draoibeáil
—briathar as draoib
—
a shalú le draoib; puiteach, clábar, greallach nó lathach a chur in aer; an lathach a chur suas le (do chuid) siúl nó le gluaiseacht; do chuid éadaigh a mhilleadh le rud an bhóthair.
+–
Dhraoibeáil sé é féin uileag, ach is minic leis, an bosachán bradach
Tá a cuid stoicíní draoibeáilte aici. Go deimhin ní coisbhirt iad na stoicíní sin le aghaidh lathachaí na háite seo
TUILLEADH (9) ▼
Tháinig an madadh isteach aige agus é draoibeáilte de bharr na habhann. Bhraith sé ar an bpointe cén rantáil a bhí air
Shílfeá gur thit tú in áit eicínt. Tá tú draoibeáilte ar fad
Fan isteach as bealach an mhótair sin nó draoibeálfaidh sé go dtí an dá chluais thú
Tá mo bhríste draoibeáilte go bléin an áit nach bhfuil aon mhudguard agam ar an mbicycle
Níl rud ar bith dhá dtiocfaidh ina ghaire nach ndraoibeálfaidh sé. Is geall le seanghearrán Achréidh é ag cur phuitigh in aer
An ndraoibeálann tú thú féin mar sin chuile uair dhá dtéann tú amach? Is cosúil go ndraoibeálann, mar feicim mar sin thú go hacht is go háirid. Breá nach mbeadh stuaim eicínt ionat ag siúl, agus gan thú a bheith sa riocht sin i gcónaí
Rinne sé a raibh de mhná amach roimhe a dhraoibeáil le lathach. Chuile áit a dtiocfadh sé ar lochán maith lathaí chuirfeadh sé barr na bróige faoi, agus chuirfeadh sé amach orthu é dhá sheanurchar. Bhí cuid acu le cuthach faoi
Tá mé draoibeáilte uileag. Leagadh a dhó nó trí de chuarta mé ag teacht thríd an gcurach sin thoir. Tá an oíche an-dorcha
Draoibeáladh uileag mé agus mé ag iarraidh a dhul aníos ann ar mo bholg. Níl aon tsnáth éadaigh ar mo chraiceann nach bhfuil bog báite
Féach freisin
→
draoib