dóirteadh, dórtadh
—Briathar, Ainm-fhocal
—Fuaim r caol go h-iondamhail cé's moite de'n uair a chialluigheas sé "downpour" (báisteach, sneachta agus rl). "Dóirteadh", "dórtadh" an uair a bhíos caitheamh le fánaidh i gceist.
1.
lacht a fhalmhú as soitheach; rud a fhalmhú as an áit a mbíonn sé, fearacht mar a falmhuighthear lacht as soitheach.
a.
+–
Dhóirt sé an bainne, an t-uisce agus rl.
Dhóirt tú an canna uisce orm = ba agamsa a bhí sé, nó chuir tú amach ar mo chuid éadaigh é
TUILLEADH (5) ▼
Go leigidh Dia slán a mháithreach! Tá 'chuile dheoir go tóin de'n cheaintín bainne dóirtthe ag an raibiléara. D'imigh an diabhal ar a cuid dodaighle
Is beag an dochar de'n uisce a bheith dóirtthe, lá agus gur leag tú ar forbhás annsin ar an mbord é
Dóirt isteach annseo an t-uisce
Dóirtighidh amach ar an tsráid anois é. Níl aon-mhaith eile leis
Dóirt amach cupán caifí do Sh. An té nach bhfaghann an fheoil, is mór is fiú an eanradh (anbhruith) adeir siad. Tá an tae ídighthe
+–
"Is beag an mhaith bó ar bith a dhóirteas a cuid bainne" (sean-fhocal) = níl aon-mhaith dhuit a bheith i gcruth maitheasa, oibre, soilghis nó eile a dhéanamh, má bhaineann tú an mhaith as aríst, má mhaoidheann tú, nó má mhilleann tú é
Tá déantús maitheasa in a bhean, ach cé'n mhaith sin, má imigheann sí ó na cuid oibre le staiceamhlacht, agus gan í leath-dhéanta aice. Is beag an mhaith bó ar bith a dhóirteas a cuid bainne
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé indon an t-airgead a shaothrú. Níl leisce ná leontuidheacht air, ach ólann sé é aríst go dtí an phighinn deireadh. Cé'n mhaith bó ar bith a dhóirteas a cuid bainne.
Thiubharfadh sí a mbeadh istigh faoi chaolachaí an tighe dhuit scaithtí, ach b'fhéidir gur teacht go dtí thú dhá iarraidh ort a dhéanfadh sí lá'r na bháireach. Is beag an mhaith aon-bhó a dhóirteas a cuid bainne
Thug sé dhá lá dhom anuiridh ag cruachadh móna, agus níor tháinig iabh air ó shoin ach dá maoidheachtáil orm. Ní maith ó maoidhtear agus ní eineach ó iarrtar adeir siad. Is beag an mhaith í an bhó a dhóirteas a cuid bainne
·
Tá an brachán dóirtthe = tá an carthannas caithte. (fc. brachán)
+–
Dóirt a bhfuil d'fhataí ins an gcliabh sin amach annseo ar an urlár (cuirtear an rud seo i gcosamhlacht le lacht dá leigean amach as soitheach. An chuma chéadna a ndéantar an dá ghníomh)
Dhóirt an laisc bhradach a raibh de "mheangeals" ins an mála amuigh ar an tsráid, aindeoin go bhfuil mo theanga caithte agam ag rádh léithe a ndóirteadh thoir ins an scioból. Aon-mhaith amháin a bheith le cuid de na daoine!
TUILLEADH (4) ▼
Dhóirt sé a raibh d'airgead aige amach ar an mbord gur comhaireadh é. H-ocht déag agus sé pighne a bhí ann idir airgead glas agus airgead ruadh. Ba mhian leis a shárú in a dheidh sin go mbadh cheart dó an punt glan a bheith aige
'Séard atá le déanamh agad a bhfuil de bhioráin ins an mboiscín a dhóirteadh amach ar an mbord, go bhfeicidh muid cé mhéad atá ann. Níl sé taobh le céad déarfainn
Chonnaic mé ceannuidhe (mála) thíos tigh S. Mh. S. ag dóirteadh sparán gineadhachaí amach ar an mbord lá, agus dheamhan gine de leath-chéad gine nach raibh ann. Meadhann tú cá'r eirigh siad leis. Bhí siad aige ar aon-chor
Cé a dhóirt an cliabh móna? Tá an ballséire ceart le millteanas ar chuid de na daoine
b.
+–
Tá fuil dóirtthe ó thosuigh an cogadh seo, agus dóirtfear tuilleadh di mara bhfuil ag Dia. 'Sé a chosamhlacht gur in a thús atá muid.
