Dolaidheacht
—ainm-bhriathar, ainm-fhocal buineann.
—In a ainm-bhriathar amháin. Ní abruighthear "dolaim" agus rl. Focal an-choitianta é is gach uile áit
—
dolaí éisc a thógáil le líon nó eangaigh; iasc a thógáil le líon in inbhear abhann nó áit de'n tsórt sin. Tugtar go h-áirid é ar na bradáin a tóigtear uair ins an ló nó dhá cheann de ló in imeacht séasúir. (fc. Dol).
+–
Tá siad ag dolaidheacht thíos annseo le cupla lá. Thóg siad dola mór trathnóna indé. Má mhaireann dóib is gearr go mbeidh na chúig chéad bradán tóigthe aca. Sin é a bhfuil siad in ainm agus a thógáil de réir an mhargaidh, ach 'ar ndú' mo chreach, is beag áird a bhéas ar an margadh sin
Bíonn siad ag dolaidheacht in inbhear na h-abhann 'chuile bhliain … Deir tusa gur beag atá de bharr na dolaidheacht' ag na maora, ach marach go bhfuil meastú an bhfanfaidís ann. Nach bhfaghann siad na liatháin agus corr-bhradán amach i ndeireadh an tséasúir, idteannta hébrí cé'n pháighe atá dhóib
TUILLEADH (2) ▼
Chuaidh siad siar oíche ag dolaidheacht ar abhainn Ch. Bhí eangach an-mhór go deo aca. Níl a fhios cé'n dol a thug siad leo an oíche sin. Deir siad nach taobh le chúig nó sé de chéadta a bhí siad … 'Ar ndú' dhá mbeirtí orra gheobhaidís fruisín, ach níor rugthas. Mo ghrádh iad. Bheadh ciall in a leithidí seach agus an dream atá thart annseo nach leigfeadh an faitíos dóib breathnú síos thar shlat an droichid aimsir síolruighthe
Bhuail muid amach ag dolaidheacht le líon scríbe. Bhí an-áirdeall ag na maora ar an abhainn an t-am céadna ach dhá fheabhas dhá raibh siad ar a maidí, thug muid as cionn leathchéad uatha. Níor dhroch-dhol ar bith é aon-uair an chluig amháin
+–
Dá seaduigheadh sé an chochallóireacht, bheadh rud dá barr aige, agus ní istigh ar thóin an phríosúin a bheadh sé indiu. Ach bhí an iomarca saint' ins an airgead aige agus chuaidh sé ar dholaidheacht agus sin é a d'fhága a chosa nighte. Is beag is ionann an faire atá ar na srutháin agus an faire atá ar an abhainn. Ní chorróchadh an t-éan — ní áirighim fear agus líon aige — ar an abhainn, nach mbíonn sé braithte ag na maora, nó mara mbíonn is furasta dóib scéala a fháil air
Is olc an ceart é go bhféadfaidh fear airgid a theacht agus an abhainn sin a thógáil le h-aghaidh 'dolaidheacht' agus gan comhaireamh na sop le fáil ag an dream atá tórainneach léithe. Ach tuilleadh diabhail againn! Nuair a roinneadh an talamh ní raibh mac an aoin bheo ar an dúithche nachar shaighneáil an abhainn don bhoc mhór seo thiar. Sin é a d'fhága aiste ó shoin iad. Ach cé'n mhaith ag caint! Cé'n fios a bhí ag na daoine!
TUILLEADH (2) ▼
Tá an tír bánuighthe ag an dolaidheacht sin. Nach bhfuil bradáin na h-Éireann uiliog ag dul anonn go Sasana dhá barr?
Tá an-dolaidheacht éisc annseo thíos i mbliana