Dual
—/dūəl/
—aidiacht
—
cuibhe, cóir, dúchasach, nádúrach, aicionta, dlighteach, riachtanach, ag luighe le sinsir nó le muintir.
+–
"An té a ghníos imirce uabhair, is dual dó a bheith dhá chaoineadh" (as amhrán — an tSlis) = is cuibhe, riachtanach, nádúrach
"An té a ghníos uabhar is dual dó cailleadh" (sean-fhocal) = is nádúrach is aicionta dó; "ní chaithtear an t-uabhar gan scanail an bhuadhartha"
TUILLEADH (8) ▼
D'eile cé a chaoinfeadh í ach é. Is dual dó (ceart, cuibhe, tá sé ag luighe le réasún) a caoineadh. Nach h-iomdha bearradh maith a bhain sé ariamh di!
Is dual d'fheamainn a theacht ar an ngaoith seo: gaoth andeas
'Ar ndú' is dual do'n aimsir a bheith fuar an tráth seo 'bhliain. Nach hí an dubh-luachair ceart anois í
Ba dual do mhóin na bportaigh sin a bheith go maith. Bhí sí amhlaidh ariamh
Is dual do'n talamh sin tabhairt a bheith ann, agus a dteigheann de leasú agus de chaoi air.
Ba dual do'n tsimléar sin gan aon-mharach a bheith air. Bhí togha an fhear ceirde in a éadan sin
Is dual do dhuine anois dúil a bheith aige sa tae, mar is annamh a fhaghas na daoine é
Is dual do'n chlog sin a bheith go maith. Ba mhaith é a chuid airgid freisin
+–
Is dual athar dó a bheith achrannach = thug sé an t-achrann ó'n athair
Ba dual máthar di a bheith cabach agus cúl a cainte a bheith léithe.
TUILLEADH (8) ▼
Go deimhin cá bhfágfadh sí an ghláimhthéisc! Ní ó'n ngaoith a thug sí í. Ba dual muintire di a bheith amhlaidh
Ba dual Bríd annseo thoir di a bheith buille luath-lámhach. Níor fhága Bríd tada ar sliobarna dhá bhfaca sí ariamh nachar árduigh sí léithe
Is dual Seáinín annseo thuas dó a bheith in a chlabaire = Seáinín a uncail
Is dual Pádraic Bán di a bheith tráthamhail. Ní raibh cinneadh ar bith air le deagh-chaint = ba é a h-uncail é
Is dual Bríd Mh. dó a bheith caidéiseach. Ní bheadh lá mairge ar Bhríd M. fiafruighe dhíot céard a bhí agad le do bhéilí
Ba dual cloinn Mhac Confhaola dó a bheith santach ag an obair. An bhfaca tú duine ar bith aca ariamh nach mbeadh teas an aithinne in a thóin
Ba dual muintir an Bhaile Thiar di a bheith bladarach. Bladar ar fad iad = ba as an mBaile Thiar a máthair
Is dual muintire dhó a bheith stuacach pusach. Ní raibh ort a dhéanamh leis an athair ach do ladhaircín a 'sbáint mar sin dó, agus bheadh sé eirighthe agad in a stuineachán
+–
Is dual dó sin. Ní raibh aon-fhear oibre le fáil a chinnfeadh ar a athair.
Má tá féin, sin é is dual dó. Níor cheart go bhfágfadh sé an guth in a dhiaidh ar chaoi ar bith. Sheasfá sa sneachta ag éisteacht le 'chuile dhuine aca sin ag gabhail fhuinn
TUILLEADH (5) ▼
Ní tada eile is dual dó ach an túataighil. Mara mbeadh sé mar sin, bheadh sé ag dul in aghaidh dúchais.