Dóirtfidh mé 'chuile dheoir fhola in do chorp a spriosáinín bhradaigh mara leigidh tú de do chuid sceaimhínteacht'. Is mór an tseanmóir thú idteach ar bith
TUILLEADH (5) ▼
Sin é an pas is mó ar dóirteadh fuil ann ins an tír. Is iomdha duine nachar thug a bheannacht do'n cheann bóthair sin. Má's é L. Th. Sh. féin é, scar sé le cuid dá chuid fola ann
A Thighearna Dé nach h-iomdha fuil atá dóirtthe ó'n gcéad lá ariamh ar sheas an Sasanach in Éirinn. Nach h-iomdha fear maith a chuir siad dhá chois, ní áirmhighim an dícheannadh a rinne siad ar mhná agus ar pháistí. Ná raibh Dia leo anois mara bhfuil siad fhéin dhá fáil garbh
Ní mór fuil a dhórtadh in ómós Mhártain. Glacfaidh sé roimhe é, ach ní ghlacfaidh sé tada in a dhiaidh
Dhóirt Críost a chuid fola ar Chrann na Páise le muide a cheannacht ó chathuighthe an Diabhail. Nach beag an chuímne a bhíos ag cuid de na daoine air sin.
Ní chomhnóchaidh an t-aidhbheirseoir seo thíos go ndóirteadh sé fuil. Ní h-iad baramhaintí a leasa atá faoi le fada an lá. Dar fiadh muise, má bhíonn bás ná bascadh aonduine air, íocfaidh sé ann go daor docharach. Ní hé an saoghal atá anois ann a bhí ariamh ann. Má ghníonn tú an choir ídeochthar ort é.
2.
cur mór; báisteach, sneachta (agus rl.) griodánta.
a.
+–
'Bhfuil sé ag báisteach … Tá sé ag dórtadh. Ní leigfeadh sí luch as poll ná diabhal as Ifreann a dhuine sin
An bhfeiceann tú an chuma atá air ag dórtadh, agus mo chuid féir uiliog leigthe amach. Gheobhaidh sé amluadh anois
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé in a dhórtadh báistighe = ag cur bháistighe go daingean
Is gearr uaidh dórtadh sneachta
Ní bheidh an féar craptha againn roimh an dórtadh
Chaith sé (chuir sé, rinne sé) dórtadh aréir
Tá an aimsir ag tarraint sílim. An uair a dhéanfas sé í, déanfaidh sé dórtadh
Dórtadh báistighe atá ar an duibhthean sin thiar. Is furast' aithinte air
Teigheamuid ar fascadh. Tá sé in a dhórtadh
Ní raibh aon-mhaidin ariamh inchinnte uirre, ach má'seadh tháinic sé in a dhórtadh roimhe thrathnóna
+–
Ní ag leigean thríd atá sé ach ag dórtadh. Ní choinneochaidh an soitheach seo aon-deoir uisce dhaoib níos mó. Tá sé réidh leis, mara dteighidh an-stuipéad ann. Ar an gcaoi sin féin tá sé réidh. Tá an iomarca méid' ins an bpoll atá air
Tá an dórtadh as do chuid éadaigh. Bain daot (díot) go beo iad agus cuir malrait éadaigh ort féin nó tolgfaidh tú an t-éag asta sin. Cé'n chaoi a ndearna tú líbín mar sin daot (díot) féin? Ar thom tú thú fhéin ins an abhainn?
TUILLEADH (3) ▼
Tá dórtadh uisce as do hata. Caith dhaot é go beo, agus ná bíodh sé ag rith síos le do mhuineál
Beannacht Dé dhuit! Ná samhluigh a chuid bróg sin liom, maran leat corruighe intinne a chur orm. Cheannuigh mé péire an lá cheana uaidh ar dheich agus dhá fhichead. Ní raibh siad seachtain ar mo chois, an uair a bhí an dórtadh isteach thríotha. Dheamhan focal bréige atá mé a dhéanamh leat. Luach mo dheich agus dá fhichead, níl díon deor ionnta. Nach shin é an scrios i dtír!
Tá na "Wellingtons" seo an-díonmhar cé's moite de'n pholl sin. Tá an dórtadh isteach annsin. Is dóigh go ndéanfadh paiste é a chuirfeá ar "bhicycle". 'Sé mo mheas go ndéanfadh.
+–
Bím ag dórtadh allais anois ar nós na báistí, maran lagar é = ag taomadh allais; na báithtí allais liom
Tá tú ag dórtadh allais bail ó Dhia ort. Agus tá saothar ionnad. Céard a bhí tú a dhéanamh?
