Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dímheabhrach
d'uireasa meabhrach; gan aon mheabhair ná tuiscint ná intleacht. Is minice go fada leas dhá bhaint as seo ina aidiacht ná ina ainmfhocal.
+
Tá na gasúir sin aige an-dímheabhrach adeir siad
Shílfeá nár ceart dó a beith chomh dímheabhrach sin. Ba paiteanta an buachaill ar leabhar agus ar pheann é a athair
TUILLEADH (7) ▼
Duine dímheabhrach nach mba léir dó dhá gcuireadh sé stró ar bith ar ghamhain a bhí chomh beaite leis sin, go bplúchfadh sé é. A phlúchadh a rinne sé: dheamhan ceo eile. Nuair nach raibh sé ag tabhairt leis an deoch dhá thoil deona fhéin, bhí aige ligint dó ar fad, agus gan a dhul dhá choinneáil leis
Duine dall dímheabhrach é más fearr mac T. Mh. ná é, agus dhá bhliain aigesean ar mhac T. Mh. agus é síoraí ag dul chuig an scoil
Nach dímheabhrach é mura raibh sé in ann an cheist sin a fhuascailt. Más mé féin is dímheabhraí ar bith, d'fhuasclóinn í sin
Déarfainn ar chaoi ar bith, nach mbeadh aon ghnaithe ag duine dímheabhrach ag plé leis an iongás siúd. Bhí an iomarca boltaí agus cnónnaí agus wireíní air, agus mura láimhsíodh duine an ceann ceart, ba in é a mbeadh faoi. Ní fhágfadh an rud siúd mion mullóg dhó le chéile dhá bpléascadh sé
Théis gur timpeall air atá tabhairt amach na mbáid, ní fhaca mé aon fhear ariamh is dímheabhraí ar bháid ná é. Níl a fhios aige a dhath ina dtimpeall
Dheamhan dochtúr faoi sheacht ranna an domhain is dímheabhraí ná é. Bhí sé chomh maith dhuit fear den bhaile a thabhairt ag breathnú ort leis
Nach dímheabhrach anois é nach raibh a fhios aige céard a bhí ar an gcarr agus an fhad is atá sé ag plé leo!

Féach freisin

dí-