Mar is dual do dhuine a bhíos sé. Gach aige mar a h-ábhar adeir siad
Níor dhual duit a bheith anglánta ar chaoi ar bith. Ní hé a thug tú abhaile leat. Daoine síodamhla a bhí ariamh in do mhuintir
Ba é ba dual dó an éagcóir agus an chréatúlacht a dhéanamh. Bhí uncail aige in a bháille ag na M. annsin thoir …
Sin é is dual di sin: imeacht leis an scuir. Ní fhaca tusa deirbhshiúrachaí a máthar?
+–
A inghean Th. Mh. is dual duit an chaint a bheith agad, agus níor fhága tú dual ná slis di do dhiaidh! (fonóid focail nó "pun" atá annseo fc. dual) = thug tú abhaile leat an chaint a bheith agad, agus tá siad agad cho maith agus a bhí sí ag do mhuintir rómhat, 'chuile orlach
Mac J. Sh. Bh. ba dual dó a bheith bastalach, agus níor fhága sé dual ná slis dhe ina dhiaidh
TUILLEADH (4) ▼
Ba dual dó sin an tsaint a bheith ann ó 'chuile thaobh agus níor fhága sé dual ná slis di ina dhiaidh. Feacha an rud a rinne sé leis an bpriobáinín talmhan' a bhí annsin thuas ag P. B.
Ba dual duit a mhic ó an fhoghluim a bheith ort. Bhí sí ar t'athair féin. Agus de réir mar adeir siad liom, níor fhága tusa aon-dual ná aon-tslis di in do dhiaidh
Tá an ghaisce ag M. agus 'ar ndú' mo léan má d'fhága an chlann aon-dual ná aon-tslis di ina ndiaidh castar leo é. Is diabhlaí ríméadach é an mac is sine sin ann. Tá culaith duine uasail air
Chaithfeadh sé a bheith mar sin ná duine ar bith eile a tóigeadh istigh ar aon-bhaile leis. As an scaibhtéaracht a fuineadh agus a fáisceadh iad sin ariamh. M'anam muise nachar fhága seisean aon-dual ná aon-tslis di in a dhiaidh ach an oiread le ceachtar aca
Dual in iontrálacha eile (50+)
→
faitíos
Feicfidh tú fhéin nach gcuirfidh sé aon-araoid ormsa. Tá an faitíos mór air, ón uair údan ar bhuail mé dual na druinne air
→
focal
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
Nach freochanta atá an laoighdín sin. Ní maith a bhí a chosa déanta aige, nuair a bhí sé ag breathnú soir thar claidhe. Má theigheann sé len a mháthair, is dual dó an bhradaíl a bheith ann. Ba é díol an chlampair í a choinneál anoir thar an gclaidhe sin ach oiread
+
→
fág i
Bhí an oilbhéas in a athair agus níor fhága seisean ach oiread dual ná slis di in a dhiaidh (fc. dual)
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhága tú dual ná slis dhó (dhe) amach (fc. dual)
→
fág
Tá an braon ionad cheana féin, agus gan tú as an gcóta cabhlach fós. Mise i mbannaí! Cá bhfágfá é? Ba dual do do chineál an braon a bheith ionta.
Dhá mbeadh sé ag dul a chodladh in a throscadh, bheadh sé mór-fhoclach. Dar go deimhin bheadh. Ach is dual dó na floscaí a bheith aige. Bhídís ag a mháthair fhéin.
Ba dhual dó a bheith caidéiseach. Ní raibh aon-cheo sa tír ingan-fhios dá athair. Sin é an sórt duine a bhí ann, nach mbeadh sé beo, gan 'chuile fhios a bheith aige.
Is dual dó sin a bheith mór, ascardha. Ba diabhaltaidhe an clifeartach d'fhear é 'athair fhéin, 'ndéana Dia grásta air.
Is furast' aithinte nach n-airigheann siad aon-duine in a n-aice a choinneochadh aon-chló stiúrtha orrú, nó ní bheidís ar a' gceird sin. Dual na druinne a theastóchadh a bhualadh orrú sin. Ní chomhairleochadh a mhalrait iad.
