóthar seo déanta chor ar bith
 
fiann
Tá sé ar dheireadh na Féinne (fc. deireadh)
+
Fionn 1
Le sioc tús oíche a dhíol Fionn na Bróga agus le sioc deireadh oíche a cheannuigh sé aríst iad. Sin é a fhearacht ag an oíche anocht é. Tiocfaidh sé in a bháistigh. Bhí glaisriú seaca caite aige anocht shul a ndeachaidh an ghrian faoi. Tá sé ar a táirm fós, ach m'anam gur ag sioc as smúit atá sé anois. Smúit bháistí í sin. Níl oiread agus an réalt ar an aer.
TUILLEADH (1) ▼
I ndeireadh na bliana a rugadh tú. Dar fia níl aon-ghreim aráin san teach ach an méid sin, agus is dona liom a dhul dhá leagan in do mhiainis. An masla ba mhó a fuair Fionn ariamh, rud a bheith in a bhéal agus gan é a bheith in a láimh
 
fleasc
Fleasc a rinne an bhró sin de mo mhéir. "Sleagh" raithní a chuaigh fúithe an lá faoi dheireadh nuair a bhí mé ag déanamh na cruaiche annsin thoir. Nuair a bhíos an raithneach sin críon is géire í ná snáthaid
 
Ab shiúd é an fuireann céanna a bhí air an lá faoi dheireadh nó an fuireann eile é? 'Ar ndú' is beag a aireós sé sin fuireann a fháil uair ar bith a dtogróidh sé
 
fonn
Ní dhéanfaidh mé le fonn ná le mí-fhonn é. Déan é más breá leat. An uair deireadh a ndeárna mé é, tá a fhios agam cén buíochas a bhí orm
+
Is fhearr a bheith ar thaobh an fhascadh ná ar aghaidh na doininne ar chaoi ar bith. Déanadh duine cho díreach agus is féidir leis, agus ní baol dó an lá deireadh = fear a bhí ag caint ar na Críocha Déannacha; bíodh anam duine glan
TUILLEADH (1) ▼
Bí ar thaobh an fhascadh de na póilíos ar chuma ar bith. Níl gnatha ar bith agad iad sin a tharraint ort. Acasan a bhéas an iarraidh dheireadh
 
fás 2
Fás! M'anam go bhfuil deireadh a chuid fáis déanta. In a aircín mar sin a bhéas sé choíchin.
 
Deir siad gur fearr an fhairsinge ná ar fónamh. Is fhearr leo sin i gcomhnaí go leor den droch-rud ná beagán den rud mhaith. Ghabhfadh an beagán a mbeadh maith ann cho fada leis an droch-rud faoi dheireadh.
 
iúr
Nuair a thiocfas an t-iubhar roimh an eadartha(?), deireadh na sean-daoine gur ghearr uainn cogadh = nuair a thiocfas Domhnach an Iubhair roimh lá fhéile Pádraig, ba tuar cogaidh é (eadartha — ádartha?)
 
Má tá faltanas aige dhuit ídeóidh sé ort é. Sin é an sórt duine é. Dhá mbeadh sé fiche bliain indiaidh a shásamh, beidh sé ar siúl go bhfagha sé san deireadh é
 
Bhí an pota gliomach i bhfastós i bhfarcán slat mhara agus níorbh fhéidir a thabhairt aníos. Thug muid linn é faoi dheireadh agus faoi dheoidh, ach ba le strachailleacht é.