Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dóirt
briathar
dóirtim, dóirte (dóirtí) srl.
ainm briathartha: dóirteadh, dórtadh. Fuaim r caol go hiondúil cé is moite den uair a chiallaíos sé downpour (báisteach, sneachta srl.); dóirteadh, dórtadh nuair a bhíos caitheamh le fána i gceist.
1.
 lacht a fholmhú as soitheach; rud a fholmhú as an áit a mbíonn sé, fearacht mar a folmhaítear lacht as soitheach.
a.
+
Dhóirt sé an bainne, an t-uisce srl.
Dhóirt tú an canna uisce orm — ba agamsa a bhí sé, nó chuir tú amach ar mo chuid éadaigh é
TUILLEADH (5) ▼
Go lige Dia slán a mháithreach! Tá chuile dheoir go tóin den cheaintín bainne dóirte ag an raibiléara. D'imigh an diabhal ar a cuid dodaíola
Is beag an dochar don uisce a bheith dóirte, lá is gur leag tú ar forbhás ansin ar an mbord é
Dóirt isteach anseo an t-uisce
Dóirtidh amach ar an tsráid anois é. Níl aon mhaith eile leis
Dóirt amach cupán caifí do Sh. An té nach bhfaigheann an fheoil, is mór is fiú an anraith adeir siad. Tá an tae ídithe
+
"Is beag an mhaith bó ar bith a dhóirteas a cuid bainne" (seanfhocal) — níl aon mhaith dhuit a bheith i gcruth maitheasa, oibre, soilís nó eile a dhéanamh, má bhaineann tú an mhaith as aríst, má mhaíonn tú, nó má mhilleann tú é
Tá déantús maitheasa ina bhean, ach cén mhaith sin, má imíonn sí óna cuid oibre le staiciúlacht, agus gan í leathdhéanta aici. Is beag an mhaith bó ar bith a dhóirteas a cuid bainne
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé in ann an t-airgead a shaothrú. Níl leisce ná leointíocht air, ach ólann sé é aríst go dtí an phínn deiridh. Cén mhaith bó ar bith a dhóirteas a cuid bainne
Thabharfadh sí a mbeadh istigh faoi chaolachaí an tí dhuit scaití, ach b'fhéidir gur teacht go dtí thú dhá iarraidh ort a dhéanfadh sí lá arna mhárach. Is beag an mhaith aon bhó a dhóirteas a cuid bainne
Thug sé dhá lá dhom anuraidh ag cruachadh móna, agus níor tháinig iamh air ó shin ach dá maíochtáil orm. Ní maith ó maítear agus ní eineach ó iarrtar adeir siad. Is beag an mhaith í an bhó a dhóirteas a cuid bainne
·
Tá an brachán dóirte — tá an carthanas caite (fc. brachán)
+
Dóirt a bhfuil d'fhataí sa gcliabh sin amach anseo ar an urlár (cuirtear an rud seo i gcosúlacht le lacht dá ligean amach as soitheach. An chuma chéanna a ndéantar an dá ghníomh)
Dhóirt an laisc bhradach a raibh de mheaingeals sa mála amuigh ar an tsráid, ainneoin go bhfuil mo theanga caite agam ag rá léithe a ndóirteadh thoir sa scioból. Aon mhaith amháin a bheith le cuid de na daoine!
TUILLEADH (4) ▼
Dhóirt sé a raibh d'airgead aige amach ar an mbord gur comhaireadh é. hOcht déag is sé pínne a bhí ann idir airgead glas agus airgead rua. Ba mhian leis a shárú ina dhiaidh sin go mba cheart dó an punt glan a bheith aige
Séard atá le déanamh agat a bhfuil de bhioráin sa mboiscín a dhóirteadh amach ar an mbord, go bhfeice muid cé mhéad atá ann. Níl sé taobh le céad déarfainn
Chonaic mé ceannaí (mála) thíos tigh S. Mh. S. ag dóirteadh sparán giniúchaí amach ar an mbord lá, agus dheamhan gine de leathchéad gine nach raibh ann. Meánn tú cár éirigh siad leis. Bhí siad aige ar aon chor
Cé a dhóirt an cliabh móna? Tá an ball séire ceart le millteanas ar chuid de na daoine
b.