→
crinn
Thug sé cnámh le crinneadh dhom, a's é 'scothadh ar a 'mbicycle', dhá laghad de phutach é. Ach cá bhfágfad sé é? Is dual dó a bheith cruadh fíreamhail.
Má thaobhuigheann tú isteach a' teach seo aríst, a speic bhiorach, ní fhágfa tú é, gan dual na druinne a fhaghail. Rinne tú do cheart míllteanais, an oidhche faoi dheire, a's gan a bheith ag iarraidh tuille 'dhéanamh anocht.
Dheamhan a dhath éirime istigh i gcloigeann an bhodhránaigh sin, a's mara bhfuil fhéin, ba dual dó 'bheith amhla.
→
borr
Is deacair a chomhairleachan a thabhairt dó. Dhá mbuailtheá dual na druinne [air], ní bheadh sé ach a' borradh leis.
→
aer
Tugann a' máighistir dual na druinne dhó chuile lá 'san aer ag a' scoil, agus má thugann féin, tá sé 'cínnt air aon-bhlas múineadh a' chuir air
→
aiféala
Níl tada dhá aithmhéala orm gur thug mé dual na druinne dhó = níl aon-aithmhéala orm gur bhuaileas go breagh é.
+
→
buail ar
Bhuail sé dual na druinne air, ach dheamhan maith a bhí ann in a dheidh sin — chaithfeadh sé a bhealach fhéin a fhaghail.
TUILLEADH (3) ▼
Buaileadh an oiread air a's buailfidhe ar dhual lín = sin é an chaoi a gcuirtear i gceist gur tugadh an-bhualadh do dhuine.
Bhuail mé oiread air, a's dhá mbadh dual lín é, a's chinn orm aon-smacht a chuir air th'éis sin.
Má chloisimse go gcainnteocha tú as do bhéal ar a' méid sin aríst, buailfe mé an oiread ort a's bhuailfí ar dhual lín.
→
antlás
Bhí an antlás 'san athair agus níor fhága an mac slis ná dual di in a dhiaidh = tá an mac amhla freisin.
→
iarraidh
Thug an dream sin na h-iarrantaí abhaile leo — ba dual athar nó sinnsire dóibh a bheith buailteach builleach.
→
isteach
Is diabhaltaidhe an lastar a thug sí isteach duit, ach ba dual di an croidhe mór fairsing.
Níl leigean amach an droch-fháisc aice, bíodh sé innte nó ná bíodh. Is mór an t-íonadh nach mbeadh muis: inín Ch. Mh., níor cheart di dual ná slis di a fhágáil amuigh
→
faillí
Bhí fios na faille ag J. ach sin rud nach raibh ag ceachtar againne. Ní innseódh sé dhuinn go raibh an dream thiar ag faire orainn le dual na druinne a bhualadh orainn. Níorbh fhearr le J. cleas duinn
→
faltanas
Is beag dhá chuid faltanais dom an iarraidh sin. 'Ar ndú' bhuail mé dual na druinne air cupla bliain ó shoin i nG.
→
fuar 2
Ba í an oíche a ndeachaidh sé in a chosa fuara siar ar bhainis Sh. Mh. a ghiorraigh leis. Ní raibh aon-fhear san teach an oíche sin nar thug dual na druinne dhó. Má ba é S. Ó. B. féin é, bhí sé ag gabhailt air le leath-mhaide croise
→
dall 2
Ní fhaca mé aon duine ariamh ba daille (/deʟ′ə/) ná é ag dul chuig an scoil. Chaith G. a dhúracht leis, agus thugadh sé dual na druinne dhó chuile ré solais, ach má thugadh féin, ba aon-mhaith amháin dó é
Cá bhfágfadh sé an daoitheamhlacht? Níor fhága sé slis ná dual di in a dhiaidh. 'Sé mac a athar ceart é. Ní hé a mhalrait é.