TUILLEADH (1) ▼
Lá an-bhróllach (brothallach) a bhí ann agus bhí mé ag dórtadh allais. Ní raibh luach an phionta fhéin agam. "Iarrfaidh mé 'trust' ar Sh. J." arsa mise liom féin. 'Ar ndú' bhí agam fios a bheith agam nach dtiúrfadh an ceann céanna aon-deóir do dhia shúlach gan a luach a shíneadh amach ar an gcúntar i dtosach aige
b.
+–
Bhí poitín in a dhórtadh ann = bhí poitín in a spré mhóin, in a shnáth mara, go barr-bachall ann]
Ná bac le ól! Bhí sé in a dhórtadh ann. Thiocfá ar snámh ann
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé ag tabhairt phórtair uaidh annseo thoir faoi'n Nodlaig in a dhórtadh. Is maith é Sasana in a dheidh sin. Mise i mbannaí gur beag 'e bhrabach atá le fáil ar an té a d'fhan ins an mbaile. Beidh sé sin in a scráibín i gcomhnuí
Má tá aon-tsaint agad in ól, tá sé in a dhórtadh istigh annsin, agus gan fear a ólta ann. Tá siad tolgtha dó (de) ar fad. Tá siad torrthach leis
3.
bád ag seoladh go sciobtha le cóir mhaith.
+–
Dhóirt an bád le fánaidh ins an ngaoith = an uair a bhíos an-chóir ag bád, agus an-tsiubhal aice roimh an ngaoith, bíonn sí ag "dóirteadh le fánaidh" nó "ag dóirteadh síos".
"Dhóirteamar le fánaidh thrí fhairrgí a bhí cáithte; Gur shroicheamar an Ráth ó's ann a bhí ar dtriall" (An Caiptín Máilleach)
TUILLEADH (2) ▼
Tá sí ag dóirteadh le fánaidh anois is san ngaoith. Ní mór dóibh a bheith áirdeallach. Is fánach an chaoi a gcaithfí thart an seol. Tá an-ropadh ann. Is gearr a bhéas siad ag dul siar má mhaireann an chóir sin, ach níor dóighide rud dó, ná a theacht in a lagar as deireadh an lae
Bhí muid creinnte le chéile ag an gCeann. Choinnigh sé i bpíce liom scathamh maith. Ach an uair a tháinic sí teann (an ghaoth) agus as sin in a gaoith mhór, cheangail seisean cúrsaí. Thug mise cead di dóirteadh le fánaidh roimhe, in a cuid éadaigh ar fad. Bhuail mé caoch é. Ní raibh amharc air ag Cora an Chaisleáin
4.
caitheamh nó ceann le fánaidh, fánán maith.
+–
Tá dóirteadh síos ann; tá dóirteadh le fánaidh ann = tá an-chaitheamh nó an-cheann le fánaidh ann; tá fánán mór ann
Níl aon-áit ar an mbóthar is mó a bhfuil dóirteadh síos ann ná é. Is contabhairt cheart a dhul ar "bhicycle" gan "brakes" mhaith ann
TUILLEADH (5) ▼
Ná bac le dóirteadh le fánaidh. Is strapadh ceart é. Níl na h-alltracha sin thuas ionga ná orlach níos measa.
Ní casán do chapall ná d'asal é. Tá an iomarca dóirteadh síos ann, agus é ro-aistreánnach. An té atá i gcleitheamhnas an chasáin siúd le feamuinn a chur as an gcladach beidh sé ar deireadh. Dar mo choinsias níl sé ionrásta ag duine féin a dhul ann — tada leis
Tá an-dóirteadh le fánaidh soir ins an ngarrdha údaidh agus é an-ghleannach. Bheadh duine thoir ann bliain, agus dheamhan a bhfeicfí é, mar dtugadh sé é féin le teasbánadh
An bhfaca tú Árd Gh. Uí L. ariamh. Sin é atá ag dóirteadh le fánaidh. Tá mé ag ceapadh nachar rugadh ariamh an capall a thiubharfadh tonna in a aghaidh. Dhá dtugadh, níor mhór an tír ag sáitheadh léithe
An bhfuil a fhios agad an áit a bhfuil an bóthar ag dóirteadh síos, thíos in aice le tigh Ph. Th. Sin é an áit a bhfuil siad ag obair anois. Tá siad ag baint an aird mhóir agus an chuir as. Theastuigh sin uaidh.
Féach freisin
→
deartan