Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Draoibeáil
Briathar as draoib
a shalú le draoib; puiteach, clabar, greallach nó lathach a chur in aer; an lathach a chur suas le (do chuid) siubhal nó le gluaiseacht; do chuid éadaigh a mhilleadh le rud an bhóthair.
+
Dhraoibeáil sé é féin uiliog, ach is minic leis, an basachán bradach
Tá a cuid stoicíní draoibeáilte aice. Go deimhin ní coisbhirt iad na stoicíní sin l'aghaidh lathachaí na h-áite seo
TUILLEADH (9) ▼
Tháinic an madadh isteach aige agus é draoibeáilte de bharr na h-abhann. Bhrath sé ar an bpuinte cé'n "rantáil" a bhí air.
Shílfeá gur thuit tú in áit eicínt. Tá tú draoibeáilte ar fad
Fan isteach as bealach an mhótair sin nó draoibeálfaidh sé go dtí an dá chluais thú
Tá mo bhríste draoibeáilte go bléin, in áit nach bhfuil "aon-mhudguard" agam ar an "mbicycle"
Níl rud ar bith dhá dtiocfaidh in a ghoire nach ndraoibeálfaidh sé. Is geall le sean-ghiorrán Achréidh é ag cur phuitighe in aer
An ndraoibeálann tú thú féin mar sin 'chuile uair dhá dteigheann tú amach? Is cosamhail go ndraoibeálann mar feicim mar sin thú go h-acht agus go h-áirid. Breagh nach mbeadh stuaim eicínt ionnad ag siubhal, agus gan thú a bheith ins an riocht sin i gcomhnaí
Rinne sé a raibh de mhná amach roimhe a dhraoibeáil le lathach. 'Chuile áit a dtiocfadh sé ar lochán maith lathaighe chuirfeadh sé barr na bróige faoi, agus chuirfeadh sé amach orra, é dhá shean-urchar. Bhí cuid aca le cuthach faoi
Tá mé draoibeáilte uiliog. Leagadh a dhó nó trí de chuarta mé ag teacht thríd an gcurrach sin thoir. Tá an oíche an-dorcha
Draoibeáladh uiliog mé agus mé ag iarraidh a dhul aníos ann ar mo bholg. Níl aon-tsnáth éadaigh ar mo chraiceann nach bhfuil bog báithte

Féach freisin