Cuirim brón agus deacair air, milleadh agus martrú air, mar is dual do'n eascainí fearadh
→
dealbh 1
"Dar brigh na míonn" mar adeir C. an Ph. "má fheicimse a dhealbh isteach ar an mbaile seo aríst, is truagh-Mhuire dhó. Gheobhaidh sé dual na druinne. Buailfidh ceathar againn in aghaidh a chéile é"
→
deara
Ní thiubharfaidh an t-athair aon-nídh dhár dhealbh an ghrian faoi deara, má ghníonn tusa do ghnatha go cuí(bh)eamhail. Ach tárrtháil orainn ó Mhac Dé, gheobhaidh tú dual na druinne má bhrathann sé thú
→
deascán
Ní bhfuightheá duine as an dioscán anois atá indon mata a dhéanamh th'éis a liachtaí ceann agus a d'fheicfeá fadó. Go ndéanaidh Dia grásta ar Mh. Bh! B'ait uaidh a ndéanamh. "Dual beag agus dual mór" adeireadh sé. Níor luaghar leis an sioc ná duine ar bith a bheith ag míoladóireacht tímpeall air, an uair a bheadh sé leis (leis an mata)
+
→
deis
Dhá bhfaghainnse deis air, thiubharfainn dual na druinne dhó. Ach sin é an buille. Cá bhfuighidh mé deis air. Nímé an dtaobhuigheann sé tigh M. G. ar cuairt chor ar bith anois
TUILLEADH (1) ▼
Ná h-iarr in a dhiaidh siúd é, má theigheann sé ag cóiriú aonduine. Tá a theanga ar a dheis aige. Ba dual dó. Cainteoir maith a bhí in a athair féin.
→
diaidh
Mise imbannaí go bhfuil an forú in a dhiaidh. Is dual dó sin mar bhí sé indiaidh a athar féin
→
dlaoi
Tá mé go dtí an dlaoi mhullaigh leis an stráca seo. Dhá mbeadh cupla dual agus baibín agam innte, ní dhéanfainn níos mó indiu = an tuighe is aoirde a bhíos ar an teach, as cionn an mhaide mullaigh
+
→
dlaoinín
Figh na dlaoiníní sin uiliog in a ndual, agus teirigh síos agus las dom iad l'aghaidh maiste do mo phíopa
TUILLEADH (1) ▼
(Rópa dlaoiníní = rópa tuighe cáithteach) "rópa a dhlaoidhfeá de bhruibh. Na bruibh a fháil suas annsin isna bárra. Bruibh mhóra láidre: fidheogaí. A dtarraint as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcragadán cupla lá nó go dtriomuighidís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoigheachan annsin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraint anuas de na bruibh. Mara mbeirtheá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh 'sa bhfidheoig mionús. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corr-shúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé cho maith le rópa rúinne (róinne) — rópa ruadh. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhigheachan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghádrachaí maoil asail ag tarraint malaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith in a dheidh sin. Dhá mbeitheá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhigheachan suas in a chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh len a mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíob. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shul a n-oibrighthí iad. Bhruithfeá slata l'aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú annsin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé cho maith leis an rópa dlaoinín bruibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbruibh nó na slat igcluasa an túirne (dlaoinín nó fiadhtaighil an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsad, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solus: dhlaoidhfidís anuas na fidheogaí agus d'fhágaidís stríoc bheag de'n dlaoinín ar an mbrobh, igcruth agus nach dtuitfeadh a mbeadh istigh ann amach in a mhionús. Chuiridís bealadh annsin orra: ola faidhtín nó ola runnaigh, agus a leaghadh ar cham agus a dtumadh ann. Mara bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leaghfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faidhtíní agus runnaigh in a snáth mara annseo an uair sin. Na h-aobha a leaghadh ar an teine, agus nuair a bheadh lochán agad na bruibh a thumadh uiliog ann, nuair a bheidís dlaoithte: an dlaoinín bainte dhíob. A gcrochadh suas ar stálú 'sa simléar nó go mbeidís tirm … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)