Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dólom
aidiacht
Fuaim dó-lúm
lom, bocht, falamh, feidheartha, gan bonn bán, lom scamhartha.
+
Tá an duine bocht dólom gan faice aige
Tá siad bocht dólom anois le na cianta, aindeoin go bhfuil sé ráidhte go raibh fuigheall na bhfuigheall aca roimhe seo. Sin é an chaoi: thíos seal agus thuas seal
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé cho dólom indiu agus atá mise th'éis a liachtaí airgead a chuaidh thrín a lámha ariamh. Ba dona é faoi freisin. Ach deir siad gur mairg a bheadh go h-olc agus go bocht in a dhiaidh
Cé bhfuigheadh sí sin céad punt spré dá h-inghin agus í dólom. Tá sí cho bocht le nímé cé hé
Ara beannacht Dé dhuit tá an áit sin dólom ar fad. Níl slí ná faghaltas ann. Cé'n chaoi a mbeadh agus cho maoilscreamhach agus atá an druim siúd soir ar chúla na dtighthe. Níl cion píosa talmhan' ar a fhuaid, ach leac ar fad. Sin é an méid
Bíodh unsa céille agad. Ar ndú níl slí do choise de thalamh istigh ar do bhaile, agus an méid sin féin dólom. An dtiubharfá talamh ar na breaclachaí siúd taobh thiar. Ní thiubharfainnse ar chaoi ar bith
Ní fhaca mé aon-fhear ariamh ag pléidh leis an gceird chéadna nach dólom a bheadh sé as a dheireadh. Breathnuigh thú féin orra, agus bréagnuigh mé má fhéadann tú. Gabhfaidh sé righte leat
Níl sé cho dólom críochnuighthe agus atá an dearbhráthair, ach dheamhan mórán le reic aige ach an oiread. Agus tá lán púirín na h-átha de mhuirín ar an duine bocht