+
Tá fuil dóirte ó thosaigh an cogadh seo, agus dóirtfear tuilleadh di mura bhfuil ag Dia. 'Sé a chosúlacht gur ina thús atá muid
Dóirtfidh mé chuile dheoir fhola in do chorp a spreasáinín bhradaigh mura lige tú de do chuid sceaimhínteachta. Is mór an tseanmóir thú i dteach ar bith
TUILLEADH (5) ▼
Sin é an pas is mó ar dóirteadh fuil ann sa tír. Is iomaí duine nár thug a bheannacht don cheann bóthair sin. Más é L. Th. Sh. féin é, scar sé le cuid dá chuid fola ann
A Thiarna Dé nach iomaí fuil atá dóirte ón gcéad lá ariamh ar sheas an Sasanach in Éirinn. Nach iomaí fear maith a chuir siad dhá chois, ní áirím an dícheannadh a rinne siad ar mhná agus ar pháistí. Ná raibh Dia leo anois mura bhfuil siad fhéin dhá fáil garbh
Ní mór fuil a dhórtadh in ómós Mhártain. Glacfaidh sé roimhe é, ach ní ghlacfaidh sé tada ina dhiaidh
Dhóirt Críost a chuid fola ar chrann na páise le muide a cheannacht ó chathaithe an Diabhail. Nach beag an chuimhne a bhíos ag cuid de na daoine air sin
Ní chónóidh an t-áibhirseoir seo thíos go ndóirteadh sé fuil. Ní hiad barúintí a leasa atá faoi le fada an lá. Dar fia muise, má bhíonn bás ná bascadh aon duine air, íocfaidh sé ann go daor dochrach. Ní hé an saol atá anois ann a bhí ariamh ann. Má ghníonn tú an choir ídeofar ort é
2.
 cur mór; báisteach, sneachta (srl.) greadánta.
a.
+
An bhfuil sé ag báisteach … Tá sé ag dórtadh. Ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann a dhuine sin
An bhfeiceann tú an chuma atá air ag dórtadh, agus mo chuid féir uileag ligthe amach. Gheobhaidh sé amlua anois
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé ina dhórtadh báistí — ag cur bháistí go daingean
Is gearr uaidh dórtadh sneachta
Ní bheidh an féar craptha againn roimh an dórtadh
Chaith sé (chuir sé, rinne sé) dórtadh aréir
Tá an aimsir ag tarraingt sílim. Nuair a dhéanfas sé í, déanfaidh sé dórtadh
Dórtadh báistí atá ar an duifean sin thiar. Is furasta a aithinte air
Téimid ar foscadh. Tá sé ina dhórtadh
Ní raibh aon mhaidin ariamh inchinnte uirthi, ach más ea tháinig sé ina dhórtadh roimhe thráthnóna
+
Ní ag ligean thríd atá sé ach ag dórtadh. Ní choinneoidh an soitheach seo aon deoir uisce dhaoibh níos mó. Tá sé réidh leis, mura dté an-stoipéad ann. Ar an gcaoi sin féin tá sé réidh. Tá an iomarca méide sa bpoll atá air
Tá an dórtadh as do chuid éadaigh. Bain daot (díot) go beo iad agus cuir malrait éadaigh ort féin nó tolgfaidh tú an t-éag astu sin. Cén chaoi a ndearna tú líbín mar sin daot (díot) féin? Ar thom tú thú fhéin san abhainn?
TUILLEADH (3) ▼
Tá dórtadh uisce as do hata. Caith dhaot é go beo, agus ná bíodh sé ag rith síos le do mhuineál
Beannacht Dé dhuit! Ná samhlaigh a chuid bróg sin liom, muran leat corraí intinne a chur orm. Cheannaigh mé péire an lá cheana uaidh ar dheich is dhá fhichead. Ní raibh siad seachtain ar mo chois nuair a bhí an dórtadh isteach thríothu. Dheamhan focal bréige atá mé a dhéanamh leat. Luach mo dheich is dá fhichead, níl díon deor iontu. Nach in é an scrios i dtír!
Tá na wellingtons seo an-díonmhar cé is moite den pholl sin. Tá an dórtadh isteach ansin. Is dóigh go ndéanfadh paiste é a chuirfeá ar bhicycle. 'Sé mo mheas go ndéanfadh
+
Bím ag dórtadh allais anois ar nós na báistí, muran lagar é — ag taomadh allais; na báití allais liom
Tá tú ag dórtadh allais bail ó Dhia ort. Agus tá saothar ionat. Céard a bhí tú a dhéanamh?
