Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dolaíocht
ainm briathartha, ainmfhocal baineann
ina ainm briathartha amháin. Ní abraítear dolaim srl. Focal an-choitianta é i ngach uile áit
dolaí éisc a thógáil le líon nó eangaigh; iasc a thógáil le líon in inbhear abhann nó áit den tsórt sin. Tugtar go háirid é ar na bradáin a tógtar uair sa ló, nó dhá cheann de ló, in imeacht séasúir. (fc. dol)
+
Tá siad ag dolaíocht thíos anseo le cupla lá. Thóg siad dola mór tráthnóna inné. Má mhaireann dóibh, is gearr go mbeidh na chúig chéad bradán tógtha acu. Sin é a bhfuil siad in ainm is a thógáil de réir an mhargaidh, ach ar ndóigh mo chreach, is beag aird a bheas ar an margadh sin
Bíonn siad ag dolaíocht in inbhear na habhann chuile bhliain … Deir tusa gur beag atá de bharr na dolaíochta ag na maortha, ach murach go bhfuil, meas tú an bhfanfaidís ann. Nach bhfaigheann siad na liatháin agus corrbhradán amach i ndeireadh an tséasúir, i dteannta hé brí cén pháí atá dhóibh
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh siad siar oíche ag dolaíocht ar abhainn Ch. Bhí eangach an-mhór go deo acu. Níl a fhios cén dol a thug siad leo an oíche sin. Deir siad nach taobh le chúig nó sé de chéadta a bhí siad … Ar ndóigh dhá mbeirtí orthu gheobhaidís fruisín, ach níor rugthas. Mo ghrá iad. Bheadh ciall ina leithidí seachas an dream atá thart anseo nach ligfeadh an faitíos dóibh breathnú síos thar shlat an droichid aimsir síolraithe
Bhuail muid amach ag dolaíocht le líon scríbe. Bhí an-airdeall ag na maortha ar an abhainn an t-am céanna, ach dhá fheabhas dhá raibh siad ar a maidí, thug muid os cionn leathchéad uathu. Níor dhrochdhol ar bith é aon uair an chloig amháin
+
Dá seadaíodh sé an chochallóireacht, bheadh rud dá barr aige, agus ní istigh ar thóin an phríosúin a bheadh sé inniu. Ach bhí an iomarca sainte san airgead aige agus chuaigh sé ar dholaíocht agus sin é a d'fhága a chosa nite. Is beag is ionann an faire atá ar na srutháin agus an faire atá ar an abhainn. Ní chorródh an t-éan — ní áirím fear agus líon aige — ar an abhainn, nach mbíonn sé braite ag na maortha, nó mura mbíonn, is furasta dóibh scéala a fháil air
Is olc an ceart é go bhféadfaidh fear airgid a theacht agus an abhainn sin a thógáil le haghaidh 'dolaíocht' agus gan comhaireamh na sop le fáil ag an dream atá tórainneach léithe. Ach tuilleadh diabhail againn! Nuair a roinneadh an talamh ní raibh mac an aoin bheo ar an dúiche nár shaighneáil an abhainn don bhoc mhór seo thiar. Sin é a d'fhága aisti ó shin iad. Ach cén mhaith ag caint! Cén fios a bhí ag na daoine!
TUILLEADH (2) ▼
Tá an tír bánaithe ag an dolaíocht sin. Nach bhfuil bradáin na hÉireann uileag ag dul anonn go Sasana dhá barr?
Tá an-dolaíocht éisc anseo thíos i mbliana

dolaíocht in iontrálacha eile (3)

 
Is gearr uait deireadh na dolaíochta anois
 
Uaidh seo amach anois, ó thiocfas séasúr na dolaíochta, feicfidh tú corrdhrithlín phórtair lena bhéal. Caithfidh sé corrbhradán astu
 
Tugann lucht na dolaíochta na liatháin do na maortha, ach ní thabharfaidís na dubhliatháin dóibh. Bíonn an iomarca solamair orthu sin acu féin, agus tá mé ag ceapadh go bhfaighidís díol maith orthu ach a gcur go G.