dímheabhrach
—
d'uireasbhaidh meabhrach; gan aon-mheabhair ná tuigsint ná íntleacht (is minice go fada leas dhá bhaint as seo ina aidiacht ná in a ainm-fhocal).
+–
Tá na gasúir sin aige an-dí-mheabhrach adeir siad
Shílfeá nachar ceart dó a bheith cho dímheabhrach sin. Ba paiteanta an buachaill ar leabhar agus ar pheann é a athair
TUILLEADH (7) ▼
Duine dímheabhrach nach mba léar dó dhá gcuireadh sé stró ar bith ar ghamhain a bhí cho beaithte leis sin, go bplúchfadh sé é. A phlúchadh a rinne sé: dheamhan ceo eile. Nuair nach raibh sé ag tabhairt leis an deoch dhá thoildeona fhéin bhí aige leigint dó ar fad, agus gan a dhul dhá choinneál leis
Duine dall dímheabhrach é má's fearr mac T. Mh. ná é, agus dhá bhliain aige-san ar mhac T. Mh. agus é síorraidhe ag dul chuig an scoil
Nach dímheabhrach é mara raibh sé indon an cheist sin a fhuascailt. Má's mé féin is dímheabhraighe ar bith d'fhuasclóchainn í sin
Déarfainn ar chaoi ar bith nach mbeadh aon-ghnatha ag duine dímheabhrach ag pléidh leis an iongás siúd. Bhí an iomarca boltaí agus cnothannaí agus "wiríní" air, agus mara laimhsigheadh duine an ceann ceart, ba shin é a mbeadh faoi. Ní fhágfadh an rud siúd mion mulóg dhó le chéile dhá bpléascadh sé
Th'éis gur timcheall air atá tabhairt amach na mbáid, ní fhaca mé aon-fhear ariamh is dímheabhraighe ar bháid ná é. Níl a fhios aige a dhath in a dtimpeall
Dheamhan dochtúr faoi sheacht ranna an domhain is dímheabhraighe ná é. Bhí sé chomh maith dhuit fear de'n bhaile a thabhairt ag breathnú ort leis.
Nach dímheabhrach anois é nach raibh a fhios aige céard a bhí ar an gcarr agus an fhad agus atá sé ag pléidh leo!