TUILLEADH (1) ▼
Lá an-bhróllach (brothallach) a bhí ann agus bhí mé ag dórtadh allais. Ní raibh luach an phionta fhéin agam. 'Iarrfaidh mé trust ar Sh. J.,' arsa mise liom féin. Ar ndóigh bhí agam fios a bheith agam nach dtabharfadh an ceann céanna aon deoir do dhia shúlach gan a luach a shíneadh amach ar an gcuntar i dtosach aige
b.
+
Bhí poitín ina dhórtadh ann — bhí poitín ina sprémhóin, ina shnáth mara, go barr bachall ann
Ná bac le ól! Bhí sé ina dhórtadh ann. Thiocfá ar snámh ann
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé ag tabhairt phórtair uaidh anseo thoir faoin Nollaig ina dhórtadh. Is maith é Sasana ina dhiaidh sin. Mise i mbannaí gur beag a bhrabach atá le fáil ar an té a d'fhan sa mbaile. Beidh sé sin ina scráibín i gcónaí
Má tá aon tsaint agat in ól, tá sé ina dhórtadh istigh ansin, agus gan fear a ólta ann. Tá siad tolgtha dó (de) ar fad. Tá siad torthach leis
3.
 bád ag seoladh go sciobtha le cóir mhaith.
+
Dhóirt an bád le fána sa ngaoith — nuair a bhíos an-chóir ag bád, agus an-tsiúl aici roimh an ngaoith, bíonn sí ag dóirteadh le fánaag dóirteadh síos
"Dhóirteamar le fána thrí fharraigí a bhí cáite; Gur shroicheamar an Ráth ós ann a bhí ar dtriall" (An Caiptín Máilleach)
TUILLEADH (2) ▼
Tá sí ag dóirteadh le fána anois is sa ngaoith. Ní mór dóibh a bheith airdeallach. Is fánach an chaoi a gcaithfí thart an seol. Tá an-ropadh ann. Is gearr a bheas siad ag dul siar má mhaireann an chóir sin, ach níor dóichíde rud dó, ná a theacht ina lagar as deireadh an lae
Bhí muid crinnte le chéile ag an gCeann. Choinnigh sé i bpíce liom scaitheamh maith. Ach nuair a tháinig sí teann (an ghaoth) agus as sin ina gaoith mhór, cheangail seisean cúrsaí. Thug mise cead di dóirteadh le fána roimhe, ina cuid éadaigh ar fad. Bhuail mé caoch é. Ní raibh amharc air ag Cora an Chaisleáin
4.
 caitheamh nó ceann le fána, fánán maith.
+
Tá dóirteadh síos ann; tá dóirteadh le fána ann — tá an-chaitheamh nó an-cheann le fána ann; tá fánán mór ann
Níl aon áit ar an mbóthar is mó a bhfuil dóirteadh síos ann ná é. Is contúirt cheart a dhul ar bhicycle gan brakes mhaith ann
TUILLEADH (5) ▼
Ná bac le dóirteadh le fána. Is strapadh ceart é. Níl na halltracha sin thuas ionga ná orlach níos measa
Ní cosán do chapall ná d'asal é. Tá an iomarca dóirteadh síos ann, agus é ró-aistreánach. An té atá i gcleithiúnas an chosáin siúd le feamainn a chur as an gcladach, beidh sé ar deireadh. Dar mo choinsias níl sé inrásta ag duine féin a dhul ann — tada leis
Tá an-dóirteadh le fána soir sa ngarraí údaí agus é an-ghleannach. Bheadh duine thoir ann bliain, agus dheamhan a bhfeicfí é, mura dtugadh sé é féin le taispeánadh
An bhfaca tú Ard Gh. Uí L. ariamh. Sin é atá ag dóirteadh le fána. Tá mé ag ceapadh nár rugadh ariamh an capall a thabharfadh tonna ina aghaidh. Dhá dtugadh, níor mhór an tír ag sá léithe
An bhfuil a fhios agat an áit a bhfuil an bóthar ag dóirteadh síos, thíos in aice le tigh Ph. Th. Sin é an áit a bhfuil siad ag obair anois. Tá siad ag baint an aird mhóir agus an choir as. Theastaigh sin uaidh

Féach freisin